{"id":630,"date":"2018-05-30T10:23:07","date_gmt":"2018-05-30T10:23:07","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=630"},"modified":"2018-05-30T10:23:07","modified_gmt":"2018-05-30T10:23:07","slug":"3-meitheamh-2018-b-solluntas-chorp-chriost-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=630","title":{"rendered":"3 Meitheamh 2018 (B) Soll\u00fantas Chorp Chr\u00edost (B)"},"content":{"rendered":"<p><strong>3 Meitheamh 2018 (B) Soll\u00fantas Chorp Chr\u00edost (B)<\/strong><br \/><strong>FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLA<\/strong><br \/><strong>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/strong><\/p>\n<p><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><br \/><strong>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: Teachtaireacht na hEocairiste d\u00fainn inniu<\/strong><\/p>\n<p><strong>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha Chr\u00edosta\u00ed (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/strong><\/p>\n<p><strong>C\u00e9ad L\u00e9acht (Exodus 24:3-8).<\/strong> Seo fuil an Chonartha a rinne an Tiarna libh. An l\u00e9acht seo faoi chlabhs\u00far an chonartha, is cr\u00edoch \u00ed ar chuntas fada ar dh\u00e9anamh an chonartha idir Dhia agus a phobal Iosrael ag Cnoc Sinai. Thosaigh an cuntas i gcaibideal 19 de Leabhar Exodus in \u00e1it in a deir Dia le Iosrael roimh an chonradh: \u201cM\u00e1 gh\u00e9illeann sibh do mo ghl\u00f3r agus clo\u00ed le mo chonradh beidh sibhse, thar na cion\u00edocha go l\u00e9ir, i mo sheilbhse ar leithrigh, \u00f3ir is liomnsa an domhan ar fad. Beidh sibh agamsa in bhur r\u00edocht sagart, in bhur n\u00e1isi\u00fan coisricthe\u201d (Exodus 19:5-6). Bheadh guth, gl\u00f3r, D\u00e9 agus a bhriathra curtha in i\u00fal tr\u00edd na Deich nAitheanta, na dl\u00edthe agus na cinnt\u00ed eile a tugadh leis an bpobal a choime\u00e1d aontaithe le cheile. Bh\u00ed dh\u00e1 thaobh ag baint le conradh, sa ch\u00e1s seo Dia agus pobal a bh\u00ed tiomanta maireacht\u00e1il de r\u00e9ir thoil D\u00e9. D\u00e9antar seo soil\u00e9ir sa chuntas ar chlabhs\u00far an chonartha. Deir pobal Iosrael go bhfuil siad r\u00e9idh aitheanta uile D\u00e9 a chomhl\u00edonadh. Bh\u00ed gn\u00e1s \u00e1rsa ann conradh a dhaingni\u00fa le \u00edobairt (feic Genesis 15:7) ach n\u00edl a mhacsamhail de iobairt chonartha mar an cheann at\u00e1 i l\u00e9acht an lae inniu le f\u00e1il sa tSeantiomna. Glacadh leis go raibh fuil \u00e9ifeacht\u00fail le gaol a bhun\u00fa idir Dhia agus an duine daonna. In aimsir \u00cdosa, agus d\u00e1ir\u00edre tr\u00ed stair Iosrael, bh\u00ed conradh an phobail le Dia, n\u00f3 ba chirte a r\u00e1, conradh D\u00e9 lena phobal, l\u00e1rnach i gcreideamh na nGi\u00fadach agus bheadh na briathra deiridh na l\u00e9achta seo faoi dhaingni\u00fa an chonartha mar cheol ina gcluasa: \u201cSeo fuil an Chonartha a rinne an Tiarna libh, agus t\u00e1 na dl\u00edthe seo go l\u00e9ir ann\u201d. Tugtar briathra sin dhaingni\u00fa an Chonartha chun cuimhne sa bheannacht os cionn chupa an fh\u00edona a thug \u00cdosa ag an Suip\u00e9ar D\u00e9anach: \u201cIs \u00ed seo m\u2019fhuil, fuil an Chonartha\u201d, fuil an tiomna.<\/p>\n<p><strong>Salm le Freagra (Salm 115[116]). Glacfaidh m\u00e9 cup\u00e1n an tsl\u00e1nathe; agus gairfidh m\u00e9 ar an Tiarna,<\/strong><\/p>\n<p><strong>Dara L\u00e9acht (Eabhraigh 9:11-15).<\/strong> Glanfaidh fuil Chr\u00edost \u00e1r n-anam \u00f3 pheaca\u00ed marfacha. Tuigfear an l\u00e9acht seo n\u00edos \u00e9asca m\u00e1 tabharfar chun cuimhne an t\u00e9acs d\u00edreach roimhe, gur lean\u00faint air t\u00e9acs an lae inniu. Sa dh\u00e1 shliocht t\u00e1 an t-\u00fadar ag d\u00e9anamh codarsnacht idir liot\u00fairge Gi\u00fadach an Leorghn\u00edmh agus leorghn\u00edomh Chr\u00edost. Sa phubal a bh\u00ed ag na Gi\u00fadaigh sa bhf\u00e1na\u00edocht sa d\u00edthreabh agus i dTeampall Iasr\u00fasail\u00e9im, bh\u00ed sanct\u00f3ir sheachtrach agus sanmct\u00f3ir inmhe\u00e1nach, ar a dtugann \u00fadar na litreach seo both (n\u00f3 puball). T\u00e1 dearcadh di\u00faltach ag an \u00fadar ar an sanct\u00f3ir \u201cshaolta\u201d Ghi\u00fadach seo. Tugann s\u00e9 \u201can \u00c1it Naofa\u201d ar an sanct\u00f3ir sheachtrach. Taobh thiar de seo bhi sanct\u00f3ir eile ar a dtugadh \u201cAn \u00c1it R\u00f3naofa\u201d. N\u00ed fh\u00e9adfadh aoinne ach an tArdsagart dul isteach sa sanct\u00f3ir inmhe\u00e1nach, agus sin aon l\u00e1 amh\u00e1in sa bhliain, L\u00e1 M\u00f3r an Leorghn\u00edmh, le \u201ccathaoir na tr\u00f3caire\u201d, cl\u00fadach \u00c1irc an Chonartha, a chroitheadh le fuil ainmh\u00edthe, le leorghn\u00edomh a dh\u00e9anamh in \u00e9iric a pheaca\u00ed f\u00e9in agus pheaca\u00ed a phobail. De r\u00e9ir Exodus 25:9 bh\u00ed an taibearnacal d\u00e9anta de r\u00e9ir an phatr\u00fain neamha\u00ed, na samhla, an chuspa, a taispe\u00e1nadh do Mhaois ar an sliabh. D\u00e9antar an coincheap den fh\u00edor-thaibearnacal neamha\u00ed, nach den saol seo n\u00f3 l\u00e1mhdh\u00e9anta \u00e9, a fhorbairt sa l\u00e9acht seo le staid Chriost mar an fh\u00edor-ardsagart a l\u00e9iri\u00fa. De r\u00e9ir dealraimh is \u00e9 at\u00e1 ina aigne ag an \u00fadar leis an bhf\u00edor-thaibearnacal a th\u00e9ann Cr\u00edost isteach ann n\u00e1 b\u00e1s Chr\u00edost a dh\u00e9anann leorghn\u00edomh, a dheascabh\u00e1il go deasl\u00e1imh an Athar, agus \u00e9 ansin mar ardsagart ar \u00e1r son. Murab ionann agus \u00edobairt\u00ed na nGi\u00fadach n\u00e1r ndeacha i bhfeidhm go hinmhe\u00e1nach ar an duine, glanann \u00edobairt Chr\u00edost go hinmhe\u00e1nach sinn \u00f3n\u00e1r bpeaca\u00ed (oibreacha marbha) le go mbeadh ar \u00e1r gcumas an bheatha Chr\u00edosta\u00ed a mhaireacht\u00e1il (seirbh\u00eds a dh\u00e9anamh don Dia beo). Ag deireadh an tsleachta seo t\u00e1 b\u00e9im ar an gConradh Nua tr\u00ed bh\u00e1s Chr\u00edost, teagasc at\u00e1 l\u00e1rnach don fh\u00e9ile at\u00e1 \u00e1 com\u00f3radh againn \u2013 F\u00e9ile Chorp Chr\u00edost.<\/p>\n<p><strong>Soisc\u00e9al (Marcas 14:12-16, 22-26).<\/strong> Is \u00e9 mo chorp. Is \u00ed seo m\u2019fhuil. \u00d3 thaobh na f\u00e9ile at\u00e1 \u00e1 com\u00f3radh againn, an rud is suntasa\u00ed faoin l\u00e9acht seo n\u00e1 ord\u00fa na hEocairiste ag an Suip\u00e9ar D\u00e9anach. Ia mian le Marcas an beile seo a chur i l\u00e1thair mar bh\u00e9ile Ch\u00e1isc na nGi\u00fadach agus t\u00e1 roinnt de chodanna a leith\u00e9id de bh\u00e9ile ina chuntas (itear an b\u00e9ile isto\u00edche, \u00f3ltar f\u00edon, bh\u00edodar ina su\u00ed chun boird, tugann \u00cdosa mini\u00fa ar chuid de chodanna an bh\u00e9ile, cantar iomann). Ach t\u00e1 codanna eile de bh\u00e9ile Ch\u00e1isc na nGi\u00fadach in easnamh, an ceann is t\u00e1bhachta\u00ed d\u00edobh n\u00e1 Uan na C\u00e1sca. P\u00e9 ar bith nasc n\u00f3 baint a bh\u00ed ag an Suip\u00e9ar D\u00e9anach le b\u00e9ile Ch\u00e1isc na nGi\u00fadach, mar a seachadadh an cuntas san Eaglais ba \u00ed an phr\u00edomh-sp\u00e9is a bh\u00ed inar tharla sa Suip\u00e9ar D\u00e9anach n\u00e1 an Eocairist agus an Conradh Nua, an Ch\u00e1isc nua, seachas an ceann a rinne cuimhneach\u00e1n ar theacht phobal Iosrael \u00f3n \u00c9igipt.<br \/> Cuireann Marcas b\u00e9im ar r\u00e9amheolas agus chumacht \u00cdosa maidir leis an \u00e1it a roghnaigh s\u00e9 don bh\u00e9ile, nuair a sheol s\u00e9 uaidh an bheirt deisceabal leis an ullmh\u00fach\u00e1n a dh\u00e9anamh. Ach d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 bheith go raibh tuiscint idir \u00cdosa agus \u00fanaer an t\u00ed cheana. Pr\u00edomhsp\u00e9is Marcais sa chuntas n\u00e1 ord\u00fa, bun\u00fa, na hEocairiste, leis na beannachta\u00ed ar an ar\u00e1n agus ar an gcupa leis an bhf\u00edon. Is \u00ed fuil Chr\u00edost an f\u00edon, fuil an chonartha, le dortadh ar son a l\u00e1n. T\u00e1 nasc soil\u00e9ir anseo leis an gcuntas faoi dhaingniu an ch\u00e9ad chonradh, a bh\u00ed againn sa ch\u00e9ad l\u00e9acht inniu. Cuireann b\u00e1s \u00cdosa t\u00fas le conradh nua. Le macalla d\u00e1 ndeirtear faoi fhulaingt ghiolla an Tiarna in \u00cdse\u00e1ia 53:12, deirtear go bhfuil fuil \u00cdosa \u201cle dortadh ar son a lan\u201d. N\u00ed chuireann na briathra sin teorainn le l\u00edon ar bith; macalla de r\u00e1iteas coisricthe at\u00e1 ann, coime\u00e1dta faoi mar at\u00e1 i Marcas 10:45: th\u00e1inig Mac an Duine chun a anam a thabhairt mar ceannach ar mh\u00f3r\u00e1n (n\u00f3: a l\u00e1n). T\u00e1 na tearma\u00ed c\u00e9anna beagn\u00e1ch in ord\u00fa na hEocariste i Matha 26:28 agus sna paidreacha eocairisteacha go l\u00e9ir. Ar eagla na mithuisceana, deirfidh t\u00e9acsanna b\u00edobalta n\u00edos d\u00e9anai gur dhoirt \u00cdosa a chuid fola ar son c\u00e1ch.<br \/> Le linn a mhinistreacht phoibl\u00ed ar talamh, bh\u00ed \u00e1it th\u00e1bhachtach ag b\u00e9il\u00ed ag \u00cdosa lena dheisceabail agus le daoine eile. Ag an Suip\u00e9ar D\u00e9anach d\u00fairt \u00cdosa go soileir gurbh \u00e9 sin an b\u00e9ile deiridh aige lena chuid f\u00e9in sa saol seo. \u00d3lfadh s\u00e9 an f\u00edon nua leo i r\u00edocht D\u00e9 (Matha: r\u00edocht a Athar), le tagairt, b\u2019fh\u00e9idir, don ch\u00f3isir, an fhle\u00e1, Fle\u00e1 an Mheisias, a bhfuil tagairt di i bhf\u00e1istine \u00cdse\u00e1ia 25:6. R\u00fan an Athar a bh\u00ed ann cathain a bheadh an choisir, an fhle\u00e1, sin ann. I ngach Eocairist, tar \u00e9is an coisreacan, d\u00e9antar b\u00e1s, aiseir\u00ed agus ateacht Chr\u00edost a chom\u00f3radh, n\u00f3 go dtaga s\u00e9 (feic 1 Coirintigh 11:26).<\/p>\n<p><strong>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Teachtaireacht na hEocairiste d\u00fainn inniu<\/strong><\/p>\n<p>Ba \u00ed an Eocairist foinse agus ceartl\u00e1r na Cr\u00edosta\u00edochta tr\u00edd na haoiseanna s\u00edos, agus f\u00f3s is mar sin at\u00e1. Tugann machnamh ar an r\u00fandiamhair chun cuimhnimh an t-\u00e9ileamh a dh\u00e9anann s\u00ed beatha Chr\u00edosta\u00ed d\u00e1 r\u00e9ir a chaitheamh, mar a dh\u00e9anann machnamh ar \u00cdosa Cr\u00edost f\u00e9in. Mar a luadh thuas, ba \u00e9 an Suip\u00e9ar D\u00e9anach an b\u00e9ile deiridh a ith \u00cdosa lena mhuintir f\u00e9in, agus tugann s\u00e9 chun cuimhne intinn \u00cdosa sna b\u00e9il\u00ed sin, ag ithe leo si\u00fad a bh\u00ed san imeall agus a leith\u00e9id. Tugann \u00cdosa i Soisc\u00e9al Marcas cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar bhr\u00edonna iomad\u00fala na hEocairiste. Tar \u00e9is mhior\u00failt iolr\u00fa an ar\u00e1in, in aistear farraige trasna Mhuir na Gail\u00edle luann Marcas go raibh dearmad d\u00e9anta ag na hAspail ar\u00e1n a thabhairt leo, seachas aon bhuil\u00edn amh\u00e1in. Tugann \u00cdosa fol\u00e1ireamh d\u00f3ibh bheith aireach faoi ghabh\u00e1il, giosta, \u00e9ags\u00fala. Mheas na hAspail gur ag tagairt a bh\u00ed s\u00e9 don easba ar\u00e1in a bh\u00ed acu, ach meabhra\u00edonn \u00cdosa d\u00f3ibh an mhior\u00failt ar iolr\u00fa an ar\u00e1in, agus tugann le cuimhne d\u00f3ibh an easpa tuisceana at\u00e1 acu ar an mhior\u00failt sin (Marcas 8:14-21). T\u00e9acs deacair le tuiscint \u00e9 sin, ach dealra\u00edonn s\u00e9 go bhfuil \u00cdosa ag tabhairt cuireadh don Eaglais agus d\u00fainn uile machnamh a dh\u00e9anamh ar a bheatha agus a shaol faoi mar ar thug s\u00e9 bia don chorp leis an ar\u00e1n a iolraigh s\u00e9, bia don anam san Eocairist, a ch\u00faram orthu si\u00fad at\u00e1 sna himill agus faoi mh\u00edchumas de shaghas ar bith. Tugann an Eocairist na f\u00edrinn\u00ed sin go l\u00e9ir chun cuimhne.<br \/> An t\u00e9ama a bh\u00ed ann don Chomhdh\u00e1il Eocairisteach Idirn\u00e1isi\u00fanta i mBaile \u00c1tha Cliath i 2012 n\u00e1 \u201cAn Eocairist: Comaoin le Cr\u00edost agus lena ch\u00e9ile\u201d. T\u00e1 sin ag teacht go h\u00e1lainn le liot\u00fairge Aifreann an lae inniu. T\u00e1 Cr\u00edost beo san Eocairist mar fhoinse do chaidreamh, chomaoin, phearsanta le Dia agus lena ch\u00e9ile, mar chlann mhac agus chlann in\u00edonacha D\u00e9, br\u00e1ithre agus deirfi\u00faracha \u00cdosa.<br \/> Is r\u00fandiamhair dhomhain \u00ed l\u00e1ithreacht r\u00e9alta Chr\u00edost faoi ghn\u00e9ithe ar\u00e1in agus f\u00edona, nach glactar lei ach tr\u00ed chreideamh. N\u00ed inn\u00e9 n\u00e1 inniu a thosaigh an t-amhras faoi. Tar \u00e9is a sheanm\u00f3ra i gCafarn\u00e1um air f\u00e9in mar ar\u00e1n na beatha, bh\u00ed na Gi\u00fadaigh (n\u00e1r chreid ann) ag aighneas le ch\u00e9ile \u00e1 r\u00e1: \u201cConas is f\u00e9idir don duine seo a fheoil a thabhairt d\u00fainn le hithe?\u201d Lean \u00cdosa ar aghaidh lena th\u00e9ama faoi f\u00e9in agus ar gclos na cainte d\u00e1 l\u00e1n d\u00e1 dheisceabail d\u00fairt siad: \u201cIs crua an chaint \u00ed seo, agus c\u00e9 a d\u2019fh\u00e9adfadh \u00e9isteacht lei?\u201d Mar fhreagra d\u00fairt \u00cdosa: \u201cAn bhfuil an m\u00e9id seo ina cheap tuisle agaibh? Ach cad \u00e9 m\u00e1 fheiceann sibh Mac an Duine (\u00cdosa f\u00e9in) ag dul suas mar a raibh s\u00e9 cheana?\u201d Tharraing a l\u00e1n d\u00e1 dheisceabail siar, agus n\u00edor leanadar \u00e9 a thuilleadh (Eoin 6:52-65). Tuigimid r\u00fandiamhair na hEocraiste n\u00edos fearr m\u00e1 dh\u00e9anaimid machnamh uirthi i gcomth\u00e9acs \u00cdosa fior-Dhia agus f\u00edor-dhuine, a dheascabh\u00e1il chun na bhflaitheas agus \u00e9 ar dheasl\u00e1imh D\u00e9. Tr\u00edd na haoiseanna s\u00edos ghlac an Eaglais le briathra \u00cdosa ar an ar\u00e1n agus an f\u00edon, tar \u00e9is a gcoisreacan, bheith go f\u00edor, go r\u00e9alta, mar a chorp agus a fhuil, agus as sin lean an deabh\u00f3id don sacraimint r\u00f3-naofa. Sl\u00edte a ba iad ina chuir na f\u00edr\u00e9in in i\u00fal a gcreideamh do l\u00e1ithreacht r\u00e9alta \u00cdosa san Eocairist. Nuair a sh\u00e9anadh an creideamh sin faoi l\u00e1ithreacht Chr\u00edost ag Berengarius, dhearbhaigh an Eaglais sa bhliain 1079 go nd\u00e9antar an t-ar\u00e1n agus f\u00edon a athr\u00fa go substaint\u00eduil go Corp and Fuil Cr\u00edost, a dhearbha\u00edodh ar\u00eds i gComhairle Trionta, teagasc at\u00e1 le f\u00e1il i gCaiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed (alt 1413): \u201cTr\u00edd an choisreacan cuirtear i gcr\u00edch tras-substainti\u00fa an ar\u00e1in agus an fh\u00edona i gCorp agus i bhFuil Chr\u00edost\u201d.<br \/> N\u00ed haon c\u00fais iontais go bhfuil ceisteanna \u00e1 gcur maidir le Cr\u00edost bheith i l\u00e1thair go f\u00edor, go r\u00e9alta, faoi na heilimint\u00ed ar\u00e1in agus f\u00edona, ceisteanna at\u00e1 com\u00f3na ach go h\u00e1irithe ag an aos \u00f3g. Bh\u00ed na ceisteanna sin ann ni gc\u00f3na\u00ed, ag feitheamh leis an t\u00e9 a chuirfeadh iad. N\u00edorbh fhol\u00e1ir i gc\u00f3na\u00ed na creidmhigh a dh\u00e9anamh deimhin de go rabhadar i l\u00e1thair r\u00fandiamhaire doimhne. Ina chaitic\u00e9is d\u00f3ibh si\u00fad a bh\u00ed tar \u00e9is a mbaisteadh scr\u00edobh agus d\u00fairt Cioral Easpag Iar\u00fasail\u00e9im (4\u00fa c\u00e9ad): \u201cN\u00e1 breathnaig\u00ed ar an ar\u00e1n agus an f\u00edon mar tada eile ach ar\u00e1n agus f\u00edon, mar is corp agus fuil naofa Chr\u00edost iad d\u00e1ir\u00edre, mar a d\u00fairt an M\u00e1istir f\u00e9in. B\u00edodh go dtabharfadh bhur gc\u00e9afa\u00ed a mhalairt tuisceana daoibh, d\u00e9anadh bhur gcreideamh deimhin sibh\u201d. D\u2019fh\u00e9adfa\u00ed cur le r\u00e1itis mar sin, mar shampla \u201cB\u00edodh nach bhfeiceann \u00e1r gc\u00e9adfa\u00ed ach ar\u00e1n agus f\u00edon, an f\u00e9idir linn dearmad a dh\u00e9anamh de bhriathra Chr\u00edost:: \u2018Is \u00e9 seo mo chorp; is \u00e9 seo mo chuid fola\u2019?\u201d L\u00e9ir\u00edonn Aithreacha eile na hEaglaise an dearcadh c\u00e9anna, ag leagan b\u00e9ime ar fh\u00f3r-laithreacht, r\u00e9alta, Chr\u00edost sna heilimint\u00ed, in ainneoin na dreacha seachtracha, mar shampla Naomh Iustinus Mairt\u00edreach, Naomh Irenaeus, Naomh Gaudentius. Bh\u00ed gairm ann do ghn\u00edomh creidiimh, mar ba n\u00f3s i bpobail na hEaglaise in \u00c9irinn c\u00e9adta bliain \u00f3 shoin, leis an chomhgh\u00e1ir tar \u00e9is choisreacan an Aifrinn: \u201cMo Thiarna agus mo Dhia\u201d.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>3 Meitheamh 2018 (B) Soll\u00fantas Chorp Chr\u00edost (B)FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLAleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An B\u00edobla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-630","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/630","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=630"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/630\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=630"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=630"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=630"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}