{"id":631,"date":"2018-06-07T12:55:01","date_gmt":"2018-06-07T12:55:01","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=631"},"modified":"2018-06-07T12:55:01","modified_gmt":"2018-06-07T12:55:01","slug":"10n-meitheamh-2018-b-an-deichiu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=631","title":{"rendered":"10n Meitheamh 2018 (B) An Deichi\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p>10n Meitheamh 2018 (B) An Deichi\u00fa Domhnach Saor<\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li><strong>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/strong><em>Misean lean\u00fanach na hEaglaise i gc\u00fains\u00ed naimhdeacha. \u201cCreidimid agus d\u00e1 bharr sin labhairim\u00edd\u201d.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Genesis 3:9-15). <em>Cuirfidh m\u00e9 naimhdeas idir do s\u00edolsa agus s\u00edol na mn\u00e1. <\/em>Tagann an sliocht seo teacht ar dheireadh na hinsinte faoi Ghairdin Pharthais, tar \u00e9is gur ith an fear agus an bhean (\u00c1dhamh agus \u00c9abha) \u00fall na haithne, an toradh toirmiscthe. Tar \u00e9is gur gh\u00e9ill an bhean do chath\u00fa an nathrach, bh\u00ed cr\u00edoch anois leis an gaol cairdi\u00fail idir Dhia agus iad a bh\u00ed ann \u00f3 th\u00fas. T\u00e1 Dia anois (n\u00f3 an Tiarna Dia mar a thugtar air sa chaibideal seo de Genesis) t\u00e1 s\u00e9 le pion\u00f3s a ghearradh orthu si\u00fad a ghlac p\u00e1irt sa ghn\u00edomh, agus san ord ina ghlac siad p\u00e1irt \u2013 an nathair i dtosach, agus ansin an bhean agus sa deireadh an fear (\u00c1dhamh).<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00ed miste amharc ar an sc\u00e9al seo faoi Ghaird\u00edn Pharthais ar leibh\u00e9il \u00e9ags\u00fala. I dtosach b\u00e1ire t\u00e1 an chiall, an bhr\u00ed, a bh\u00ed ina aigne ag ch\u00e9ad \u00fadar den sc\u00e9al, n\u00f3 sa sc\u00e9al mar a ch\u00e9ad ins\u00edodh \u00e9. Ansin bh\u00ed na sl\u00edte \u00e9ags\u00fala inar fh\u00e9acadh ar an sc\u00e9al agus mar ar l\u00e9irmh\u00edn\u00edodh \u00e9 ag gl\u00faine n\u00edos d\u00e9ana\u00ed,&nbsp; nuair a fh\u00e9acadh ar an sc\u00e9al bun\u00fasach seo faoi stair an chine dhaonna faoi sholas eolais n\u00edos soil\u00e9ire ar Dhia. Sa phion\u00f3s a ghearrtar ar \u00c9abha agus \u00c1dhamh cuirtear i gcuimhne d\u00f3ibh c\u00e9 chomh deacair is a bheidh an saol acu taobh amuigh den Ghaird\u00edn, an saol a bheidh ar eolas ag gl\u00faine ina ndiaidh &#8211; na pianta i mbreith clainne, st\u00e1das na mban, saothar dian ar an dtalamh, agus mar chr\u00edoch air go l\u00e9ir filleadh ar an gcr\u00e9 ag an mb\u00e1s.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Seans nach bhfuil i mbriathra D\u00e9 don nathair ach cur s\u00edos ar nathracha faoi mar ar fh\u00e9acadh orthu de ghn\u00e1th. Murab ionann le hainmhithe eile, beidh an nathair gan cosa, ach ag sn\u00ed ar a bholg, ag ithe cr\u00e9, le naimhdeas idir \u00e9 agus an bhean, agus a sh\u00edolsa agus s\u00edol na mn\u00e1, le coimhlint \u00e9igin nach soil\u00e9ir idir a cheann agus s\u00e1il na mn\u00e1.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; B\u00edodh sin mar at\u00e1, bh\u00ed insint eile ar an dt\u00e9acs ag an machnamh a rinne an traidisi\u00fan Gi\u00fadach n\u00edos d\u00e9ana\u00ed ar an dt\u00e9asc seo bun\u00fasach ar stair agus todhcha\u00ed an chine thofa agus an chine dhaonna. Mar shampla, i Leabhar na hEagna (2:24), a scr\u00edobhadh thart ar an mbliain 30 roimh Chr\u00edost, deirtear gurb ionann an nathair agus an diabhal: \u201cTr\u00ed \u00e9ad an diabhail th\u00e1inig an b\u00e1s isteach sa saol agus is iad na daoine at\u00e1 i bp\u00e1irt leis-sean a bhlaisfidh \u00e9\u201d. Rachaidh an traidisi\u00fan Gi\u00fadach n\u00edos d\u00e9ana\u00ed n\u00edos faide n\u00e1 sin. I bparafr\u00e1sa Airimise den t\u00e9acs seo, a bh\u00ed ar f\u00e1il b\u2019fh\u00e9idir i r\u00e9 an Tiomna Nua, deir Dia leis an nathair maidir leis an naimhdeas lean\u00fanach ag a sh\u00edol-sean le s\u00edol na mn\u00e1 go mbeidh an bua ag s\u00edol na mn\u00e1 ar an nathair, go mbuailfeadh siad an nathair ar a cheann agus go mar\u00f3idh siad \u00e9 ma chlo\u00edonn siad leis an Dl\u00ed. Beidh leigheas ag s\u00edol na mn\u00e1 ach n\u00ed bheidh ag an nathair. Agus beidh an bua sin le teacht i laethanta an Mheisias. B\u2019fh\u00e9idir go raibh an traidisi\u00fan seo ina aigne ag P\u00f3l nuair a chuir s\u00e9 cr\u00edoch lena litir chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh ag gu\u00ed go mbeadh siad eolgaiseach ar an maith agus dall ar an olc agus go nd\u00e9anfadh Dia na s\u00edoch\u00e1na S\u00e1tan a bhr\u00fa faoina gcosa (R\u00f3mh\u00e1naigh 16:19-20).<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 129[130]). <em>Is ag an Tiarna at\u00e1 tr\u00f3caire agus t\u00e1 fuascailt aige go fl\u00fairseach<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(2 Corantaigh 4:13-5:1). <em>Creidimid agus labhairim\u00edd d\u00e1 r\u00e9ir. <\/em>Sa sliocht d\u00edreach roimh an cheann seo labhair P\u00f3l faoi uaisleacht an Chonartha Nua agus an tr\u00e9dhearcacht nach m\u00f3r bheith ag ministr\u00ed an tSoisc\u00e9il. Dia a d\u00fairt \u201cB\u00edodh solas ag lonradh as an dorchadas\u201d (Genesis 1:3) chuir s\u00e9 solas ag lonradh i gcro\u00edthe Ph\u00f3il agus ministr\u00ed an tSoisc\u00e9il. Seoid seo na haspalachta is ualach trom \u00ed i bpr\u00f3ca\u00ed cr\u00e9 daoine dhaonna agus n\u00ed bheadh toradh f\u00f3nta air ach tr\u00ed ghr\u00e1sta agus chumhacht D\u00e9 amh\u00e1in. Ina dhiaidh sin t\u00e9ann P\u00f3l ar aghaidh le hinsint d\u00fainn cuid den mh\u00e9id a fhulaing s\u00e9 ar son an tSoisc\u00e9il. &nbsp;Bitear d\u00e1r gciapadh, deir s\u00e9, \u00f3 gach taobh ach n\u00edlimid teanntaithe; i gcruach\u00e1s ach gan bheith in \u00e9ad\u00f3chas; d\u00e1r ng\u00e9arlean\u00faint ach gan bheith tr\u00e9igthe. Cad \u00e9 an f\u00e1th go leanann s\u00e9 ar aghaidh d\u00e1 ainneoin sin? Tugann s\u00e9 an freagra in abairt tosaigh l\u00e9acht seo an lae inniu. T\u00e1 an spiorad creidimh ch\u00e9anna aige agus a bh\u00ed ag an Salmaire (Salm 116.115:10): \u201cChreid m\u00e9 agus d\u00e1 bharr sin labhair m\u00e9\u201d \u2013 a chreideamh i gcumhacht D\u00e9 toradh f\u00f3nta a thabhairt ar a aspalacht. Tugann seo P\u00f3l anois le machnamh a dh\u00e9anamh ar ais\u00e9ir\u00ed \u00cdosa agus an rath agus an l\u00fach\u00e1ir sh\u00edora\u00ed d\u00f3 f\u00e9in is intuigthe as sin. Nearta\u00edonn sin a chreideamh. T\u00e1 a fhios aige ainneoin a n\u00e1d\u00fair lag dhaonna (\u201cn\u00e1dur seachtrach\u201d, \u201can duine at\u00e1 ar an dtaobh amuigh\u201d) ag meath, t\u00e1 beatha inmhe\u00e1nach an ghr\u00e1sta agus an aontacht le Dia (\u201can duine inmhe\u00e1nach\u201d) \u00e1 athnuachan. Beidh deireadh le fadhbanna an tsaoil seo go luath d\u00f3 agus ina n-ionad sin beidh ag \u00e9ir\u00ed astu ualach trom na gl\u00f3ire s\u00edora\u00ed. Tugann an smaoinemah seo air machnamh a dh\u00e9anamh ar fh\u00edrinn\u00ed na s\u00edora\u00edochta, ar na ruda\u00ed dofheicthe seachas ar na nithe sofheicthe. Mar chr\u00edoch ar a mhachnamh f\u00e9achann s\u00e9 ar a bheatha ar talamh mar phuball an choirp agus ar a chorp spiorad\u00e1lta ar neamh mar theach c\u00f3naithe s\u00edora\u00ed n\u00e1r t\u00f3gadh le l\u00e1mha daonna.<\/p>\n<p>&nbsp;<em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Marcas 3:20-25). <em>N\u00ed fh\u00e9adann S\u00e1tan seasamh.<\/em> Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 againn sain-ghn\u00e9 de st\u00edl Shoisc\u00e9il seo Marcais, ceann ar a dtugtar \u201cteicn\u00edc an cheapaire\u201d, ina thosa\u00edonn sliocht le sc\u00e9al amh\u00e1in agus a athra\u00edonn go tobann go sc\u00e9al eile, le casadh ar an &nbsp;ch\u00e9ad sc\u00e9al n\u00f3 ceann gaolmhar leis. Mar sin f\u00e9in t\u00e1 aontacht ag rith tr\u00edd an tr\u00ed mh\u00edr seo sa mh\u00e9id go bfuilid ag cur s\u00edos ar an gcoimhthi\u00fa \u00f3 \u00cdosa agus an cur ina \u00e9adan.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Bh\u00ed m\u00edor\u00failt\u00ed \u00e1 nd\u00e9anamh ag \u00cdosa agus na sluaite \u00e1 lean\u00faint. Ni thugnn Marcas aon bhonn leis an amhras a bh\u00ed ag a ghaolta faoi \u00cdosa, go raibh a bheatha i mbaol n\u00f3 go raibh s\u00e9 as a mheabhar. N\u00ed hamh\u00e1in n\u00e1r chreid siad ann; bh\u00ed siad naimhdeach d\u00f3 n\u00f3 in amhras faoi. (B\u00edodh nach mbaineann s\u00e9 le h\u00e1bhar anseo is f\u00e9idir a lua gur creidmhigh in \u00cdosa a bh\u00ed ina mh\u00e1thair agus a bhr\u00e1ithre agus iad aontaithe leis ha haspail ag feitheamh le teacht an Spioraid Naoimh, Gn\u00edomhartha na nAspal 1:14.).&nbsp; Tugann Marcas le fios go raibh an naimhdeas d\u2019\u00cdosa &nbsp;ag treisi\u00fa fi\u00fa sa Ghail\u00edl, le scr\u00edobhaithe ag teacht \u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im ag cur asarla\u00edochta ina leith, go raibh s\u00e9 ag caitheamh amach deamhan tr\u00ed Bealzab\u00fal \u2013 ceann de na hainmneacha iomad\u00fala ar an diabhal, ar Sh\u00e1tan, &nbsp;sa tr\u00e1th sin i measc na nGi\u00fadach. Ag a bhaisteadah rinneadh \u00cdosa a ungadh ag an Spiorad, an Spiorad Naomh, agus is i neart an Spioraid sin a chaith s\u00e9 amach deamhain agus a rinne s\u00e9 leigheas. Ba comhartha iad sin go raibh r\u00edocht D\u00e9 ag teacht, n\u00f3 tagaithe, tr\u00edd. A mha\u00edomh gurb tr\u00ed Sh\u00e1tan na m\u00edor\u00failt\u00ed sin, deamhain a chaitheamh amach, ba trom an peaca \u00e9, rud a mh\u00edn\u00edonn na briathra troma a \u00fas\u00e1ideann \u00cdosa faoi.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Casann m\u00edr dheiridh na l\u00e9achta seo ar theaghlach \u00cdosa, a mh\u00e1thair agus a bhr\u00e1ithre. D\u2019fh\u00e9adfa\u00ed f\u00e9achaint ar bhriathra \u00cdosa faoina mh\u00e1thair agus a bhr\u00e1ithre thar a bheith dian, ach n\u00ed m\u00f3r amharc orthu faoi sc\u00e1th aidhm na m\u00edre seo, is \u00e9 sin le r\u00e1 r\u00e1iteas \u00cdosa faoi fh\u00edor-theaghlach \u00cdosa, nach teaghlach fola e ach teaghlach creidimh. Faoi sholas an teagaisc seo is iad go f\u00edreannach a mh\u00e1thair, a shi\u00faracha, a bhr\u00e1ithre iad si\u00fad a dh\u00e9anann toil D\u00e9, agus l\u00e1rnach d\u00f3 sin, ar nd\u00f3igh, t\u00e1 \u00cdosa f\u00e9in, agus glacadh le h\u00cdosa mar theachtaire D\u00e9.&nbsp; Tugann an mh\u00edr seo le tuiscint go bhfuil saothar, misean, \u00cdosa le dul ar aghaidh tr\u00edd an bhfir-theaghlach sin, in ainneoin p\u00e9 rud a mheasann a ghaolta n\u00f3 fuath a namhad.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is soil\u00e9ir \u00f3 Shoisc\u00e9al L\u00fac\u00e1is gur bhain m\u00e1thair \u00cdosa \u00f3 th\u00fas&nbsp; leis an bhfor-theaghlach sin. Is i an creidmheach eiseaml\u00e1ireach, a bh\u00ed &nbsp;l\u00e1rnach ag&nbsp; teacht r\u00edocht D\u00e9 lena gn\u00edomh creidimh umhail agus&nbsp; a freagra don aingeal Gaibri\u00e9il: \u201cF\u00e9ach, mise ban\u00f3glach an Tiarna; d\u00e9antar liom de r\u00e9ir d\u2019fhocail\u201d (L\u00fac\u00e1s 1:29).<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><strong>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/strong>: <em>Misean lean\u00fanach na hEaglaise i gc\u00fains\u00ed naimhdeacha. \u201cCreidimid agus d\u00e1 bharr sin labhairim\u00edd\u201d.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>T\u00e1 an t-\u00e1bhar a thugann tr\u00ed l\u00e9achta\u00ed an lae inniu d\u00fainn le machnamh orthu maidir le agallamh le ceistesnns an lae n\u00e1 thar a bheith soil\u00e9ir. Agus is \u00e9 sin n\u00e1 misean na hEaglaise, \u00e1r misesan go l\u00e9ir, an Soisc\u00e9al a chraobhscaoileadh i dtr\u00e1th agus in antr\u00e1th. Labhair \u00cdosa go soil\u00e9ir faoin mhisean a bh\u00ed aige. N\u00ed fh\u00e9adfadh s\u00e9 fan\u00faint in \u00e1it amh\u00e1in sa Ghail\u00edl. Bh\u00ed air f\u00e9in agus a chuid dheisceabail dul thar sin leis an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt in \u00e1iteanna eile, mar a d\u00fairt s\u00e9 f\u00e9in: \u201cmar is chuige sin a ghabh m\u00e9 amach\u201d (Marcas 1:38). Mar an gc\u00e9anna le P\u00f3l: \u201cN\u00ed aon ch\u00fais mha\u00edte dom bheith ag f\u00f3gairt an dea-sc\u00e9il, mar is \u00e9 mo dhualgas \u00e9, agus is domsa is mairg mura dh\u00e9anfaidh m\u00e9 an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt\u201d (1 Corantaigh 9:16). Ba mh\u00f3r an t-ualach do Ph\u00f3l an misean seo, seoid le coime\u00e1d i bpr\u00f3ca\u00ed cr\u00e9 lena dh\u00e9anamh soil\u00e9ir gurb \u00f3 Dhia amh\u00e1in an toradh f\u00f3nta, tr\u00ed chumhacht \u00cdosa ais\u00e9irithe. Bheadh c\u00fais aige scor den saiothar sin de bharr a raibh le fulaingt aige ar a shon. I sliocht d\u00edreach roimh dara l\u00e9acht an lae inniu \u00e1ir\u00edonn P\u00f3l roinnt d\u00edobh sin. Scr\u00edobh s\u00e9: \u201cB\u00edotar d\u00e1r gciapadh \u00f3 gach taobh ach n\u00edlimid teanntaithe; b\u00edotar d\u00e1r ng\u00e9arlean\u00ednt ach n\u00edlimid tr\u00e9igthe; b\u00edtear d\u00e1r s\u00edneadh ach n\u00edlimid d\u00edscithe. B\u00edonn b\u00e1s \u00cdosa ar iompar in\u00e1r gcorp againn de sh\u00edor\u201d (2 Corantaigh 4:7-10). Ach n\u00edor gh\u00e9ill s\u00e9 don lagmhisneach riamh de bharr a chreidimh i gCr\u00edost, mar a deir s\u00e9 i Dara L\u00e9acht an lae inniu: \u201c\u00d3 tharla go bhfuil an spiorad c\u00e9anna \u00fad an chreidinh againn a bhfuil tagairt d\u00f3 sa scriopt\u00far [Salm116\/115:10]: \u2018Chreid m\u00e9 agus labhair m\u00e9 d\u00e1 bharr\u2019\u201d. Chreid s\u00e9 in ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus ar chumhacht agus gr\u00e1sta D\u00e9 a bheadh leis na creidmhigh go deireadh an tsaoil.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Bh\u00ed r\u00e9amhinsint \u00e9igin den chomhrac lean\u00fanach idir chreidmhigh agus na f\u00f3rsai a bheadh ina gcoinne le l\u00e9amh cheana f\u00e9in i Leabhar Genesis, mar at\u00e1 i gc\u00e9ad l\u00e9acht an lae inniu. An l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, i sean-saol na hEorpra maidir le creideamh i nDia agus san eaglais, agus in\u00e1r dt\u00edr f\u00e9in, bheadh cath\u00fa ar dhaoine \u00e1irithe a chreidi\u00faint go bhfuil na f\u00f3rsa\u00ed ag feidmhmi\u00fa in \u00e9adan na hEaglaiase agus an chreidimh r\u00f3-l\u00e1idir, agus go scoiridis den chath ar son an chreidinh d\u00e1 bharr. Bheadh a leith\u00e9id seo glan i gcoinne gach ar sheasann an Soisc\u00e9al agus an traidisi\u00fan Cr\u00edosta\u00ed d\u00f3. Is cuid de bheith ann do Chr\u00edostaicht an comhrac. Mar aon leis an Salmaire agus le P\u00f3l is feidir linn a r\u00e1: \u201cCreidimid agus d\u00e1 bharr sin labhraimid\u201d. Leanaimid ar aghaidh leis an ghairm at\u00e1 againn fianaise a thabhairt do Chr\u00edost mar shalann na tal\u00fan agus mar sholas an domhain.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>10n Meitheamh 2018 (B) An Deichi\u00fa Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-631","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/631","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=631"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/631\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=631"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=631"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=631"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}