{"id":638,"date":"2018-06-27T12:08:31","date_gmt":"2018-06-27T12:08:31","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=638"},"modified":"2018-06-27T12:08:31","modified_gmt":"2018-06-27T12:08:31","slug":"iuil-1-2018-b-an-triu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=638","title":{"rendered":"I\u00fail 1 2018 (B) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p>I\u00fail 1 2018 (B) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor<br \/>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br \/>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:<\/p>\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed. Tionchar na hEaglaise Caitlic\u00ed i saol an phobail? N\u00ed fol\u00e1ir go gcloisf\u00ed guth na hEaglaise.<\/p>\n<p>C\u00e9ad L\u00e9acht (Eagna 1:13-15; 2:23-24). Tr\u00ed \u00e9ad an diabhail th\u00e1inig an b\u00e1s isteach sa saol. D\u00e9anfar an l\u00e9acht seo a thuiscint n\u00edos fearr m\u00e1 shu\u00edtear \u00ed taobh istigh de na chomhth\u00e9acs agus d\u2019aidhm Leabhar na hEagna go hioml\u00e1n, agus ina chomhth\u00e9acs f\u00e9in sa Leabhar seo. Cumadh Leabhar na Eagna i nGr\u00e9igis i gCathair Alastair na h\u00c9igipte, agus sa dara cuid den ch\u00e9ad aois roimh Chr\u00edost, cumtha ag Gi\u00fadach a bh\u00ed tumtha i gcreideamh agus i l\u00e9ann Eagna a phobail f\u00e9in. Bh\u00ed pobal l\u00e1idir Gi\u00fadach i gCathair Alastair. Bh\u00ed \u00fadar an tsaothair seo ag scr\u00edobh go pr\u00edomh\u00fail d\u00e1 chomh-Ghi\u00fadaigh a raibh a gcreideamh suaite go m\u00f3r ag an tarraingt a bh\u00ed ag ardchult\u00far Chathair Alastair, a raibh iomr\u00e1 uirthi faoi na c\u00f3rais taibhseacha feals\u00fanachta a bh\u00ed aici, mar aon leis an dul chun cinn in eola\u00edochta\u00ed an n\u00e1d\u00fair as a raibh s\u00e9 an-mh\u00f3rtasach, aithne mhaith uirthi faoina reiligi\u00fain mhist\u00e9ire agus na cultais mhealtacha ar a raibh t\u00f3ir orthu. Leis an dul chun cinn seo san eola\u00edocht agus sa chult\u00far chuaigh s\u00e9anadh forleatach go raibh aon r\u00e9altacht ann thar a fh\u00e9adfadh na c\u00e9adfa\u00ed a bhraithstint. T\u00e1 briathra na bpag\u00e1nach a chuireann an creideamh sin naimhdeach don Ghi\u00fadachas ar aghaidh le f\u00e1il go soil\u00e9ir i sliocht sa leabhar seo a thagann go d\u00edreach tar \u00e9is l\u00e9acht an lae inniu (Eagna 1:16-2:5). Seo iad a gcuid tuairm\u00ed: <br \/>Ach ghlaoigh daoine aindiaga an b\u00e1s chucu lena ngn\u00edomhartha agus lena mbriathra araon. Cheap siad gurbh \u00e9 a gcara \u00e9 agus bh\u00edodh siad ag meath le cumha ina dhiaidh; rinne siad conradh leis, ar is iad at\u00e1 oiri\u00fanach le bheith i bp\u00e1irt leis. De dheasca a gclaonmhachnaimh d\u00fairt siad le ch\u00e9ile: \u201cIs gairid dobr\u00f3nach \u00e9 \u00e1r saol; agus nuair a bh\u00edonn an b\u00e1s ag teannadh leis an duine n\u00ed bh\u00edonn aon leigheas aige air; n\u00e1 n\u00ed fios ar fhill aon duine \u00f3 ifreann riamh. \u00d3ir is de thaisme a rugadh sinn, agus san am at\u00e1 le teacht beimid amhail is nach rabhamar ann riamh. Puth deataigh is ea an an\u00e1il at\u00e1 in \u00e1r bpoll\u00e1ir\u00ed agus n\u00edl in\u00e1r r\u00e9as\u00fan ach spr\u00e9ach a ghineann bualadh \u00e1r gcro\u00ed. Nuair a mh\u00fachfar \u00ed, d\u00e9anfar luaith d\u00e1r gcorp agus scaipfear an\u00e1il na beatha ar n\u00f3s an aeir neamhsheasmhaigh. Le himeacht aimsire ligfear \u00e1r n-ainm i ndearmad agus n\u00ed chuimhneoidh aon duine ar \u00e1r ngn\u00edomhartha. S\u00e9idfear \u00e1r mbeatha chun si\u00fail ar n\u00f3s dhla\u00ed\u00f3g dheiridh scamaill, agus scaipfear \u00ed mar cheobhr\u00e1n at\u00e1 \u00e1 th\u00f3ra\u00edocht ag gathanna na gr\u00e9ine agus \u00e1 chlo\u00ed ag an teas. Go deimhin n\u00edl in\u00e1r mbeatha ach sc\u00e1th a ghluaiseann thart; agus n\u00ed f\u00e9idir \u00e1r mb\u00e1s a chur ar gc\u00fal, mar t\u00e1 s\u00e9ala curtha air; agus n\u00edl aon duine a fhilleann ar ais\u201d.<br \/>Scr\u00edobh \u00fadar an leabhair seo, agus s\u00fail aige chomh maith ar l\u00e9itheoir\u00ed pag\u00e1nacha, lena chomhchreidmhigh Ghi\u00fadacha a neart\u00fa ina gcreideamh. Ba mhian leis a chur in i\u00fal d\u00f3ibh nach raibh aon ch\u00fais acu eagla a bheith orthu ag eascair \u00f3 na tuairm\u00ed nua eola\u00edochta agus creidimh, n\u00f3 easpa creidimh, den chult\u00far m\u00e1guaird. D\u2019fh\u00e9adfadh a dtraidisi\u00fan Gi\u00fadach f\u00e9in, agus a gcreideamh i nDia Beo Iosrael, aghaidh a thabhairt ar aon bholscaireacht fhrithchreidimh. Bh\u00ed l\u00e9argas den saol seo agus de shaol eile ag an creideamh i nDia Beo Iosrael, cruthaitheoir na cruinne agus gach a bhfuil inti. Crutha\u00edodh gach a bhfuil ar domhan ag Dia agus t\u00e1 siad go han-mhaith. Ni f\u00e9idir an bua a bheith ag cumhacht an oilc, n\u00f3 ag aon fh\u00f3rsai at\u00e1 in \u00e9adan D\u00e9, agus n\u00ed bheidh an bua acu. Agus mar bhuaic agus mar l\u00e1rphointe ar gach a chruthaigh Dia t\u00e1 an duine daonna, gur d\u00e1n d\u00f3 an bheatha go hioml\u00e1n, abhus agus sa saol eile. Sa deireadh thiar n\u00ed bheidh an ceann is fearr ag aon ghluaiseacht in \u00e9adan D\u00e9, ag an olc; is \u00f3 \u00e9ad Sh\u00e1tain, \u00f3 \u00e9ad an diabhail, iad.<\/p>\n<p>Salm le Freagra (Salm 29[30]). Molfaidh m\u00e9 th\u00fa, a Thiarna, de bhr\u00ed gur shaor t\u00fa m\u00e9;<\/p>\n<p>Dara L\u00e9acht (2 Corantaigh 8:7,9, 13-15). An fu\u00edlleach at\u00e1 anois agaibhse, coinneoidh s\u00e9 riar a gc\u00e1is leis na br\u00e1ithre bochta. T\u00f3gtha leis f\u00e9in amh\u00e1in, d\u2019fh\u00e9adfadh l\u00e9acht seo an lae inniu bheith deacair le tuiscint do roinnt \u00e1irithe den lucht \u00e9isteachta. A mhalairt at\u00e1 ann m\u00e1 l\u00e9itear \u00ed ina a comhth\u00e9acs sa litir seo. Tagann sliocht an lae inniu taobh istigh de chomhth\u00e9acs n\u00edos leithne na litreach seo 2 Corantaigh 8:1-9:15 ina bhfuil P\u00f3l ag labhairt ar bhaili\u00fach\u00e1n airgid at\u00e1 \u00e1 dh\u00e9anamh aige ina chuid eaglais\u00ed sa Ghr\u00e9ig le cabhair a thabairt don phobal Cr\u00edosta\u00ed in Iar\u00fasail\u00e9im, at\u00e1 beo bocht. Leag s\u00e9 b\u00e9im mh\u00f3r ar an mbaili\u00fach\u00e1n seo. Sa Choraint d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 go raibh an baili\u00fach\u00e1n curtha ar fionra\u00ed ar feadh tamaill de bharr easaontais \u00e9igin idir baill na heaglaise sin agus P\u00f3l f\u00e9in, ach bh\u00ed s\u00e9 tosaithe ar\u00eds nuair a scr\u00edobhann s\u00e9. I sliocht an lae inniu spreagann P\u00f3l iad tabhairt chomh fial agus is f\u00e9idir leo. Molann s\u00e9 a su\u00e1ilc\u00ed iomad\u00fala, \u00e1 r\u00e1 gur f\u00e9idir leo cur leo sin anois le saothar carthanachta le cabhair airgid a thabhairt don bhaili\u00fach\u00e1n. Meabhra\u00edonn s\u00e9 sampla Chr\u00edost d\u00f3ibh, a rinneadh bocht tr\u00edna ioncoll\u00fa, le bheith cos\u00fail linn f\u00e9in, agus sinn a dh\u00e9anamh saibhir tr\u00edna bhochtanas. N\u00edl P\u00f3l ag iarraidh orthu tabhairt thar is achmainn d\u00f3ibh, ach bronnadh as an bhfl\u00fairse at\u00e1 acu (\u201can fu\u00edlleach at\u00e1 anois agaibh\u201d). De r\u00e9ir dealraimh bh\u00ed c\u00farsa\u00ed airgid n\u00edos fearr san eaglais sa Choraint n\u00e1 in eaglaisi eile Ph\u00f3il.<\/p>\n<p>An Soisc\u00e9al (Marcas 5:21-43). A chail\u00edn bhig, deirim leat \u00e9irigh! Sa l\u00e9acht seo tugann Marcas cuntas ar dh\u00e1 mhior\u00failt de chuid \u00cdosa, ceann maidir le in\u00edon I\u00e1ras agus an ceann eile faoi bhean a raibh rith fola aici ar feadh i bhfad. T\u00e1 cuntas na ch\u00e9ad mh\u00edor\u00failte roinnte ina dh\u00e1 chuid agus idir an d\u00e1 chuid su\u00edonn Marcas isteach, mar a dh\u00e9anann s\u00e9 in \u00e1iteanna eile (teicn\u00edc an cheapaire mar a thugtar air), an dara m\u00edor\u00failt. Tosa\u00edonn Marcas lena mheabhr\u00fa d\u00fainn gur tharla na heachtra\u00ed seo tar \u00e9is do \u00cdosa filleadh \u00f3n dtaobh eile den loch, is \u00e9 sin le r\u00e1 \u00f3n dtaobh thoir, an chr\u00edoch phag\u00e1nach, go dt\u00ed an taobh thiar agus Gi\u00fadach. Ina chuntas faoin d\u00e1 mh\u00edor\u00failt luann Marcas go raibh creideamh i gceist, roimh an mh\u00edor\u00failt, agus n\u00ed d\u00e1 barr. Is n\u00f3s le Marcas a lua n\u00e1r rinne \u00cdosa m\u00edor\u00failt\u00ed ach mar a raibh creideamh. Faoi mar at\u00e1 i gclaochl\u00fa \u00cdosa, t\u00f3gann \u00cdosa an tri\u00far deisceabal Peadar, S\u00e9amas agus Eoin mar fhinn\u00e9ithe don mh\u00edor\u00failt. Coime\u00e1dann Marcas, a scr\u00edobhann as Gr\u00e9igis, na focail Araimise ar bhain \u00cdosa \u00fas\u00e1id astu: Talita c\u00fam, \u201cA chail\u00edn bhig, deirim leat \u00e9irigh\u201d.<br \/>Maidir leis an mh\u00edor\u00failt eile den bhean a raibh rith fola aici, de r\u00e9ir Dhl\u00ed Mhaois (Leiviticus 15:25-27) bh\u00ed s\u00ed neamhghlan agus bheadh aoinne a mbeadh teagmh\u00e1il aici leo, n\u00f3 si\u00fad lei (\u00cdosa ina measc), neamhghlan chomh maith. Comh maith leis an leigheas a thugann an mh\u00edor\u00failt, briseann an eachtra seo s\u00edos na bacanna soisialta a eascra\u00edonn \u00f3n dl\u00ed sin. Bh\u00ed na sluaite thart agus ag cimilt le h\u00cdosa ach n\u00edor leigheasadh ach an bhean amh\u00e1in. Leagtar b\u00e9im ar a creideamh. Deir t\u00e9acs Mharcais gur bhain an bhean le brat \u00cdosa. Bheadh eolas n\u00edos fearr ag a l\u00e1n againn ar an mh\u00edoruilt seo \u00f3 chuntas Mhatha (Matha 9:20; mar an gc\u00e9anna L\u00fac\u00e1s 8:44; feic freisin Matha 14:36), \u00e1it a deirtear gur chuir si a l\u00e1mh le scoth\u00f3g bhrat \u00cdosa. Mar Ghi\u00fadach d\u00edlis do dhl\u00ed Mhaois (Uimhreacha 15:37-39; Deotranaim\u00ed 22:12; \u201cle haitheanta uile an Tiarna a chur i gchuimhne daoibh\u201d) chaith \u00cdosa scoth\u00f3ga ar a bhrat, sn\u00e1thanna gorma ar na ceithre c\u00fainn\u00ed den bhrat droneilleogach seactrach. Is \u00e9 an rud a ch\u00e1in \u00cdosa n\u00e1 na Fairis\u00ednigh a chuir fad lena scoth\u00f3ga le go dtabharfa\u00ed faoi deara iad (Matha 23:5).<\/p>\n<p>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Tionchar na hEaglaise Caitlic\u00ed i saol an phobail? N\u00ed fol\u00e1ir go gcloisf\u00ed guth na hEaglaise.<br \/> Machnamh. Coimhlint bhuan idir bh\u00e1s agus beatha. Mheas saoithe Chathair Alastair, de bharr an dul chun cinn a bh\u00ed d\u00e9anta i gc\u00farsai eola\u00edochta agus a n-ard-ghradam f\u00e9in maidir le litr\u00edocht, feals\u00fanacht agus sa\u00edocht dhaonna i gcoitinne, go raibh deireadh r\u00e9 le sean-chreideamh i nDia n\u00f3 na d\u00e9ithe agus na n\u00f3sanna a lean as sin agus n\u00e1rbh ann do Dhia n\u00e1 do aon rud ach ruda\u00ed tadhail agus den aigne. Conradh leis an mb\u00e1s a thug creideamh Iosrael air sin. Is Dia beo Dia Iosrael, agus is \u00ed an bheatha a fh\u00f3gra\u00edonn s\u00e9. N\u00ed uaidh an b\u00e1s. B\u2019ionann teachtaireacht \u00cdosa a thug cail\u00edn \u00f3g thar nais \u00f3n mb\u00e1s, agus sl\u00e1inte do bhean faoi bhr\u00f3n. Ach n\u00ed beatha amh\u00e1in is c\u00faram do lucht lean\u00fana \u00cdosa, ach cabhair airgid agus eile do na bochta, mar is leir \u00f3n dara l\u00e9acht. Conradh leis an mbeatha an Soisc\u00e9al agus beatha na hEaglaise, agus mairfidh an Eaglais \u00f3n fh\u00eds agus leis an gcoimhlint sin.<br \/>Agallamh. Ar uairibh, agus b\u2019fheidir na laethanta seo go minic, deirtear n\u00e1r choir go mbeadh aon tionchar ag an Eaglais Chaitliceach (n\u00f3 ag eaglais ar bith) ar an saol poibl\u00ed, n\u00f3 ar aon rud a bhaineann leis. D\u2019fh\u00e9adfadh a leith\u00e9id de r\u00e1iteas teacht \u00f3 phoiliteoir\u00ed n\u00f3 \u00f3 d\u00ed-eaglais\u00edthe at\u00e1 ag saothr\u00fa don rud ina gcreideann siad ann, pobal go hioml\u00e1n tuata, d\u00ed-eaglais\u00edoch. Sa cheist seo n\u00ed m\u00f3r na t\u00e9arma\u00ed a \u00fas\u00e1idtear a shoil\u00e9iri\u00fa, ar a laghad do ghn\u00e1th-bhaill na hEaglaise f\u00e9in. Rud amh\u00e1in \u00e9 m\u00e1 tuigtear leis an \u201ceaglais\u201d ministr\u00ed na hEaglaise, easbaig, sagairt, agus daoine eile at\u00e1 bainteach leis an \u201cinstiti\u00faid\u201d. Ach go bun\u00fasach is \u00e9 at\u00e1 san Eaglais n\u00e1 pobal na gcreidmheach, at\u00e1 ar thaobh amh\u00e1in ina lucht adhartha D\u00e9 agus san am c\u00e9anna an pobal a thoghann na poiliteoir\u00ed a riarann an st\u00e1t de r\u00e9ir na dl\u00edthe agus a gcoinsiasa\u00ed f\u00e9in.<br \/> T\u00e1 misean agus teachtaireacht \u00f3 Dhia ag an Eaglais. T\u00e1 muin\u00edn aici, a thagann chuici \u00f3 Dhia, an teachtaireacht sin a fh\u00f3gairt. Agus is \u00e9 an teachtaireacht agus an deimhne sin aici n\u00e1 si\u00fad mar at\u00e1 siad i Leabhar na hEagna sa Bh\u00edobla, is \u00e9 sin le r\u00e1 go bhfuil gach ar chruthaigh Dia go maith, agus go mbaineann sin le beatha abhus agus sa saol eile. T\u00e1 deimhne chreidimh aici go bhfuil a teachtaireacht agus a misean amhlaidh go bhfuil ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar aon fhadhb intleacht\u00fail n\u00f3 soisialta in aois ar bith.<br \/> Baineann riarach\u00e1n poibl\u00ed den chuid is m\u00f3 de le leas an phobail agus na fadhbanna a bhaineann leis i sl\u00edte iomad\u00fala, \u00f3 shaol\u00fa i leith &#8212; leas leana\u00ed, socraithe i gc\u00f3ir p\u00f3sta, foir\u00e9igean, d\u00fanmharaithe, anheasarthacht ghn\u00e9is, striapachas san \u00e1ireamh, agus go leor ruda\u00ed eile. Baineann siad sin go l\u00e9ir le iompar daonna. Baineann misean agus teachtaireacht na hEaglaise chomh maith le hiompar daonna. Is \u00e9 seo, agus dea-oibreacha agus an dea-shampla i mbeatha na gcreidmheach, a thugann fianaise do Chr\u00edost, agus an ghl\u00f3ir d\u00e1 Athair ar neamh, ar a labhair Cr\u00edost f\u00e9in. Ach t\u00e1 buntomhas eile do theachtaireacht na hEaglaise faoin Soisc\u00e9al, is \u00e9 sin go bhfuil s\u00e9 d\u00edrithe ar an duine inmhe\u00e1nach, ar chro\u00ed an duine, tobar gach ghn\u00edmh, d\u00edrithe ar anam na gcreidmheach.<br \/> N\u00ed m\u00f3r don Eaglais lean\u00faint ar aghaidh ag f\u00f3gairt theachtaireach seo D\u00e9. Baineann an teachtaireacht seo, idir ruda\u00ed eile, leis an deimhneacht at\u00e1 ag an duine aonair faoi prionsabail, faoi iompar daonna agus faoi c\u00farsa\u00ed an tsaoil phoibl\u00ed. T\u00e1 d\u2019aidhm ag reachta\u00edocht leigheas a thabhairt ar fhadhbanna agus smachtanna a chur i bhfeidhm. Ach t\u00e1 bun\u00fadar ag roinnt de na fadhbanna sin i gcro\u00ed an duine. Cabhra\u00edonn an teachtaireacht at\u00e1 ag na hOcht mBeannnachta\u00ed agus an Seanm\u00f3ir ar an Sliabh le pobal, socha\u00ed, shocair a thabhairt ar an bhf\u00f3d agus \u00e9 a choime\u00e1d ann, amhail maithi\u00fanas naimhde, cairdeas a bhun\u00fa, agus go leor leor ruda\u00ed eile. B\u00edonn siad sin go l\u00e9ir ag feidhmi\u00fa cheana sa saol poibl\u00ed, fianaise gur ann don Eaglais i saol an phobail. M\u00e1 tugtar neamhaird ar an aithne \u201cN\u00e1 d\u00e9an mar\u00fa\u201d leanann baol don bheatha dhaonna as. Mar an gc\u00e9anna maidir le mor\u00e1ltacht ghn\u00e9is. Labhra\u00edonn diagair\u00ed faoi ch\u00e9imlathas f\u00edrinn\u00ed, maidir leis an Chr\u00e9 agus f\u00edrinn\u00ed eile creidimh; n\u00edl an t\u00e1bhacht ch\u00e9anna ag baint le gach ceann d\u00edobh. Mar an gc\u00e9anna maidir le mor\u00e1ltacht ghn\u00e9is, a meastar ar uairibh a bheith ionann agus frithghini\u00faint, homaighn\u00e9as agus coisc\u00edn\u00ed, b\u00edodh go mbaineann s\u00ed le gn\u00edomhartha \u00f3 \u00e9igni\u00fa go mion-ghn\u00edomhartha gn\u00e9is. D\u2019fh\u00e9adfadh neamhaird den aithne \u201cN\u00e1 d\u00e9an dr\u00fais\u201d agus c\u00farsa\u00ed d\u00e1 short an doras a oscailt do striapachas agus dr\u00fathlanna, toisc an easpa f\u00e9insmachta. B\u00edonn fadhbanna ag baint le aitheanta, ach tugann siad greim agus smacht ar f\u00e9in don duine aonair. Mar sin, toisc an teachtaireacht agus an misean at\u00e1 aici, is cuid de bheatha an phobail \u00ed an eaglais, agus n\u00ed m\u00f3r di bheith in agallamh le saol pobail at\u00e1 ag s\u00edor athr\u00fa.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I\u00fail 1 2018 (B) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach D\u00e9ag SaorFreagra don Chreideamh leis an mB\u00edoblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-638","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/638","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=638"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/638\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=638"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=638"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=638"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}