{"id":698,"date":"2019-05-10T11:36:05","date_gmt":"2019-05-10T11:36:05","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=698"},"modified":"2019-05-10T11:55:38","modified_gmt":"2019-05-10T11:55:38","slug":"24-marta-2019-c-an-triu-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=698","title":{"rendered":"24 M\u00e1rta 2019 (C) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an\nmB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara,\nMSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar\nThreoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le\nCeisteanna an Lae:<\/em><\/strong><em> Gl\u00f3r D\u00e9 bheo; gl\u00f3r\nf\u00e1idhi\u00fail na hEaglaise; seachain an peaca; aithr\u00ed; cuireadh chun faoistine<\/em><\/li><\/ul>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar\nThreoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><em> <\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Exodus\n3:1-8, 13-15). <em>An T\u00e9 At\u00e1 is \u00e9 a sheol\nchugaibh m\u00e9. <\/em>T\u00e9acs bunaidh \u00e9 seo don chaidreamh idir Dhia agus Iosrael mar\nphobal. Thaispe\u00e1in Dia \u00e9 f\u00e9in don na Patrairc, a nAithreacha, Abrah\u00e1m, \u00cdos\u00e1c\nagus Iac\u00f3b mar dhaoine aonair, agus stair teaghlaigh, r\u00e9amhstair an phobail, a\nbheadh ansin. N\u00ed raibh aon ainm faoi leith, ainm pearsanta, do Dhia ann.\nUaireanta, deireadh gl\u00faine n\u00edos d\u00e9ana\u00ed \u201cDia Abrah\u00e1m, Dia \u00cdos\u00e1c, Dia Iac\u00f3b\u201d, n\u00f3\n\u201cDia na nAithreacha\u201d. Ainm Eabhraise eile do Dhia sa tseanr\u00e9 n\u00e1 \u201cSeaddai\u201d (nach\nfios a bhunbhr\u00ed), aistrithe sa leagan Gr\u00e9igise agus Gaeilge mar \u201cDia na\ngCumhacht\u201d. Labhra\u00edonn Iac\u00f3b faoi Dhia a Athar \u00cdos\u00e1c mar \u201cEagla (n\u00f3: Gaol)\n\u00cdos\u00e1c\u201d, agus tugtar \u201cNeach Tr\u00e9an Iac\u00f3b\u201d ar Dhia Iac\u00f3b in Genesis 49:24. <\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ansin tar\n\u00e9is Iac\u00f3b tagann tr\u00e9imhse clann Iac\u00f3b san \u00c9igipt, agus ba fhada an seal \u00e9,\nceithre ch\u00e9ad bliain dar le h\u00e1ireamh amh\u00e1in. Sa tr\u00e9imhse sin d\u2019fh\u00e1sadar \u00f3\ntheaghlach go pobal l\u00edonmhar, agus bh\u00edodar sa deireadh faoi chruatan. Bh\u00ed ar\nMhaois teitheadh \u00f3n \u00c9igipt go t\u00edr Midi\u00e1n, \u00e1it ar ph\u00f3s s\u00e9 in\u00edon le Ietr\u00f3, sagart\nMidi\u00e1n. Sa l\u00e9acht seo inniu beidh Dia ag coimisini\u00fa Maois don saothar at\u00e1\nroimhe. T\u00e1 cuntas na gairme a fhaigheann s\u00e9 \u00f3 Dhia cos\u00fail le gairm na bhf\u00e1ithe,\namhail \u00cdse\u00e1ia agus Irimia, agus taoisigh amhail Gide\u00f3n. Is f\u00e1idh agus taoiseach\n\u00e9 Maois ina dhiaidh. Coinne seo Mhaois le Dia is eisp\u00e9aras r\u00fandiamhrach,\ncreathnach \u00e9, duine daonna i l\u00e1thair naofacht D\u00e9. N\u00ed f\u00e9idir cur s\u00edos ar\nl\u00e1ithreacht D\u00e9 go litri\u00fail, ach le picti\u00fair\u00ed. Nuair a chuirtear s\u00edos ar Dhia ag\nteacht i sl\u00edte sofheicthe i sleachta mar sin chun breithi\u00fanas n\u00f3 sl\u00e1n\u00fa a\nthabhairt, tugann scol\u00e1ir\u00ed teofana\u00edocht air. Tagann Maois go Horeb sliabh D\u00e9.\nAn sliabh ina dh\u00e9anann Dia foilsi\u00fa le hIosrael tugtar Horeb air i bhfoinse\namh\u00e1in sa Bh\u00edobla, S\u00edon\u00e1i i bhfoinse eile, ar uairibh Sliabh D\u00e9. I measc na\nbhfeinim\u00e9an ina leith\u00e9id de theofana\u00edocht is gn\u00e1thach tine, toirneach agus\nfeinim\u00e9in n\u00e1d\u00fair eile. Go minic n\u00ed luaitear go d\u00edreach Dia, an Tiarna, a bheith\ni l\u00e1thair. Ina ionad baintear feidhm as \u201caingeal an Tiarna\u201d, mar a dh\u00e9antar\nanseo, ach ina dhiaidh sin as \u201cDia\u201d n\u00f3 \u201can Tiarna\u201d. Bh\u00ed Dia i l\u00e1thair sa tor.\nBh\u00ed naofacht ag baint leis, agus mar a dh\u00e9anann Gi\u00fadaigh, Muslamaigh agus\nB\u00fada\u00edgh go f\u00f3ill, bhain Maois a bhr\u00f3ga de. Ina dhiaidh sin, i v\u00e9arsa\u00ed f\u00e1gtha ar\nl\u00e1r sa l\u00e9acht seo, deir Dia le Maois go raibh s\u00e9 lena sheoladh go F\u00e1r\u00f3 r\u00ed na\nh\u00c9igipte lena phobal a scaoileadh saor. Gabhann Maois a leithsc\u00e9al agus tugann\nDia uchtach d\u00f3 \u00e1 r\u00e1 go mbeidh s\u00e9 leis. T\u00e1 s\u00e9 le hiad a threor\u00fa go T\u00edr\nTairngire. Cuireann Dia \u00e9 f\u00e9in i l\u00e1thair i dt\u00fas b\u00e1ire do Mhaois mar Dhia a n-aithreacha,\nDia Abrah\u00e1m, Dia \u00cdos\u00e1c agus Dia Iac\u00f3b. Do cheist \u00f3 Mhaois faoina ainm d\u00edlis\nf\u00e9in, d\u2019fhreagair Dia: \u201cIs M\u00e9 an T\u00e9 At\u00e1\u201d, n\u00f3 \u201cAn T\u00e9 At\u00e1\u201d, as Eabhrais. <em>Ehyeh <\/em>agus <em>yihyeh\u00b8<\/em> n\u00f3, sa bhfoirm \u00e1rsa taobh thiar de, <em>Yahweh<\/em>. D\u00fairt Dia chomh maith gurbh \u00e9 Yahweh as sin amach a ainm ar\nfeadh na s\u00edora\u00edochta agus gur mar sin a bheadh a ainm \u00e1 ghlaoch \u00f3 ghl\u00fain go gl\u00fain.\nLe meas don ainm naofa sin n\u00edor luaigh na Gi\u00fadaigh i ghl\u00faine n\u00edos d\u00e9ana\u00ed, agus\nd\u00faradar \u201can Tiarna\u201d ina \u00e1it, agus is mar sin a aistr\u00edtear go minic \u00e9 sna\nhaistri\u00fach\u00e1in. Is \u00e9 Dia An T\u00e9 At\u00e1, &nbsp;le\nbheith i gcabhair lena mhuintir i gc\u00f3na\u00ed, \u00e1 dtreor\u00fa chun a leasa.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em>\n(Salm 102[103]). <em>Is gr\u00e1mhar tr\u00f3caireach \u00e9\nan Tiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht<\/em> (1\nCorantaigh 10:1-6, 10-12). <em>Beatha na\nndaoine a bh\u00ed in \u00e9ineacht le Maois san fh\u00e1sach, scr\u00edobhadh cuntas uirthi mar\nrabhadh d\u00fainne. <\/em>Rabhadh is \u00e9irim den l\u00e9acht seo, rabhadh d\u2019Eaglais Choraint\nan peaca a sheachaint agus a leas f\u00e9in a dh\u00e9anamh. Is coimhlint laethi\u00fail\ncleachtadh na beatha Cr\u00edosta\u00ed agus n\u00ed m\u00f3r bheith san airdeall i gc\u00f3na\u00ed. Is\nlean\u00faint ar aghaidh an l\u00e9acht seo ar a raibh \u00e1 r\u00e1 ag P\u00f3l faoin chath\u00fa a\nsheachaint d\u00edreach roimh an t\u00e9acs seo. An baol ar tharraing s\u00e9 aird air ansin\nn\u00e1 gn\u00e1th\u00fa na dteampall pagan\u00e1cha agus baol an \u00edoladhartha. Bh\u00ed taith\u00ed ag\nmuintir Choraint ar na Cluich\u00ed Ismiacha a bh\u00edodh ann go rialta i gCoraint.\nBaineann P\u00f3l sampla\u00ed as dh\u00e1 cheann d\u00edobh sin, an r\u00e1s agus dorn\u00e1la\u00edocht, agus\ntugann moladh as a thaith\u00ed ina bheatha phearsanta: \u201cI dtaca liom f\u00e9in, nuair a\nrithimse r\u00e1s n\u00ed chun seachr\u00e1in \u00e9; nuair a bh\u00edm ag dorn\u00e1il n\u00ed mar a bheinn ag\nbualadh an aeir \u00e9. N\u00ed hea ach tugaim bascadh do mo chorp agus coinn\u00edm faoi\nsmacht \u00e9 le heagla go gcolfa\u00ed m\u00e9, go mbainf\u00ed mo ch\u00e1il\u00edocht d\u00edom, tar \u00e9is a\nbheith ag f\u00f3gairt do dhaoine eile\u201d (1 Corantaigh 9:26-27). T\u00e1 an rabhadh c\u00e9anna\naige do ch\u00e1ch ag deireadh na l\u00e9achta seo: \u201cAn t\u00e9 a sh\u00edleann go bhfuil s\u00e9 ina\nsheasamh, tugadh s\u00e9 aire ar eagla go dtitfeadh s\u00e9\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00ed fol\u00e1ir\nn\u00e1 go raibh sc\u00e9al an exodus, an imeacht, \u00f3n \u00c9igipt agus an tr\u00e1th san fh\u00e1sach ar\neolas go maith ag baill na hEaglaise i gCoraint. D\u2019fh\u00e9ach P\u00f3l agus an\nluatheaglais ar &nbsp;an ghl\u00fain sin mar a\n\u201cn-aithreacha\u201d, agus i m\u00f3r\u00e1n sl\u00edte mar eiseaml\u00e1ir don Eaglais, gurbh \u00ed exodus\nnua an tsl\u00e1naithe tr\u00ed r\u00fandamhair bh\u00e1s, ais\u00e9ir\u00ed agus deascabh\u00e1il \u00cdosa \u2013 an\nexodus faoi sti\u00fair Mhaois, agus na point\u00ed m\u00f3ra a bhain leis, amhail an n\u00e9al,\ndul trasna na mara, an bia (mana), an t-uisce. Agus maidir leis an uisce de,\nluaitear sa Bh\u00edobla m\u00edor\u00failt an uisce n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 uair amhain agus in ionaid\n\u00e9ags\u00fala. As sin d\u2019\u00e9irigh traidisi\u00fan Gi\u00fadach (nach bhfuil sa Bh\u00edobla) gur lean\ntobar uisce i bfoirm carraige an pobal san fh\u00e1sach. Is don traidisi\u00fan sin a\ndh\u00e9anann P\u00f3l tagairt. Ach meabhra\u00edonn an B\u00edobla chomh maith gur pheacaigh an\npobal san fh\u00e1sach i sl\u00edte \u00e9ags\u00fala agus gur ghearr Dia pion\u00f3s orthu d\u00e1 mbarr. Ba\ncheacht don Eaglais \u00e9 sin go l\u00e9ir, don luatheaglais agus do phobal D\u00e9 i ngach\ngl\u00fain.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is tr\u00e1th\u00fail\nan l\u00e9acht seo do thr\u00e1th seo an Charghais.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (L\u00fac\u00e1s\n13:1-9). <em>Millfear sibh uile mar an\ngc\u00e9anna mura mb\u00edonn aithr\u00ed d\u00e9anta agaibh. <\/em>N\u00ed minic a l\u00e9imid sna Soisc\u00e9il\nfaoi imeachta\u00ed comhaimsire sa Ghail\u00edl n\u00f3 in Iar\u00fasail\u00e9im in aimsir \u00cdosa, ach t\u00e1 dh\u00e1\nshampla de sin againn i l\u00e9acht an lae inniu. In \u00f3c\u00e1id \u00e9igin agus \u00cdosa i gcomhr\u00e1\nth\u00e1inig daoine \u00e1 insint d\u00f3 faoin slad a rinne Piol\u00e1it, an gobharn\u00f3ir R\u00f3mh\u00e1nach,\nin Iar\u00fasail\u00e9im, ar Ghail\u00edligh, agus an tuairim acu, b\u2019fh\u00e9idir gur de dheasca a\nbpeaca\u00ed a tharla sin. Bheadh an tuairim ag roinnt mhaith gur lean timpist n\u00f3\nslad mar phionos \u00f3 Dhia mar gheall ar pheaca\u00ed. T\u00e1 fianaise againn gur dhoirt Piol\u00e1it,\nn\u00f3 saighdi\u00fair\u00ed na R\u00f3imhe faoi, roinnt mhaith fola in Iar\u00fasail\u00e9im, ach n\u00edl\ntagairt don cheann seo i bhfoins\u00ed eile. B\u2019fh\u00e9idir go raibh amhras ag Piol\u00e1it f\u00fathu\ngurb r\u00e9abhl\u00f3idithe iad na Gail\u00edligh sin, ach n\u00ed dh\u00e9anfadh \u00cdosa tagairt do\ncheist phoilit\u00edochta. A fhreagra n\u00e1 nach raibh aon nasc idir an slad agus a\nbpeacai. N\u00edorb mh\u00f3 de pheacaigh iad n\u00e1 Gail\u00edligh eile, ar a leanann an nath\nfaoin aithr\u00ed, t\u00e9ama ar geal le h\u00cdosa de r\u00e9ir L\u00fac\u00e1is: \u201cMura nd\u00e9ana sibh aithr\u00ed\nmillfear sibh uile mar an gc\u00e9anna\u201d. Ina dhiaidh sin tugann \u00cdosa sampla d\u00e1 chuid\nf\u00e9in ar an \u00e1bhar c\u00e9anna faoi thimpiste inar mara\u00edodh ochtar d\u00e9ag nuair a thit t\u00far\nag linn Siol\u00f3am in Iar\u00fasail\u00e9im orthu. N\u00edor mh\u00f3 de fheichi\u00fanaithe (i bhfiacha)\nn\u00e1 an chuid eile d\u2019\u00e1itritheoir\u00ed Iar\u00fasail\u00e9im iad, ar a leanann \u00f3 \u00cdosa an nath\nc\u00e9anna faoi aithr\u00ed. (Sa teanga Airimise a labhair \u00cdosa b\u2019\u00edonann \u201cfeichi\u00fanaithe\u201d\nagus \u201cpeacaigh\u201d, mar at\u00e1 san \u00c1r nAthair: \u201cMaith d\u00fainn \u00e1r bhfiacha [=peaca\u00ed] mar\na mhaithimidne d\u00e1r bhfeichi\u00fanaithe f\u00e9in\u201d). Go minic sna Soisc\u00e9il ionann glaoch\nchun aithr\u00ed agus creidiuint sa Soisc\u00e9al, ach anseo dealra\u00edonn s\u00e9 gur iomp\u00fa \u00f3n\nbpeaca at\u00e1 i gceist.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I ndiaidh\nna samplai sin thug \u00cdosa parabal faoi fhear a raibh crann f\u00edge i bhf\u00edonghort\naige n\u00e1r thug toradh, agus a d\u00fairt leis an curad\u00f3ir a bh\u00ed ag tabhairt aire d\u00f3 \u00e9\nghearradh anuas. Ach mhol an curad\u00f3ir bliain eile a thabhairt d\u00f3 agus c\u00faram a\ndh\u00e9anamh de, agus mura dtabharfadh s\u00e9 toradh ansin \u00e9 a ghearradh anuas. Sampla\n\u00e9 is d\u00f3cha de fhoighne D\u00e9 ag feitheamh le haithr\u00ed an pheacaigh, ach foighne\ntheoranta. Ach toisc gur gur \u00edomh\u00e1nna de Iosrael crann f\u00edge agus f\u00edonghort,\nb\u2019fh\u00e9idir go bhfuil tagairt ann don bhaol at\u00e1 ann d\u2019Iosrael mura dh\u00e9anann s\u00e9\naithr\u00ed agus glacadh le h\u00cdosa agus an Soisc\u00e9al.<\/p>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>Gl\u00f3r\nD\u00e9 beo; gl\u00f3r f\u00e1idhi\u00fail na hEaglaise; seachain an peaca; aithr\u00ed; cuireadh chun\nfaoistine.<\/em><\/li><\/ul>\n\n\n\n<p>Is gr\u00e1 agus an tr\u00f3caire\nann f\u00e9in \u00e9 Dia, agus na laethanta seo leagtar an bh\u00e9im ar thr\u00f3caire D\u00e9. Leag\n\u00cdosa f\u00e9in an bh\u00e9im ar sin chomh maith, rud nach g\u00e1 a lua de bhr\u00ed go bhfuil an\nbh\u00e9im sin chomh tr\u00e9an. Ach is \u00ed an fh\u00edrinne f\u00e9in \u00e9 \u00cdosa chomh maith agus\nlabhair s\u00e9 go hoscailte faoi h\u00e1bhair a bhain le toil D\u00e9 a dh\u00e9anamh. Bh\u00ed guth\nf\u00e1idhi\u00fail aige agus d\u2019fh\u00e1g s\u00e9 sin mar oidhreacht ag an Eaglais, a dh\u00e9anann \u00e9\nchoime\u00e1d beo sa liotuirge i rith na bliana, agus i sl\u00ed faoi leith sa Charghas\nag leagan b\u00e9ime ar fh\u00edrinn\u00ed nach gean go minic le pobal an lae inniu aird a\nthabhairt orthu. Ach is cuma faoi sin. Is \u00e9 sin cuid de theachtaireacht an fh\u00e1idh.\nNuair a bh\u00ed Dia ag seoladh an fh\u00e1idh Ezic\u00e9al chuig Iosrael d\u00fairt s\u00e9 leis:\n\u201cCuirfidh tusa mo bhriathra in i\u00fal d\u00f3ibh, \u00e9istidis n\u00f3 n\u00e1 h\u00e9istidis; tabharfar\nle fios d\u00f3ibh go bhfuil f\u00e1idh ina measc\u201d (feic Ezic\u00e9al 2:4-7). An Domhnach\n\u00e1irithe seo t\u00e1 gl\u00f3r D\u00e9 beo ag f\u00f3gairt go l\u00e1idir tr\u00ed bhriatha an Scriopt\u00fair ag\ntabhairt rabhadh an peaca a sheachaint agus aithr\u00ed a dh\u00e9anamh, agus t\u00e1 an\nEaglais ag glaoch ar Chaitlicigh sacraimint na haithr\u00ed, an fhaoistin, a ghn\u00e1th\u00fa\naris, mar a dh\u00e9anfaidis tr\u00e1th le fianaise a thabhairt go gcreideann siad gur\nann don pheaca.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; B\u00edonn agallamh ann idir an Bh\u00edobla agus domhan m\u00f3r \u00e1r lae\nf\u00e9in m\u00e1 tugtar aird ar a ndeireann t\u00e9acs an Bh\u00edobla, guth D\u00e9; m\u00e1 cloistear gan\naird d\u00f3, \u00e9isteacht gan agallamh at\u00e1 at\u00e1 ann. Ag pobal an Aifrinn seans go\nn-airdeoidh t\u00e9acs \u00e1irithe an Bh\u00edobla ceisteanna in aigne roinnt d\u00e1 bhfuil i\nl\u00e1thair. T\u00fas agllaimh a bheadh ansin. Feicimis &nbsp;anois d\u00edreach ar roinnt de th\u00e9acsanna na\nliot\u00fairge ag labhairt linn inniu.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Dia, an T\u00e9 At\u00e1 ag labhairt de sh\u00edor.<\/em> D\u2019fhoilsigh an Tiarna Dia a ainm d\u00edlis f\u00e9in\ndo Mhaois mar \u201cAn T\u00e9 At\u00e1\u201d, an T\u00e9 a bh\u00ed ann i gc\u00f3na\u00ed, at\u00e1 an anois agus a bheidh\nann go br\u00e1th, agus n\u00ed mar Neach teib\u00ed scartha amach on domhan ach i gcaidreamh,\nag caint leis. T\u00e1 a ghl\u00f3r le cloisint acu si\u00fad a bhfuil creideamh acu chuige\nsin. Ag machnamh ar Iosrael san fh\u00e1sach agus a gcuid fhaill\u00ed ar Dhia d\u00fairt an\nsalmaire n\u00edos d\u00e9an\u00ed (Salm 95[94]):7-8): \u201c\u00c1, d\u00e1 n-\u00e9isfeadh sibh inniu lena\nghl\u00f3r: N\u00e1 cruaig\u00ed bhur gcro\u00ed\u201d. Mheabhraigh \u00fadar na litreach chuig na hEabhraigh\nan t\u00e9acs c\u00e9anna do Chr\u00edostaithe n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Bh\u00ed gl\u00f3r D\u00e9 f\u00f3s ag caint: \u201cM\u00e1\nchloiseann sibh a ghuth inniu, na cruaig\u00ed bh\u00far gcro\u00ed\u201d (Eabhraigh 4:7). T\u00e1 an\ngl\u00f3r c\u00e9anna le cloisint gach uair a l\u00e9itear t\u00e9acs den Scriopt\u00far i liot\u00fairge na\nhEaglaise. T\u00e1 \u00cdosa ansin ag f\u00f3gairt an tSoisc\u00e9il.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An peaca: An ann d\u00f3 go f\u00f3ill? <\/em>T\u00e1 feasacht ar pheaca l\u00e1rnach do theachtaireacht\n\u00cdosa agus do theagasc an Tiomna Nua. Le linn a bheatha mhaith \u00cdosa peaca\u00ed.\nGhlaoigh s\u00e9 chun aithr\u00ed agus spreag peacaigh gan peaca a dh\u00e9anamh a thuilleadh.\nDhoirt s\u00e9 a chuid fola chun peaca\u00ed a mhaitheamh, agus f\u00f3gra\u00edtear sin i ngach\nEocairist. Go minic n\u00ed shonra\u00edtear cad go beacht an peaca i gceist. Ach ba\npheaca gach rud a bh\u00ed in \u00e9adan theagasc an tSoisc\u00e9il, na Bi\u00e1id\u00ed agus an an\nSeanm\u00f3ir ar an Sliabh agus a thuilleadh eile. N\u00ed bheadh f\u00e1ilte ag Iarthar Domhain\nan lae inniu roimh agallamh faoin bpeaca, agus t\u00e1 roinnt mhaith Caitliceach, go\nh\u00e1irithe den aos \u00f3g, nach sp\u00e9is leo cur s\u00edos air.&nbsp;&nbsp; C\u00fais amh\u00e1in leis sin, b\u2019fh\u00e9idir, n\u00e1 gurbh\nionann peaca\u00ed ina dtraidisi\u00fan agus peaca\u00ed na colainne, peaca\u00ed gn\u00e9is. Ach is\nioma\u00ed sin peaca m\u00f3r agus go h\u00e1irithe \u00e9adrom ann, le smaoineamh, briathar,\ngn\u00edomh agus faill\u00ed, mar shampla i gcoinne muintearais, a anam (agus corp) a\nchailli\u00faint le r\u00f3-dh\u00fail san airgead, \u00e9ir\u00ed anairde, uabhar agus a thuilleadh m\u00f3r\nf\u00f3s. Leir\u00edonn Cr\u00edost naofacht D\u00e9; lonra\u00edonn s\u00e9 mar sholas agus tugann peaca\nbeag agus m\u00f3r chun solais, n\u00ed chun sinn a dhamn\u00fa agus le sinn a shaoradh.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Seachain an peaca agus \u00f3caid\u00ed an pheaca. <\/em>&nbsp;Leag\nP\u00f3l b\u00e9im ar sin sa dara l\u00e9acht inniu: \u201cAn t\u00e9 a sh\u00edleann go bhfuil s\u00e9 ina\nsheasamh, tugadh s\u00e9 aire ar eagla go dtitfeadh s\u00e9\u201d. T\u00e1 s\u00e9 t\u00e1bhachtach bheith\nfeasach ar thr\u00f3caire dochreidte D\u00e9, ach is baolach an laige dhaonna a ligean i\nndearmad. Mar a mheabhraigh P\u00f3l in \u00e1it eile: t\u00e1 seoid luachmar chreideamh Chr\u00edost\ni gcoime\u00e1d againn i bpr\u00f3ca\u00ed cr\u00e9, d\u2019fhonn a chruth\u00fa gur le Dia an chumhacht as\ncuimse agus nach uainn f\u00e9in \u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p><em>D\u00e9anaig\u00ed aithr\u00ed.<\/em>&nbsp; D\u00fairt \u00cdosa\nsin ar\u00eds agus ar\u00eds eile, aithr\u00ed a dh\u00e9anamh agus iomp\u00fa ar an soisc\u00e9al, agus\naithr\u00ed agus droim l\u00e1imhe a thabhairt do pheaca. Leagann an Eaglais b\u00e9im ar an\ndteachtaireacht ch\u00e9anna i rith an Charghais.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Sacraimint na hAithr\u00ed, an athmhuintearais, an\nFhaoist\u00edn, a ghn\u00e1th\u00fa. <\/em>Ba\nmh\u00f3r mar a ghn\u00e1th\u00edodh muintir na h\u00c9ireann sacraimint na hAithr\u00ed, an Fhaoist\u00edn,\ngo h\u00e1irithe i rith an Charghais. Agus ansin go tobann th\u00e1inig deireadh leis,\nidir \u00f3g agus aosta. Na laethanta seo t\u00e1 an Eaglais ag moladh d\u00e1 baill filleadh\nar dhul ar fhaoist\u00edn ar\u00eds. Is admh\u00e1il ar bheith ann don pheaca an cleachtadh,\npeaca idir bheag agus mh\u00f3r, go bhfuair \u00cdosa b\u00e1s in \u00e9iric \u00e1r bpeaca\u00ed, agus go\nnearta\u00edonn na sacramaint\u00ed in\u00e1r gcreideamh sinn.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>Don Domhnach seo mar mhalairt l\u00e9achta\u00ed is\nf\u00e9idir l\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh seo \u00f3 Bhliain A a roghn\u00fa<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Tri\u00fa\nDomhnach den Charghas (A)<\/p>\n\n\n\n<p>Freagra\ndon Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis\nan Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar\n     Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/strong><em>An d\u00f3chas Cr\u00edosta\u00ed: N\u00ed d\u00f3cha ach deimhin.<\/em><strong><\/strong><\/li><\/ol>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar\nThreoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (Eacsadas 17:3-7). <em>Tabhair d\u00fainn uisce le h\u00f3l.<\/em> Ina\nchomhth\u00e9acs sa Bh\u00edobla tharla an eachtra seo i Ref\u00edd\u00edm, an stad deiridh ag\npobal Iosrael san fh\u00e1sach roimh Sliabh Sinai. N\u00ed raibh aon uisce le h\u00f3l ag an\nbpobal agus chromadar ar chasaoid le Maois. T\u00e9ama na l\u00e9achta seo, agus t\u00e9ama i\nroinnt mhaith \u00e1iteanna eile sa Pheintiteoch, n\u00e1 monabhar, n\u00f3\ncasaoid, an phobail san fh\u00e1sach. Easpa uisce a bh\u00ed ag cur as d\u00f3ibh an babhta\nseo. Bh\u00ed D\u00eda le mior\u00failt a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh ag an carraig i Horeb (ainm eile do\nSinai). Geall\u00faint d\u00e1 leith\u00e9id de mhior\u00failt at\u00e1 anseo, geall\u00faint de uisce ina\nshlaoda. T\u00e1 seo ag dul le soisc\u00e9al an lae inniu ina gheallann \u00cdosa tobar uisce\ndon t\u00e9 a chreideann ann. T\u00e1 cur s\u00edos ar an eachtra ch\u00e9anna in Uimhreacha\n20:1-13, \u00e1it a deirtear go dt\u00e1inig an t-uisce amach as an gcarraig ina thuile.\nAs na tagairt\u00ed \u00e9ags\u00fala do uisce agus do charraig sa Pheintiteoch d\u2019fh\u00e1s\ntraidisi\u00fan in Iosrael gur lean carraig pobal Iosrael san fh\u00e1sach le \u00f3l a\nthabhairt d\u00f3ibh, tradisis\u00fan a bhfuil tagairt d\u00f3 ag P\u00f3l (1 Coraintigh 10:4).\nSamhail de Chr\u00edost ab ea an charraig sin. Tugtar dh\u00e1 ainmneacha\nsamhhailchomharthacha ar an \u00e1it a rinneadh an mhior\u00failt sin: <em>Massa<\/em>,\n\u201cpromhadh\u201d san Eabhrais, agus <em>Meribah\u00b8<\/em>\n\u201ciomarbh\u00e1\u201d, \u201ccasaoid\u201d san Eabhrais.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Sal 94[95]). <em>\u00c1, d\u00e1 n-eistfeadh sibh lena ghuth inniu: \u201cN\u00e1\ncalcaig\u00ed bhur gcro\u00ed\u201d.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara\nL\u00e9acht <\/em>(R\u00f3mh\u00e1naigh\n5:1-2, 5-8). <em>T\u00e1 \u00e1r gcro\u00ed lionta de ghr\u00e1\nD\u00e9 ag an Spiorad Naomh a tugadh d\u00fainn.<\/em> T\u00e1 teachtaireachta\u00ed doimhne sa\nl\u00e9acht seo d\u00fainn. I dtosach b\u00e1ire meabhra\u00edtear d\u00fainn an fh\u00edrinne bhun\u00fasach gur\ntr\u00edd an gcreideamh in \u00cdosa Cr\u00edost, agus n\u00ed tr\u00edn\u00e1r n-oibreacha f\u00e9in, at\u00e1imid\nf\u00edr\u00e9anaithe, agus i ngr\u00e1sta D\u00e9. Tugann an\ncairdeas sin le Dia bronntanas na s\u00edoch\u00e1na d\u00fainn, an ts\u00edoch\u00e1in a gheall \u00cdosa,\ns\u00edoch\u00e1in anama nach rud daonna \u00ed, ach feidhmi\u00fa an Spioraid Naoimh san anam agus\nsa chorp. Bh\u00ed P\u00f3l go nimhneach i gcoinne bheith ag mao\u00edmh, ag d\u00e9anamh m\u00f3rtais,\nas ghn\u00edomhartha daonna mar luach saothair i l\u00e1thair D\u00e9. Is tr\u00ed ghr\u00e1sta D\u00e9, agus\nn\u00ed tr\u00ed ghn\u00edomhartha daonna, a th\u00e1inig an sl\u00e1n\u00fa. Ach t\u00e1 \u00e1bhar m\u00f3r\u00e1la, m\u00f3rtais,\nann ag Cr\u00edostaithe, agus is \u00e9 sin an d\u00f3chas go bhfuil gl\u00f3ir in nd\u00e1n d\u00fainn. T\u00e1\nt\u00fas curtha leis an ghl\u00f3ir sin cheana f\u00e9in leis an fh\u00edr\u00e9antacht, le gr\u00e1sta D\u00e9 sa\nbhaisteadh agus sa saol mar Chr\u00edosta\u00edthe. N\u00ed rud daonna (d\u00f3ch\u00falacht) an d\u00f3chas\nsin. Is deimhin \u00e9. N\u00ed chliseann s\u00e9 orainn, mar is bronntanas \u00f3 Dhia \u00e9, su\u00e1ilce\ndhiaga a thugann cinnteacht. T\u00e1 an d\u00f3chas agus agus an chinnteacht sin nasctha\nle gr\u00e1 D\u00e9 agus gr\u00e1 \u00cdosa d\u00fainn, a taispe\u00e1ineadh tr\u00ed bh\u00e1s Chr\u00edost do pheacaigh.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin\n4:5-42). <em>Tobar uis<\/em><em>ce ag br\u00fachta\u00edl chun na beatha s\u00edora\u00ed. <\/em>L\u00e9acht fhada at\u00e1 anseo,\na bhfuil t\u00e9ama\u00ed \u00e9ags\u00fala inti. L\u00e1r-th\u00e9ama\u00ed ann n\u00e1 an tSam\u00e1ireach mn\u00e1, tobar agus\nuisce. Sa tr\u00e1th sin bh\u00ed naimhdeas domhain idir na Gi\u00fadaigh agus na Sam\u00e1irigh,\nar fh\u00e9ach na Gi\u00fadaigh orthu mar eiricigh, n\u00e1rb chuid de phobal Iosrael iad in\naonchor. Chuaigh an deighilt seo siar i bhfad, is d\u00f3cha. Bh\u00ed naimhdeas ann idir\nr\u00edocht an tuaiscirt (an tSam\u00e1ire i sl\u00ed) agus r\u00edocht I\u00fada. Nuair a dibhr\u00edodh\npobal an Tuaiscirt sa bhliain 720 roimh Chr\u00edost tugadh pag\u00e1naigh isteach agus\npobal meascaithe a bh\u00ed ann ina dhiaidh sin. Ach d\u2019fh\u00e9ach an Sam\u00e1irigh orthu f\u00e9in\nmar chuid de chlann an phatrairc I\u00e1c\u00f3b agus bh\u00edodar ag feitheamh le meisias de\nshaghas \u00e9igin. Bh\u00ed tobar sa cheantar a cheangail a dtraidisi\u00fan si\u00fad leis an\nuasalathair I\u00e1c\u00f3b. T\u00e1 eachtra na l\u00e9achta seo ag feidhmi\u00fa ar dh\u00e1 leibh\u00e9al \u2013\nc\u00farsa\u00ed an tsaoil seo th\u00edos agus saol, r\u00e9altacht, eile gur samhail d\u00f3 na c\u00farsa\u00ed\nsin. Uisce an tobair sin, is samhail \u00e9 den uisce a thabharfaidh \u00cdosa d\u00e1 lucht\nlean\u00fana, bronntanas an Spioraid ag treor\u00fa chun na beatha s\u00edora\u00ed. Tugann adhradh\nna Sam\u00e1ireach ag a n-ionad naofa, agus adhradh na nG\u00edudach sa Teampall, deis\nlena mheabhr\u00fa nach mbeidh \u00e1it ag ceachtar acu i r\u00e9 nua nuair a bheidh adhradh\nann sa Spiorad agus san fh\u00edrinne. Tugann ocras \u00cdosa deis d\u00f3 an t-ocras agus an\nc\u00edocras a bh\u00ed air an obair a thug an tAthair d\u00f3 a chur i gcr\u00edch, le s\u00edolchur\nagus fomhar.<\/p>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li><strong>An B\u00edobla in Agallamh le\nCeisteanna an Lae<\/strong>: <em>An d\u00f3chas Cr\u00edosta\u00ed: N\u00ed d\u00f3cha ach\ndeimhin.<\/em><\/li><\/ul>\n\n\n\n<p>Sna\nsaolta seo is coitianta amhras i gc\u00farsa\u00ed creidimh \u2013 amhras faoi phoint\u00ed de\ntheagasc mor\u00e1lta, faoi fh\u00edrinn\u00ed an chreidimh, fi\u00fa f\u00e9in faoi bheith ann do Dhia.\nCuid de fheals\u00fanacht \u00e1irithe an lae inniu nach ann do chinnteacht ar bith.\nTuairm\u00edocht seachas cinnteacht a bheadh ann, a athra\u00edonn \u00f3 aois go haois.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D\u00e9anann aor\u00e1id d\u00e1 leith\u00e9id\ndeacrachta\u00ed do chleachtadh an chreidimh. T\u00e1 a leith\u00e9id de amhras glan in \u00e9adan\nteagasc an chreidimh ar na f\u00edrinn\u00ed bun\u00fasacha, maidir leis an saol seo agus an\nsaol eile, f\u00f3s le teacht. T\u00e1 an cur s\u00edos ar cad is creideamh ann sa Litir chuig\nna hEabhraigh (11:1), i dt\u00e9acs nach \u00e9asca ar fad a aistri\u00fa: \u201cIs \u00e9 is creideamh\nann n\u00e1 bheith deimhin de na nithe a bhfuiltear ag s\u00fail leo, bheith cinnte de na\nnithe nach bhfeictear\u201d. T\u00e1 dh\u00e1 th\u00e9arma th\u00e1bhachtacha ansin: bheith deimhin agus\nbheith cinnte.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00ed\ndeimhneacht n\u00f3 cinnteacht shiceola\u00edoch, a bhfuil a pr\u00e9amha san aigne dhaonna,\nat\u00e1 i gceist anseo, ach su\u00e1ilce dhiaga an d\u00f3chais, bronntanas \u00f3 Dhia, a thugann\ncinnteacht at\u00e1 thar achmainn an n\u00e1d\u00fair dhaonna. Is deimhneacht agus cinnteacht\n\u00ed a bhfuil s\u00edoch\u00e1in ag ghabh\u00e1il lei, an ts\u00edoch\u00e1in sin a bhronnann \u00cdosa ar na\ncreidmhigh agus nach f\u00e9idir le haoinne \u00ed a th\u00f3gaint uathu.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Gl\u00f3r &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-698","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/698","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=698"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/698\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":699,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/698\/revisions\/699"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=698"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=698"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=698"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}