{"id":706,"date":"2019-05-10T11:39:42","date_gmt":"2019-05-10T11:39:42","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=706"},"modified":"2019-05-10T11:55:03","modified_gmt":"2019-05-10T11:55:03","slug":"7-aibrean-2019-c-an-cuigiu-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=706","title":{"rendered":"7 Aibre\u00e1n 2019 (C) An C\u00faigi\u00fa Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara,\nMSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar\nThreoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le\nCeisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>T\u00fas le r\u00e9 nua le tr\u00f3caire D\u00e9.<\/em><strong><em><\/em><\/strong><\/li><\/ul>\n\n\n\n<p><em>R\u00e9amhr\u00e1 do na l\u00e9achta\u00ed. <\/em>F\u00f3gra\u00edonn Dia r\u00e9 \u00far d\u00e1\nphobal i mbraighdeanas agus deir s\u00e9 leo dearmad a dh\u00e9anamh de r\u00e9 at\u00e1 thart le\naghaidh a thabhairt ar bheatha nua ghl\u00f3rmhar ina dt\u00edr dh\u00fachais. Mar an gc\u00e9anna\nle P\u00f3l, tar \u00e9is saol d\u00edcheallach misin\u00e9ireachta, is mian leis an b\u00f3thar at\u00e1\ngafa aige a ligean i ndearmad agus lu\u00ed amach ar an mb\u00f3thar at\u00e1 roimhe faoi\ndh\u00e9in na sprice, bheith aontaithe le Cr\u00edost ar neamh. T\u00e1 r\u00e9 nua tr\u00f3caire\nf\u00f3gartha go ci\u00fain ag \u00cdosa ina chomhr\u00e1 mar gheall ar an mbean a rugadh uirthi in\nadhaltranas.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar\nThreoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><em> <\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 43:16-21). <em>F\u00e9ach an nua\u00edocht at\u00e1 \u00e1 cur i gcr\u00edch agam,\nagus d\u00e9anfaidh m\u00e9 tart mo phobail tofa a chosc. <\/em>An l\u00e9acht se\u00f3 is cuid de\naitheasc D\u00e9 tr\u00edna fh\u00e1idh an Dara h\u00cdse\u00e1ia \u00ed do phobal Iosrael, i mbraighdeanas\nna Baibeal\u00f3ine d\u00f3ibh. Labhair an f\u00e1idh c\u00e9anna go minic leo ar an \u00e1bhar c\u00e9anna:\nbh\u00ed an Tiarna a nDia lena saoradh agus iad a thabhairt siar abhaile tr\u00edd an\nfh\u00e1sach go dt\u00ed a dt\u00edr dh\u00fachais. Tosa\u00edonn an t-aitheasc fada gur chuid de an\nl\u00e9acht seo leis briathra seo D\u00e9: \u201cAnois, seo mar a deir an Tiarna, do chruthaitheoir,\na Iac\u00f3b, agus fear do dhealfa, a Iosrael: N\u00e1 b\u00edodh eagla ort, \u00f3ir t\u00e1 t\u00fa\nfuascailte agam; ghlaoigh m\u00e9 ort i d\u2019ainm, agus is liomsa th\u00fa. M\u00e1 ghabhann t\u00fa tr\u00ed\nuisc\u00ed doimhne, t\u00e1imse leat; m\u00e1 ghabhann t\u00fa tr\u00ed aibheanacha, n\u00ed bh\u00e1ithfidh siad\nth\u00fa. M\u00e1 shi\u00falann t\u00fa tr\u00edd an tine, n\u00ed dh\u00f3faidh t\u00fa th\u00fa f\u00e9in, n\u00e1 n\u00ed loiscfidh an\nlasair th\u00fa. \u00d3ir is mise an Tiarna do Dhia, Neach Naofa Iosrael,\nd\u2019fhuascailteoir\u201d. <\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I sl\u00ed amh\u00e1in is imeacht, exodus, nua\namhail an ceann \u00f3n \u00c9igipt an fhuascailt nua seo, ach leagtar b\u00e9im sna t\u00e9acsanna\nseo nach bhfuil an turas \u00f3n \u00c9igipt inchom\u00f3rtais leis an turas nua siar seo. I\ndt\u00fas na l\u00e9achta seo cuireann Dia s\u00edos i modh ginear\u00e1lta ar an gc\u00e9ad turas sin,\na sti\u00faraigh Dia f\u00e9in \u2013 tr\u00edd an fharraige, thar an bh\u00f3chna l\u00e1idir, ag seoladh na\ngcarbad agus na gcapall chun catha le hiad a mh\u00fachadh sa mhuir mar a bheadh\nbarrach d\u00f3ite. Ach ba shin t\u00fas le hIosrael mar phobal, agus n\u00ed mor d\u2019Iosrael dearmad\na dh\u00e9anamh de anois, mar t\u00e1 r\u00e9 nua, nua\u00edocht, ag gobadh amach d\u00f3ibh, le turas\ntr\u00edd an fh\u00e1sach idir an Bheabal\u00f3in agus a dt\u00edr dhuchais agus na hiontais a\nghabhann leis. Deir Dia go mbeidh pobal nua dealfa aige d\u00f3 f\u00e9in san Iosrael nua\nseo, pobal a dh\u00e9anfaidh a mholadh a aithr\u00eds.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 125[126]). <em>Rinne an Tiarna na h\u00e9achta\u00ed d\u00fainn! Bh\u00ed \u00e1thas\norainn go deimhin.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara\nL\u00e9acht <\/em>(Filipigh\n3:8-14). <em>Le bheith cos\u00fail leis ina bh\u00e1s, air\u00edm\ngur caillteanas gach uile rud ar son Cr\u00edost.<\/em> Bh\u00ed P\u00f3l i ng\u00e9ibheann, in Eifesas\nb\u2019fh\u00e9idir<em>, <\/em>nuair a scr\u00edobh s\u00e9 an\nlitir chuig na Filipigh. I dt\u00e9acs na litreach roimh l\u00e9acht an lae inniu tugann\ns\u00e9 rabhadh don na Filipigh bheith san airdeall faoi dhaoine \u00e1irithe, go\nh\u00e1irithe Gi\u00fadaigh a bh\u00ed ag iarraidh cur isteach orthu le n\u00f3sanna Gi\u00fadacha de\nr\u00e9ir dealraimh, \u00e1 ma\u00edomh gurbh iad f\u00e9in pobal d\u00edlis D\u00e9, ag ma\u00edomh as an gcolainn\nagus an timpeallghearradh. Tugann sin P\u00f3l le ma\u00edomh go bhfuil ar a chumas f\u00e9in mao\u00edmh\nas an gcolainn chomh maith, ach n\u00ed dh\u00e9anann mar is faoi an\u00e1il an Spioraid, seachas\nle muin\u00edn sa cholainn, a adhrann seisean agus na Cr\u00edostaithe Dia agus is as\n\u00cdosa Cr\u00edost at\u00e1 a muin\u00edn. Ach tugann P\u00f3l a dhinti\u00fair mar Gh\u00edudach. I\ndtaca le f\u00edr\u00e9antacht chreidimh \u00f3 thaobh an Dl\u00ed Ghi\u00fadaigh de bh\u00ed s\u00e9 gan ch\u00e1im.\nAch leanannn s\u00e9 air lena r\u00e1, d\u00edreach roimh l\u00e9acht an lae inniu, go raibh na\nbunt\u00e1ist\u00ed sin a bh\u00ed aige \u00e1irithe anois gur caillteanas glan iad mar gheall ar\nChr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Th\u00e1inig an t-athr\u00fa sin air lena choinne le Cr\u00edost ar an\nmb\u00f3thar chun na Damaisce. I l\u00e9acht an lae inniu tugann s\u00e9 an bua thar barr air\nsin: aithne a chur ar \u00cdosa Cr\u00edost, a Thiarna \u2013 n\u00ed eolas faoi Chr\u00edost, ach\naithne phearsanta air. N\u00ed eisp\u00e9aras don aon uair amh\u00e1in a bh\u00ed sa teagmh\u00e1il le\nCr\u00edost ach rud lean\u00fanach, agus ag scr\u00edobh na litreach seo d\u00f3 deir s\u00e9 nach raibh\nuaidh an tr\u00e1th sin ach aithne a chur ar Chr\u00edost agus ar \u00e9ifeacht a ais\u00e9ir\u00ed agus\nbheith p\u00e1irteach le Criost ina phiol\u00f3idi agus cos\u00fail leis ina bh\u00e1s. Ba mh\u00f3r an\nrud an coinne sin le Cr\u00edost agus le gr\u00e1sta D\u00e9, nuair a rug Cr\u00edost \u201cgreim\u201d air.\nAch n\u00edor chuir glaoch sin D\u00e9, n\u00f3 an ghairm chun na naofachta, saorthoil Ph\u00f3il\nar ceal. Bh\u00ed air comhoibri\u00fa le gr\u00e1sta D\u00e9 ina thuras chun na foirfeachta. Leanann\ns\u00e9 air, deir s\u00e9, leis an duais a bhreith leis mar go bhfuil beirthe air f\u00e9in ag\nCr\u00edost. Ag machnamh ar a bheatha deir P\u00f3l nach raibh s\u00e9 tagtha chun foirfeachta\ngo f\u00f3ill; ba \u00ed an sprioc n\u00e1 gl\u00f3ir neimhe agus beatha le Cr\u00edost sa saol eile. Ag\nmachnamh d\u00f3 ar dheireadh shaolr\u00e9 Ph\u00f3il a laoch agus a \u00edoc\u00f3n, cuireann \u00fadar an\nDara Litir chuig Tiom\u00f3id na briathra seo ar bheola Ph\u00f3il: \u201cT\u00e1 uair mo scar\u00fana\nbuailte liom. T\u00e1 an comhrach maith tugtha agam, t\u00e1 mo r\u00e1s rite, t\u00e1 an creideamh\ncoinnithe agam. T\u00e1 craobh na f\u00edr\u00e9antachta in \u00e1irithe agam feasta agus\nbronnfaidh an Tiarna f\u00e9in, an breitheamh c\u00f3ir, orm \u00ed an l\u00e1 sin\u201d (2 Tiom\u00f3id\n4:6-8). Sa litir seo chuig na Filipigh n\u00edl uair na scar\u00fana buailte le P\u00f3l go\nf\u00f3ill, ach is mian leis an b\u00f3thar at\u00e1 gafa aige, b\u00f3thar fada misin\u00e9ireachta, a\nligean i ndearmad agus lu\u00ed amach ar an mb\u00f3thar at\u00e1 roimhe agus lean\u00faint air\nfaoi dh\u00e9in na sprice n\u00f3 go mbeadh an duais bainte amach aige. Ach le linn a\nbheatha, tar \u00e9is d\u00f3 bheith faoi dhl\u00ed na nGi\u00fadach, n\u00ed h\u00ed a fhir\u00e9antacht f\u00e9in at\u00e1\nanois aige, an fh\u00edr\u00e9antacht a ghabh le comhl\u00edonadh an Dl\u00ed, dl\u00ed na nGi\u00fadach, ach\nan fhir\u00e9antacht a ghabhann le creideamh i gCr\u00edost, a thagann \u00f3 Dhia agus at\u00e1\nbunaithe ar an gcreideamh.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Eoin 8:1-11). <em>An duine agaibh at\u00e1 gan pheaca, b\u00edodh s\u00e9 ar\nan gc\u00e9ad duine ag caitheamh clocha lei. <\/em>Is cuid de chan\u00f3in an Bh\u00edobla an\nt\u00e9asc seo, ach n\u00ed d\u00f3igh gur cuid d\u00edlis de Shoisc\u00e9al Eoin \u00e9. N\u00edl s\u00e9 ar f\u00e1il sna\nl\u00e1mhscr\u00edbhinn\u00ed is \u00e1rsa den Soisc\u00e9al, n\u00f3 i roinnt mhaith sean-aistri\u00fach\u00e1n. \u00d3\nthaobh st\u00edle de t\u00e1 s\u00e9 n\u00edos c\u00f3ngara\u00ed do Shoisc\u00e9al L\u00fac\u00e1is n\u00e1 do Eoin, agus i\ndt\u00e9acsanna \u00e1irithe is i L\u00fac\u00e1s at\u00e1 s\u00e9 le f\u00e1il. Seans gur t\u00e9acs neamhsple\u00e1ch a\nbh\u00ed ann i dtosach, a cuireadh isteach in \u00e1iteanna difri\u00fala n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Ach is\ncuma faoi sin; is cuid den Bh\u00edobla, faoi inspior\u00e1id an Spioraid Naoimh, \u00e9, le\nteachtaireacht bhuan \u00f3 \u00cdosa.<\/p>\n\n\n\n<p>Maidir leis an dt\u00e9acs\nf\u00e9in agus an tagairt do ord\u00fa Mhaois faoin adhaltranas, dar leis an Peintiteoch (= Maois; L\u00e9ivitic 20:10; Deotranaim\u00ed 22:22-24)\ni gc\u00e1s adhaltranais idir fhear p\u00f3sta agus bean ph\u00f3sta, go bhfuil siad araon le\ncur chun b\u00e1is, agus i gc\u00e1s gur maighdean gheallta agus adhaltranas i gcathair\nat\u00e1 i gceist t\u00e1 an bheirt le cur chun b\u00e1is le clocha. Ach is d\u00f3cha go raibh\nbreis curtha leis na dl\u00edthe sin tr\u00edd na haoiseanna. N\u00ed thugann \u00cdosa freagra ar\nan gceist a chuireann na scr\u00edobhaithe agus Fairis\u00ednigh air. N\u00ed fios go beacht an\nbhr\u00ed a thabhairt do \u00cdosa ag scr\u00edobh ar an talamh (luaite faoi dh\u00f3, roimh\nbriathra \u00cdosa d\u00f3ibh agus ina dhiaidh); tagairt b\u2019fh\u00e9idir do Irimi\u00e1 17:13: \u201cIad\nsin a thr\u00e9igeann th\u00fa, a Thiarna, beidh siad scr\u00edofa insan talamh\u201d. Briathra\n\u00cdosa \u201cAn t\u00e9 at\u00e1 gan pheaca\u201d b\u2019fh\u00e9idir gur cuireadh iad do lucht daortha na mn\u00e1 machnamh\na dh\u00e9anamh ar a saol pearsanta f\u00e9in, ag teacht lena d\u00fairt \u00cdosa in \u00f3c\u00e1id eile\nfaoi gan breith a thabhairt (Matha 7:1-12), &nbsp;chr\u00edochna\u00edonn leis na briathra seo: \u201cNithe ar\nbith ab \u00e1il libh daoine a dh\u00e9anamh daoibhse, d\u00e9anaig\u00ed amhlaidh sin d\u00f3ibh: sin \u00e9\nan dl\u00ed agus na f\u00e1ithe\u201d. D\u00fairt \u00cdosa leis an bhean nach raibh s\u00e9 chun \u00ed a\ndhaoradh, ach deireann lei gan peaca a dh\u00e9anamh ar\u00eds. Glactar leis go bhfuil\naithr\u00ed d\u00e9anta aici, n\u00f3 fi\u00fa gur mhaith \u00cdosa d\u00e1 peaca\u00ed \u00ed.<\/p>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>Machnamh agus An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/em><\/strong><em> T\u00fas le r\u00e9 nua le\ntr\u00f3caire D\u00e9.<\/em><strong><em><\/em><\/strong><\/li><\/ul>\n\n\n\n<p>I\ngc\u00farsa\u00ed polait\u00edochta agus eaglasta is gn\u00e1thach le daoine a bheith ag s\u00fail le r\u00e9\nnua, agus t\u00e1 \u00e1bhar machnaimh againn ar na c\u00farsa\u00ed sin i &nbsp;l\u00e9achta\u00ed an lae inniu.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is maith an rud f\u00eds do r\u00e9 nua, agus\na fhios a bheith againn gur geal le Dia sin a bheith amhlaidh. Bh\u00ed Dia f\u00e9in ag\ncur a leith\u00e9id de fhis os comhair a phobail f\u00e9in go minic. N\u00ed m\u00f3r a mheabhr\u00fa\nchomh maith nach i gc\u00f3nai, n\u00f3 fi\u00fa nach minic, a fh\u00edora\u00edtear fis, mar baineann a\ntabhairt i gcr\u00edch le c\u00fains\u00ed staire agus comhoibri\u00fa daonna. Ba l\u00e9ir \u00e9 sin ach go\nh\u00e1irithe maidir leis na f\u00e1istin\u00ed a rinneadh do Iosrael agus a fhanann mar sin\nmar spreagadh do chreidmhigh agus eile an\u00edos tr\u00edd an stair.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Teachtaireacht mh\u00f3r eile \u00f3 shoisc\u00e9al\nan lae inniu n\u00e1 tr\u00f3caire D\u00e9, gur sampla \u00e1lainn di seasamh \u00cdosa maidir leis an\nbhean a rugadh uirthi in adhaltranas agus a bhriathra ar an \u00e1bhar. Leagann an\nEaglais f\u00e9in b\u00e9im faoi leith ar thr\u00f3caire D\u00e9 len\u00e1r linn f\u00e9in agus a riachtana\u00ed\nis ata an teachtaireacht seo do shaol \u00e1r linne fein, sa saol polaiti\u00fail agus\neaglasta.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 an Seantiomna agus an Tiomna Nua\nloml\u00e1n de thagairt\u00ed do thr\u00f3caire D\u00e9, agus leis an fhianaise a mheas mar is c\u00f3ir\nn\u00ed dochar scagadh a dh\u00e9anamh ar an sc\u00e9al.<\/p>\n\n\n\n<p>Is\nDia Dia, Dia an tr\u00f3caire agus an Neach Naofa, agus t\u00e1 tagairt do thr\u00f3caire D\u00e9\ngo minic ceangailte le foighne D\u00e9 agus glaoch chun aithr\u00ed \u00f3n bpeaca i\ngcomht\u00e9acsanna ina bhfuil Dia ag labhairt lena phobal f\u00e9in n\u00f3 le ball de.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I dt\u00e9acsanna eile labhra\u00edonn Dia, n\u00f3\nlabhartar faoi Dhia, mar an tAthair ar Neamh a bhfuil gr\u00e1 aige do ch\u00e1ch agus a\ngc\u00faram air. Is mar sin a labhra\u00edonn \u00cdosa faoi ghr\u00e1 do naimhde (Matha 5:43-48):\n\u201cChuala sibh go nd\u00faradh: \u2018B\u00edodh gr\u00e1 agat do do chomharsa agus fuath agat do da\nnamhaid\u2019. Ach is \u00e9 a deirimse libh, b\u00edodh gr\u00e1 agaibh do do naimhde agus gu\u00edg\u00ed\nar son bhur ng\u00e9arleant\u00f3ir\u00ed; sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair\nat\u00e1 ar neamh, a chuireann faoi deara d\u00e1 ghrian \u00e9ir\u00ed ar olc agus ar mhaith agus\na fhearann b\u00e1isteach ar ch\u00f3ir agus ar mh\u00edch\u00f3ir. B\u00edg\u00ed foirfe, d\u00e1 bhr\u00ed sin, faoi\nmar at\u00e1 bhur nAthair neamha\u00ed foirfe\u201d. T\u00e1 gr\u00e1 ag an Athair ar neamh do mhuintir\nuile dhomhan an lae inniu, p\u00e9 acu a chreideann siad ann, n\u00f3 ar chuma leo ann n\u00f3\nas d\u00f3, n\u00f3 a sh\u00e9anann \u00e9 bheith ann agus ar ghr\u00e1in leo fi\u00fa tagairt d\u00e1 ainm. T\u00e1 s\u00e9\nt\u00e1bhachtach don chine daonna a bheith tr\u00f3caireach d\u00e1 ch\u00e9ile, do imircigh, d\u00f3ibh\nsi\u00fad faoi leatrom n\u00f3 fi\u00fa faoi mh\u00edchumas. Is deas gur mar sin at\u00e1 do chuid\nmhaith de dhaonra eagraithe an domhain, ach is beag tr\u00f3caire at\u00e1 i gcodanna\neile de idir choga\u00ed agus eile.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach t\u00e1 guth D\u00e9 agus \u00cdosa ag gr\u00edosadh\nan domhan le f\u00eds do r\u00e9 n\u00edos fearr.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>Is f\u00e9idir na leachta\u00ed seo leanas as Bliain\nA a \u00fas\u00e1id mar mhalairt l\u00e9achta\u00ed<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar\nThreoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Ezic\u00e9al 37:12-14). <em>Cuirfidh m\u00e9 mo spiorad ionaibh agus mairfidh\nsibh. <\/em>F\u00eds an fh\u00e1idh do phobal Iosrael i ndeora\u00edocht na Baibeal\u00f3ine sa s\u00e9\u00fa\nc\u00e9ad roimh Chr\u00edost at\u00e1 againn anseo. Bh\u00ed na deoraithe \u00e1 r\u00e1: \u201cT\u00e1 \u00e1r\ngcn\u00e1mha seargtha agus \u00e1r nd\u00f3chas caillte; t\u00e1 deireadh linn\u201d. Bh\u00ed an Teampall\nscriosta, cathair Iar\u00fasail\u00e9im treascartha agus t\u00edr I\u00fada b\u00e1naithe. Ag caint go\nmeafarach, bh\u00edodar amhail is d\u00e1 mbeidis b\u00e1saithe, faoi chr\u00e9, san uaigh. Deir\nDia leo sa sliocht seo nach amhlaidh at\u00e1. T\u00e1 s\u00e9 chun a phobal, a fh\u00e9achann air\nf\u00e9in amhail is a bheith san uaigh, a th\u00f3gaint \u00f3na n-uaigheanna, agus spiorad na\nbeatha a chur iontu ar\u00eds, le go mbeadh beatha \u00far acu ina dt\u00edr dh\u00fachais. Ais\u00e9ir\u00ed\nan phobail at\u00e1 anseo. Nil tagairt ann do ais\u00e9ir\u00ed pearsanta na colainne. N\u00edor\nth\u00e1inig an creideamh san ais\u00e9ir\u00ed sin chun tosaigh in Iosrael ach thart ar an\nbhliain 200 roimh Chr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 129[130]). <em>Is ag an Tiarna at\u00e1 tr\u00f3caire, agus t\u00e1\nfuascailt aige go fl\u00fairseach.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(R\u00f3mh\u00e1naigh 8:8-11). <em>Spiorad an t\u00e9 a th\u00f3g \u00cdosa \u00f3 mhairbh, t\u00e1 s\u00e9\nlonnaithe ionaibh.<\/em> D\u00e9anann P\u00f3l codarsnacht idir an cholainn agus an\nSpiorad. Ionann an cholainn agus n\u00e1d\u00far lag an duine, agus an meon contr\u00e1rtha do\nDhia agus a bhaineann leis agus at\u00e1 claon chun peaca. Iad sin at\u00e1 faoi r\u00e9ir a\nleith\u00e9id n\u00ed f\u00e9idir leo Dia a sh\u00e1samh, dar le P\u00f3l. N\u00ed hamhlaidh do na creidmhigh\na bhfuil Spiorad D\u00e9 acu, iontu, Spiorad a thugann an bheatha nua d\u00f3ibh. Mar a\ndeir P\u00f3l c\u00fapla v\u00e9arsa\u00ed (8:14) i ndiaidh na l\u00e9achta seo: \u201cIad sin a mb\u00edonn\nSpiorad D\u00e9 \u00e1 dtreor\u00fa is clann D\u00e1 iad sin\u201d. Samhla\u00edonn P\u00f3l an corp marbh de\nbharr an pheaca, marbh de bhr\u00ed go bhfuil s\u00e9 le b\u00e1s a fh\u00e1il go fisici\u00fail agus\ngur \u00fairlis don pheaca \u00e9. Ach t\u00e1 cumhacht, f\u00f3rsa, eile chun na beatha sa chorp\nc\u00e9anna, is \u00e9 sin le r\u00e1 an Spiorad at\u00e1 acu tar \u00e9is d\u00f3ibh a bheith f\u00edr\u00e9anaithe\ntr\u00ed chreideamh i gCr\u00edost. Th\u00f3g Dia \u00cdosa \u00f3 na mairbh tr\u00edna chumhacht f\u00e9in gan\nteora, agus is \u00e9 Spiorad D\u00e9, le cumhacht sin D\u00e9, at\u00e1 lonnaithe i gcorp, i\nbpearsa, b\u00e1smhar na gcreidmheach a thugann beatha nua d\u00f3ibh, le deimhin bua a\nfh\u00e1il ar an bpeaca abhus agus an bheatha sh\u00edorai a bheith acu ina dhiaidh sin.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin 11:1-45). <em>Mise an tAis\u00e9ir\u00ed agus an Bheatha. <\/em>T\u00e1 an\nl\u00e9acht fhada seo ar aon dul leis na cinn a bh\u00ed againn in mbliain A le dh\u00e1\nDhomhnach anuas, ina bhaineann \u00cdosa feidhm as eachtra \u00e9igin den saol seo le\nceacht faoi r\u00fandiamhair a phearsa f\u00e9in a mh\u00faineadh, mar shampla an Sam\u00e1ireach\nmn\u00e1 agus tobar Iac\u00f3b agus an t-uisce nua (an Spiorad) a bh\u00ed s\u00e9 f\u00e9in le\ntabhairt; leigheas an duine a rugadh dall \u00f3n bhroinn agus \u00cdosa mar sholas an\ndomhain; agus inniu glaoch Lazaras \u00f3 mhairbh agus \u00cdosa mar an tAis\u00e9ir\u00ed agus an\nBheatha. Bh\u00ed \u00cdosa c\u00e1irdi\u00fail le teaghlach na B\u00e9at\u00e1ine (thart ar 3 cilim\u00e9adar \u00f3\nIar\u00fasail\u00e9im), M\u00e1ire, Marta agus Lazaras. Ar chloisint faoi thinneas Lasaras\nd\u2019\u00cdosa d\u00fairt s\u00e9 nach chun b\u00e1is \u00e9 ach le go dtabhaharfa\u00ed gl\u00f3ir do Mac D\u00e9 (sin le\nr\u00e1 d\u00f3 f\u00e9in) tr\u00edd an ngalar sin. N\u00ed th\u00e9ann s\u00e9 go Lasaras l\u00e1ithreach, ach ligeann\ns\u00e9 d\u00f3 b\u00e1s a fhail. Bh\u00ed Lasaras ceithre l\u00e1 b\u00e1saithe nuair a shrois \u00cdosa an\ntuama. Deireann \u00cdosa le Marta go n-\u00e9ireoidh a dhearth\u00e1ir ar\u00eds, agus d\u00e9anann\nMarta gn\u00edomh creidimh san ais\u00e9ir\u00ed \u2013 ach sa l\u00e1 deireanach. Is ansin a thagann\nbuaicphointe na l\u00e9achta ag \u00cdosa: t\u00e1 an t-ais\u00e9ir\u00ed tagtha cheana ina phearsa\nf\u00e9in: \u201cMise an tAis\u00e9ir\u00ed agus an Bheatha\u201d<\/p>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>Is treise cumhacht an Spioraid Naoimh agus an ghr\u00e1sta\nionainn n\u00e1 laige ann\u00e1d\u00fair<\/em><\/li><\/ul>\n\n\n\n<p>Uaireanta\ncuirtear i leith \u00cdosa gur beag an tuiscint a bh\u00ed aige ar laige an n\u00e1d\u00fair\ndhaonna nuair a chuir s\u00e9 bac ioml\u00e1n ar an colscaradh. Is trom i sl\u00ed an\nmisean a leag s\u00e9 ar a lucht lean\u00fana nuair a sheol s\u00e9 amach iad mar sholas an\ndomhain agus mar shalann na tal\u00fan. D\u2019fh\u00e9ach an eaglais \u00f3g ar an misean a bh\u00ed\naici d\u00edreach mar arb thoil le h\u00cdosa \u00e9. Ba sholas \u00farnua don domhan an eaglais,\nan comhluadar Cr\u00edosta\u00ed, ina teagasc agus ina cleachtadh. Labhra\u00edonn P\u00f3l go deas\nfaoin misean uasal sin agus an laige dhaonna ag scr\u00edobh chuig na Corantaigh\nfaoin \u00e1bhar d\u00f3 (2 Corantaigh 4:6-7): \u201cAn Dia a d\u00fairt, \u2018B\u00edodh solas ag lonradh\nas an dorchadas\u2019, is \u00e9 an Dia c\u00e9anna \u00e9 a chuir solas ag lonradh in\u00e1r gcro\u00ed-ne\nd\u2019fhonn eolas na gl\u00f3ire diaga ar chuntan\u00f3s Chr\u00edost a chur ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn. Is\ni bpr\u00f3ca\u00ed cr\u00e9 at\u00e1 an tseoid seo i gcoime\u00e1d againn, d\u2019fhonn a chruth\u00fa gur le Dia\nan chumhacht as cuimse agus nach uainn f\u00e9in \u00ed\u201d. Ag scr\u00edobh chuig na Filipigh\nd\u00f3, meabhra\u00edonn P\u00f3l faoi mar ar umhlaigh \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in, ag glacadh riocht an\nscl\u00e1bha, agus ansin imp\u00edonn s\u00e9 orthu a sl\u00e1n\u00fa a shaothr\u00fa faoi uamhan agus faoi\neagla, toisc gur \u00f3 chomhoibri\u00fa le Dia a thagann an sl\u00e1n\u00fa, agus nach uainn f\u00e9in\namh\u00e1in. Agus is \u00e9 Dia at\u00e1 ag spreagadh idir r\u00fan agus gn\u00edomh sna creidmhigh de\nr\u00e9ir a dhea-thola f\u00e9in (Filipigh 2:12-13). Sa litir chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh, mar is\nl\u00e9ir \u00f3 shliocht an lae inniu, leagann P\u00f3l b\u00e9im n\u00edos m\u00f3 ar laige an n\u00e1d\u00fair agus\nar an gclaonadh chun peaca. Ach, ar\u00eds, t\u00e1 an bh\u00e9im is m\u00f3 aige ar bhua Chr\u00edost,\ntr\u00edd an Spiorad Naomh, ar an bpeaca agus ar an laige sin.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ag teacht\ngo dt\u00ed \u00e1r laethanta f\u00e9in: go minic d\u00e9antar an eaglais a ch\u00e1ineadh faoina\nh-iliomad rialacha. T\u00e1 a leith\u00e9id de ch\u00e1ineadh sothuigthe go minic, ach ar\nuairibh is faoi theagasc Chr\u00edost f\u00e9in agus an tsoisc\u00e9il a bh\u00edtear ag casaoid.\nSa ch\u00e1s seo, maidir le teachtaireacht an tsoisc\u00e9il \u00e1 craobhscaoileadh ag an\nEaglais, n\u00ed rialacha iontu f\u00e9in at\u00e1 i gceist, ach iad sin mar chuid den bheatha\nChr\u00edosta\u00ed, agus sin faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh agus faoi chumhacht ghr\u00e1sta\nD\u00e9. N\u00ed thuigtear an sc\u00e9al faoi bheatha na hEaglaise, fi\u00fa ina laig\u00ed, gan toimhse\nseo na r\u00fandiamhaire a thabhairt isteach.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 iarracht\nde shean-teagasc Pelagius ann inniu, agus sin an n\u00e1d\u00far daonna gan a bheith ag\ntabhairt aird go leor ar a laige f\u00e9in maidir le c\u00farsa\u00ed m\u00f3r\u00e1lta, agus neamhaird\na dh\u00e9anamh den gh\u00e1 at\u00e1 le gr\u00e1sta D\u00e9. Is fi\u00fa cluas a thabhairt f\u00f3s ar theagasc\nPh\u00f3il.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Maidir le\nhagallamh le saol an lae inniu de, i diosp\u00f3ireachta\u00ed faoi leas\u00fa na heaglaise\nagus a leith\u00e9id\u00ed de, agus ar leas\u00fa ar chuid d\u00e1 cleachtadh a meastar bheith as\nd\u00e1ta, agus in \u00e9adan shaoirse an duine mar a thuigtear saoirse inniu, n\u00ed dochar\ncuid d\u00e1 bhfuil r\u00e1ite thuas a mheabhr\u00fa: solas an tsoisc\u00e9il agus cumhacht an\nSpioraid Naoimh agus ghr\u00e1sta D\u00e9.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: T\u00fas &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-706","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/706","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=706"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/706\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":707,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/706\/revisions\/707"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=706"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=706"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=706"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}