{"id":71,"date":"2013-03-08T17:51:00","date_gmt":"2013-03-08T17:51:00","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=71"},"modified":"2013-03-08T17:51:00","modified_gmt":"2013-03-08T17:51:00","slug":"4u-domhnach-den-charghas-c-10-marta-2013","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=71","title":{"rendered":"4\u00fa Domhnach den Charghas (C) 10 Marta  2013"},"content":{"rendered":"<p><b><span style=\"font-size: 11pt;\">4\u00fa Domhnach den Charghas (C) 10 Marta 2013<\/span><\/b><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\" align=\"center\">&nbsp;<\/p>\n<p style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><i><span style=\"font-size: 11pt;\">R\u00e9amhr\u00e1: <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Liot\u00fairge and Domhnaigh in agallamh le Saol and Lae inniu<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\"><\/span><\/i><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">M\u00e1rta 10 2013 An Ceathr\u00fa Domhnach den Charghas <\/span><\/i><\/p>\n<p><b><i><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/span><\/i><\/b><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt;\">T\u00e9ama<\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">: <i>Filleadh ar \u00e1r n-oidhreacht chr\u00edosta\u00ed.<\/i><\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt;\">C\u00e9ad l\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\"> (Iosua 5:9-12). <i>Tar \u00e9is de phobal D\u00e9 teacht isteach sa talamh a gealladh d\u00f3ibh, ceili\u00farann siad an Ch\u00e1isc.<\/i> Chaith clann Isra\u00e9l daichead bliain san fh\u00e1sch, \u00e1it neamhthorth\u00fail mar a raibh an manna mar l\u00f3n acu. Bh\u00edodar ar a sl\u00ed go t\u00edr Can\u00e1n a ghealladh do na hAithreacha, Abrah\u00e1m agus a shliocht mar oidhreacht, go t\u00edr tairngre. Anois tar\u00e9is d\u00f3ibh an Iord\u00e1in a thrasn\u00fa bh\u00ed ceann scr\u00edbe bainte amach acu. Pobal D\u00e9 iad agus bh\u00ed orthu comhartha an chonartha, an timpeallghearradh a bheith orthu. De r\u00e9ir deallraimh n\u00ed raibh sin amhlaidh san fh\u00e1sach, agus b\u2019fh\u00e9idir san \u00c9igipt. Anois ar theacht i seilbh a n-oidhreachta rinneadh iad a thimpeallghearradh. Bh\u00ed n\u00e1ire, aithis, an chos ar bolg, scl\u00e1bha\u00edocht, agus gach ar sheas an \u00c9igipt d\u00f3ibh bainte d\u00edobh. An ch\u00e9ad ch\u00e9im eile mar phobal D\u00e9 n\u00e1 an Ch\u00e1isc a cheili\u00faradh, rud a rinneadar de r\u00e9ir ghn\u00e1sanna Dli Mhaoise, le ar\u00e1n tirim agus arbhar thiormaithe, t\u00edortha. Bh\u00edodar anois i dt\u00edr ina mbeadh \u201cmil agus uachtar ag gluaiseacht ina slaoda\u201d. D\u2019ith siad de thoradh th\u00edr Can\u00e1n, agus th\u00e1inig deireadh leis an manna, an bia a chothaigh iad san fh\u00e1sach. Bh\u00ed t\u00fas curtha le r\u00e9 nua ina stair.<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le freagra<\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\"> (Salm 33[34]). <i>Blaisig\u00ed agus f\u00e9achaig\u00ed a fheabahs at\u00e1 an Tiarna <\/i><\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt;\">Dara l\u00e9acht<\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\"> (2 Coirintigh 5:17-21).<i>Thug Dia sinn chun athmhuintearais leis f\u00e9in tr\u00ed Chr\u00edost. <\/i>Is f\u00e9idir teachtaireacht na l\u00e9achta seo a mheas n\u00edos fearr nuair a shu\u00edotar i gcaibidil thosaigh na litreach seo chuig na Coirinitigh \u00e9. T\u00e1 an tAspal P\u00f3l gafa idir a thuiscint f\u00e9in ar bhr\u00ed ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus an chonartha nua agus c\u00farsai daonna and saolta na heaglaise i gCoirint. Bh\u00ed teannas \u00e1irithe idir an eaglais, n\u00f3 bu\u00edon san eaglais, i gCoirint agus a n-aspal P\u00f3l. Cuireadh i leith Ph\u00f3il nach raibh s\u00e9 mac\u00e1nta, tr\u00e9dhearcach, leo. Tugann P\u00f3l aird ar a bhfuil le r\u00e1 acu, ach t\u00e1 an litir l\u00e1n de theagasc faoin chonradh nua agus saothar an Spioraid Naoimh sa bheatha chr\u00edosta\u00ed. De bharr an teannais agus a gcuid amhrais faoi f\u00e9in, iarann P\u00f3l an bhfuil s\u00e9 anois riachtanach go dtabharfadh duine \u00e9igin litir creidi\u00fanais agus P\u00f3l a chur in aithne d\u00f3ibh. Scr\u00edobhann s\u00e9 an mh\u00edr \u00e1lainn seo (2 Coirintigh 3:1-3): \u201cAn g\u00e1 d\u00fainn, d\u00e1la daoine \u00e1irithe eile, litreacha creidi\u00fanais a thabhairt ch\u00fagaibhse n\u00f3 iad a fh\u00e1il uaibh? Is sibhse \u00e1r litir chreidi\u00fanais agus \u00ed scr\u00edofa ar \u00e1r gcro\u00ed agus \u00ed le haithint agus le l\u00e9amh ag c\u00e1ch uile. Is follas don saol gur litir \u00f3 Chr\u00edost sibh at\u00e1 arna scr\u00edobh againne ach nach le d\u00fach a scr\u00edobhadh \u00ed ach le Spiorad D\u00e9 bheo, agus nach ar th\u00e1ibhl\u00e9id chloiche a greanadh \u00ed ach ar thaibhl\u00e9id an chro\u00ed dhaonns\u201d. Leagann P\u00f3l b\u00e9im ar an fh\u00edrinne chr\u00edosta\u00ed go bfhuil saol nua, cruth\u00fa nua, ann le ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost. D\u2019fh\u00e9ach s\u00e9 uair amh\u00e1in ar \u00cdosa, \u201c\u00cdosa na staire\u201d, mar dhuine den domhan, den saol, seo a cuireadh chun b\u00e1is mar choirpeach. Rinne s\u00e9 Cr\u00edost a mheas de r\u00e9ir chaighde\u00e1in shaolta. Lena chreideamh in ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost n\u00ed dh\u00e9anann s\u00e9 Cr\u00edost n\u00e1 neach ar bith eile a mheas de r\u00e9ir chaighde\u00e1in shaolta a thuilleadh. Is anseo a thosa\u00edonn l\u00e9acht an lae inniu. An duine at\u00e1 i bp\u00e1irt le Cr\u00edost \u201cis duine \u00e9 at\u00e1 cruthaithe as an nua\u201d, mar adeir an leagan nua Gaeilge, ach le bheith n\u00edos beaichte, \u201cis cruth\u00fa \u00farnua \u00e9\u201d. T\u00e1 an sean-saol, gan cumhacht Chr\u00edost, an Naomh-Spioraid agus gr\u00e1sta D\u00e9, imithe. M\u00edn\u00edonn P\u00f3l a bhfuil r\u00e1ite aige. Ionann an r\u00e9 nua, an \u201ccruth\u00fa\u201d nua, tr\u00ed bh\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed agus athmhuintearas d\u00e9anta idir Dia agus an cine daonna. C\u00faram Ph\u00f3il agus na heaglaise n\u00e1 an t-athmhuintearas sin a fh\u00f3gairt. Is ambasad\u00f3ir\u00ed d\u00f3 sin iad. agus n\u00ed hamh\u00e1in le briathra ach f\u00f3s lena mbeatha, le athmhuintearas idir na Coirintigh agus P\u00f3l, agus eatorthu f\u00e9in.<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt;\">Soisc\u00e9al<\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\"> (Luc\u00e1s 15:1-3, 11-32). <i>Bh\u00ed an dearth\u00e1ir seo agat marbh agus t\u00e1 e beo ar\u00eds, bh\u00ed s\u00e9 caillte agus fuarthas \u00e9.<\/i> De ghn\u00e1th tugtar mar theideal ar an bparabal seo \u201cAn Mac Drabhl\u00e1sach\u201d. I gcomhth\u00e9acs Shoisc\u00e9al L\u00fac\u00e1is, is \u00e9 an ceann deiridh \u00e9 de thr\u00ed pharabail gur s\u00f3rt teidil d\u00f3ibh \u201cCaillte agus Faighte\u201d: caora amh\u00e1in as c\u00e9ad, drachma amh\u00e1in as deich, mac amh\u00e1in as beirt caillte agus faighte. T\u00e1 siad go l\u00e9ir d\u00edrithe ar dhaoine (Fairis\u00ednigh agus scr\u00edobhaithe) a ch\u00e1in \u00cdosa toisc a mhuintearais le bailitheoir\u00ed c\u00e1nach (poibleac\u00e1naigh) agus peacaigh, sin le r\u00e1 daoine a ghearr iad f\u00e9in amach as modh beatha na nGi\u00fadach faoi chonradh Mhaoise. N\u00ed h\u00e9 gur aontaigh \u00cdosa lena seasamh si\u00fad. Ba chaillte iad. D\u2019aithin an t-athair ceart agus saor-thoil an mhic ab \u00f3ige chun a ph\u00e1irt san oidhreacht. B\u2019fh\u00e9idir gur sh\u00e9an an mac sin creideamh a chine; chr\u00edochnaigh s\u00e9 i dtalamh phag\u00e1nach ag aoireacht mhuc. Siombal den Athair ar neamh an t-athair, a bh\u00ed ag faire le filleadh a mhic. Tuigimid don mhac ba shine \u00f3 thaobh an n\u00e1d\u00fair dhaonna de. Ach n\u00edorb ionann l\u00e9argus D\u00e9, an tAthair ar Neamh..<\/span><\/p>\n<p><b><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/b><\/p>\n<p><b><i><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Fill, Fill, a R\u00fain \u00d3. Fill ar do oidhreacht Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/i><\/b><\/p>\n<p><b><i><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">&nbsp;<\/span><\/i><\/b><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">Is ioma\u00ed sin \u00e1bhar machnaimh a thugann l\u00e9achta\u00ed an lae inniu d\u00fainn. T\u00e1 tr\u00ed chinn ar f\u00e9idir a \u00e1ireamh.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">(1) Is fada idir C\u00e1isc \u00fad Leabhair Iosua, ithe de thoradh th\u00edr Can\u00e1n agus an Tiomna Nua agus an l\u00e1 inniu. I sl\u00ed amh\u00e1in bh\u00ed an t\u00edr tairngre, seilbh na tal\u00fan, bainte amach ag clann Isra\u00e9l, seilbh ar a dtugtar chomh maith \u201can suaimhneas\u201d, no \u201c\u00e1itreamh suaimhnis\u201d. Le himeacht ama b\u2019ionann \u201can talamh\u201d agus an oidhreacht. Ceann de na Beannachta\u00ed n\u00e1 gur m\u00e9anar d\u00f3ibh seo at\u00e1 ceansa mar tiocfaidh siad i seilbh na tal\u00fan (aistri\u00fach\u00e1n eile: \u201cgeobhaidh siad an talamh mar oidhreacht\u201d). T\u00e1 an glaoch ann d\u00fainn i gc\u00f3na\u00ed teacht is seilbh na tal\u00fan, na hoidhreachta, sin ach a bheith d\u00edlis do ghuth D\u00e9.<b><span style=\"color: blue;\"> <\/span><\/b><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">(2) Gairid roimh \u00e9ir\u00ed as oifig d\u00f3, mheabhraigh an P\u00e1pa Benedict XVI d\u00fainn agus sinn in agallamh le saol an lae inniu, go bhfuil an eaglais sa saol ach nach den saol seo \u00ed. Tagann seo go m\u00f3r lena d\u00fairt P\u00f3l leis na Coirintigh. Bh\u00ed s\u00e9 in agallamh leo, agus ag d\u00e9anamh airde d\u00e1 gcuid cheisteanna agus eile, ach i gc\u00f3na\u00ed ag meabhr\u00fa d\u00f3ibh gur cruth\u00fa nua, beatha cruthaithe as an nua, bheith i bp\u00e1irt le Cr\u00edost. Ag freagairt do briathra Ph\u00f3il, n\u00ed f\u00e9idir an eaglais, n\u00e1 cursai creidimh, a mheas de r\u00e9ir caighde\u00e1in shaolta. Is geal leis na me\u00e1in c\u00farsa\u00ed eaglasta de shaghas \u00e1irithe ar ceisteanna gn\u00e9is agus scannal a phl\u00e9, ach n\u00edor ch\u00f3ir ligint d\u00f3ibh aird a thabhairt \u00f3 na ceisteanna l\u00e1rnacha den bheatha chr\u00edostai \u2013 gr\u00e1sta D\u00e9, urna\u00ed, na sacraimint\u00ed, aithr\u00ed, Cr\u00edost beo san eaglais agus ruda\u00ed d\u00e1 s\u00f3rt sin.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">(3) <i>Fill, Fill, a R\u00fain \u00d3. Fill ar do oidhreacht Chr\u00edosta\u00ed. <\/i>T\u00e1 al\u00e1n le foghlaim \u00f3 pharabal \u201cAn Mac Drabhl\u00e1sach\u201d. Bh\u00edodh \u00cdosa in agallamh caoin le daoine a bh\u00ed ar an imeall an tr\u00e1th \u00fad, ar an imeall ar ch\u00fais amh\u00e1in n\u00f3 ar ch\u00fais eile. Bh\u00ed caidreamh acu lena ch\u00e9ile. N\u00ed deirtear linn c\u00e9rbh \u00e9 an t-\u00e1bhar comhr\u00e1 eaturthu. Ar fhilleadh, ar a bheith faighte tar \u00e9is a bheith caillte at\u00e1 an bh\u00e9im sa parabal. Inniu san eaglais agus sa domhan m\u00f3r t\u00e1 al\u00e1n daoine mar an mac ab \u00f3ige sin, a n-oidhreacht, an eaglais, agus b\u2019fh\u00e9idir creideamh i nDia f\u00e9in tr\u00e9igthe acu, agus gan smaoineamh ag al\u00e1n d\u00edobh go bhfuillid caillte. Ceann de mh\u00f3r-cheisteanna n\u00e1 conas teagmh\u00e1il a dh\u00e9anamh leo si\u00fad, lena l\u00e9ir\u00ed\u00fa d\u00f3ibh gur trua a n-oidhreacht a bheith tr\u00e9igthe acu. Ach t\u00e1 Dia l\u00e1idir \u2013 c\u00fais misnigh sin d\u00fainn. Glaoch d\u00fainn achana\u00ed a chur chun D\u00e9 ar a son.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>4\u00fa Domhnach den Charghas (C) 10 Marta 2013 &nbsp; Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC &nbsp; A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-71","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/71","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=71"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/71\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=71"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=71"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=71"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}