{"id":734,"date":"2019-05-10T11:50:20","date_gmt":"2019-05-10T11:50:20","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=734"},"modified":"2019-05-10T11:53:07","modified_gmt":"2019-05-10T11:53:07","slug":"5-bealtaine-2019-c-triu-domhnach-den-chaisc","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=734","title":{"rendered":"5 Bealtaine  2019 (C) Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an\nmB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don\nBheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an\nlae<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar\nthreoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Gn\u00edomhartha na\nnAspal 5:27-32, 40-41). <em>Is finn\u00e9ithe ar\nna nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh. <\/em>An fhianaise neamheaglach a thug\nna haspail do \u00cdosa is pr\u00edomhtheachtaireacht don l\u00e9acht seo. Tuigtear a bhfuil sa\nl\u00e9acht n\u00edos fearr nuair a su\u00edtear i gcomth\u00e9acs n\u00edos leithne an leabhair f\u00e9in \u00ed.\nAn dara huair do na haspail bheith gafa agus i ng\u00e9ibheann an comhth\u00e9acs seo (Gn\u00edomthartha\n5:12-42). Ar dt\u00fas bh\u00ed gach rud ag dul ar aghaidh go seoigh leis na haspail agus\niad ag craobhscaoileadh an dea-sc\u00e9il i bP\u00f3irse Sholaimh (5:12-16). D\u00e1 bharr seo\nth\u00e1inig \u00e9ad ar an ardsagart agus na Sad\u00facaigh a ghabh siad na haspail agus a\nchuir i bprios\u00fan iad. Ach scaoileadh saor go mior\u00failteach iad agus th\u00e1inig\nteachtaireacht \u00f3 Dhia chucu seasamh sa Teampall agus f\u00e1isn\u00e9is ioml\u00e1n a\nthabhairt don phobal \u201car an mBeatha seo\u201d. \u201cAn Bheatha\u201d a tugadh ar dhe\u00e1-sc\u00e9al\nan tsl\u00e1naithe a th\u00e1inig le h\u00cdosa. Nuair a chuala an t-ardsagart go rabhadar\nsaor rinne s\u00e9 iad a ghabh\u00e1il ar\u00eds lena gceisti\u00fa (5:17-26). Is anseo a thosa\u00edonn\nl\u00e9acht an lae inniu, le ceisti\u00fa na n-aspal agus freagra gan eagla Pheadair agus\nna n-aspal. Is finn\u00e9ithe iad do ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus don ghairm chun aithr\u00ed.\nFinn\u00e9ithe iad agus finn\u00e9 chomh maith an Spiorad Naomh a thug Dia (mar bhronntanas)\ndo gach duine at\u00e1 umhail d\u00f3, sin le r\u00e1 bronntanas an chreidimh (5:27-32).\nLeanann sliocht, nach l\u00e9itear innu, ina thugann an Fairis\u00edneach Gamaili\u00e9il\ncomhairle do na c\u00faisitheoir\u00ed na haspail a scaoileadh saor. Rinneadh na haspail\na sci\u00fars\u00e1il (tr\u00edocha naoi lascanna) agus a ligean saor. Bh\u00ed l\u00fach\u00e1ir ar na\nhaspail as an tarcuisne ar son Chr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm\nle Freagra <\/em>(Salm 29[30]). <em>Molfaidh m\u00e9 th\u00fa, a\nThiarna, de bhr\u00ed gur shaor t\u00fa m\u00e9.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>&nbsp;Dara L\u00e9acht <\/em>(Apacailipsis 5:11-14). <em>Is fi\u00fa \u00e9 an tUan arna \u00edobairt, \u00e9 a fh\u00e1il cumhachta agus saibhris.<\/em>\nSa ch\u00e9ad radharc ar Dhia faoi ghl\u00f3ir (Apacailips 4:1-11) chonnaic Eoin r\u00edchathaoir\nD\u00e9 agus m\u00f3rthimpeall uirthi ceithre r\u00edchathaoir fichead agus ceathrar sean\u00f3ir\u00ed\nfichead ina su\u00ed orthu, gl\u00e9asta in \u00e9ada\u00ed geala (sagairt) agus cor\u00f3nacha \u00f3ir ar a\ngceann (r\u00edthe) agus m\u00f3rthimpeall na r\u00edchathaoireach bh\u00ed ceithre dh\u00fail bheo.\nSamhail na sean\u00f3ir\u00ed, is d\u00f3cha, den Seantiomna (dh\u00e1r\u00e9ag \u2013 patrarc n\u00f3 f\u00e1ithe)\nagus den Tiomna nua (dh\u00e1r\u00e9ag \u2013 aspal n\u00f3 creidmhigh). Na ceithre dh\u00fail bheo, samhail\niad den chine daonna, \u00e9anlaithe agus beith\u00edgh. Neacha aingl\u00ed iad go l\u00e9ir ag\nmoladh m\u00f3rgachta D\u00e9. I l\u00e9acht an lae inniu t\u00e1 radharc againn ar neamh agus slua\naingeal gan teora, mar aon leis na sean\u00f3ir\u00ed agus na ceithre dh\u00fail bheo ag\ntabhairt om\u00f3is don T\u00e9 at\u00e1 ina shu\u00ed ar an r\u00edchathaoir (sin Dia na Gl\u00f3ire) agus\ndon Uan, don \u201cUan arna \u00edobairt\u201d (\u00cdosa Ais\u00e9irithe). T\u00e1 siad araon, Dia na Gl\u00f3ire\nagus \u00cdosa ais\u00e9irithe, anois ar chomhch\u00e9im. Bua seo an Uain (\u00cdosa) ar neamh c\u00fais\nmhisnigh \u00e9 d\u00e1 lucht lean\u00fana faoi gh\u00e9arleanuint ar thalamh. Ionann bua an Uain\nagus a mbua si\u00fad.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin\n21:1-19). <em>Thainig \u00cdosa agus th\u00f3g an\nt-ar\u00e1n agus thug d\u00f3ibh \u00e9 , agus mar an gc\u00e9anna leis an iasc<\/em><em>. (Moltar\n\u00fas\u00e1id a bhaint as an leagan ioml\u00e1n den l\u00e9acht seo, seachas an leagan gearr. Aonad\nioml\u00e1n an l\u00e9acht.) <\/em>T\u00e1 dh\u00e1 eachtra sa l\u00e9acht\nseo: (1) an ghabh\u00e1il mhior\u00failteach \u00e9isc ag Muir Tiberias (Muir na Gail\u00edle),\ncos\u00fail leis an mhior\u00failt cheanna i L\u00fac\u00e1s 5:1-11, agus (2) \u00cdosa ag tabhairt\nch\u00faraim a thr\u00e9ada (uain agus caoirigh) do (Shiom\u00f3n) Pheadar. T\u00e1 an d\u00e1 eachtra\nceangailte lena ch\u00e9ile agus an bh\u00e9im iontu araon ar Pheadar. T\u00e1 siomb\u00f3lachas ag\nbaint leis an ch\u00e9ad eachtra. T\u00e1 seachtar deisceabal ag an Muir, ach is Peadar a\nmholann dul ag iascach. Leanann an chuid eile. Le nod \u00f3 \u00cdosa ar an dtr\u00e1 cuireann\nsiad an eangach amach agus faigheann lear m\u00f3r \u00e9isc. Na deisceabail a bh\u00ed ag\ntarraingt na heanga\u00ed l\u00e1n d\u2019\u00e9isc ina ndiaidh,<\/p>\n\n\n\n<p>i dtosach n\u00edor aithin siad\n\u00cdosa ar an dtr\u00e1. An \u201cDeisceabal Ion\u00fain\u201d, muirneach, \u201can deisceabal ab ion\u00fain le\nh\u00cdosa\u201d, a ch\u00e9ad-aithin \u00cdosa (mar a tharla ag an tuama, Eoin 20:8-9). Beanna\u00edonn\n\u00cdosa d\u00f3ibh mar dhaoine go raibh sean-aithne aige orthu: mar \u201ca Leaideanna\u201d,\nb\u2019fh\u00e9idir. Nuair a deir \u00cdosa leo cuid de na h\u00e9isc a ghabh siad a thabhairt\nisteach, is \u00e9 Peadar amh\u00e1in a chuaigh ar bord agus a tharraing, \u00e9 f\u00e9in amh\u00e1in,\nan eangach isteach \u201cagus \u00ed l\u00e1n d\u2019\u00e9isc mh\u00f3ra, c\u00e9ad agus caoga a tr\u00ed d\u00edobh\u201d.\nCinnte nach raibh an uimhir sin gan bhr\u00ed do ch\u00e9ad l\u00e9itheoir\u00ed, n\u00f3 \u00e9isteoir\u00ed, an\nchuntais seo. Bh\u00ed baint ag an uimhir bheacht le \u00e9irim an chuntais. Ceist eile\ncad is ciall leis an uimhir 153?. Dar lena l\u00e1n scol\u00e1ir\u00ed t\u00e1 a ch\u00e9ad bhr\u00ed\ncaillte, agus beidh go deo. Ta tuairm\u00ed \u00e9ags\u00fala ag daoine eile faoina bhr\u00ed.\nSean-tuairim (bh\u00ed s\u00ed ag athair na heaglaise Iar\u00f3m), agus a bhfuil dealramh i\ngc\u00f3na\u00ed lei dar liom, gurb ionann an uimhir 153 agus an l\u00edon gn\u00e9ithe, speiceas, na\nn-iasc sna huisc\u00ed de r\u00e9ir ghn\u00e1th-thuisceana an tr\u00e1th sin. Bheadh l\u00ednte adeir an\nscr\u00edobhn\u00f3ir Gr\u00e9igeach Oppian (pas beag n\u00edos d\u00e9ana\u00ed n\u00e1 Eoin) ina dh\u00e1n ar\n\u201cIascaireacht\u201d ag teacht leis sin: \u201cThar teorainn agus thar \u00e1r n-eolas na treibheanna\na ghluaiseann i nduibheag\u00e1n na farraige\u201d. Bheadh l\u00edon na n-iasc i l\u00edon Pheadair\n(agus san Eaglais) gan teora, \u00f3 gach treibh ar domhan.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ar Pheadar (Siom\u00f3n Peadar, Siom\u00f3n mac Eoin) an dara\nheachtra chomh maith. In am a gh\u00e1tair sh\u00e9an Peadar \u00cdosa faoi thr\u00ed, \u00cdosa an\ntAoire maith a thugann gr\u00e1 d\u00e1 thr\u00e9ad idir uain agus caoirigh. Anois t\u00e1 \u00cdosa\nchun c\u00faram an tr\u00e9ada sin a chur ar Pheadar. Ach ar dt\u00fas n\u00ed m\u00f3r do Pheadar a\nghr\u00e1 d\u2019\u00cdosa, an tAoire Maith, a admh\u00e1il faoi thr\u00ed, gr\u00e1 \u201cn\u00edos m\u00f3 n\u00e1 a ngr\u00e1 seo\u201d\n\u2013 b\u2019fh\u00e9idir n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 mar at\u00e1 ag na deisceabail eile do \u00cdosa, n\u00f3 ag Peadar do\nna deisceabail eile, n\u00f3 (an bhr\u00ed is d\u00f3cha\u00ed) gr\u00e1 n\u00edos m\u00f3 d\u2019\u00cdosa n\u00e1 do aon rud n\u00f3\ndo aoinne eile. An tagairt ag \u00cdosa do Pheadar \u201cag s\u00edneadh amach a l\u00e1mha\u201d, is\nd\u00f3cha gur leid \u00e9 do bh\u00e1s Pheadair ar an gcrois \u2013 mar a tharla sa Roimh de r\u00e9ir\ntraidisi\u00fain.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le\nceisteanna an lae<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>An eaglais faoi bhr\u00fa ar talamh; Cr\u00edost i r\u00e9im ar neamh;\nministreacht chomharba Peadair inniu<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>(1). <\/em><em>Is finn\u00e9ithe ar na\nnithe sin sinne agus an Spiorad Naomh a thugann Dia d\u00f3ibh si\u00fad a chreideann. <\/em>Is faoin\nluath-eaglais at\u00e1 an ch\u00e9ad l\u00e9acht.. T\u00e1 tagairt\u00ed don \u201ceaglais \u00f3g\u201d, \u201can\nluath-eaglais\u201d le f\u00e1il i Laidin agus Gaeilge i luath-litr\u00edocht na h\u00c9ireann.\nEiseaml\u00e1ir a bh\u00ed inti don eaglais do L\u00fac\u00e1s \u00fadar Ghn\u00edomhartha na nAspal, don\n\u00f3g-eaglais in \u00c9irinn agus don eaglais in aois ar bith. Thug Peadar agus na\nhaspail fianaise don \u201cBheatha seo\u201d gan sc\u00e1th gan eagla. An Bheatha \u00f3 \u00cdosa\nCr\u00edost a bh\u00ed ann, \u00cdosa a th\u00e1inig chun an bheatha a thabhairt agus sin a dh\u00e9anamh\ngo fial. Bh\u00ed luch\u00e1ir ar na haspail tarcaisne a fhulaingt ar son Chr\u00edost. Ba\nfhinn\u00e9ithe iad agus ba fhinn\u00e9 an Spiorad Naomh. Rud seachtrach, den taobh\namuigh, an craobhscaoileadh ann f\u00e9in, nach fi\u00fa tada \u00e9 gan lonradh an Spioraid\nNaoimh istigh sa chro\u00ed a thugann an chinnteacht chreidimh. T\u00e1 \u00e1bhar machnaimh\nanseo d\u00fainn le fianaise a thabhairt don chreideamh an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann,\nfianaise mar aon le urna\u00ed agus deabh\u00f3id.<\/p>\n\n\n\n<p>(2) <em>Neamh agus fianaise uaidh\nosacilte i gc\u00f3na\u00ed. Seachain an toll\u00e1n! <\/em>T\u00e1 meon ann san Eoraip, i dt\u00edortha\neile, \u00c9ire ina measc, agus ag \u00e9ir\u00ed n\u00edos forleithne nach inchreidte n\u00f3 nach ann\ndo r\u00e9altacht n\u00f3 rud ar bith nach bhfuil teacht air ag na c\u00e9adfai daonna, an\naigne agus an r\u00e9as\u00fan. N\u00ed ann do aon r\u00e9altacht tarch\u00e9imneach, transcendental,\nb\u00edodh san Dia (dia), neamh. foilsi\u00fa diaga, gr\u00e1sta n\u00f3 aon rud d\u00e1 leith\u00e9id. T\u00e1 an\ncine daonna, n\u00f3 cuid de, mar a bheadh s\u00e9 in dtoll\u00e1n gan caoi teagmh\u00e1il le r\u00e9altacht\nar bith taobh amuigh de. Labhair an P\u00e1pa Benedict XVI faoin ch\u00e1s seo le aos\neagna na Gearm\u00e1ine. Ionann seo agus a r\u00e1 nach m\u00f3r cosc a chur ar ch\u00farsai\ncreidimh sa diosc\u00farsa poibl\u00ed. Beidh cur agus c\u00faiteamh faoi seo na blianta seo\nromhainn. Ach n\u00edl neamh balbh sa phl\u00e9, n\u00e1 an eaglais ar talamh. Finn\u00e9ithe na\ncreidmhigh do bhua Chr\u00edost agus finn\u00e9 chomh maith an d\u00falra f\u00e9in nach bhfuil fios\nf\u00e1tha a bheith ann le f\u00e1il taobh istigh den d\u00falra f\u00e9in, p\u00e9 acu taobh istigh n\u00f3 amuigh\nden toll\u00e1n a chuirtear an cheist..<\/p>\n\n\n\n<p><em>(3) <\/em><em>Ministreacht\nchomharba Peadair inniu<\/em>. T\u00e1 b\u00e9im\n\u00e1irithe sna soisc\u00e9il ar ionad faoi leith ag Peadar san eaglais. An t\u00e9acs is\nsoil\u00e9ire d\u00edobh sin n\u00e1 an ceann ag deireadh l\u00e9acht an lae inniu. Thug \u00cdosa, an\ntAoire maith, a bhfuil gr\u00e1 aige d\u00e1 thr\u00e9ad idir uain agus chaoirigh, thug s\u00e9 c\u00faram\nan tr\u00e9ada sin do Pheadar tar \u00e9is d\u00f3 a ghr\u00e1 don Aoire maith a l\u00e9iri\u00fa. Comharba\nPheadair an P\u00e1pa. Gu\u00edmis go mbeadh ceangal gr\u00e1 agus iontaoibhe idir an P\u00e1pa\nagus domhan an lae inniu, an tAoire Maith ag labhairt go d\u00edreach tr\u00edd.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-734","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/734","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=734"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/734\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":735,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/734\/revisions\/735"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=734"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=734"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=734"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}