{"id":736,"date":"2019-05-10T11:51:09","date_gmt":"2019-05-10T11:51:09","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=736"},"modified":"2019-05-10T11:52:58","modified_gmt":"2019-05-10T11:52:58","slug":"12-bealtaine-2019-c-ceathru-domhnach-den-chaisc","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=736","title":{"rendered":"12 Bealtaine 2019 (C) Ceathr\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an\nmB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don\nBheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an\nlae<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar\nthreoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Gn\u00edomhartha na\nnAspal 13:14, 43-52). <em>F\u00e9ach, tionta\u00edmid\nchuig na cin\u00edocha. <\/em>I mbliana t\u00f3gtar na l\u00e9achta\u00ed tosaigh don Domhnach as\nGhn\u00edomhartha na nAspal. Roghna\u00edtear na l\u00e9achta\u00ed le teachtaireacht \u00e1irithe a\nthabhairt, agus ar uairibh is deacair iad a thuiscint i gceart gan iad a\nshu\u00edomh sa chomhth\u00e9acs sa leabhar as ar t\u00f3gadh iad. Is mar sin at\u00e1 ach go\nh\u00e1irithe i gc\u00e9ad l\u00e9acht an lae inniu. I gcuid a haon den leabhar seo t\u00e1 an\nbh\u00e9im ar an luatheaglais in Iar\u00fasail\u00e9im agus ar \u00e1it Pheadair innti. Sa ch\u00e9ad chuid\nseo t\u00e1 againn aitheasc Pheadair (Gn\u00edomhartha caibideal 10) gur sampla \u00e9, de\nr\u00e9ir dealraimh, ar ch\u00e9ad-sheanm\u00f3ireacht na heaglaise, a thosaigh le\nministreacht Eoin Bhaiste agus a lean ar aghaidh go b\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost,\nagus, d\u00e1 mba g\u00e1, le sc\u00e9ala an tsl\u00e1naithe do Ghi\u00fadaigh agus ph\u00e1g\u00e1naigh. An dara\ncuid den leabhar is faoi mhinistreacht Ph\u00f3il do na p\u00e1g\u00e1naigh, na cin\u00edocha \u00ed.\nThosaigh sin d\u00e1ir\u00edre ag Aint\u00edoch ar an abhainn Orontes\nmar ar sheoladh S\u00f3l (n\u00edos d\u00e9ana\u00ed P\u00f3l) agus Barnabas amach chuige sin. Ar dt\u00fas\nchuaigh siad go hoile\u00e1n na Cipre, agus uaidh sin go dt\u00ed cathair Perga sa mh\u00f3rth\u00edr\n(Tuirc an lae inniu), agus ansin go Aint\u00edoch na Pis\u00edde. Is anseo i sionag\u00f3g na\nnGi\u00fadach a thosaigh ministreacht Ph\u00f3il i gceart. I sionag\u00f3g bheadh Gi\u00fadaigh, p\u00e1g\u00e1naigh\na thiontaigh go hioml\u00e1n don Ghi\u00fadachas, agus p\u00e1g\u00e1naigh n\u00e1r iompaigh ach go\nraibh meas acu ar an Ghi\u00fadachas de bharr a chreidimh (aondiachas) agus a\ntheagasc mor\u00e1lta (\u201clucht eagla D\u00e9\u201d mar a thugta\u00ed orthu). Tugadh cuireadh do\nPh\u00f3l aitheasc a thabhairt agus thug, den dul c\u00e9anna agus an ceann a thug\nPeadar. Tugadh cuireadh do Ph\u00f3l agus Barnabas filleadh an tSab\u00f3id d\u00e1r gcionn.\nD\u2019\u00e9irigh easontas go luath. \u00e1fach. Bh\u00ed r\u00edm\u00e9ad ar na neamh-Ghi\u00fadaigh faoi sc\u00e9ala\nan tsl\u00e1naithe gan dl\u00ed na nGi\u00fadach, ach mheas na Gi\u00fadaigh go raibh an teagasc\nnua glan in \u00e9adan a gcreidimh agus dhi\u00falta\u00edgh siad d\u00f3. Mheabhraigh P\u00f3l agus\nBarnabas dh\u00e1 rud: n\u00e1rbh fhol\u00e1ir an dea-sc\u00e9ala a fh\u00f3gairt i dtosach do na\nGi\u00fadaigh agus sa ch\u00e1s n\u00e1r glacadh leis deannach d\u00e1 gcosa a ghlanadh d\u00edobh (L\u00facas\n10:11), mar chomhartha n\u00e1r fhreagrach f\u00fathu a thuilleadh iad. Toisc gur\ndhi\u00faltaigh na Gi\u00fadaigh don dea-sc\u00e9al, d\u2019iompagh na haspail chuig na p\u00e1g\u00e1naigh,\nag lua briathra D\u00e9 d\u00e1 Sheirbh\u00edseach (\u00cdse\u00e1ia 49:6) gurb sholas \u00e9 do na n\u00e1isi\u00fain uile.\nChuaigh P\u00f3l agus Barnabas ar aghaidh go cathair Iconium (Konya i dTuirc an lae inniu), gabhal sr\u00e1ide\nt\u00e1bhachtach an tr\u00e1th sin. Cuireann an l\u00e9acht seo b\u00e9im ar dhul chun cinn an\ndea-sc\u00e9il i measc na bp\u00e1g\u00e1nach. N\u00ed f\u00e9idir laincis a chur ar bhriathar D\u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm\nle Freagra <\/em>(Salm 99[100]]). <em>Sinne a phobal\nagus caoirigh a ph\u00e1irce.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>&nbsp;Dara L\u00e9acht <\/em>(Apacailipsis 7:9, 14-17). <em>Beidh an tUan mar aoire acu, agus treor\u00f3idh s\u00e9 iad go toibreacha na\nbeatha. <\/em>F\u00eds an l\u00e9acht seo de bhua deiridh phobal D\u00e9 ar neamh agus \u00e9 curtha\nos \u00e1r gcomhair sa bhfriotal agus leis na samhlaoid\u00ed is dual don leabhar \u00e1irithe\nseo. T\u00e1 l\u00edon mhuintir tofa D\u00e9 gan \u00e1ireamh, agus iad as gach aird den domhan agus\nleibh\u00e9al den phobal. Cuirtear os \u00e1r gcomnhair iad amhail is d\u00e1 mbeidis i\ndTeampall D\u00e9, os comhair r\u00edchathaoir D\u00e9 agus an Uain (Cr\u00edost c\u00e9asta agus\nais\u00e9irithe) amach. T\u00e1 cuma na caithr\u00e9ime orthu, iad feistithe in \u00e9id\u00ed b\u00e1na agus\npailmeacha ina l\u00e1mha, mar chomhartha den bhua. Ionann \u00e9id\u00ed b\u00e1na agus bua, agus\nglaine in bhfuil \u00cdosa, an tUan. I bhF\u00e9ile na mBothanna, na bPuball, cuireadh na\nGi\u00fadaigh f\u00fathu i mbothanna, faoi aoibhneas. N\u00ed bheidh g\u00e1 leis sin a thuilleadh:\nbeidh Dia f\u00e9in i l\u00e1thair (in a phuball) ina measc. T\u00e1 an dream tofa seo tar \u00e9is\ngabh\u00e1il tr\u00ed duain\u00e9is, triobl\u00f3id, mh\u00f3r \u2013 g\u00e9arlean\u00faint an Impire Nero, n\u00f3 aon\nduain\u00e9is eile a bh\u00ed n\u00f3 a bheidh. Tr\u00ed mheasc\u00e1n \u00edomh\u00e1nna, beidh an tUan (\u00cdosa)\nina aoire acu, \u00e1 seoladh ar neamh go l\u00e1nmhaireacht na beatha, faoi mar a bh\u00ed s\u00e9\nina sh\u00e1raoire acu ar talamh. Beidh deireadh le deora an tsaoil seo.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin\n10:27-30). <em>T\u00e1 an bheatha sh\u00edora\u00ed \u00e1\ntabhairt do mo chaoirigh. <\/em>I soisc\u00e9al Eoin tagann an l\u00e9acht seo tar \u00e9is\nparabail fhada \u00cdosa ar f\u00e9in mar an s\u00e1raoire. Tagann s\u00ed d\u00edreach i ndiaidh diosp\u00f3ireachta\nidir \u00cdosa agus na Gi\u00fadaigh n\u00e1r thuig a theachtaireacht. Deireann \u00cdosa leo (Eoin\n10:26) nach gcreideann siad toisc nach d\u00e1 chaoirigh iad. Aoire d\u00e1 thr\u00e9ad \u00e9\n\u00cdosa, tr\u00e9ad at\u00e1 aontaithe leis tr\u00edd an gcreideamh. Tugann an creideamh\ncomhthuiscint idir an Aoire agus an tr\u00e9ad. Tugann briathra \u00cdosa uchtach do chreidmhigh\ni ngach aois. N\u00ed gn\u00e1th-aoire \u00e9 \u00cdosa. Tagann s\u00e9 \u00f3 Dhia agus is f\u00e9idir leis gach\ncaora d\u00e1 thr\u00e9ad a c\u00f3ineart\u00fa. Is aon eisean agus an tAthair. N\u00ed f\u00e9idir le aoinne\nball d\u00e1 thr\u00e9ad a chreideann ann a fhuadach uaidh n\u00f3 \u00f3n Athair. Briathra sol\u00e1sacha\ndo lucht lean\u00fana \u00cdosa in am an gh\u00e1tair iad sin.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le\nceisteanna an lae:<\/strong><em>Tugann \u00cdosa an s\u00e1raoire aire d\u00e1 chaoirigh.\nUrna\u00ed ar son gairmecha.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>1. I liot\u00fairge an\nlae inniu tiomna\u00edtear an Domhnach \u00e1irithe seo do \u201cL\u00e1 domhanda don \u00farna\u00ed ar son\ngairmeacha\u201d.N\u00ed fada \u00f3 shoin go raibh teideal eile aige: \u201cDomhnach an\ntS\u00e1raoire\u201d. Agus is don t\u00e9ama seo, \u00cdosa an S\u00e1raoire<em>, <\/em>at\u00e1 soisc\u00e9il na bliana seo, agus den dh\u00e1 bhliain eile den tsraith\nthr\u00ed bliain t\u00e1 an t\u00e9ama c\u00e9anna roghnaithe, agus urnaithe an Aifrinn chomh\nmaith. T\u00e1 na l\u00e9achta\u00ed don soisc\u00e9al togtha as chur s\u00edos \u00cdosa air f\u00e9in mar an\nS\u00e1raoire in Eoin caibideal 10. Ach is f\u00e9idir an d\u00e1 th\u00e9ama, \u00cdosa mar Sh\u00e1raoire\nagus urna\u00ed do ghairmeacha, a nascadh le ch\u00e9ile go h\u00e9asca. N\u00ed thuigtear \u00cdosa mar\nAoire gan chreideamh, n\u00e1 glaoch chun seirbh\u00edse d\u00f3 gan urnai.<strong><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>2. T\u00e1 an\ncreideamh l\u00e1rnach don chaidreamh idir \u00cdosa mar Aoire agus baill den tr\u00e9ad sin.\nLeag \u00cdosa f\u00e9in b\u00e9im ar sin. D\u00fairt s\u00e9 lena a chomhaimsirigh n\u00e1r chreid siad ann\ntoisc n\u00e1rb bhaill d\u00e1 thr\u00e9ad iad. T\u00e1 sin cos\u00fail lena d\u00fairt s\u00e9 faoi f\u00e9in mar ar\u00e1n\nna beatha: \u201cN\u00ed f\u00e9idir d\u2019aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha d\u00f3 ag\nm\u2019Athair\u201d (Eoin 6:65). <\/p>\n\n\n\n<p>3. Leagann \u00cdosa\nb\u00e9im ar an fh\u00edrinne seo, mar a dh\u00e9anann P\u00f3l n\u00edos d\u00e9ana\u00ed: N\u00ed f\u00e9idir le haon rud,\ndeacracht, fadhbanna, g\u00e9arleani\u00fant n\u00f3 eile, ball de thr\u00e9ad \u00cdosa a scaradh\nuaidh. Beidh \u00cdosa f\u00e9in agus a Athair mar thaca aige. Ag machnamh air seo an l\u00e1\nat\u00e1 inniu ann: is ioma\u00ed sin bac agus deacracht at\u00e1 ann don chreideamh \u00f3n taobh\nistigh agus \u00f3n taobh amuigh: laigeachta\u00ed agus scannail san eaglais; gluaiseacht\nagus br\u00fa i gcoinne chreidimh san eaglais agus i nDia f\u00e9in, agus a thuilleadh\neile nach iad.<\/p>\n\n\n\n<p>4. Tugann sin go\ndt\u00ed an pointe deiridh sinn: urna\u00ed do ghairmeacha san eaglais. Is \u00e9 \u00cdosa f\u00e9in a\nd\u00fairt linn: \u201cT\u00e1 an f\u00f3mhar fairsing ach n\u00edl ann ach meitheal bheag. D\u00e1 bhr\u00ed sin\ngu\u00edg\u00ed M\u00e1istir an fh\u00f3mhair go gcuirfeadh s\u00e9 meitheal uaidh isteach ina fh\u00f3mhair\u201d\n(Matha 9:37-38). T\u00e1 gairmeacha de shaghas \u00e9ags\u00fala de dhith: don sagartacht agus\ndon bheatha rialta, ach chomh maith c\u00e9anna le go mbeadh meitheal chu\u00ed ann a\noirfeadh do fhadhbanna an lae inniu \u2013 daoine a bhfuil cumas acu sna\nheola\u00edochtai, sa litr\u00edocht, sna heala\u00edona, sna me\u00e1in, agus i gach gn\u00e9 den saol\ninar g\u00e1 fianaise a thabhairt don S\u00e1raoire, don T\u00e9 arb \u00e9 an tsl\u00ed, an fh\u00edrinne\nagus an bheatha \u00e9. <\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-736","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/736","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=736"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/736\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":737,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/736\/revisions\/737"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=736"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=736"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=736"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}