{"id":747,"date":"2019-05-16T13:01:31","date_gmt":"2019-05-16T13:01:31","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=747"},"modified":"2019-05-16T13:02:57","modified_gmt":"2019-05-16T13:02:57","slug":"19-bealtaine-2019-c-cuigiu-domhnach-den-chaisc","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=747","title":{"rendered":"19 Bealtaine 2019 (C) C\u00faigi\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an\nmB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don\nBheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. <strong><em>An\nB\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>Neamh nua agus talamh nua. R\u00edocht D\u00e9 i l\u00e1thair cheana<\/em>.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar\nthreoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Gn\u00edomhartha na\nnAspal 14:21-27). <em>D\u2019innis siad don\nEaglais m\u00e9id na nithe a rinne Dia tr\u00edothu. <\/em>I rith tr\u00e9imhse na C\u00e1sca t\u00f3gtar\nna l\u00e9achta\u00ed do gach ceann de na tr\u00ed Dhomhnach den tsraith \u00f3 Ghn\u00edomhartha na\nnAspal, chomh fada le Comhairle Iar\u00fasail\u00e9im, i gcaibideal 15. Cuireadh at\u00e1\nanseo do lucht fhreastail an Aifrinn teacht ar eolas n\u00edos fearr ar th\u00fas agus fh\u00e1s\nna hEaglaise \u00f3n chur s\u00edos at\u00e1 ag L\u00fac\u00e1s air sin. Leanann l\u00e9acht an lae inniu ar\naghaidh \u00f3n cheann a bh\u00ed againn an Domhnach seo caite ag cur s\u00edos ar an dturas\nar ais ag P\u00f3l agus Barnabas go hAint\u00edoch ar an Orontes, t\u00fas agus ceann scr\u00edbe a\nn-aistir, sa ch\u00e9ad turas misi\u00fanda d\u00f3ibh. Cuid de na logainmneacha sa l\u00e9acht seo,\nluadh cheana iad i l\u00e9acht an Domhnaigh seo caite. Thosaigh P\u00f3l agus Barnabas ag\nAint\u00edoch ar an Orontes. Chuadar as sin go hoile\u00e1n\nna Cipre, as sin go dt\u00ed an mh\u00ednt\u00edr (Tuirc an lae inniu), go Peirge i gcr\u00edoch\nPaimfilia, ar aghaidh go Aint\u00edoch na Pisidia, ansin go hIconium, Liostra agus\nDeirbe. Cuireann l\u00e9acht an lae inniu s\u00edos ar an aistear thar nais. Tuigtear \u00f3n\nl\u00e9acht seo gurb ch\u00faram do Ph\u00f3l agus Barnabas d\u00fashraith na hEaglaise a leagan\nnuair a cheapadar sean\u00f3iri ann, b\u00edodh nach soil\u00e9ir c\u00e9n dualgas n\u00f3 st\u00e1das a bh\u00ed\nacu. (Luaitear ar\u00eds iad a bheith san eaglais in Eifeasas, Gn\u00edomhartha 20:17.)\nCheap P\u00f3l riarach\u00e1n de shaghas \u00e9igin sna heaglais\u00ed a bhunaigh s\u00e9. I bhFilip\u00ed\n(Filip\u00ednigh 1:1) bh\u00ed \u201ceaspaig agus d\u00e9ag\u00e1naigh\u201d (n\u00f3 uachtar\u00e1in agus c\u00fant\u00f3ir\u00ed),\nnach fios a ndualgas n\u00f3 a st\u00e1das. Tar \u00e9is bh\u00e1s na nAspal th\u00e1inig riarach\u00e1n n\u00edos\nsoil\u00e9ire i r\u00e9im san eaglais (litreacha 1-2 Tiom\u00f3id; Titus). Mhol P\u00f3l agus\nBarnabas do na luath-eaglais\u00ed ina dturas d\u00f3ibh bheith r\u00e9idh do gh\u00e9arlean\u00faint\u00ed,\nmar chuid den fhaisn\u00e9is Chr\u00edosta\u00ed. Thar nais ag an mh\u00e1thair-eaglais in Aint\u00edoch\nar an Orontes tugann siad tuarasc\u00e1il faoi chonas\nar \u00e9irigh leo sa ch\u00e9ad mhisin eagraithe seo do na cin\u00edocha, na pag\u00e1naigh. Bh\u00ed\ndoras oscailte nach mbeadh iata go deo.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm\nle Freagra <\/em>(Salm 144[145]). <em>Beann\u00f3idh m\u00e9\nd\u2019ainm de sh\u00edor, a Dhia liom is a R\u00ed.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>&nbsp;Dara L\u00e9acht <\/em>(Apacailipsis 21:1-5). <em>Glanfaidh Dia gach deor d\u00e1 s\u00faile.<\/em> An chuid apacailipteach den\nleabhar seo, Apacailipsis Eoin, is faoi bhua an Uain a mhara\u00edodh (\u00cdosa), bua D\u00e9\nar fh\u00f3rsa\u00ed an oilc agus faoi theacht r\u00edocht D\u00e9, \u00ed. Tar \u00e9is an chur s\u00edos ar\nthreascairt na Baibeal\u00f3ine, cathair an pheaca, bainis an Uain agus r\u00e9imeas m\u00edle\nbliain (nach \u00e9asca an bhr\u00ed at\u00e1 leis a bhaint amach) t\u00e1 f\u00eds ag Eoin ar neamh nua\nagus talamh nua a thiocfaidh in \u00e1it an domhain easpaigh seo. Sa r\u00e9 agus\nr\u00e9altacht nua seo n\u00ed bheidh farraige ann feasta, an bh\u00f3chna a bh\u00ed ceangailte i\ndtraidisi\u00fan an Oirthir agus an Bh\u00edobla le f\u00f3rsa\u00ed an duibheag\u00e1in a sheas in\n\u00e9adan eagair ar an domhan agus cumhacht D\u00e9. An \u201cchathair naofa, an Iar\u00fasail\u00e9in\nnua, maisithe mar nuachair\u201d, ionann iad agus an eaglais mar a bheidh s\u00ed ar\nneamh. N\u00edl aon teampall sa Iar\u00fasail\u00e9im nua mar is \u00e9 Dia f\u00e9in agus an tUan an\nTeampall ann (Apacailipsis 21:22). N\u00ed bheidh caoineadh n\u00e1 olag\u00f3n n\u00e1 pian a\nthuilleadh ag pobal D\u00e9. Baineann siad sin le r\u00e9 a bheidh thart. Beidh gach rud cruthaithe\nas an nua ag Dia, mar a gheall na f\u00e1ithe i bhfad roimhe seo.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin\n13:31-35). <em>T\u00e1 aithne nua \u00e1 tabhairt daoibh,\ngo dtabharfadh sibh gr\u00e1 d\u00e1 ch\u00e9ile. <\/em>T\u00e1 teachtaireacht thar a bheith domhain\nsa l\u00e9acht seo, ceann a thuigtear n\u00edos fearr nuair a shu\u00edtear \u00ed ina comhth\u00e9acs\nd\u00edlis, is \u00e9 sin le r\u00e1 i mb\u00e9ile deireannach \u00cdosa lena dheisceabail, b\u00e9ile a\nbhfuil gr\u00e1 \u00cdosa d\u00e1 dheisceabail agus don domhan l\u00e1rnach d\u00f3. Tosa\u00edonn an mh\u00edr\n\u00e1irithe mar seo (Eoin 13:1): \u201cRoimh fh\u00e9ile na C\u00e1sca, \u00f3 bh\u00ed a fhios ag \u00cdosa go\nraibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dt\u00ed an tAthair, agus \u00f3 thug\ns\u00e9 gr\u00e1 d\u00e1 mhuintir f\u00e9in a bh\u00ed ar an saol, thug s\u00e9 gr\u00e1 thar na bearta d\u00f3ibh\nfeasta\u201d. Ionann \u201ca mhuintir f\u00e9in\u201d agus a chuid deisceabal an o\u00edche sin, ach chomh\nmaith le sin a chuid deisceabal i rith na staire uile. Lena\nl\u00e9iri\u00fa cad ba bhr\u00ed leis as gr\u00e1 a luadh, t\u00e9ann an cuntas ar aghaidh le n\u00ed chos\nna ndeisceabal a r\u00edomhadh, agus d\u00e9anann \u00cdosa f\u00e9in soil\u00e9ir cad ba bhr\u00ed leis sin,\n\u00e1 r\u00e1 d\u00f3: \u201cM\u00e1 rinne mise bh\u00far gcosa a n\u00ed agus gur m\u00e9 bh\u00far dTiarna agus bh\u00far\nM\u00e1istir, ba ch\u00f3ir daoibhse chomh maith cosa a ch\u00e9ile a n\u00ed. T\u00e1 sampla tugtha\nagam daoibh, faoi mar at\u00e1 d\u00e9anta agam daoibhse, go nd\u00e9anfadh sibhse mar an\ngc\u00e9anna\u201d. Ansin cuirtear s\u00edos ar imeacht I\u00fad\u00e1is le h\u00cdosa a bhraith, as a\nleanfaidh c\u00e9asadh na croise. Do Eoin, ionann an c\u00e9asadh agus gl\u00f3iri\u00fa \u00cdosa agus\ngl\u00f3ir an Athar. T\u00e1 \u00cdosa le himeacht as an saol go luath ach roimh imeacht d\u00f3\ntugann s\u00e9 aithne nua d\u00e1 lucht lean\u00fana: gr\u00e1 a thabhairt d\u00e1 ch\u00e9ile faoi mar a\nthug seisean gr\u00e1 d\u00f3ibh, rud a thabharfaidh le fios do ch\u00e1ch gur deisceabail\nd\u2019\u00cdosa iad.<strong><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae. <\/em><\/strong><em>Neamh\nnua agus talamh nua. R\u00edocht D\u00e9 i l\u00e1thair cheana<\/em>.<\/p>\n\n\n\n<p><em>1. Neamh Nua agus Talamh Nua.<\/em> Ceann de altanna an chreidimh n\u00e1 go\ngcreidimid sa bheatha sh\u00edora\u00ed, radharc na Trion\u00f3ide agus l\u00fachair ag na fir\u00e9in agus\ncruatain an tsaoil seo taobh thiar d\u00edobh. Is l\u00e9ir do chreidmhigh, agus ba l\u00e9ir\ntr\u00edd na haoiseanna, nach f\u00e9idir go bhfuil an domhan amhlaidh mar ba mhian le\nDia \u00e9 a bheith. Labhra\u00edonn P\u00f3l faoin d\u00falra f\u00e9in, agus na creidmhigh, a bheith\nag s\u00fail le faoiseamh (R\u00f3mh\u00e1naigh 8:20-23): \u201cMeasaim nach fi\u00fa le h\u00e1ireamh pianta\nna huaire seo le hais na gl\u00f3ire at\u00e1 le foilsi\u00fa d\u00fainn. Mar t\u00e1 an d\u00falra ag tn\u00fath\ngo d\u00edocasach le foilsi\u00fa chlann D\u00e9. Cuireadh an d\u00falra freisin \u00f3 rath, n\u00ed d\u00e1 dheoin\nfein ach mar gheall ar an t\u00e9 \u00fad a chuir \u00f3 rath \u00e9, ach i nd\u00f3chas, mar fuasclofar\nan d\u00falra f\u00e9in \u00f3 dhaoirse na truailleathachta chun saoirse ghl\u00f3rmhar chlann D\u00e9. &#8230;\nAgus n\u00ed h\u00e9 an d\u00falra amh\u00e1in at\u00e1 amhlaidh ach sinn f\u00e9in chomh maith; c\u00e9 go bhfuil\nc\u00e9adthortha\u00ed an Spioraid againn cheana f\u00e9in, t\u00e1imid ag cneadadh freisin in\u00e1r\ngcro\u00ed istigh agus sinn ag feitheamh le go nd\u00e9anfar clann d\u00ednn agus go mbeidh \u00e1r\ngcorp fuascailte\u201d. I measc Gi\u00fadach agus Cr\u00edostaithe d\u2019fh\u00e1s an bhar\u00fail n\u00f3 an creideamh,\ngo mbeadh r\u00e9 nua-chruthaithe ann tar \u00e9is don domh\u00e1n seo a chursa a rith. Mar\nadeir Dara Litir Naomh Peadar (2 Peadar 3:13): \u201cAgus t\u00e1imid ag s\u00fail, de r\u00e9ir an\nghealltanais, le sp\u00e9artha nua agus le domhan nua mar a lonn\u00f3idh an\nfh\u00edr\u00e9antacht\u201d. T\u00e1 an d\u00f3chas, an creideamh, c\u00e9anna le f\u00e1il sa dara l\u00e9acht inniu.\nIs cuid de chreideamh na Eaglaise \u00e9, le f\u00e1il sa cur s\u00edos ar na Cr\u00edocha\nD\u00e9annacha i scr\u00edbhinn\u00ed Vatac\u00e1in II faoin Eaglais sa Nua-R\u00e9 (<em>Gaudium et Spes, L\u00fach\u00e1ir agus d\u00f3chas, <\/em>alt\n39,2<em>) <\/em>agus i <em>gCaiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed <\/em>(alt 1049). Meabhra\u00edonn na t\u00e9acsanna\nsin d\u00fainn n\u00e1r ch\u00f3ir go gcuirfeadh an creideamh sin i neamh agus talamh (n\u00f3\ndomhan) nua laige ar \u00e1r sp\u00e9is sa domhan seo in a bhfuilimid, ach a mhalairt ar\nfad, sinn a spreagadh lena shaothr\u00fa agus c\u00faram a dh\u00e9anamh de. <\/p>\n\n\n\n<p><em>2. T\u00e1 r\u00edocht D\u00e9 in\u00e1r measc cheana f\u00e9in. <\/em>N\u00edor ch\u00f3ir go ligfeadh an creideamh sin i\nneamh nua agus talamh nua sinn dearmad a dh\u00e9anamh de go bhfuil r\u00edocht D\u00e9 in\u00e1r\nmeasc cheana fein. Thosaigh s\u00ed le baisteadh Chr\u00edost mar ar ungadh \u00e9 leis an\nSpiorad Naomh, Spiorad a bh\u00ed gn\u00edomhach ann ina chuid mhior\u00failti agus teagaisc,\nag leigheas na n-easl\u00e1n agus ag clo\u00ed chumhacht an diabhail. D\u2019fh\u00f3gair Cr\u00edost\nf\u00e9in go raibh r\u00edocht D\u00e9 tagaithe ina phearsa agus ina chuid oibre. Leanfadh\nr\u00edocht sin Chr\u00edost, agus a h\u00e9ifeacht, san eaglais agus sa stair tr\u00edd a ghr\u00e1sta,\ntr\u00edna a theagasc, an tSeanm\u00f3ir ar an Sliabh, na Bi\u00e1id\u00ed agus eile, ach go m\u00f3r\nm\u00f3r tr\u00ed shampla agus spreagadh Chr\u00edost f\u00e9in. Th\u00e1inig \u00cdosa le beatha a thabhairt\nagus \u00ed a thabhairt go fial, beatha abhus agus beatha sh\u00edora\u00ed. Mh\u00fain s\u00e9 don\nduine aonair gan a anam a chailleadh, a anam daonna gan br\u00ed na beatha seo a\nthuiscint, n\u00f3 a anam spiorad\u00e1lta don saol eile. Ceacht m\u00f3r \u00f3 \u00cdosa n\u00e1 br\u00ed na\nbeatha seo a thuiscint. B\u00edodh go raibh a sciar de laig\u00ed agus scannal san\nEaglais i rith a staire, agus f\u00f3s f\u00e9in, bh\u00ed, agus t\u00e1, s\u00ed d\u00edlis d\u00e1 Bunatheoir\n\u00cdosa Cr\u00edost, an tUan ais\u00e9irithe. T\u00e1 f\u00edrinne agus fuinneamh f\u00f3s sa chuid seo de\nPhreaf\u00e1id na C\u00e1sca: \u201c\u00d3ir t\u00e1 oidhreacht \u00e1rsa an pheaca scriosta; t\u00e1 athnuachan\nd\u00e9anta ar an saol a bh\u00ed millte, agus ta \u00e1r mbeatha leasaithe d\u00fainn ar\u00eds i\ngCr\u00edost. Uime sin t\u00e1 an saol m\u00f3r ag d\u00e9anamh l\u00fach\u00e1ire faoi thuilte \u00e1thais na\nCasca. T\u00e1 Fearta neimhe agus na Cumhachta\u00ed Aingeal chomh maith ag canadh duain\ndo do ghl\u00f3ir \u00e1 r\u00e1 gan stad: Is naofa, naofa naofa th\u00fa&#8230;\u201d<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-747","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/747","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=747"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/747\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":748,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/747\/revisions\/748"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=747"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=747"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=747"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}