{"id":754,"date":"2019-05-21T07:46:07","date_gmt":"2019-05-21T07:46:07","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=754"},"modified":"2019-05-21T07:48:37","modified_gmt":"2019-05-21T07:48:37","slug":"26-bealtaine-2019-c-seu-domhnach-den-chaisc","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=754","title":{"rendered":"26 Bealtaine 2019 (C) S\u00e9\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc"},"content":{"rendered":"\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Freagra don Chreideamh leis an\nmB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don\nBheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">B. <strong><em>An\nB\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>Treora\u00edonn an Spiorad Naomh an Eaglais bheith d\u00edlis do Chr\u00edost agus d\u00e1\ntheagasc<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar\nthreoir don bheathaChr\u00edosta\u00ed<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Gn\u00edomhartha na nAspal 15:1-2,\n22-29). <em>Chonacthas don Spiorad Naomh agus\nd\u00fainne gan n\u00edos m\u00f3 den ualach a chur oraibh n\u00e1 na nithe riachtanacha<\/em>. T\u00e1\ndh\u00e1 phointe l\u00e1rnacha nach folair a lua maidir leis an l\u00e9acht \u00e1irithe seo. I r\u00e9\nthosaigh mhisin na hEaglaise chuig na pag\u00e1naigh \u00f3 chathair Ant\u00edoch (a raibh cur\ns\u00edos air i l\u00e9achta\u00ed na nDomhnacha\u00ed seo caite) th\u00e1inig roinnt Cr\u00edostaithe Gi\u00fadacha\n\u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im (go Ant\u00edoch is d\u00f3cha) ag ma\u00edomh n\u00e1rbh fhol\u00e1ir bheith timpeallgheartha\nagus ag cleachtadh Dhl\u00ed Mhaois le bheith sl\u00e1naithe. Bh\u00ed seo ag teacht trasna ar\nshoisc\u00e9al agus ar mhisean Ph\u00f3il. Bh\u00ed g\u00e9arch\u00e9im ann. Le aontacht na hEaglaise\nidir Ghi\u00fadaigh agus neamh-Ghi\u00fadaigh (pag\u00e1naigh) a chosaint agus a dheimhni\u00fa, ba\nl\u00e9ir n\u00e1r mh\u00f3r an cheist a phl\u00e9 le ceannair\u00ed na m\u00e1thair-Eaglaise in Iar\u00fasail\u00e9im.\nDe r\u00e9ir dealraimh bh\u00ed an luath-eaglais ansin eagraithe go maith. An bhliain 49\niar-Chr\u00edost at\u00e1 i gceist. Bh\u00ed Peadar agus aspail eile ann go f\u00f3ill, agus an\npobal Cr\u00edosta\u00ed faoi ch\u00faram sean\u00f3ir\u00ed, nach fios m\u00f3r\u00e1n f\u00fathu. Ba Sh\u00e9amus, dearth\u00e1ir\nan Tiarna, agus n\u00ed Peadar Aspal, a bh\u00ed mar cheannaire ar an eaglais ansin. Leir\u00edonn\nan chuid den t\u00e9acs seo nach l\u00e9itear inniu san Aifreann gur sheas na haspail\nagus sean\u00f3ir\u00ed na hEaglaise in Iar\u00fasail\u00e9im (tr\u00ed bh\u00e9il Pheadair agus Sh\u00e9amuis) go\nl\u00e1idir a bhf\u00e1bhar Ph\u00f3il agus a mhisin chuig na pag\u00e1naigh, narbh gh\u00e1 timpeallghearradh\nn\u00e1 Dl\u00ed Mhaois a leagadh ar phag\u00e1naigh a iompaigh chun creideamh Chr\u00edost. Mar\nsin f\u00e9in le b\u00e9il\u00ed idir Ghi\u00fadaigh agus neamh-Ghi\u00fadaigh a dh\u00e9anamh n\u00edos \u00e9asca,\niarradh orthu si\u00fad a th\u00e1inig \u00f3n phag\u00e1ntacht staonadh \u00f3 cheithre ruda\u00ed a\nchuirfeadh as don choinsias Gi\u00fadach. Baineann tr\u00ed chinn acu le rudai deasghn\u00e1cha.\nAn ceathr\u00fa ceann, a bhfuil \u201cdr\u00fais\u201d mar aistri\u00fa ar an t\u00e9arma Gr\u00e9igeach, is d\u00f3cha\ngur p\u00f3sadh taobh amuigh den na gr\u00e1danna a bh\u00ed ceadaithe do Gh\u00edudaigh a bh\u00ed i\ngceist. Col,\nciorr\u00fa coil, corbadh, a bheadh in gcaidreamh gn\u00e9is d\u00e1 leith\u00e9id. Na ceithre\nruda\u00ed i gceist, b\u2019fh\u00e9idir gur gaolmhar iad leis na ruda\u00ed nach raibh ceadaithe\nd\u2019eachtrannaigh ag cur f\u00fathu i measc phobal naofa Iosrael de r\u00e9ir L\u00e9iv\u00edtic\n17-18. Deimhn\u00edodh breith Chomhairle sin Iar\u00fasail\u00e9im i litir agus in insint\nbh\u00e9il. Ar ionaid na faidhbe, Ant\u00edoch, an tS\u00edr agus Cilicia,\na d\u00edr\u00edodh an bhreith agus an litir. N\u00ed l\u00e9ir \u00f3n l\u00e9acht f\u00e9in an t\u00e1bhacht thar an\nghn\u00e1th a bh\u00ed ag r\u00e9iteach seo Chomhairle Iar\u00fasail\u00e9im. Bh\u00ed an misean Cr\u00edosta\u00ed ag\ngluaiseacht amach thar cr\u00edocha Iosrael agus an Gi\u00fadachas agus thar an conradh a\nbh\u00ed d\u00e9anta ag idir Dhia, tr\u00ed Mhaois, agus Iosrael. Tuigimid do sheasamh na\ngCr\u00edostaithe Gi\u00fadacha sin, agus na hiar-Phairis\u00edneach, ach bh\u00ed r\u00e9 nua tagaithe\nle Cr\u00edost, lena bh\u00e1s agus a ais\u00e9ir\u00ed, agus le teacht an Spioraid Naoimh.<\/li><\/ul>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 66[67]). <em>Go mola na cin\u00edocha th\u00fa, a Dhia, go mola na cin\u00edocha go l\u00e9ir th\u00fa.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>&nbsp;Dara L\u00e9acht <\/em>(Apacailipsis 21:10-14, 22-23). <em>Thaispe\u00e1in s\u00e9 an chathair bheannaithe dom, agus \u00ed ag tuirlingt \u00f3 neamh.\n<\/em>Sa v\u00e9arsa d\u00edreach roimh an l\u00e9acht seo deireann an t-aingeal le Eoin: \u201cTar,\nagus taispe\u00e1nfaidh m\u00e9 duit an nuachair, c\u00e9ile an Uain\u201d. Iar\u00fasail\u00e9im Nua na\nl\u00e9achta seo is \u00ed Eaglais faoi ghl\u00f3ir ar neamh \u00ed. T\u00e1 roinnt de th\u00e9ama\u00ed l\u00e9acht an\nDomhnaigh seo caite, faoi neamh nua agus talamh nua, le sonr\u00fa sa l\u00e9acht seo chomh\nmaith. Cumann id\u00e9alach D\u00e9 agus an chine daonna san r\u00e9 le teacht at\u00e1 i gceist.\nSa Bh\u00edobla is dual do fh\u00edseanna d\u00e1 leith\u00e9id t\u00e1rl\u00fa i sliabh m\u00f3r ard. Leagtar\nb\u00e9im ar \u00e1illeacht na cathrach. Achoimre an cur s\u00edos uirthi ar phobal D\u00e9 sa\nSeantiomna (dh\u00e1 threibh d\u00e9ag Iosrael) agus an Tiomna Nua (d\u00e1r\u00e9ag aspal an\nUain). Murab ionann agus Baibeal\u00f3in an d\u00edomais, agus cathracha \u00e1irithe eile,\ntuirling\u00edonn an chathair seo, an Iar\u00fasail\u00e9im Nua, \u00f3 neamh \u00f3 Dhia, <\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin\n14:23-29). <em>Cuirfidh an Spiorad Naomh i\ngcuimhne daoibh ar inis m\u00e9 daoibh. <\/em>Oireann an l\u00e9acht \u00e1irithe seo go han-mhaith\ndon Domhnach d\u00edreach roimh cheili\u00fareadh Fh\u00e9ile Deascabh\u00e1il \u00e1r dTiarna. Is cuid\nd\u2019aitheasc \u00cdosa \u00ed ag fag\u00e1il sl\u00e1n d\u00e1 ch\u00e1irde abhus d\u00f3. Labhra\u00edonn an l\u00e9acht\nfaoin ngr\u00e1 at\u00e1 ag \u00cdosa d\u00e1 dheisceabail agus d\u00e1 Athair, agus faoi ghr\u00e1 an Athar\nd\u00f3ibh si\u00fad. T\u00e1 siad go l\u00e9ir aontaithe i mbriathar \u00cdosa, sa Pharacl\u00e9id, sa chabhr\u00f3ir,\nsan abhc\u00f3ide, sa chosant\u00f3ir, sa Spiorad Naomh a bhfuil an tAthair le seoladh\nchucu. Leagtar b\u00e9im mh\u00f3r ar \u201cbhriathar\u201d, n\u00f3 \u201cbriathra\u201d \u00cdosa. T\u00e1 br\u00ed throm leis\nan bhfocal \u00e1irithe seo anseo. Ionann briathar \u00cdosa agus a aithne, aithne le\ncreideamh a bheith ann f\u00e9in agus gr\u00e1 a thabhairt d\u00e1 cheile, gr\u00e1 an chomharsa. T\u00e1\nbr\u00edonna \u00e9ags\u00fala sa bhriatrhar Gr\u00e9igise <em>parakletos<\/em>,\nParacl\u00e9id, iad go l\u00e9ir le t\u00f3gaint le cheile mar a tugadh thuas ar ball iad. Is\n\u00e9 an Spiorad Naomh \u00e9. I sl\u00ed t\u00f3gann s\u00e9 \u00e1it \u00cdosa. Ba Paracl\u00e9id, cosant\u00f3ir,\ncabhr\u00f3ir, \u00e9 \u00cdosa. Is Paracl\u00e9id eile an\nSpiorad Naomh. Is nasc \u00e9 idir na deisceabail agus \u00cdosa. M\u00fainfidh s\u00e9 gach rud\nd\u00f3ibh, faoina d\u00fairt \u00cdosa agus na t\u00e1tail at\u00e1 le baint astu maidir le creideamh\nin \u00cdosa agus san Eaglais, ach freisin maidir lena gcur i gcr\u00edch le gr\u00e1 \u00cdosa f\u00e9in.\nF\u00e1gann \u00cdosa le huacht d\u00e1 dheisceabail a sh\u00edoch\u00e1in, s\u00edoch\u00e1in chro\u00ed a thagann mar\nbhronntanas an Spioraid Naoimh, bronntanas \u00f3 \u00cdosa anois ar dheis an Athar,\ns\u00edoch\u00e1in nach f\u00e9idir le cruatan n\u00e1 g\u00e9arlean\u00faint ar bith a bhaint d\u00edobh, n\u00f3 de\nlucht lean\u00fana \u00cdosa ar feadh na staire. C\u00fais \u00e1thais, mar sin, filleadh \u00cdosa ar\nan Athair.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Treora\u00edonn\nan Spiorad Naomh an Eaglais bheith d\u00edlis do Chr\u00edost agus d\u00e1 theagasc<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">T\u00e9ama l\u00e1rnach do\nch\u00e9ad l\u00e9acht agus do shoisc\u00e9al an lae inniu n\u00e1 an Spiorad Naomh ag treor\u00fa na\nhEaglaise. \u00d3 th\u00fas na hEaglaise go dt\u00ed an l\u00e1 seo f\u00e9in t\u00e1 an Eaglais ag dul ar\naghaidh i dtuiscint ar Chr\u00edost agus faoi mar is c\u00f3ir beartas shl\u00e1naithe D\u00e9 a\nchur chun cinn, agus a bheith d\u00edlis do Chr\u00edost agus ar a &nbsp;mh\u00fain s\u00e9 san am c\u00e9anna. Uaireanna ba\nr\u00e9abhl\u00f3ideach na c\u00e9imanna a bh\u00ed le t\u00f3gaint. Th\u00e1inig \u00cdosa f\u00e9in leis an dea-sc\u00e9al\na fh\u00f3gairt do \u201cchaoirigh caillte\u201d chlann Iosrael. N\u00edor fh\u00e1g s\u00e9 aon treoracha\nroimh a bh\u00e1s f\u00e9in faoin dul chun cinn tar \u00e9is a bh\u00e1is, ach tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed d\u00f3\ntheoraigh s\u00e9 d\u00e1 aspail an soisc\u00e9al a fh\u00f3gairt do na cin\u00edocha uile. Roghnaigh\nCr\u00edost ais\u00e9irithe P\u00f3l le sl\u00e1n\u00fa a fh\u00f3gairt do na cin\u00edocha, agus ba \u00ed tuiscint\nagus soisc\u00e9al Ph\u00f3il n\u00e1 go raibh an sl\u00e1n\u00fa sin le f\u00e1il tr\u00ed chreideamh gan\noibreacha Dhl\u00ed Mhaois. Is aon rud amh\u00e1in iad ag P\u00f3l saothar Chr\u00edost,&nbsp; agus m\u00fanl\u00fa an chreidimh ann agus san Eaglais.\nBh\u00ed seo go l\u00e9ir faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Nascann an Spiorad Naomh an Eaglais\nagus na creidmhigh i ngach aois le h\u00cdosa, lena phearsa agus lena&nbsp; theagasc. Treora\u00edonn an Spiorad isteach san\nfh\u00edrinne ioml\u00e1n iad. Baineann seo n\u00ed hamh\u00e1in leis an teagasc faoi \u00cdosa, faoina\nphearsa, faoina ghaol leis an Athair agus eile, ach f\u00f3s faoi theachtaireacht\n\u00cdosa maidir le gr\u00e1 do gach aicme den chine daonna, go h\u00e1irithe iad san at\u00e1 faoi\nleatrom agus ar an imeall. Faoi sti\u00fair an Spioraid, is d\u00fashl\u00e1n \u00e9 \u00cdosa do gach\ngl\u00fain \u00ed f\u00e9in a athnuachaint ar eiseaml\u00e1ir Iosa, agus nasc a choth\u00fa leis i ndeabh\u00f3id,\ni mbriseadh an ar\u00e1in, san Eocairist, san Aifreann, agus in urna\u00ed.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-754","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/754","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=754"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/754\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":755,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/754\/revisions\/755"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=754"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=754"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=754"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}