{"id":771,"date":"2019-06-04T15:43:25","date_gmt":"2019-06-04T15:43:25","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=771"},"modified":"2019-06-04T15:43:25","modified_gmt":"2019-06-04T15:43:25","slug":"9-meitheamh-2019-c-domhnach-cincise","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=771","title":{"rendered":"9 Meitheamh 2019 (C) Domhnach Cinc\u00edse"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn\nMac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An\nB\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae:<\/em><\/strong>\n<em>An Spiorad Naomh, F\u00e9ini\u00falacht chine agus\nchreidimh<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don\nbheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Gn\u00edomhartha na nAspal 2:1-11). <em>L\u00edonadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus\nthosaigh siad uile ag labhairt. <\/em>T\u00e1 cur s\u00edos sa l\u00e9acht seo ar eachtra\u00ed a\nth\u00e1rla sa l\u00e1 a dtugaimid Domhnach Cinc\u00edse air. Whitsunday a thugtar air as\nB\u00e9arla, sin le r\u00e1 White Sunday toisc na h\u00e9ada\u00ed a bh\u00edodh \u00e1 n-iompar acu si\u00fad a\nbh\u00ed tar \u00e9is a mbaisteadh an l\u00e1 sin. Is sa Ghr\u00e9igis a scr\u00edobhadh Gn\u00edomhartha na\nnAspal agus is <em>pentecostes<\/em>. \u201can\ncaogad\u00fa\u201d a tugadh ar an l\u00e1 ansin, is \u00e9 sin le r\u00e1 an caogad\u00fa l\u00e1 tar \u00e9is na\nC\u00e1sca. An Laidin a bheadh ar an bhfocal \u201ccaogad\u00fa\u201d n\u00e1 <em>Quinquagesima<\/em>, agus bh\u00ed sin mar theideal ar an bhf\u00e9ile in amanta in\nEaglais an Iarthair. As an bhfocal Laidine sin a th\u00e1inig ainm na f\u00e9ile seo\nisteach sa Ghaeilge \u2013 sa Sean-Ghaeilge \u201ccingciges\u201d, a athraigh tr\u00ed sh\u00e9imhi\u00fa agus\nchailli\u00faint an \u201cg\u201d deiridh go dt\u00ed Cinc\u00eds na Nua-Ghaeilge. Ceann \u00e9 de thr\u00ed\nfh\u00e9ile na nGi\u00fadach an Pentecostes, an Chinc\u00eds, a bh\u00ed le ceili\u00faradh le soll\u00fantas\nfaoi leith. An ch\u00e9ad cheann d\u00edobh n\u00e1 an Ch\u00e1isc. F\u00e9ile na Cinc\u00edse ag na Gi\u00fadaigh\ni dt\u00fas b\u00e1ire is d\u00f3cha gur f\u00e9ile an fh\u00f3mhair a bh\u00ed ann, agus an t-arbhar aib\u00ed.\nIn aimsir Chr\u00edost is cos\u00fail go raibh bronntanas an Dl\u00ed \u00f3 Dhia do Mhaois \u00e1\ncheili\u00faradh ann.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Teacht an Spioraid Naoimh ar na\nhAspail agus ar an eaglais, amhail deascabh\u00e1il Chriost go deasl\u00e1mh an Athar (a\ncheili\u00faramar an Domhnach seo caite) is f\u00edrinne, r\u00fandiamhair, \u00e9 ar f\u00e9idir a\nl\u00e9iri\u00fa mar sin, mar r\u00fandiamhair, n\u00f3 a r\u00edomhadh mar eachtra le h-aireacht\u00e1il le\nc\u00e9adfa\u00ed na colainne. De r\u00e9ir shoisc\u00e9al Naomh Eoin (Eoin 20:22) bhronn \u00cdosa an\nSpiorad Naomh ar na hAspail (aon aspail d\u00e9ag) Domhnach C\u00e1sca f\u00e9in, sa seomra\nuachtarach agus na doirse faoi ghlas. Sa l\u00e9acht seo inniu t\u00e1 L\u00fac\u00e1s ag cur s\u00edos\nar thosach na hEaglaise agus an mhisin Chr\u00edosta\u00ed do na Gi\u00fadaigh agus don domhan\nm\u00f3r.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Sa l\u00e9acht \u00e1irithe seo inniu t\u00e1 dh\u00e1\nradharc. Sa ch\u00e9ad cheann deirtear go raibh \u201csiad go l\u00e9ir le ch\u00e9ile ar aon\nl\u00e1thair\u201d. Is d\u00f3cha gurb iad na hAspail, na mn\u00e1 \u00e1irithe, maraon le Muire m\u00e1thair\n\u00cdosa agus br\u00e1ithre \u00cdosa, at\u00e1 i gceist agus iad f\u00f3s sa seomra uachtarach, faoi\nghlas, ar eagla na nG\u00ed\u00fadach, agus iad ag gu\u00ed gan staonadh le teacht an Spioraid\na gheall \u00cdosa d\u00f3ibh roimh imeacht uathu d\u00f3. Athraigh c\u00farsa\u00ed go tobann le teacht\nan Spioraid orthu. Baineann L\u00fac\u00e1s feidhm as \u00edomh\u00e1nna traidisi\u00fanta le seo a\nl\u00e9iri\u00fa: s\u00e9ide\u00e1n gaoithe m\u00f3ire agus tine. Siombal at\u00e1 an labhairt i dteangacha\ndifri\u00fala, b\u2019fh\u00e9idir, ar an chumhacht nua chun an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt. Tabharfaidh\nan Spiorad deimhni\u00fa inmhe\u00e1nach d\u00f3ibh faoi Chr\u00edost agus an dualgas a leag s\u00e9\northu.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00f3gann an dara radharc taobh amuigh\nden seomra uachtarach sinn. C\u00e9ad seanm\u00f3ireacht an tsoisc\u00e9il at\u00e1 ann agus bun\u00fa\nna hEaglaise. Don fh\u00e9ile sin bheadh Gi\u00fadaigh chr\u00e1ifeacha \u00f3 gach cearn den\nimpireacht R\u00f3mh\u00e1nach in Iar\u00fasail\u00e9im. Tugann L\u00fac\u00e1s liosta d\u00edobh ar threo\ntuathail, \u00f3n oirthear siar: P\u00e1irtigh agus eile (\u00f3n Iar\u00e1in agus Iar\u00e1ic an lae\ninniu), an tuaisceart (T\u00fairc an lae inniu), an tIarthar, an \u00c9igipt agus c\u00f3sta\nthuaisceart na hAifrice, chomh maith leis an R\u00f3imh. B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil L\u00fac\u00e1s\nag f\u00e9achaint ar an Chinc\u00eds sin mar athr\u00fa ioml\u00e1n ar Th\u00far Bhaib\u00e9il. Ar aon chuma,\nle teacht sin an Spioraid t\u00e1 t\u00fas curtha le misean na hEaglaise don domhan m\u00f3r.<\/p>\n\n\n\n<p>Salm le\nFreagra (Salm 103[104]. <em>Cuir amach do\nSpiorad, a Thiarna, agus d\u00e9an aghaidh na tal\u00fan a athnuachan.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(R\u00f3mh\u00e1naigh\n8:8-17). <em>An mhuintir a mb\u00edonn Spiorad D\u00e9\n\u00e1 dtreor\u00fa is clann ag Dia iad. <\/em>Sa litir seo chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh cuireann\nP\u00f3l go minic \u201ccolainn\u201d i gcodarsnacht le \u201cspiorad\u201d. Leis an bhfocal \u201ccolainn\u201d\n(agus an aid\u00edocht \u201ccolla\u00ed\u201d) n\u00ed h\u00ed an cholainn mar bhall den n\u00e1d\u00far daonna at\u00e1 i\ngceist aige ach an n\u00e1d\u00far daonna go hioml\u00e1n sa mh\u00e9id is at\u00e1 s\u00e9 lag,\nleithleasach, tugtha d\u00e1 leas fein amh\u00e1in, an cholainn tugtha do ainmhianta\npeac\u00fala. T\u00e1 mion-chur s\u00edos ag P\u00f3l ar seo sa chaibideal roimhe seo (caibideal\n7). Nuair is \u00e1il leis an n\u00e1d\u00far lag seo an mhaith a dh\u00e9anamh is \u00e9 an t-olc a\nbh\u00edonn ina ghaobhar (R\u00f3mh 7:21). Creideamh agus r\u00fandiamhair Chr\u00edost n\u00ed hamh\u00e1in\ngo dtugann siad f\u00eds nua ar an \u201ccholainn\u201d, an saol abhus agus sa ts\u00edorra\u00edocht\nach f\u00f3s tr\u00ed chumhacht, tr\u00ed ghr\u00e1sta, an Spioraid Naoimh, tugann siad an neart\nmaireacht\u00e1il d\u00e1 r\u00e9ir. An n\u00e1d\u00far lag seo ar a thugann P\u00f3l \u201ccorp\u201d, \u201ccorp b\u00e1smhar\u201d,\n\u201ccolainn\u201d air, an n\u00e1d\u00far seo gona ainmhianta, t\u00e1 s\u00e9 contr\u00e1rthach don bheatha\nChr\u00edosta\u00ed, neamhinni\u00falach lei. An bheatha nua inmhe\u00e1nach de r\u00e9ir ghairm D\u00e9,\nbronntanas \u00f3n Spiorad Naomh \u00ed; aonta\u00edonn s\u00ed le Dia sinn tr\u00ed bheatha nua.\nCumhacht sin D\u00e9 a bh\u00ed ag feidhmi\u00fa in ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus ina a dheascabh\u00e1il, an\nr\u00fandiamhair ar a raibh caint an Domhnach seo caite, t\u00e1 s\u00ed ag feidhmi\u00fa chomh\nmaith sna creidmhigh ag tabhairt beatha nua abhus agus sa ts\u00edorra\u00edocht. Is \u00e9 an\nSpiorad a thugann an fh\u00edorbheatha inmhe\u00e1nach. Mar a mheabhra\u00edonn P\u00f3l d\u00fainn: \u201cAn\nmhuintir a mb\u00edonn Spiorad D\u00e9 \u00e1 dtreor\u00fa is clann ag Dia iad\u201d. M\u00faineann an\nSpiorad \u00e1r n-uaisleacht Chr\u00edosta\u00ed d\u00fainn. Tugann s\u00e9 le fios d\u00fainn gur mac n\u00f3\nin\u00edon le Dia gach duine againn, faoi mar is Mac D\u00e9 \u00cdosa f\u00e9in, ag glaoch ar a\nAthair mar a rinne s\u00e9 i Geits\u00e9amana\u00ed (Marcas 4:16; Galataigh 4:6), \u201cAbba, A Athair\u201d,\nleis an bhfocal Airimise <em>Abba,<\/em>\n\u201cAthair\u201d. T\u00e1 an ghl\u00f3ir i nd\u00e1n d\u00fainn in bhfochair Chr\u00edost; is oidhr\u00ed D\u00e9 sinn ina\ntheannta, ach n\u00ed gan dua: n\u00ed m\u00f3r d\u00fainn bheith p\u00e1irteach ina ph\u00e1is, le bheith\np\u00e1irteach ina ghl\u00f3ir.<em><\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Malairt Dara L\u00e9achta <\/em>(1 Corantaigh 12:3-7, 12-13). <em>San aon Spiorad amh\u00e1in is ea a baisteadh\nisteach in aon chorp amh\u00e1in sinn go l\u00e9ir. <\/em>Cuireann t\u00e9acsanna an Tiomna Nua\ns\u00edos i sl\u00edte \u00e9ags\u00fala ar r\u00f3l l\u00e1rnach an Spioraid Naoimh i mbeatha an duine\naonair agus i mbeatha na hEaglaise ina hioml\u00e1ine. Tugtar ainmneacha \u00e9ags\u00fala ar\nan bpearsa dhiaga sin chomh maith, ina measc i Soisc\u00e9al Naomh Eoin an S\u00f3l\u00e1sa\u00ed,\nan Paracl\u00e9id, an t-abhc\u00f3ide a thugann deimhne inmhe\u00e1nach faoina gcreideamh do\nna f\u00edr\u00e9in i gcoinne freas\u00fara agus g\u00e9arlean\u00fana. I scr\u00edbhinn\u00ed eile den Tiomna Nua\ntugtar air Spiorad \u00cdosa, Spiorad an Chr\u00edost ais\u00e9irithe agus ghl\u00f3irithe, a\nthugann t\u00edolactha\u00ed \u00e9ags\u00fala agus carasma\u00ed faoin Eaglais d\u00e1 baill. I l\u00e9acht an\nlae inniu tugann P\u00f3l liosta de roinnt de na t\u00edolactha\u00ed sin. Ar t\u00fas t\u00e1 t\u00edolacadh\nan chreidimh, is \u00e9 sin le r\u00e1 a admh\u00e1ileann gurbh \u00e9 \u201c\u00cdosa an Tiarna\u201d. Admh\u00e1il\nchreidimh an-luath \u00ed seo, ceann at\u00e1 tr\u00e9an le br\u00ed. Ionann \u00ed agus a admh\u00e1il go\nbhfuil \u00cdosa \u00e9irithe \u00f3 na mairbh, ina shu\u00ed ar dheasl\u00e1mh an Athar agus go dtugann\ns\u00e9 bronntanas an Spioraid Naoimh ar an Eaglais. Ardbhronntanas an Spioraid Naoimh\n\u00e9 an creideamh. Ansin tugann P\u00f3l le fios go bhfuil r\u00f3lanna \u00e9agsula le l\u00edonadh\nsa chomhluadar Cr\u00edosta\u00ed agus tugann an Spiorad Naomh t\u00edolactha\u00ed \u00e9ags\u00fala le sin\na thabhairt chun cr\u00edche. Leagann s\u00e9 b\u00e9im ar seo, nach do leas an duine aonair\namh\u00e1in iad seo, ach do leas an chomhluadair ina ioml\u00e1ine, leas na hEaglaise. Ag\nr\u00e1 sin d\u00f3 d\u00e9anann s\u00e9 compar\u00e1id idir an pobal Cr\u00edosta\u00ed agus an corp daonna, ina\nchomhl\u00e1na\u00edonn baill \u00e9ags\u00fala an choirp a ch\u00e9ile. Cuireann an baisteadh Cr\u00edosta\u00ed\nb\u00e9im ar an aontacht seo, ina ghlacann gach aoinne an Spiorad c\u00e9anna, nach\nbhfuil \u00e1it ann do dhifr\u00edochta\u00ed maidir le st\u00e1das soisialta, daor n\u00f3 saor,\nscl\u00e1bha\u00ed n\u00f3 cathr\u00f3ir.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin\n20:19-23). <em>Amhail mar a chuir an tAthair\nuaidh mise, t\u00e1imse do bhur gcursa uiaim freisin. Glacaig\u00ed an Spiorad Naomh. <\/em>Tharla\nan eachtra seo tr\u00e1thn\u00f3na Dhomhnach C\u00e1sca, an l\u00e1 f\u00e9in inar \u00e9irigh \u00cdosa \u00f3 na\nmairbh. D\u00edreach roimh an sliocht seo bh\u00ed cuntas ag Eoin faoi mar a theaspe\u00e1in\n\u00cdosa ais\u00e9irithe \u00e9 f\u00e9in do Mh\u00e1ire Mhaigdil\u00e9ana go luath\nmaidin C\u00e1sca, \u00e1 r\u00e1 lei an sc\u00e9al sin a thabhairt d\u00e1 bhr\u00e1ithre, agus rinne M\u00e1ire\nsin do na deisceabail. Ansin tr\u00e1thn\u00f3na an lae sin thaispe\u00e1in \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in d\u00e1\ndheisceabail, agus iad taobh istigh de dhoirse iata, ar eagla d\u00e1 naimhde. Ag\nteacht tr\u00edd na doirse iata l\u00e9irigh \u00cdosa go raibh corp ais\u00e9irithe aige, ach an\ncorp inar cuireadh chun b\u00e1is \u00e9 ar an gcrois, leis na cr\u00e9achta ina l\u00e1mha agus a\ncliath\u00e1n. \u00d3c\u00e1id shol\u00fanta \u00ed seo ina thugann \u00cdosa \u00fadar\u00e1s do na deisceabail a bh\u00ed\nrognaithe aige lean\u00faint lena mhisean ar talamh. Bh\u00ed lean\u00fanachas le bheith ann\nidir an misean a bh\u00ed faighte ag \u00cdosa \u00f3na Athair agus a misean si\u00fad tugtha d\u00f3ibh\nag \u00cdosa f\u00e9in. D\u2019an\u00e1laigh \u00cdosa orthu, agus t\u00e1id anois amhail a bheith baiste sa\nSpiorad Naomh mar bhar\u00e1ntas go bhfuil siad ag lean\u00faint le misean \u00cdosa f\u00e9in.\nFuair \u00cdosa b\u00e1s ar son maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed. Mar a d\u00fairt s\u00e9 sna briathra at\u00e1 againn\ni gcoisreacan an Aifrinn: bh\u00ed a chuid fola le dortadh chun maithi\u00fanas na\nbpeaca\u00ed. Anois, an tr\u00e1thn\u00f3na sin Domhnach C\u00e1sca, le bronntanas an Spioraid\nNaoimh leanfar ar aghaidh leis an obair shl\u00e1naithe sin tr\u00edna dheisceabail agus\nan Eaglais.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Malairt Shoisc\u00e9il (<\/em>Eoin 14:15-16, 23-26). <em>Iarrfaidh m\u00e9 m\u2019Athair \u00e9, agus tabharfaidh s\u00e9\nCabhr\u00f3ir eile daoibh.<\/em><em> <\/em><em>Cuirfidh an Spiorad Naomh i gcuimhne\ndaoibh ar inis m\u00e9 daoibh.<\/em><em> <\/em>Cuid de aitheasc \u00cdosa ag f\u00e1gaint\nsl\u00e1in ag a dheisceabail at\u00e1 anseo. I gcionn tamaill bhig n\u00ed bheidh s\u00e9 le\nfeice\u00e1il a thuilleadh ag an domhan gan creideamh (\u201can saol\u201d mar a thugann an\nSoisc\u00e9al seo air) lena s\u00faile cinn. Ach beidh \u00cdosa f\u00f3s le feice\u00e1il ag na\ndeisceabail; beidh radharc acu air, de bharr bhronntanas an chreidimh. I sl\u00ed,\ngan \u00cdosa, bheadh na deisceabail mar dh\u00edlleachta\u00ed, ach n\u00ed mar sin a bheidh, mar\ntiocfaidh \u00cdosa ar ais chucu i sl\u00ed nua, le c\u00f3na\u00ed iontu agus iad a aont\u00fa leis an\nAthair. Geallann \u00cdosa go bhfuil s\u00e9 chun paraicl\u00e9id eile a thabhairt d\u00f3ibh. An\nfocal Gr\u00e9igise sin <em>parakletos,<\/em> t\u00e1\nbr\u00edonna \u00e9ags\u00fala ar f\u00e9idir a bhaint as. An ceann is bun\u00fasa\u00ed n\u00e1 abhc\u00f3ide, neach a\ndh\u00e9anfadh iad a chosaint i gc\u00fairt dl\u00ed nuair a bheadh l\u00edomhaint\u00ed \u00e1 nd\u00e9anamh ina\ngcoinne. Nuair a bh\u00ed \u00cdosa f\u00e9in leo ba pharaicl\u00e9id d\u00f3ibh \u00e9. Sin \u00e9 an f\u00e1th go\nndeireann s\u00e9 go bhfuil s\u00e9 le abhc\u00f3ide eile a chur chucu. An Spiorad Naomh at\u00e1 i\ngceist ag \u00cdosa. Mar aon leis an bhr\u00ed abhc\u00f3ide, is f\u00e9idir an focal c\u00e9anna a\nthuiscint mar Chosant\u00f3ir, mar Chabhr\u00f3ir, agus S\u00f3l\u00e1sa\u00ed. Is istigh i gcoinsias na\ngcreidmheach, na ndeisceabal, a bheidh an t-abhc\u00f3ide, an Cosant\u00f3ir, an\nCabhr\u00f3ir, an S\u00f3l\u00e1sa\u00ed, ag feidhmi\u00fa, agus is \u00e9 \u201can saol\u201d, lucht an dichreidimh,\nna c\u00faiseoir\u00ed. Leagann \u00cdosa an-bh\u00e9im ar an ghr\u00e1 d\u00f3. N\u00ed rud teib\u00ed an gr\u00e1 sin.\nIonann \u00e9 agus a aitheanta a choinne\u00e1il. Do Shoisc\u00e9al seo Eoin t\u00e1 dh\u00e1 aithne ag\n\u00cdosa: creideamh ann agus gr\u00e1 \u2013 gr\u00e1 d\u00f3 agus don chomharsa. Aonta\u00edonn na\nhaitheanta sin an deisceabal le h\u00cdosa agus leis an&nbsp; Athair \u2013 gr\u00e1 a thugann tuiscint ar \u00cdosa, a\nthaispe\u00e1nfaidh \u00e9 f\u00e9in d\u00f3 \u2013 i gcaidreamh diamhair. Labhr\u00e1ionn an l\u00e9acht faoin ngr\u00e1 at\u00e1 ag \u00cdosa d\u00e1\ndheisceabail agus d\u00e1 Athair, agus faoi ghr\u00e1 an Athar d\u00f3ibh si\u00fad.T\u00e1 siad go l\u00e9ir\naontaithe i mbriathar \u00cdosa, sa Pharacl\u00e9id, sa chabhr\u00f3ir, san abhc\u00f3ide, sa\nchosant\u00f3ir, sa Spiorad Naomh a bhfuil an tAthair le seoladh chucu. Leagtar b\u00e9im\nmh\u00f3r ar \u201cbhriathar\u201d, n\u00f3 \u201cbriathra\u201d \u00cdosa. T\u00e1 br\u00ed throm leis an bhfocal \u00e1irithe seo\nanseo. Ionann briathar \u00cdosa agus a aithne, aithne le creideamh a bheith in \u00cdosa\nf\u00e9in agus gr\u00e1 a thabhairt d\u00e1 cheile, gr\u00e1 an chomharsa. Is Paracl\u00e9id eile an Spiorad Naomh. Is nasc \u00e9 idir na\ndeisceabail agus \u00cdosa. M\u00fainfidh s\u00e9 gach rud d\u00f3ibh, faoina d\u00fairt \u00cdosa agus na\nt\u00e1tail at\u00e1 le baint astu maidir le creideamh in \u00cdosa agus san Eaglais, ach freisin\nmaidir lena gcur i gcr\u00edch le gr\u00e1 \u00cdosa f\u00e9in. F\u00e1gann \u00cdosa le huacht d\u00e1\ndheisceabail a sh\u00edoch\u00e1in, s\u00edoch\u00e1in chro\u00ed a thagann mar bhronntanas an Spioraid\nNaoimh, bronntanas \u00f3 \u00cdosa anois ar dheis an Athar, s\u00edoch\u00e1in nach f\u00e9idir le\ncruatan n\u00e1 g\u00e9arlean\u00faint ar bith a bhaint d\u00edobh, n\u00f3 de lucht lean\u00fana \u00cdosa ar\nfeadh na staire. C\u00fais \u00e1thais, mar sin, filleadh \u00cdosa ar an Athair.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. <em>An B\u00edobla: Machnamh\nagus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>An Spiorad Naomh, F\u00e9ini\u00falacht chine agus\nchreidimh<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Crutha\u00edonn an Spiorad Naomh muintearas\nidir na creidmhigh in \u00cdosa, \u00cdosa f\u00e9in agus an Athair s\u00edos tr\u00edd an stair. Tugann\ns\u00e9 le tuiscint d\u00f3ibh gur clann don Athair iad. Foils\u00edonn s\u00e9 d\u00f3ibh gl\u00f3ir \u00cdosa,\nf\u00eds den bheatha is dual don duine daonna, agus spreagann s\u00e9 an Eaglais bheith\ndeimhin de sin, bheith bunaithe sa chreideamh, bheith deimhin den bhf\u00e9ini\u00falacht\nChr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1\nf\u00e9ini\u00falacht chine ann leis, &nbsp;agus ar\nuairibh ionann \u00ed agus f\u00e9ini\u00falacht chreidimh, nuair a bh\u00edonn an creideamh c\u00e9anna\nag an cine go l\u00e9ir agus an cine faoi bhr\u00fa \u00f3n dtaobh amuigh. I gc\u00e1s mar sin\nt\u00f3gtar an creideamh mar chuid den chine agus n\u00ed bhionn aon teannas idir Eaglais\nagus an st\u00e1t. Is mar sin a bh\u00ed in \u00c9irinn roimh neamhsple\u00e1chas d\u00ed agus i\nmblianta tosaigh an st\u00e1it nua. Is mar sin at\u00e1 f\u00f3s sa Ghr\u00e9ig. Baol m\u00f3r at\u00e1 ag\ngabh\u00e1il leis seo n\u00e1 go leigtear i ndearmad gur r\u00fandiamhair go bun\u00fasach \u00ed an\nEaglais agus nach eagras cine, agus nach bhfuil daoine r\u00e9idh teacht i ngleic le\nathraithe i meon daoine n\u00f3 sa t-socha\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; In\n\u00c9irinn anois t\u00e1 an r\u00e9 sin thart agus n\u00ed m\u00f3r do phobal na hEaglaise abhus\nf\u00e9ini\u00falacht chreidimh a choth\u00fa, eolas n\u00edos fearr a chur ar a n-oidhreacht\nchreidimh agus meas a bheith acu uirthi, faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh, an\ntAbhc\u00f3id, Spiorad na f\u00edrinne a thabharfaidh gl\u00f3ir do Chr\u00edost tr\u00ed chreideamh beo\nna hEaglaise.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-771","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/771","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=771"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/771\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":772,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/771\/revisions\/772"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=771"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=771"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=771"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}