{"id":774,"date":"2019-06-11T06:53:32","date_gmt":"2019-06-11T06:53:32","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=774"},"modified":"2019-06-11T06:53:32","modified_gmt":"2019-06-11T06:53:32","slug":"16-meitheamh-2019-c-soluntas-na-trionoide-ronaofa","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=774","title":{"rendered":"16 Meitheamh  2019 (C) Sol\u00fantas na Tr\u00edon\u00f3ide R\u00f3naofa"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn\nMac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh\nagus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>R\u00fandiamhair na Tr\u00edon\u00f3ide R\u00f3naofa agus\nR\u00fandiamhair na hEaglaise<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don\nbheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Seanfhocail 8:22-31). <em>Sular crutha\u00edodh an domhan, rugadh an Eagna.\n<\/em>Is \u00f3 Leabhar na Seanfhocal, ceann de leabhair na hEagna, an l\u00e9acht seo, an\nleabhar is sine de na leabhair \u00e1irithe sin. Cinn eile d\u00edobh sa Biobla n\u00e1\nEcclesiastes (C\u00f3heilit), Ecclesiasticus (Leabhar Sh\u00edorach) agus Leabhar na\nhEagna. Ba chuid dh\u00edlis den neas-Oirthear (an \u00c9igipt agus an Mheaspat\u00e1im ach go\nh\u00e1irithe) litr\u00edocht na hEagna. Rud suntasach faoi luath-litr\u00edocht na heagna sa\nBh\u00edobla n\u00e1 go mbuna\u00edonn s\u00ed a fianaise agus a cuid t\u00e1tall ar an taith\u00ed dhaonna,\nar na c\u00e9adfa\u00ed, seachas ar Chonradh D\u00e9 le hIosrael. B\u2019ionann an luath-eagna\u00edocht\nagus cumas: cumas scr\u00edbhneoireachta, eala\u00edona, comhleoireachta, plean\u00e1la i\ngc\u00farsa\u00ed polait\u00edochta agus mar sin de. Rud daonna a bh\u00ed ann, agus ar uairibh b\u2019fh\u00e9idir\niarracht de ghliocas ag baint lei. Sa r\u00e9 sin n\u00edor luadh le Dia \u00ed. N\u00edor d\u00faradh\ngo raibh Dia eagna\u00ed. Bhain an eagna, an eagna\u00edocht, chomh maith le cursa\u00ed\ncogaidh agus conartha\u00ed idir st\u00e1it. Nuair a chuaigh c\u00farsa\u00ed st\u00e1it i l\u00e9ig in\nIosrael th\u00e1inig claochl\u00fa ar an dtuiscint faoin eagn\u00e1iocht. N\u00edorb rud daonna\namh\u00e1in \u00ed feasta. Bh\u00ed Dia eagna\u00ed, le plean sl\u00e1naithe aige d\u00e1 phobal agus don\ndomhan. Rinneadh an eagna (ainm baininscneach) a phearsant\u00fa agus sa l\u00e9acht seo\nt\u00e1 an Bhean Uasal Eagna \u00e1 moladh f\u00e9in agus ag craobhscao\u00edleadh a h\u00e1it sa\ncrutha\u00edocht do gach aoinne at\u00e1 r\u00e9idh le cluas a thabhairt d\u00ed. Deireann an Bhean\nUasal Eagna go raibh s\u00ed le Dia an Cruthaitheor sul a raibh aon saol ann. Cuireann\nan t\u00e9acs s\u00edos ar chruth\u00fa na cruinne i sl\u00ed fhileata at\u00e1 \u00e9ags\u00fail \u00f3n cheann a\nbhfuil taith\u00ed againn air \u00f3 Leabhar Genesis. Bh\u00ed \u00e9ags\u00falacht in Iosrael agus sa\nNeas-Oirthear faoi sin. Bhain an Bhean Uasal Eagna taithneamh as obair D\u00e9 sa\ncruth\u00fa agus ba gheal lei bheith in agallamh leis an gcine daonna faoi. Ceist a\nchuireann scol\u00e1ir\u00ed an Bhiobla orthu f\u00e9in n\u00e1 cad \u00ed an tuiscint bheacht a bh\u00ed ag\n\u00fadar an t\u00e9acs seo faoi cad ba chiall bheacht leis an dt\u00e9arma \u201cEagna\u201d. Measann cuid\nacu gur plean inmhe\u00e1nach na cruinne at\u00e1 inti. F\u00f3gra\u00edonn s\u00ed uaithi f\u00e9in gl\u00f3ir agus\neagna D\u00e9. Ar aon chuma roghna\u00edtear an sliocht \u00e1irithe seo don Fh\u00e9ile seo inniu\nmar an m\u00e9id adeirtear anseo faoin Bhean Uasal Eagna cuirtear i leith Chr\u00edost \u00e9\nsa Tiomna Nua: is tr\u00edd a crutha\u00edodh an uile n\u00ed.<\/li><\/ul>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 8). <em>A\nThiarna, \u00e1r dTiarna, nach \u00e9achtach \u00e9 d\u2019ainm ar fud na cruinne!<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em>\n(R\u00f3mh\u00e1naigh 5:1-5). <em>Chuig Dia tr\u00ed Chr\u00edost\nsa ghr\u00e1 a thug an Spiorad d\u00fainn<\/em>. Is \u00e9 seo Domhnach na Tr\u00edon\u00f3ide agus\nroghna\u00edodh an l\u00e9acht \u00e1irithe seo toisc gur luaitear ann Dia (an tAthair), \u00cdosa\nCr\u00edost (an Mac) agus an Spiorad Naomh. N\u00ed m\u00f3r aird a thabhairt, mar sin f\u00e9in,\nar an dteagasc saibhir at\u00e1 sa l\u00e9acht. Tugtar le tuiscint ann go raibh an cine\ndaonna i naimhdeas le Dia de bharr an pheaca. Aithbhuna\u00edodh s\u00edoch\u00e1in agus\nmuintearas tr\u00ed chreideamh in \u00cdosa Cr\u00edost. I litreacha eile d\u00e1 chuid, &nbsp;t\u00e1 P\u00f3l glan i gcoinne mao\u00edmh, m\u00f3rtais, m\u00f3r\u00e1la\ndaonna, amhail is d\u00e1 mbeadh bun\u00fas ag aoinne bheith m\u00f3r\u00e1lach as a th\u00edolactha\u00ed n\u00f3\na lua\u00edochta\u00ed f\u00e9in i l\u00e1thair D\u00e9. Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 P\u00f3l fein ag ma\u00edomh, t\u00e1 s\u00e9\nm\u00f3r\u00e1lach, agus molann s\u00e9 do na Cr\u00edostaithe bheith m\u00f3r\u00e1lach, ach as gr\u00e1sta D\u00e9 a\ntugadh d\u00f3ibh, as an ghl\u00f3ir at\u00e1 in nd\u00e1n d\u00f3ibh, fi\u00fa as na triobl\u00f3idi a thagann as\nd\u00edlseacht do Chr\u00edost. As sin tagann foighne, d\u00f3chas agus d\u00edongbh\u00e1ilteacht;\nd\u00f3chas faoin ghl\u00f3ir le teacht, d\u00f3chas nach gcliseann toisc gr\u00e1 D\u00e9 agus\nbronntanas an Spioraid Naoimh i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an.<em><\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin 16:12-15). <em>An\nuile n\u00ed d\u00e1 bhfuil ag m\u2019Athair, is liomsa \u00e9. Is de &nbsp;mo chuidse a ghlacfaidh an Spiorad agus a\ninseoidh s\u00e9 daoibh. <\/em>Roghna\u00edodh an sliocht beag seo as Aitheasc Deiridh\nChriost do Fh\u00e9ile seo na Tr\u00edon\u00f3ide Naofa de bhr\u00ed go luann Cr\u00edost (an Mac) ann\nan tAthair agus an Spiorad Naomh. An teagasc agus an teachtaireacht at\u00e1 ann t\u00e1\nsiad ar aon dul leis na l\u00e9achta\u00ed \u00f3 Shoisc\u00e9al c\u00e9anna Eoin dona hAifrinn a bh\u00ed\nagainn do Dhomhnacha\u00ed deiridh na bliana seo do thr\u00e1th na C\u00e1sca agus do Dhomnach\nCinc\u00edse. Is feidir a thuilleadh eolais f\u00fathu a fh\u00e1il ansin agus na n\u00f3ta\u00ed a\nghabhann leis na l\u00e9achta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh\nagus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>R\u00fandiamhair na Tr\u00edon\u00f3ide R\u00f3naofa &nbsp;agus R\u00fandiamhair na hEaglaise<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Ceili\u00faraimid inniu f\u00e9ile na Tr\u00edon\u00f3ide Naofa n\u00f3 mar a thugtar\nuirthi go hoifigi\u00fail Sol\u00fantas na Tr\u00edon\u00f3ide Naofa. I sl\u00ed is rud teib\u00ed an\nTr\u00edon\u00f3id. Ar \u00e9igin go gcloisimid riamh ar dheabh\u00f3id don Tr\u00edon\u00f3id Naofa. Ach\nd\u00e1ir\u00edre is \u00ed an r\u00fandiamhair is m\u00f3 agus is doimhne de na r\u00fandiamhra Cr\u00edosta\u00ed \u00ed\nan Tr\u00edon\u00f3id. Th\u00f3g s\u00e9 na c\u00e9adta bliain, le earr\u00e1id\u00ed, eiriceachta\u00ed agus cur s\u00edos i\nndroch-fhoirml\u00ed le go dtiocfadh an Eaglais ar na foirml\u00ed faoin r\u00fandiamhair seo\nat\u00e1 againn inniu. An creideamh sa Tr\u00edon\u00f3id is creideamh \u00e9 in aon Dia amh\u00e1in i\ndtr\u00ed phearsa. Mar a cuirtear an teagasc sa <em>Caiticiosma\nna hEaglaise Caitlic\u00ed<\/em> (altanna 253-260) is Aon an Tr\u00edon\u00f3id. N\u00ed admha\u00edmid\ntr\u00ed d\u00e9ithe ach aon Dia amh\u00e1in i dtr\u00ed phearsa sa \u201cTr\u00edon\u00f3id chomhshubstainteach\u201d.\nN\u00ed roinneann na pearsana diaga an aon diagacht amh\u00e1in eatorthu, ach is Dia go\nhioml\u00e1n gach ceann d\u00edobh. T\u00e1 na pearsana diaga sin go hioml\u00e1n dealaithe \u00f3na\nch\u00e9ile.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 sin go\nl\u00e9ir s\u00e1thach deacair le tuiscint, ach tabharfaidh forbairt na ceiste tuiscint\nn\u00edos fearr d\u00fainn faoi cad t\u00e1 i gceist. Bheadh ar aon fhorbairt t\u00e1rlu taobh\nistigh den chreideamh Gi\u00fadach ar an aondiachas, monadiachas, is \u00e9 sin le r\u00e1\nnach bhfuil ann ach an t-aon Dia amh\u00e1in. Sa Tiomna Nua, agus sa Gi\u00fadachas chomh\nmaith, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed \u201cAthair\u201d a thabhairt ar an Dia sin. Ansin th\u00e1inig \u00cdosa agus\nd\u2019fh\u00f3gair s\u00e9 teacht r\u00edocht D\u00e9. Uair amh\u00e1in chuir s\u00e9 ceist ar a dheisceabail faoi\nthuairim an phobail, agus fao\u00edna dtuairim f\u00e9in, &nbsp;faoi. Thar cheann an D\u00e1r\u00e9ag d\u2019fhreagair Peadar\ngur mheasadar gurb \u00e9 an Meisias (an Cr\u00edost) \u00e9 (Marcas; L\u00fac\u00e1s, \u201cCr\u00edost D\u00e9\u201d;\nMatha, \u201cCr\u00edost Mac D\u00e9 Bheo\u201d). D\u2019oscail an t-ais\u00e9ir\u00ed agus a lean \u00e9 r\u00e9 nua i\ngcreideamh na gCr\u00edostaithe. Ba mh\u00f3 n\u00e1 duine daonna \u00cdosa anois. Bh\u00ed s\u00e9 ina shu\u00ed\nar dheis D\u00e9 mar Thiarna, is \u00e9 sin le r\u00e1 an t\u00e9 a sheolann an Spiorad Naomh ar an\nEaglais. Faoi dheireadh ch\u00e9ad thosaigh na Cr\u00edosta\u00edochta bh\u00ed adhradh \u00e1 thabhairt\ndo Chr\u00edost mar Dhia, mar at\u00e1 soil\u00e9ir \u00f3 chaibideal tosaigh Shois\u00e9al Eoin: \u201cAr\ndt\u00fas bh\u00ed an Briathar ann &#8230; agus ba Dhia an Briathar &#8230; Agus rinneadh feoil\nden Bhriathar agus ch\u00f3naigh s\u00e9 in\u00e1r measc\u201d. &nbsp;Gheall \u00cdosa go gcuirfeadh s\u00e9 an Spiorad Naomh,\nan Paraicl\u00e9id, an tAbhc\u00f3id, ar an Eaglais, agus le himeacht aimsire tugadh\nadhradh don Spiorad Naomh mar Dhia. Sa cheathr\u00fa c\u00e9ad cuireadh Cr\u00e9 Nic\u00e9 le\nch\u00e9ile chun adhradh do gach ceann de na tr\u00ed phearsa a l\u00e9iri\u00fa, taobh istigh den\nd\u00edlseacht ba dhual don aondiachas docht nach bhfuil ann ach aon Dia amhain.\nTheip ar Athracha na hEaglaise t\u00e9arma\u00ed cu\u00ed a fh\u00e1il sa Bh\u00edobla lena gcreideamh\nin \u00cdosa a l\u00e9iri\u00fa agus bhaineadar \u00fas\u00e1id as t\u00e9arma\u00ed reatha i bhfeals\u00fanacht na\nGr\u00e9ige: \u201ccomhshubstainteach leis an Athair\u201d. T\u00e1 an Chr\u00e9 sin againn i gc\u00f3na\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Sin an\nteagasc at\u00e1 teib\u00ed go leor, agus b\u2019fh\u00e9idir do dhaoine \u00e1irithe leamh go leor\nchomh maith. Ach n\u00ed mar sin don r\u00fandiamhair f\u00e9in. L\u00e9iri\u00fa \u00ed sin gur fhoilsigh\nDia d\u00fainn tr\u00ed \u00cdosa a bheatha inmhe\u00e1nach f\u00e9in, teist don ghr\u00e1 at\u00e1 aige d\u00fainn.\nAgus t\u00e1 an gr\u00e1 sin le l\u00e9amh go soil\u00e9ir i l\u00e9achta\u00ed an lae inniu. T\u00e1 beatha\ninmhe\u00e1nach sin D\u00e9 tugtha d\u00fainn mar eiseaml\u00e1ir don bheatha Chr\u00edosta\u00ed san\nEaglais. Tugann sin chun cuimhne an m\u00e9id a d\u00fairt \u00cdosa agus \u00e9 ag imp\u00ed ar a\nAthair roimh imeacht \u00f3n saol seo d\u00f3 (Eoin 17:20-24): \u201cN\u00ed ar a son sin amh\u00e1in\nat\u00e1im ag gu\u00ed, ach mar an gc\u00e9anna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tr\u00edna mbriathar,\nionas go mba aon iad go l\u00e9ir, faoi mar at\u00e1 tusa, a Athair, ionamsa agus mise\nionatsa, go mbeidis seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur\nchuir t\u00fa uait mise &#8230; A Athair, an mhuintir a thug t\u00fa dom, is mian liom, an\n\u00e1it ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad\nmo ghl\u00f3ir, an ghl\u00f3ir a thug t\u00fa dom; mar gur thug t\u00fa gr\u00e1 dom roimh chruth\u00fa an\ndomhain\u201d. T\u00e1 seo beagnach ag teacht lena deireann P\u00f3l sa litir chuig na\nR\u00f3mh\u00e1naigh, a bhfuil achoime de sa cheannteideal a ghabhann le dara l\u00e9acht an\nlae inniu: \u201cChuig Dia tr\u00ed Chr\u00edost sa ghr\u00e1 a thug an Spiorad d\u00fainn\u201d<em>. <\/em>D\u00e9anann an Spiorad Naomh i gcro\u00edthe na\nbhf\u00edr\u00e9an feasach sinn gur clann mhac agus clann in\u00edonacha sinn le Dia, glaoite\nchun maireacht\u00e1il de r\u00e9ir na h-on\u00f3ra sin i r\u00fandiamh\u00e1ir na hEaglaise. N\u00ed\nthuigtear an Eaglais i gceart muna fheictear uirthi mar r\u00fandiamhair, mar Chorp\nChr\u00edost, \u00e1 sti\u00faradh&nbsp; ag an Spiorad&nbsp; Naomh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-774","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/774","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=774"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/774\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":775,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/774\/revisions\/775"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=774"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=774"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=774"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}