{"id":784,"date":"2019-06-19T08:33:37","date_gmt":"2019-06-19T08:33:37","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=784"},"modified":"2019-06-19T08:34:19","modified_gmt":"2019-06-19T08:34:19","slug":"23-meitheamh-2019-c-soluntas-chorp-chriost","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=784","title":{"rendered":"23 Meitheamh 2019 (C) Sol\u00fantas Chorp Chr\u00edost"},"content":{"rendered":"\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae:\n<\/em><\/strong><em>Teachtaireacht na hEocairiste d\u00fainn inniu<\/em><em><\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar\nthreoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Genesis 14:18-20). <em>Thug Melcisedec ar\u00e1n agus f\u00edon amach. <\/em>T\u00e9acs\ngearr \u00e9 seo as chaibideal fada i leabhar Genesis, a chuireann s\u00edos ar ionradh\nr\u00edthe \u00f3n Oirthear, le cogadh a chur ar r\u00edthe eile in iarthar na Mara Mairbhe.\nTh\u00f3gadar an chreach a bh\u00ed uathu agus d\u2019im\u00edodar leo, ag togaint chomh maith Lot,\nmac dhearth\u00e1ir Abr\u00e1im (foirm luath de ainm Abrah\u00e1m), agus a chuid mhaoine. Murab\nionann agus an sc\u00e9al eile faoi Abrah\u00e1m agus na patrarca\u00ed sa Bh\u00edobla ina\nchuirtear i l\u00e1thair iad mar bhreac-fh\u00e1naithe, semi-nom\u00e1daigh, ci\u00fana, anseo is\ntrodaire m\u00edleata \u00e9 Abr\u00e1m, a leanann le f\u00f3rsa\u00ed d\u00e1 chuid r\u00edthe an Oirthir, faigheann\nan bua orthu, agus a thugann thar nais an chreach, agus Lot lena chuid mhaoine\nsan \u00e1ireamh. Ansin leanann sliocht r\u00fandiamhrach seo an lae inniu. Amach faoi\ndh\u00e9in Abr\u00e1im tagann Melcisedec, r\u00ed Se\u00e1l\u00e9m (ar a dtugadh Iar\u00fasail\u00e9im n\u00edos d\u00e9ana\u00ed\nis d\u00f3cha) agus sagart de Dhia Chan\u00e1n, ar a dtugadh \u201can Dia r\u00f3-ard\u201d (ar ghlac Abr\u00e1m\nleis gurb ionann \u00e9 agus an Dia ar thug s\u00e9 f\u00e9in om\u00f3s d\u00f3, Genesis 14:22). Thug\nAbr\u00e1m (\u201cthug s\u00e9\u201d at\u00e1 sa t\u00e9acs bunaidh) deach\u00fa, an deichi\u00fa chuid, de gach rud do\nMelcisedec. Figi\u00far r\u00fandiamhrach i dt\u00e9acs seo leabhair Genesis \u00e9 Melcisedec. Ach\nn\u00edos d\u00e9ana\u00ed i stair Iosrael t\u00f3gfar Melcisedec mar fhigi\u00far den r\u00ed D\u00e1iv\u00ed agus den\nMheisias (Salm 109[110]:4, a l\u00e9itear inniu mar Salm le Freagra), agus go m\u00f3r\nm\u00f3r sa Litir chuig na hEabhraigh 7:1-17.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 109[110]). <em>Is sagart th\u00fa go br\u00e1ch de r\u00e9ir ord\nMelcisedec<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>An Dara\nL\u00e9acht<\/em> (1 Corantaigh 11:23-26). <em>Gach uair a itheann sibh an t-ar\u00e1n seo agus\na \u00f3lann sibh as an gcail\u00eds seo, is \u00e9 b\u00e1s an Tiarna at\u00e1 \u00e1 fh\u00f3gairt agaibh. <\/em>Th\u00e1rla\nan Suip\u00e9ar D\u00e9anach, agus bun\u00fa na hEocairiste, sa bhliain 30 n\u00f3 33 iar-Chriost.\nDealra\u00edonn s\u00e9 gur cuireadh le ch\u00e9ile go luath insint\u00ed gearra de sin, de shaghas\nCr\u00e9. Ag scr\u00edobh d\u00f3 chuig na Corantaigh thart ar an bhliain 57, agus b\u2019fh\u00e9idir\nag tr\u00e1th na C\u00e1sca, tugann P\u00f3l d\u00fainn ceann de na h-insint\u00ed sin i l\u00e9acht an lae\ninniu. Deir P\u00f3l nach bhfuil s\u00e9 ach ag seachadadh oideas n\u00f3 teagasc a fhoghlaim\ns\u00e9 f\u00e9in \u201c\u00f3n Tiarna\u201d, teagasc a th\u00e9ann thar nais go hIosa f\u00e9in. Fuair P\u00f3l an\ntraidisi\u00fan seo faoin Eocairist \u00f3n Eaglais\nin Iar\u00fasail\u00e9im ina ch\u00e9ad chuairt ann sa bhliain 37 n\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir in Ant\u00edoch n\u00edos\ndeana\u00ed, thart ar an bhliain 49. Seo \u00e9 an cuntas i scr\u00edbhinn is aosta de bhun\u00fa\nna hEocairiste a bhfuil againn, n\u00edos aosta n\u00e1 an ceann i shoisc\u00e9al Marcas, a\nscr\u00edobhadh thart ar 70 iar-Chr\u00edost. Go bun\u00fasach is ionann a bhfuil sa t\u00e9acs seo\nagus sna Soisc\u00e9il (ach go bhfuil s\u00e9 n\u00edos c\u00f3ngara\u00ed do L\u00fac\u00e1s). An t-ar\u00e1n, gurb \u00e9\na chorp \u00e9, is i bp\u00e1irt, ar a son s\u00ed\u00fad a ghlacann \u00e9 at\u00e1 s\u00e9. Is \u00e9 an corp a\nc\u00e9asadh ar son sl\u00e1n\u00fa an chine dhaonna i gCailbhire \u00e9. D\u00fairt \u00cdosa glacadh a\nchoirp agus a chuid fola a dh\u00e9anamh i gcuimhne, mar chuimhneamh, air \u2013 le go\nmbeadh cuimhne ag na f\u00edr\u00e9in. agus fi\u00fa ag an Athair f\u00e9in, ar r\u00fandiamhair bh\u00e1s\nChr\u00edost. N\u00ed hamh\u00e1in cuimhneamh go bhfuair s\u00e9 b\u00e1s ach ar \u00e9ifeacht a bh\u00e1is agus a\nais\u00e9ir\u00ed, agus faoi mar at\u00e1 siad sin gn\u00edomhach san Eaglais, cuimhneamh do gach Cr\u00edosta\u00ed\nle beatha de r\u00e9ir na r\u00fandiamhaire a chaitheamh. Gach uair a ghlactar Comaoineach\nNaofa d\u00e9antar r\u00fandiamhair sin bh\u00e1s \u00cdosa a fh\u00f3g\u00e1irt tr\u00edd an stair s\u00edos go\ndtiocfaidh Cr\u00edost ar\u00eds.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 9:11-17). <em>D\u2019itheadar\nuile agus bh\u00edodar s\u00e1ch. <\/em>I mbliana tugtar an cuntas faoi bhun\u00fa na\nhEocairiste sa dara l\u00e9acht. Mar sin, mar l\u00e9acht don Soisc\u00e9al roghna\u00edtear t\u00e9acs\nat\u00e1 gaolmhar leis. Ba \u00e9 an Suip\u00e9ar D\u00e9anach an ceann deiridh dena b\u00e9il\u00ed a bh\u00ed ag\n\u00cdosa lena mhuintir agus le daoine san imeall. Bh\u00ed teachtaireacht ag na b\u00e9il\u00ed\nsi\u00fad i gc\u00f3na\u00ed agus gaol leis an Suip\u00e9ar D\u00e9anach. Cuntas faoi mhior\u00failt \u00cdosa ag\ntabhairt b\u00e9ile do ch\u00faig mh\u00edle duine at\u00e1 sa l\u00e9acht seo. An su\u00edomh don mhior\u00failt\nseo n\u00e1 na sluaite ag br\u00fa chuig \u00cdosa a fhearann f\u00e1ilte rompu, a labhra\u00edonn leo\nfaoi r\u00edocht D\u00e9 agus a leigheasann si\u00fad at\u00e1 breoite. Ansin athra\u00edonn an bh\u00e9im go\ndt\u00ed an fhadhb: conas bia a shol\u00e1thair don slua m\u00f3r sin. Cuireann na haspail\nceist ar \u00cdosa faoi, agus molann siad an slua scaoileadh uaidh. D\u2019\u00cdosa is cuid\nd\u00e1 theachtaireacht faoi r\u00edocht D\u00e9 bia a shol\u00e1thair don ochrach. T\u00e1 aithne\ncu\u00edosach maith ar mhior\u00failt seo \u00cdosa ar iolr\u00fa an ar\u00e1in. Feiceann L\u00fac\u00e1s n\u00edos m\u00f3\nann n\u00e1 an mhior\u00failt f\u00e9in. In a chuntas si\u00fad tugann an mhior\u00failt na hAspail chun\ntuiscint n\u00edos doimhne bheith acu ar phearsa agus misean \u00cdosa mar Mheisias D\u00e9\n(cuntas a leanann d\u00edreach ina dhiaidh, L\u00fac\u00e1s 9:18-22). Baineann L\u00fac\u00e1s \u00fas\u00e1id as\n\u00edomh\u00e1nna agus friotal teanga chun an gaol idir an mhior\u00failt seo agus bhun\u00fa na\nhEocairiste a thabhairt chun \u00e1r gcuimhne. Faoi mar a rinne s\u00e9 sa Suip\u00e9ar\nD\u00e9anach, dearcann \u00cdosa suas chun na bhflaitheas, beanna\u00edonn s\u00e9 an t-ar\u00e1n,\nbriseann agus tugann d\u00e1 dheisceabail lena roinnt. D\u00edreach tar \u00e9is gach\ncoisreacan san Aifreann f\u00f3gra\u00edtear r\u00fandiamhair an chreidimh. D\u2019iarr \u00cdosa f\u00e9in\norainn gach coiscreacan a chom\u00f3radh i gcuimhe, mar chuimhneamh, air, ar a bh\u00e1s\ndo shl\u00e1n\u00fa an domhain, ar an ghean agus an c\u00faram at\u00e1 aige d\u00f3ibh san at\u00e1 gan bia,\niad san ar an imeall agus i ng\u00e1tar ar bith eile.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Teachtaireacht\nna hEocairiste d\u00fainn inniu<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Ba \u00ed an Eocairist\nfoinse agus ceartl\u00e1r na Cr\u00edosta\u00edochta tr\u00edd na haoiseanna s\u00edos, agus f\u00f3s is mar\nsin at\u00e1. Tugann machnamh ar an r\u00fandiamhair chun cuimhnimh an t-\u00e9ileamh a\ndh\u00e9anann s\u00ed beatha Chr\u00edosta\u00ed d\u00e1 r\u00e9ir a chaitheamh, mar a dh\u00e9anann machnamh ar\n\u00cdosa Cr\u00edost f\u00e9in. Mar a luadh thuas, ba \u00e9 an Suip\u00e9ar D\u00e9anach an b\u00e9ile deiridh a\nith \u00cdosa lena mhuintir f\u00e9in, agus tugann s\u00e9 chun cuimhne intinn \u00cdosa sna b\u00e9il\u00ed\nsin, ag ithe leo si\u00fad a bh\u00ed san imeall agus a leith\u00e9id. Tugann \u00cdosa i Soisc\u00e9al\nMarcas cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar bhr\u00edonna iomad\u00fala na hEocairiste.\nTar \u00e9is mhior\u00failte iolr\u00fa an ar\u00e1in, in aistear farraige trasna Mhuir na Gail\u00edle,\nluann Marcas go raibh dearmad d\u00e9anta ag na hAspail ar\u00e1n a thabhairt leo,\nseachas aon bhuil\u00edn amh\u00e1in. Tugann \u00cdosa fol\u00e1ireamh d\u00f3ibh bheith aireach faoi\nghabh\u00e1il, giosta, \u00e9ags\u00fala. Mheas na hAspail gur ag tagairt a bh\u00ed s\u00e9 don easpa\nar\u00e1in a bh\u00ed acu, ach meabhra\u00edonn \u00cdosa d\u00f3ibh an mhior\u00failt ar iolr\u00fa an ar\u00e1in,\nagus tugann le cuimhne d\u00f3ibh an easpa tuisceana at\u00e1 acu ar an mhior\u00failt sin\n(Marcas 8:14-21). T\u00e9acs deacair le tuiscint \u00e9 sin, ach dealra\u00edonn s\u00e9 go bhfuil\n\u00cdosa ag tabhairt cuireadh don Eaglais agus d\u00fainn uile machnamh a dh\u00e9anamh ar a bheatha\nagus a shaol faoi mar ar thug s\u00e9 bia don chorp leis an ar\u00e1n a iolraigh s\u00e9, bia\ndon anam san Eocairist, a ch\u00faram orthu si\u00fad at\u00e1 sna himill agus faoi mh\u00edchumas\nde shaghas ar bith. Tugann an Eocairist na f\u00edrinn\u00ed sin go l\u00e9ir chun cuimhne.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; An t\u00e9ama a bh\u00ed ann don Chomhdh\u00e1il\nEocairisteach Idirn\u00e1isi\u00fanta i mBaile \u00c1tha Cliath i 2012 n\u00e1 \u201cAn Eocairist:\nComaoin le Cr\u00edost agus lena ch\u00e9ile\u201d. T\u00e1 sin ag teacht go h\u00e1lainn le liot\u00fairge\nAifreann an lae inniu. T\u00e1 Cr\u00edost beo san Eocairist mar fhoinse do chaidreamh, chomaoin,\nphearsanta le Dia agus lena ch\u00e9ile, mar chlann mhac agus chlann in\u00edonacha D\u00e9,\nbr\u00e1ithre agus deirfi\u00faracha \u00cdosa.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is r\u00fandiamhair dhomhain \u00ed l\u00e1ithreacht\nr\u00e9alta Chr\u00edost faoi ghn\u00e9ithe ar\u00e1in agus f\u00edona, nach glactar lei ach tr\u00ed\nchreideamh. N\u00ed inn\u00e9 n\u00e1 inniu a thosaigh an t-amhras faoi. Tar \u00e9is a sheanm\u00f3ra i\ngCafarn\u00e1um air f\u00e9in mar ar\u00e1n na beatha, bh\u00ed na Gi\u00fadaigh (n\u00e1r chreid ann) ag\naighneas le ch\u00e9ile \u00e1 r\u00e1: \u2018Conas is f\u00e9idir don duine seo a fheoil a thabhairt\nd\u00fainn le hithe?\u2019 Lean \u00cdosa ar aghaidh lena th\u00e9ama faoi f\u00e9in agus ar gclos na\ncainte d\u00e1 l\u00e1n d\u00e1 dheisceabail d\u00fairt siad: \u2018Is crua an chaint \u00ed seo, agus c\u00e9 a\nd\u2019fh\u00e9adfadh \u00e9isteacht lei?\u2019 Mar fhreagra d\u00fairt \u00cdosa: \u2018An bhfuil an m\u00e9id seo ina\ncheap tuisle agaibh? Ach cad \u00e9 m\u00e1 fheiceann sibh Mac an Duine (\u00cdosa f\u00e9in) ag\ndul suas mar a raibh s\u00e9 cheana?\u2019 Tharraing a l\u00e1n d\u00e1 dheisceabail siar, agus\nn\u00edor leanadar \u00e9 a thuilleadh (Eoin 6:52-66). &nbsp;Tuigimid r\u00fandiamhair na hEocraiste n\u00edos fearr\nm\u00e1 dheinimid machnamh uirthi i gcomth\u00e9acs \u00cdosa fior-Dhia agus f\u00edor-dhuine, a\ndheascabh\u00e1il chun na bhflaitheas agus \u00e9 ar dheasl\u00e1imh D\u00e9. Tr\u00edd na haoiseanna\ns\u00edos ghlac an Eaglais le briathra \u00cdosa ar an ar\u00e1n agus an f\u00edon, tar \u00e9is a\ngcoisreacan, bheith go f\u00edor, go r\u00e9alta, mar a chorp agus a fhuil, agus as sin\nlean an deabh\u00f3id don sacraimint r\u00f3-naofa. Sl\u00edte a ba iad ina chuir na f\u00edr\u00e9in in\ni\u00fal a gcreideamh do l\u00e1ithreacht r\u00e9alta \u00cdosa san Eocairist. Nuair a sh\u00e9anadh<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">an creideamh sin\nfaoi l\u00e1ithreacht Chr\u00edost ag Berengarius, dhearbhaigh and Eaglais sa bhliain\n1079 go nd\u00e9antar an t-ar\u00e1n agus f\u00edon a athr\u00fa go substaint\u00edul go Corp and Fuil\nCr\u00edost, a dhearbha\u00edodh ar\u00eds i gComhairle Trionta, teagasc at\u00e1 le f\u00e1il i g<em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed <\/em>(alt\n1413):<em> \u2018<\/em>Tr\u00edd an choisreacan cuirtear\ni gcr\u00edch tras-substainti\u00fa an ar\u00e1in agus an fh\u00edona i gCorp agus i bhFuil\nChr\u00edost\u2019.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 ceisteanna \u00e1 gcur go f\u00f3ill, ag an\naos \u00f3s agus iad sin nach bhfuil chomh h\u00f3g sin, faoi conas is f\u00e9idir linn\nfianaise \u00e1r s\u00fal a sh\u00e9anadh agus a r\u00e1 tar \u00e9is na coisreacan nach ar\u00e1n an t-aran\nach Corp Chr\u00edost agus nach f\u00edon an f\u00edon ach Fuil Chr\u00edost. Is seanaosta an\ncheist agus an freagra chuici, a tugadh faoi deara go mac\u00e1nta agus ar tugadh\nfreagra uirthi tar \u00e9is mhachnamh creidimh. T\u00e1 sampla deas againn de seo sa\nteagasc, caitic\u00e9is, a tugadh do nua-Chr\u00edostaithe&nbsp; tar \u00e9is a mbaiste in Iar\u00fasail\u00e9im sa cheathr\u00fa\nc\u00e9ad, ag a gcuid ceannair\u00ed creidimh. Sa chaitic\u00e9is seo deirtear go bhfeicimid\ntar \u00e9is na coisreacan an t-ar\u00e1n agus dealra\u00edonn s\u00e9 mar a bh\u00ed roimhe, agus ansin\ncuimhnimid ar bhriathra Chr\u00edost \u201cSeo \u00e9 mo Chorp\u201d,&nbsp; \u201cagus c\u00e9 sh\u00e9anfadh gurb \u00e9 a chorp \u00e9?\u201d Mar an\ngc\u00e9anna leis an bhf\u00edon agus briathra Chr\u00edost: \u201cSeo \u00ed mo chuid Fola\u201d. \u201cAn f\u00e9idir\nsin a sh\u00e9anadh?\u201d Is mar sin a bh\u00ed sna haoiseanna s\u00edos agus is mar sin at\u00e1 f\u00f3s\ninniu. T\u00e1imid i l\u00e1thair r\u00fandiamhaire. Admhaimid radharc na s\u00fal agus d\u00e9anaimid\nadmh\u00e1il chreidimh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-784","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/784","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=784"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/784\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":785,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/784\/revisions\/785"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=784"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=784"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=784"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}