{"id":806,"date":"2019-07-11T07:14:41","date_gmt":"2019-07-11T07:14:41","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=806"},"modified":"2019-07-11T07:15:49","modified_gmt":"2019-07-11T07:15:49","slug":"14-iuil-2019-c-cuigiu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=806","title":{"rendered":"14 I\u00fail 2019 (C) C\u00faigi\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an\nmB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don\nBheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an\nlae<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Aithne\nar \u00e1r n-oidhreacht Chr\u00edosta\u00ed agus m\u00f3r\u00e1lach aisti<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar\nthreoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Deotranaim\u00ed 30:10-14). <em>T\u00e1 an Briathar an-ghar duit le comhl\u00edonadh. <\/em>L\u00e9acht\nan lae inniu is \u00ed an mh\u00edr dheiridh \u00ed de aitheasc Mhaois ar Dhl\u00ed D\u00e9 do phobal\nIosrael. A bhfuil f\u00e1gtha de Leabhar Deotranaim\u00ed tar \u00e9is an aithisc, &nbsp;eachtra\u00ed deiridh de shaol Mhaois at\u00e1 ann. N\u00edos\nluaithe ina aitheasc seo do phobal Iosrael mheabhraigh Maois d\u00f3ibh an on\u00f3ir a\nbhronn Dia orthu nuair a fhoilsigh s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in d\u00f3ibh agus gur rinne s\u00e9 pobal ar leith\nd\u00edobh i measc n\u00e1isi\u00fan an domhain. Is fi\u00fa briathra sin Mhaois a thabhairt anseo\n(Deotranaim\u00ed 4:5-8):\u201cSeo mise ag teagasc\ndl\u00edthe agus reachtanna daoibh, mar a d\u2019aithin an Tiarna mo Dhia dom, le\ncomhl\u00edonadh agaibh sa t\u00edr ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabh\u00e1il air.\nCoime\u00e1daig\u00ed iad agus leanaig\u00ed iad, agus taispe\u00e1nfaidh siad bhur n-eagna agus\nbhur dtuiscint don saol. Nuair a chluinfidh siad faoi na dl\u00edthe seo go l\u00e9ir,\nd\u00e9arfaidh siad: \u2018Nach eagna\u00ed agus nach tuisceanach an dream an cine m\u00f3r seo!\u2019\nAgus c\u00e9n cine m\u00f3r at\u00e1 ann a bhfuil a nd\u00e9ithe chomh gar d\u00f3ibh agus at\u00e1 an Tiarna\n\u00e1r nDia d\u00fainne ach glaoch air? Agus c\u00e9n cine m\u00f3r a bhfuil comhfh\u00edr\u00e9an an dl\u00ed go\nl\u00e9ir, a chuir m\u00e9 romhaibh inniu, de dhl\u00edthe agus de reachtanna acu?\u201d. Ag\ndeireadh a aithisc filleann Maois ar an dt\u00e9ama c\u00e9anna. Tugann a aitheasc le\nfios nach raibh an pobal d\u00edlis don Dl\u00ed agus tugann s\u00e9 cuireadh d\u00f3ibh filleadh\nair. L\u00e1rphointe a bhfuil le r\u00e1 aige anseo n\u00e1 go bhfuil ar a gcumas an Dl\u00ed a\nchleachtadh agus go bhfuil an Dl\u00ed, an Briathar, ar eolas acu, go bhfuil teacht\nacu air. N\u00ed rud i bhfad i gc\u00e9in \u00e9, suas ar neamh n\u00e1 thar lear. T\u00e1 s\u00e9 an-ghar do\ngach duine acu, ina bh\u00e9al, ina chroi, \u201cle comhl\u00edonadh\u201d. Ach rud amh\u00e1in eolas ar\nan mBriathar, ar Dhl\u00ed, rud eile an neart sin a chur i gcr\u00edch. Is eol do Leabhar\nDeotranaim\u00ed\ngur theip ar Iosrael an Dl\u00ed, an conradh, a chomhl\u00edonadh agus gur th\u00e1inig\nd\u00edbheirg D\u00e9 orthu d\u00e1 bharr le scrios na cathrach naofa agus an deora\u00edocht. Ach\nt\u00e1 s\u00fail ag an Leabhar seo comh maith le aithr\u00ed \u00f3 thaobh Iosrael agus filleadh\nuaithi ar Dhl\u00ed D\u00e9. Ba \u00ed bunch\u00fais na faidhbe n\u00e1 laige an chro\u00ed dhaonna. Rinneadh\nmachnamh ar an fhadbh seo i r\u00e9 na deora\u00edochta agus iardheora\u00edochta i leabhair\nIrimia (Irimia 31:31-34) agus Ezic\u00e9il (Ezic\u00e9il 6:25-27), mar a fheictear ar\nleigheas na ceiste i gcro\u00ed nua agus i spiorad nua, Dl\u00ed D\u00e9 a bheith scr\u00edofa sa\nchro\u00ed istigh. I dt\u00e9acs l\u00e9acht an lae inniu deir Maois go bhfuil an Dl\u00ed, an\nBriathar, an-ghar, sa bh\u00e9al agus sa chro\u00ed lena chomhl\u00edonadh. T\u00e1 s\u00e9 sa bh\u00e9al mar\nbheadh s\u00e9 le haithris. \u00c1 r\u00e1 go raibh s\u00e9 sa chro\u00ed b\u2019fh\u00e9idir go bhfuil an t\u00e9acs\nag smaoineamh ar fh\u00e1istine de leith\u00e9id at\u00e1 le fail i leabhar Irimia. I\nR\u00f3mh\u00e1naigh 10:5-8 luann P\u00f3l t\u00e9acs seo Deotranaim\u00ed faoin Bhriathar a bheith i\nngar, sa bh\u00e9al agus sa chr\u00f3i, agus deir gurb ionann \u00e9 agus briathar an\nchreidimh at\u00e1 \u00e1 fh\u00f3gairt aige, ach f\u00e1gann s\u00e9 ar l\u00e1r na focail \u201cle comhl\u00edonadh\u201d:\nn\u00ed thagann comhl\u00edonadh agus gn\u00edomh \u00f3n n\u00e1d\u00far fein; n\u00ed m\u00f3r gr\u00e1sta D\u00e9. <\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 68[69]). <em>Cuardaigh an Tiarna, a dhaoine \u00edsle, agus athbheofar\nbh\u00far gcro\u00ed.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara\nL\u00e9acht<\/em> (Colasaigh 1:15-20). <em>Is tr\u00ed \u00cdosa agus is d\u00f3 a crutha\u00edodh gach aon\nn\u00ed.<\/em> Iomann \u00e1lainn \u00e9 seo ar ghradam, ar ardcheannas Chr\u00edost, n\u00f3 ar\nr\u00fandiamhair ardcheannas Chr\u00edost. Tosa\u00edonn P\u00f3l lena bhfuil le r\u00e1 aige faoi seo\nle urna\u00ed (Colasaigh 1:9-14) ina iarann s\u00e9 ar Dhia go dtabharfadh s\u00e9 do na Colasaigh\neolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spiorad\u00e1lta, ionas go mbeadh\nfor\u00e1s ar a gcuid dea-oibreacha agus m\u00e9ad\u00fa ar a n\u00ad-eolas ar Dhia. D\u2019aistrigh Dia\nna creidmhigh \u00f3n dorchadas isteach i r\u00edocht a mhic mhuirnigh, ina bhfuil\nfuascailt le f\u00e1il, maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed. Ansin leanann an t-iomann ar aghaidh ar\nghradam Chr\u00edost sa saol cruthaithe agus san eaglais, iomann a bhaineann \u00fas\u00e1id\nas \u00edomh\u00e1nna na heagna pearsantaithe sa Seantiomna (go h\u00e1irithe Seanfhocail caibideal\n8). Mar \u00edomh\u00e1 de Dhia, foils\u00edonn Cr\u00edost an Dia dofheicthe d\u00fainn go foirfe. Mar\nch\u00e9adghin, t\u00e1 t\u00fas \u00e1ite agus ardcheannas aige ar gach d\u00fail chruthaithe. Is tr\u00edd\nagus is d\u00f3 a crutha\u00edodh gach rud cruthaithe, ar neamh agus ar talamh (na gr\u00e1danna\n\u00e9ags\u00fala de na haingil san \u00e1ireamh, Tr\u00f3in agus eile). Mar a deirtear in \u00e1it eile\nsa Tiomna Nua (Eabhraigh 1:3), is tr\u00ed Chr\u00edost a choinn\u00edotar gach n\u00ed dl\u00faite le\nch\u00e9ile, coincheap de chuid fheals\u00fanacht na Gr\u00e9ige, at\u00e1 le f\u00e1il chomh maith sa\nSeantiomna (Eagna 1:3; Leabhar Sh\u00edorach 43:26). Mar a luaitear in \u00e1it eile\n(Eifisigh 1:22-23; 4:15) is ceann na hEaglaise \u00e9 Cr\u00edost, is \u00ed an Eaglais a\nchorp. Is \u00e9 an t\u00fas \u00e9 Cr\u00edost, agus lena ais\u00e9ir\u00ed is \u00e9 an ch\u00e9adghin \u00f3 na mairbh \u00e9,\nag tabhairt r\u00e9 nua isteach agus ag neart\u00fa an chreidimh in ais\u00e9ir\u00ed \u00e1r gcolainne.\nAnsin leanann v\u00e9arsa a bheadh le tiont\u00fa de r\u00e9ir na litre mar seo: \u201c\u00d3ir ba thoil\nleis (is \u00e9 sin \u201cle Dia\u201d) an ioml\u00e1ine (sa Gr\u00e9igis: <em>pleroma<\/em>) ar fad c\u00f3na\u00ed ann\u201d. (Aistri\u00fa eile: \u201c\u00d3ir. ba ghnaoi le Dia\nan n\u00e1d\u00far diaga a dhul a ch\u00f3na\u00ed ann ina ioml\u00e1n\u201d.) Is f\u00e9idir an t\u00e9acs a thuiscint\ntr\u00ed Colasaigh 2:9: \u201cMar is ann (is \u00e9 sin i gCr\u00edost) at\u00e1 ioml\u00e1ine D\u00e9 ina ch\u00f3na\u00ed\ngo corportha\u201d, is sin le r\u00e1 is d\u00f3cha, is \u00e9 is ioml\u00e1ine D\u00e9 ann n\u00e1 gach rud is\nmian le Dia a l\u00e9iri\u00fa faoi f\u00e9in i gCr\u00edost, le go gcuirfimis aithne ar Chr\u00edost\nagus go nd\u00e9anfa\u00ed foirfe sinn ann. De r\u00e9ir daoine \u00e1irithe t\u00e1 seo an-chongarach\ndo ghn\u00edomha\u00edocht an Spioraid Naoimh. Is \u00ed is aidhm do l\u00e1ithreacht seo\nuilechumhachtach D\u00e9 i gCr\u00edost n\u00e1 athmhuintearas agus s\u00edoch\u00e1in a bhun\u00fa agus a\nshnaidhmadh idir gach d\u00fail ar neamh agus ar talamh, muintearas agus s\u00edoch\u00e1in\nat\u00e1 bunaithe ar fhuil, ar bh\u00e1s, Chriost ar an gCrois.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 10:25-37). <em>C\u00e9\nh\u00e9 mo chomharsa?<\/em> Cuireann dl\u00edod\u00f3ir ceist ar \u00cdosa. I gcomht\u00e9acs na haimsire\nsin, saineola\u00ed ab ea an dl\u00edod\u00f3ir ar dhl\u00ed Mhaois, ar dhl\u00ed na nGiudach, agus\nb\u2019fh\u00e9idir ar an dl\u00ed sibhialta chomh maith. De ghn\u00e1th bh\u00ed na dl\u00edodoir\u00ed sin f\u00e1bharach\ndo na Fairis\u00ednigh agus a sain-traidisi\u00fan. Bh\u00ed an dl\u00edod\u00f3ir ag promhadh \u00cdosa,\nb\u2019fh\u00e9idir nach le droch-thoil ach le seasamh \u00cdosa ar an gceist \u00e1irithe seo a\nfh\u00e1il amach: Cad t\u00e1 le d\u00e9anamh le bheith p\u00e1irtech sa bheatha sh\u00edora\u00ed, ceist a\nbh\u00ed \u00e1 pl\u00e9, b\u2019fh\u00e9idir i measc na ndl\u00edod\u00f3ir\u00ed. Tugann \u00cdosa air a fhreagra f\u00e9in a\nthabhairt as Dl\u00ed Mhaois, an Peintiteoch. Tugann an dl\u00edod\u00f3ir an d\u00e1 dhl\u00ed\nbhun\u00fasacha: Gr\u00e1 D\u00e9 agus gr\u00e1 an chomharsa. Aonta\u00edonn \u00cdosa leis. Ach n\u00ed admh\u00e1il\ntheib\u00ed phrionsabail ann f\u00e9in an tsl\u00ed chun na beatha, ach d\u00e9anamh d\u00e1 r\u00e9ir.\nBheadh s\u00e9 soil\u00e9ir c\u00e9 h\u00e9 Dia. Rud nach raibh chomh soil\u00e9ir sin n\u00e1: C\u00e9 h\u00e9 mo\nchomharsa. Bheadh an freagra soil\u00e9ir go leor do Ghi\u00fadaigh: a gcomh-Ghi\u00fadaigh,\nag f\u00e1gaint Sam\u00e1raigh (leath-Ghi\u00fadaigh) agus gintlithe (pag\u00e1naigh) as an\n\u00e1ireamh. Tugann parabal \u00cdosa freagra soil\u00e9ir air sin. Achar do rob\u00e1laithe a bh\u00ed\nsan fh\u00e1sach ch\u00faig m\u00edle d\u00e9ag (25 cilim\u00e9adar) idir Iar\u00fasail\u00e9rim agus Iarach\u00f3.\nGi\u00fadach a thit idir na rob\u00e1laithe. Ghabh sagart Gi\u00fadach agus tuata c\u00fanta\nLev\u00edteach thairis ar an dtaobh eile. An t\u00e9 a chabraigh leis n\u00e1 Sam\u00e1rach, uathu\nsi\u00fad ar ghr\u00e1in le Gi\u00fadaigh iad. Chuir an Sam\u00e1rach c\u00f3ir leighis air de r\u00e9ir\nghn\u00e1sanna na r\u00e9 sin: ola leis an phian a laghdu agus fion mar dh\u00edghalr\u00e1n. N\u00ed\nraibh ach freagra amh\u00e1in le tabhairt ar an gceist: C\u00e9 acu ba chomharsa don\nduine m\u00edfhort\u00fanach: an \u00f3c\u00e1id \u00e1irithe sin an Sam\u00e1rach. In aigne \u00cdosa, don\neaglais agus don chine daonna is comharsa gach duine daonna, is cuma faoi\nnaimhdeas stairi\u00fail, creideamh, easaontas i gcursa creidimh, polait\u00edochta n\u00f3\nc\u00fainse ar bith eile. Rud eile a eascra\u00edonn \u00f3n l\u00e9acht seo n\u00e1 gur f\u00e9idir go\nbhfuil impleachta\u00ed thar mar a mheastar de ghn\u00e1th le prionsabail theib\u00ed\ncreidimh, nuair at\u00e1 ceannair\u00ed n\u00f3 tosca ann (mar&nbsp;\na bh\u00ed in \u00cdosa) leis na himpleachta\u00ed sin a thabhairt chun solais \u2013 mar a\nrinne \u00cdosa i nios m\u00f3 n\u00e1 c\u00e1s amh\u00e1in.<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Aithne\nar \u00e1r n-oidhreacht Chr\u00edosta\u00ed agus m\u00f3r\u00e1lach aisti<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Tugann l\u00e9achta\u00ed\nan lae inniu cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar \u00e1r n-oidhreacht Chr\u00edosta\u00ed\nagus a bheith m\u00f3r\u00e1lach aisti. Sa ch\u00e9ad l\u00e9acht ghlaoigh Maois ar phobal Iosrael machnamh\na dh\u00e9anamh ar bhronntanas m\u00f3r an chreidimh a thug Dia d\u00f3ibh,&nbsp; Dia pearsanta a raibh a ghuth de sh\u00edor ag\nlabhairt leo. Bh\u00ed gairm acu bheith mar fhinn\u00e9ithe D\u00e9 don domhan. Cuireann an\ndara l\u00e9acht s\u00edos ar ghradam agus ardcheannas \u00cdosa, ceann na heaglaise, &nbsp;le misean \u00f3 Dhia athmhuintearas idir Dhia agus\nan domhan a choth\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is m\u00f3r idir an fh\u00eds seo agus saol an\nlae inniu ina bhfuil f\u00f3rsa\u00ed l\u00e1idre ag iarraidh cosc a chur ar ghuth na\nheaglaise, agus ar ghuth gach creidimh Chriostai agus gach reiligi\u00fan, a dh\u00edbirt\n\u00f3n saol poibl\u00ed. Mar aon leis sin t\u00e1 m\u00f3r\u00e1n den aos \u00f3g fuarch\u00faiseach i leith\nchleachtadh an chreidimh. Mar a d\u00faradh sa mh\u00edr ar \u201cmachnamh\u201d an Domhnaigh seo\ncaite: \u201c<em>N\u00ed m\u00f3r f\u00eds, aisling gheal, leis\nan bheatha Chr\u00edosta\u00ed a choth\u00fai\u201d.<\/em> N\u00ed dochar an mhir seo a l\u00e9amh ar\u00eds an\nDomhnach seo.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-806","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/806","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=806"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/806\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":807,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/806\/revisions\/807"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=806"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=806"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=806"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}