{"id":81,"date":"2013-04-10T21:24:56","date_gmt":"2013-04-10T21:24:56","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=81"},"modified":"2013-04-10T21:24:56","modified_gmt":"2013-04-10T21:24:56","slug":"aibrean-14-2013-triu-domhnach-den-chaisc","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=81","title":{"rendered":"Aibre\u00e1n 14 2013 Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc"},"content":{"rendered":"<p align=\"center\" style=\"text-align: center;\"><b><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Aibre\u00e1n 14 2013 Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc<\/span><\/b><span style=\"font-size: 11pt; line-height: 1.3em;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p align=\"center\" style=\"text-align: center;\"><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/span><\/p>\n<p align=\"center\" style=\"text-align: center;\"><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps; line-height: 1.3em;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p align=\"center\" style=\"text-align: center;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/p>\n<p align=\"center\" style=\"text-align: center;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><b style=\"line-height: 1.3em;\"><i><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">&nbsp;<\/span><\/i><\/b><\/p>\n<p><b><i><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/span><\/i><\/b><i style=\"line-height: 1.3em;\"><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;<\/span><\/i><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Gn\u00edomhartha na nAspal 5:27-32, 40-41). <i>Is finn\u00e9ithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh. <\/i>An fhianaise neamheaglach a thug na haspail do \u00cdosa is pr\u00edomhtheachtaireacht don l\u00e9acht seo. Tuigtear a bhfuil sa l\u00e9acht n\u00edos fearr nuair a su\u00edotar i gcomth\u00e9acs n\u00edos leithne an leabhair f\u00e9in \u00ed. An dara huair do na haspail bheith gafa agus i ng\u00e9ibheann an comhth\u00e9acs seo (Gn\u00edomthartha 5:12-42). Ar dt\u00fas bh\u00ed gach rud ag dul ar aghaidh go seoigh leis na haspail agus iad ag craobhscaoileadh an dea-sc\u00e9il i bP\u00f3irse Sholaimh (5:12-16). D\u00e1 bharr seo ghabh \u00e9ad an t-ardsagart agus na Sad\u00facaigh a ghabh na haspail agus a chuir i bprios\u00fan iad. Ach scaoileadh saor go mior\u00failteach iad agus th\u00e1inig teachtaoreacht \u00f3 Dhia chucu seasamh sa Teampall agus f\u00e1isn\u00e9is ioml\u00e1n a thabhairt don phobal \u201car an mBeatha seo\u201d. \u201cAn Bheatha\u201d a tugadh ar dhe\u00e1-sc\u00e9al an tsl\u00e1naithe a th\u00e1inig le h\u00cdosa. Nuair a chuala an t-ardsagart go rabhadar saor rinne s\u00e9 iad a ghabh\u00e1il ar\u00eds lena gceisti\u00fa (5:17-26).. Is anseo a thosa\u00edonn l\u00e9acht an lae inniu, le ceisti\u00fa na n-aspal agus freagra gan eagla Pheadair agus na n-aspal. Is finn\u00e9ithe iad do ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus don ghairm chun aithr\u00ed. Finn\u00e9ithe iad agus finn\u00e9 chomh maith an Spiorad Naomh a thug Dia (mar bhronntanas) do gach duine at\u00e1 umhail d\u00f3, sin le r\u00e1 bronntanas an chreidimh (5:27-32). Leanann sliocht, nach l\u00e9itear innu, ina thugann an Fairist\u00edneach Gamaili\u00e9il comhairle do na c\u00faisitheoir\u00ed ligean do na haspail. Rinneadh na haspail a sci\u00fars\u00e1il (tr\u00edocha naoi lascanna) agus a ligean saor. Bh\u00ed l\u00fach\u00e1ir ar na haspail as an tarcuisne ar son Chr\u00edost.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-top: 12pt;\"><i><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Salm 29[30]). <i>Molfaidh m\u00e9 th\u00fa, a Thiarna, de bhr\u00ed gur shaor t\u00fa m\u00e9.<\/i><\/span><i style=\"line-height: 1.3em;\"><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;<\/span><\/i><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt;\">Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Apacailipsis 5:11-14). <i>Is fi\u00fa \u00e9 an tUan arna \u00edobairt, \u00e9 a fh\u00e1il cumhachta agus saibhris.<\/i> Sa c\u00e9ad radharc ar Dhia faoi ghl\u00f3ir (Apacailips 4:1-11) chonnaic Eoin r\u00edchathaoir D\u00e9 agus m\u00f3rthimpeall uirthi ceithre r\u00edchathaoir fichead agus ceathrar sean\u00f3ir\u00ed fichead ina su\u00ed orthu, gl\u00e9asta in \u00e9ada\u00ed geala (sagairt) agus cor\u00f3nacha \u00f3ir ar a gceann (r\u00edthe) agus m\u00f3rthimpeall na r\u00edchathaoireach bh\u00ed ceithre dh\u00fail bheo. Samhail na sean\u00f3ir\u00ed, is d\u00f3cha, den Seantiomna (dar\u00e9ag \u2013 patriarc no f\u00e1ithe) and den Tiomna nua (dar\u00e9ag \u2013 aspal n\u00f3 creidmhigh). Na ceithre dh\u00fail bheo, samhail iad den chine daonna, \u00e9anlaithe agus beith\u00edgh. Neacha aingl\u00ed iad go l\u00e9ir ag moladh m\u00f3rgachta D\u00e9. I l\u00e9acht an lae inniu t\u00e1 radharc again ar neamh agus slua aingeal gan teora, mar aon leis na sean\u00f3ir\u00ed agus na ceithre dh\u00fail bheo ag tabhairt om\u00f3is don T\u00e9 at\u00e1 ina shu\u00ed ar an r\u00edchathaoir (sin Dia na Gl\u00f3ire) agus don Uan, don \u201cUan arna \u00edobairt\u201d (Iosa Ais\u00e9irithe). T\u00e1 siad araon, Dia na Gl\u00f3ire agus \u00cdosa ais\u00e9irithe, anois ar chomhch\u00e9im. Bua seo an Uain (\u00cdosa) ar neamh c\u00fais mhisnigh \u00e9 d\u00e1 lucht lean\u00fana faoi gh\u00e9arleanuint ar thalamh.Ionann bua an Uain agus a mbua si\u00fad.<\/span><\/p>\n<p><i style=\"line-height: 1.3em;\"><span style=\"font-size: 11pt;\">Soisc\u00e9al <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Eoin 21:1-19). <i>Thainig \u00cdosa agus th\u00f3g an t-ar\u00e1n agus thug d\u00f3ibh \u00e9 , agus mar an gc\u00e9anna leis an iasc<\/i><\/span><i style=\"line-height: 1.3em;\"><span style=\"font-size: 10pt;\">. (Moltar \u00fas\u00e1id a bhaint as an leagan ioml\u00e1n den l\u00e9acht seo, seachas an leagan gearr. Aonad ioml\u00e1n an l\u00e9acht.) <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">T\u00e1 dh\u00e1 eachtra sa l\u00e9acht seo: (1) an ghabh\u00e1il mhior\u00failteach \u00e9isc ag Muir Tiberias (Muir na Gail\u00edle), cos\u00fail leis an mhior\u00failt cheanna i L\u00fac\u00e1s 5:1-11, agus (2) \u00cdosa ag tabhairt ch\u00faraim a thr\u00e9ada (uain agus caoirigh) do (Shiom\u00f3n) Pheadar. T\u00e1 an d\u00e1 eachtra ceangailte lena ch\u00e9ile agus an bh\u00e9im iontu araon ar Pheadar. T\u00e1 siomb\u00f3lachas ag baint leis an ch\u00e9ad eachtra. T\u00e1 seachtar deisceabal ag an Muir, ach is Peadar a mholann dul ag iascach. Leanann an chuid eile. Le nod \u00f3 \u00cdosa ar an dtr\u00e1 cuireann siad an eangach amach agus faigheann lear m\u00f3r \u00e9isc. Na deisceabail a bh\u00ed ag tarraingt na heanga\u00ed l\u00e1n d\u2019\u00e9isc ina ndiaidh.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">I dtosach n\u00edor aithin na deisceabail \u00cdosa ar an dtr\u00e1. An \u201cDeisceabal Ion\u00fain\u201d, muirneach, \u201can deisceabal ab ion\u00fain le h\u00cdosa\u201d, a ch\u00e9ad-aithin \u00cdosa (mar a tharla ag an tuama, Eoin 20:8-9). Beanna\u00edonn \u00cdosa d\u00f3ibh mar dhaoine go raibh sean-aithne aige orthu: mar \u201ca Leaideanna\u201d, b\u2019fh\u00e9idir. Nuair a deir \u00cdosa leo cuid de na h\u00e9isc a ghabh siad a thabhairt isteach, is \u00e9 Peadar amh\u00e1in a chuaigh ar bord agus a tharraing, \u00e9 f\u00e9in amh\u00e1in, an eangach isteach \u201cagus \u00ed l\u00e1n d\u2019\u00e9isc mh\u00f3ra, c\u00e9ad agus caoga a tr\u00ed d\u00edobh\u201d. Cinnte nach raibh an uimhir sin gan bhr\u00ed do ch\u00e9ad l\u00e9itheoir\u00ed, n\u00f3 \u00e9isteoir\u00ed, an chuntais seo. Bh\u00ed baint ag an uimhir bheacht le \u00e9irim an chuntais. Ceist eile cad is ciall leis an uimhir 153?. Dar lena l\u00e1n scol\u00e1ir\u00ed t\u00e1 a ch\u00e9ad bhr\u00ed caillte, agus beidh go deo. Ta tuairm\u00ed \u00e9ags\u00fala ag daoine eile faoina bhr\u00ed. Sean-tuairim (bh\u00ed s\u00ed ag athair na heaglaise Iar\u00f3m), agus a bhfuil dealramh i gc\u00f3na\u00ed lei dar liom, gurb ionann an uimhir 153 agus an l\u00edon gn\u00e9ithe, speiceas, na n-iasc sna huisc\u00ed de r\u00e9ir ghn\u00e1th- tuisceana an tr\u00e1th sin.. Bheadh l\u00ednte adeir an scr\u00edobhn\u00f3ir Gr\u00e9igeach Oppian (pas beag n\u00edos d\u00e9ana\u00ed n\u00e1 Eoin) ina dh\u00e1n ar \u201cIascaireacht\u201d ag teacht leis sin: \u201cThar teorainn agus thar \u00e1r n-eolas na treabhanna a ghluaiseann i nduibheag\u00e1n na farraige\u201d. Bheadh l\u00edon na n-iasc i l\u00edon Pheadair (agus san Eaglais) gan teora, \u00f3 gach treabh ar domhan.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ar Pheadar (Siom\u00f3n Peadar, Siom\u00f3n mac Eoin) an dara heachtra chomh maith. In am a gh\u00e1tair sh\u00e9an Peadar \u00cdosa faoi thr\u00ed, \u00cdosa an tAoire maith a thugann gr\u00e1 d\u00e1 thr\u00e9ad idir uain agus caoirigh. Anois t\u00e1 \u00cdosa chun c\u00faram an tr\u00e9ada sin a chur ar Pheadar. Ach ar dt\u00fas n\u00ed m\u00f3r do Pheadar a ghr\u00e1 d\u2019\u00cdosa, an tAoire Maith, a admh\u00e1il faoi thr\u00ed, gr\u00e1 \u201cn\u00edos m\u00f3 n\u00e1 a ngr\u00e1 seo\u201d \u2013 b\u2019fh\u00e9idir n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 mar at\u00e1 ag na deisceabail eile do \u00cdosa, n\u00f3 ag Peadar do na deisceabail eile, n\u00f3 (br\u00ed is d\u00f3cha\u00ed) gr\u00e1 n\u00edos m\u00f3 d\u2019\u00cdosa n\u00e1 do aon rud n\u00f3 do aoinne eile. An tagairt ag \u00cdosa do Pheadar \u201cag s\u00edneadh amach a l\u00e1mha\u201d, is d\u00f3cha gur leid \u00e9 do bh\u00e1s Pheadair ar an gcrois \u2013 mar a tharla sa Roimh de r\u00e9ir traidisi\u00fain.<\/span><\/p>\n<p><b><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\"><\/span><\/b><b style=\"line-height: 1.3em;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/b><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt;\"><\/span><\/i><i style=\"line-height: 1.3em;\"><span style=\"font-size: 11pt;\">An eaglais faoi bhr\u00fa ar talamh; Cr\u00edost i r\u00e9im ar neamh; ministreacht chomharba Peadair inniu<\/span><\/i><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 10pt;\">(1). <\/span><\/i><i><span style=\"font-size: 10pt;\">Is finn\u00e9ithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh a thugann Dia d\u00f3ibh si\u00fad a chreideann. <\/span><\/i><span style=\"font-size: 10pt;\">Is faoin luath-eaglais at\u00e1 an ch\u00e9ad l\u00e9acht.. T\u00e1 tagairt\u00ed don \u201ceaglais \u00f3g\u201d, \u201can luath-eaglais\u201d le f\u00e1il i Laidin agus Gaeilge i luath-litr\u00edocht na h\u00c9ireann. Eiseaml\u00e1ir a bh\u00ed inti don eaglais do L\u00fac\u00e1s \u00fadar Ghn\u00edomhthartha na nAspal, don \u00f3g-eaglais in \u00c9irinn agus don eaglais in aois ar bith. Thug Peadar agus na haspail fianaise don \u201cBheatha seo\u201d gan sc\u00e1th gan eagla. An Bheatha \u00f3 \u00cdosa Cr\u00edost a bh\u00ed ann, \u00cdosa a th\u00e1inig chun an bheatha a thabhairt agus sin a dh\u00e9anamh go fial. Bh\u00ed luch\u00e1ir ar na haspail tarcaisne a fhulaingt ar son Chr\u00edost. Ba fhinn\u00e9ithe iad agus ba fhinn\u00e9 an Spiorad Naomh. Rud seachtrach, den taobh amuigh, an craobhscaoileadh ann f\u00e9in, nach fi\u00fa tada \u00e9 gan lonradh an Spioraid Naoimh istigh sa chro\u00ed a thugann an chinnteacht chreidimh. T\u00e1 \u00e1bhar machnaimh anseo d\u00fainn le fianaise a thabhairt don chreideamh an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, fianaise mar aon le urna\u00ed agus deabh\u00f3id.<\/span><span style=\"font-size: 11pt; line-height: 1.3em;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 10pt;\">(2) <i>Neamh agus fianaise uaidh osacilte i gc\u00f3na\u00ed. Seachain an toll\u00e1n! <\/i>T\u00e1 meon ann san Eoraip, i dt\u00edortha eile, \u00c9ire ina measc, agus ag \u00e9ir\u00ed n\u00edos forleithne nach inchreidte n\u00f3 nach ann do r\u00e9altacht n\u00f3 rud ar bith nach bhfuil teacht ar na c\u00e9adfai daonna, an aigne agus an r\u00e9as\u00fan air. N\u00ed ann do aon r\u00e9altacht tarch\u00e9imneach, transcendental, b\u00edodh san Dia (dia), neamh. foilsi\u00fa diaga, gr\u00e1sta n\u00f3 aon ruda\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id\u00ed. T\u00e1 an cine daonna, n\u00f3 cuid de, mar a bheadh s\u00e9 in dtoll\u00e1n. gan caoi teagmh\u00e1il le r\u00e9altacht ar bith taobh amuigh de. Labhair an P\u00e1pa Benedict XVI faoin ch\u00e1s seo le aos eagna na Gearm\u00e1ine. Ionann seo agus a r\u00e1 nach m\u00f3r cosc a chur ar ch\u00farsai creidimh sa diosc\u00farsa poibl\u00ed. Beidh cur agus c\u00faiteamh faoi seo na blianta seo romhainn. Ach n\u00edl neamh balbh sa phl\u00e9, n\u00e1 an eaglais ar talamh. Finn\u00e9ithe na creidmhigh do bhua Chr\u00edost agus finn\u00e9 chomh maith an d\u00falra f\u00e9in nach bhfuil fios f\u00e1tha a bheith ann le f\u00e1il taobh istigh den d\u00falra f\u00e9in, p\u00e9 acu taobh istigh n\u00f3 amuigh den toll\u00e1n a chuirtear an cheist.<\/span><i style=\"line-height: 1.3em;\"><span style=\"font-size: 10pt;\">&nbsp;<\/span><\/i><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 10pt;\">(3) <\/span><\/i><i><span style=\"font-size: 10pt;\">Ministreacht chomharba Peadair inniu<\/span><\/i><span style=\"font-size: 10pt;\">. T\u00e1 b\u00e9im \u00e1irithe sna soisc\u00e9il ar ionad faoi leith ag Peadar san eaglais. An t\u00e9acs is soil\u00e9ire d\u00edobh sin n\u00e1 an ceann ag deireadh l\u00e9acht an lae inniu. Thug \u00cdosa, an tAoire maith, a bhfuil gr\u00e1 aige d\u00e1 thr\u00e9ad idir uain agus chaoirigh, thug s\u00e9 c\u00faram an tr\u00e9ada sin do Pheadar tar \u00e9is d\u00f3 a ghr\u00e1 don Aoire maith a l\u00e9iri\u00fa. Comharba Pheadair an P\u00e1pa. Gu\u00edmis go mbeadh ceangal gr\u00e1 agus iontaoibhe idir an P\u00e1pa agus domhan an lae inniu, an tAoire Maith ag labhairt go d\u00edreach tr\u00edd.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Aibre\u00e1n 14 2013 Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc&nbsp; Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC&nbsp; A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-81","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/81","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=81"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/81\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=81"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=81"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=81"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}