{"id":810,"date":"2019-07-17T08:55:28","date_gmt":"2019-07-17T08:55:28","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=810"},"modified":"2019-07-17T08:55:28","modified_gmt":"2019-07-17T08:55:28","slug":"21-iuil-2019-c-seu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=810","title":{"rendered":"21 I\u00fail 2019 (C) S\u00e9\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an\nmB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don\nBheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an\nlae<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus\nagallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Ag \u00e9isteacht le r\u00fandiamhair\nChr\u00edost agus na hEaglaise agus beatha d\u00e1 r\u00e9ir<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar\nthreoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Genesis 18:1-10). <em>A Thiarna, m\u00e1s \u00e1il leat \u00e9 n\u00e1 gabh thar do\nshearbh\u00f3nta. <\/em>Cuid th\u00e1bhachtach den l\u00e9acht seo an r\u00e1iteas deiridh ina\ngheallann Dia do Abrah\u00e1m go mbeadh mac ag a bhean ch\u00e9ile S\u00e1ra taobh istigh de\nbhliain. Ionann sin is a r\u00e1 go mbeadh oidhre ag Abrah\u00e1m f\u00e9in. Roghna\u00edodh an t\u00e9acs\n\u00e1irithe seo mar chomp\u00e1nach do shoisc\u00e9al an Domhnaigh seo ina bhfuil cuntas ar\nchuairt \u00cdosa ar theach Mharta agus Mh\u00e1ire. Bh\u00ed Abrah\u00e1m ina shui ag Dair Mamre.\nL\u00e1thair bheannaithe chian-\u00e1rsa, pas beag \u00f3 thuaidh \u00f3 Hebron, ab ea Mamre, le\ncrainn darach naofa ann. Ag t\u00fas na l\u00e9achta deirtear linn gur thaispe\u00e1in an\nTiarna \u00e9 f\u00e9in d\u2019Abrah\u00e1m, agus d\u00edreach ina dhiaidh sin gur tri\u00far fear (aingil is\nd\u00f3cha, Genesis 19:1) a sheas ina ch\u00f3ngar. N\u00ed l\u00e9ir mar a th\u00e9ann an tri\u00far seo\nagus an Tiarna le ch\u00e9ile. B\u2019fh\u00e9idir go seasann an tri\u00far don Tiarna, mar a dh\u00e9anann\naingeal amh\u00e1in go minic sa Bh\u00edobla (mar shampla Genesis 16:7). N\u00ed luaitear ach\nduine amh\u00e1in n\u00edos d\u00e9ana\u00ed sa sliocht seo; d\u00e9antar duine amh\u00e1in den tri\u00far.\nB\u2019fh\u00e9idir gurb \u00e9 an Tiarna duine den tri\u00far, agus an bheirt eile a shearbh\u00f3nta\u00ed.\nAr aon chuma n\u00ed aithn\u00edonn Abrah\u00e1m an tri\u00far mar neacha diaga. I gcuntas bre\u00e1 de\nchuirt\u00e9is an Oirthir, fearann Abrah\u00e1m f\u00e1ilte rompu, c\u00f3ir\u00edonn b\u00e9ile blasta\nd\u00f3ibh, b\u00e9ile a itheann siad. Th\u00e1nadar i mbrothall an lae, agus molann Abr\u00e1h\u00e1m\nd\u00f3ibh a sc\u00edth a ligint roimh imeacht d\u00f3ibh. N\u00ed hiad an tri\u00far a ghabhann\nbu\u00edochas le Abrah\u00e1m ach an Tiarna, agus sin i bhfoirm ghealltanais go mbeidh\noidhreacht ag Abrah\u00e1m. Baineann an Litir chuig na hEabhraigh \u00fas\u00e1id as an dt\u00e9acs\nseo ag moladh an fh\u00e9ile a chleachtadh. \u00d3ir, mar gheall ar a bhf\u00e9ile bh\u00ed daoine\n\u00e1irithe ann a raibh aingil ar cuairt acu gan fhios d\u00f3ibh (Eabhraigh 13:1).<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 14[15]). <em>A Thiarna, c\u00e9 a dh\u00e9anfaidh c\u00f3na\u00ed i do\nphobal?<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara\nL\u00e9acht<\/em> (Colasaigh 1:24-28). <em>R\u00fandiamhair a bh\u00ed folaithe leis na cianta,\nnocht Dia d\u00e1 naoimh \u00ed anois beag.<\/em> Luann P\u00f3l anseo, mar a dh\u00e9anann in\n\u00e1iteanna eile, a raibh de thriobl\u00f3idi agus pianta le fulaingt aige ar son na\nheaglaise. Bh\u00ed sin ar eolas ag a chuid eaglais\u00ed. Deireann s\u00e9 gur c\u00fais l\u00fach\u00e1ire\nd\u00f3 iad toisc an bhaint at\u00e1 acu le Cr\u00edost. T\u00e1 deacrachta\u00ed ag baint leis an\ndtuiscint agus an aistri\u00fa ceart a chur ar an dt\u00e9acs bunaidh Gr\u00e9igise at\u00e1\naistrithe mar seo i l\u00e9acht an lae inniu: \u201cCib\u00e9 easnamh a bh\u00ed ar thriobl\u00f3idi\nChr\u00edost t\u00e1 siad \u00e1 l\u00edonadh agam ar mo sheal f\u00e9in i mo cholainn ar son a choirp,\nan Eaglais\u201d. Aistri\u00fach\u00e1in Ghaeilge eile n\u00e1: \u201cl\u00edonaim suas im\u2019 fheoil f\u00e9in an m\u00e9id\nde phiantaibh Chr\u00edost at\u00e1 i n-easnamh ar son a chuirp\u201d (De Si\u00fanta); \u201ccr\u00edochna\u00edm\ni mo cholainn f\u00e9in an m\u00e9id nach bhfuil fulaingthe de chruatan ag Cr\u00edost ar son\na choirp f\u00e9in\u201d (Cosslett \u00d3 Cuinn). T\u00e1 an \u00e9ags\u00falacht ch\u00e9anna le braith sna\nhaistri\u00fach\u00e1in Bh\u00e9arla. Is soil\u00e9ir nach raibh aon easnamh ar phianta, n\u00f3 ar\nfhulaingt, Cr\u00edost. Is fearr a thuiscint gur i bP\u00f3l, seachas i gCr\u00edost, at\u00e1 an\nt-easnamh, le aistri\u00fachan mar seo: \u201cCr\u00edochna\u00edm a bhfuil in easnamh i bhfulaingt-(bhfulaingt\u00ed)-Chr\u00edost-i-mo-cholainn\u201d.\nPianta Ph\u00f3il, a fhulaing\u00edonn s\u00e9, is pianta Chr\u00edost iad toisc gur ball de chorp\nChr\u00edost \u00e9 P\u00f3l. T\u00e1 gr\u00e1sta D\u00e9 i l\u00e1thair, ag feidhmi\u00fa, i bhfulaingt Ph\u00f3il mar a\nbh\u00ed s\u00e9 i bp\u00e1is Chr\u00edost. T\u00e1 l\u00fach\u00e1ir ar Ph\u00f3l faoin m\u00e9id a fhulaing\u00edonn s\u00e9 toisc\ngo bhfuil plean shl\u00e1naithe D\u00e9, r\u00fandiamhair an tsl\u00e1naithe, \u00e1 nochtadh tr\u00edothu. Nuair\na glaodh ar Ph\u00f3l mar aspal rinneadh timire de chuid na heaglaise de, agus \u00e9 de\ndhualgas air briathar D\u00e9, is \u00e9 sin r\u00fandiamhair an tsl\u00e1naithe, a\nchraobhscaoileadh go fada fairsing. An r\u00fandiamhair seo is \u00ed plean sl\u00e1naithe D\u00e9\n\u00ed, folaithe gur nochtadh i gCr\u00edost agus san Eaglais \u00ed. D\u00fairt \u00cdosa lena dheisceabail\ngo raibh tugtha d\u00f3ibh eolas ar r\u00fandiamhra r\u00edocht na bhflaitheas a bh\u00ed ceilte ar\nan m\u00e9id eile (Matha 13:11). Ba mh\u00e9anar d\u00f3ibh. Chonaic siad agus chuala siad\nnithe ar mhian le m\u00f3r\u00e1n f\u00e1ithe agus f\u00edr\u00e9an a fheice\u00e1il, ach n\u00e1r fhaca (Matha\n13:16-17). Is &nbsp;\u00e9 cro\u00edl\u00e1r na r\u00fandiamhaire\nsin Cr\u00edost f\u00e9in, d\u00f3chas na gl\u00f3ire, i measc na bhf\u00edr\u00e9an san Eaglais. Is \u00ed is\naidhm d\u00f3 sin, don eagna\u00edocht Chr\u00edosta\u00ed, an uile dhuine a dh\u00e9anamh foirfe, mar\nis toil le Cr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 10:38-42). <em>Chuir\nMarta f\u00e1ilte roimh \u00cdosa chun a t\u00ed. Is \u00ed an ph\u00e1irt is fearr ba rogha le M\u00e1ire. <\/em>Cuntas\naoibhinn an l\u00e9acht seo faoin fh\u00e1ilte a fhear Marta, deirfi\u00fair Mh\u00e1ire, roimh\n\u00cdosa. Is m\u00edr \u00e9 de chuntas thuras \u00cdosa agus a bhu\u00edne \u00f3 Chaesairia Philip go hIar\u00fasail\u00e9im\nina l\u00e9ir\u00edtear gn\u00e9ithe den dheisceabaileacht Chr\u00edosta\u00ed, agus an m\u00e9id a eascra\u00edonn\nas \u00cdosa a lean\u00faint. Ag an claochl\u00fa th\u00e1ining guth an Athar \u00f3 neamh gurb \u00e9 \u00cdosa a\nmhac m\u00fairneach, leis na briathra \u201c\u00c9istig\u00ed leis\u201d.Sa turas seo n\u00edor fhearadh\nf\u00e1ilte i gc\u00f3na\u00ed roimh \u00cdosa n\u00e1 a chuid. A mhalairt anois le Marta. Bh\u00ed Marta\ngafa le b\u00e9ile cu\u00ed a ch\u00f3iri\u00fa. A mhalairt le M\u00e1ire. Bh\u00ed s\u00ed ina su\u00ed ag cosa an\nTiarna ag \u00e9isteacht lena bhriathar. N\u00ed deirtear linn cad air a raibh \u00cdosa ag\ncaint; ar ghn\u00e9ithe de r\u00edocht D\u00e9 is d\u00f3cha. Nuair a iarann Marta ar \u00cdosa a r\u00e1\nlena a deirfi\u00fair M\u00e1ire l\u00e1mh ch\u00fanta a thabhairt di, d\u2019fhreagair \u00cdosa go raibh Marta\nag cur an iomad str\u00f3 uirthi f\u00e9in, buartha faoi a l\u00e1n nithe, agus nach raibh\nriachtanas ach le haon rud amh\u00e1in. N\u00ed deirtear go follasach c\u00e9rb \u00e9 an rud sin,\nach is soileir gur \u00e9isteacht le briathar D\u00e9 a bh\u00ed i gceist. N\u00edor th\u00e1inig \u00cdosa\ngo dt\u00ed a ch\u00e1irde seo chun l\u00f3in, ach mar chuid de fh\u00f3gairt an dea-sc\u00e9ala. \u201cIs \u00ed\nan ph\u00e1irt is fearr ba rogha le M\u00e1ire\u201d. T\u00f3gadh an r\u00e1iteas seo faoin \u201cbp\u00e1irt is\nfearr\u201d go minic san Eaglais le tuiscint gur fearr agus gur airde beatha an\nrinnfheithimh n\u00e1 an bheatha ghn\u00edomhach. Ach n\u00ed d\u00f3cha gurb \u00e9 sin a bh\u00ed in aigne\n\u00cdosa. Bh\u00ed s\u00e9 ag cur b\u00e9ime thar aon rud eile ar th\u00e1bhacht bheith ag \u00e9isteacht le\nbriathar D\u00e9, le briathar \u00cdosa, mar a mhol an tAthair ag an Claochl\u00fa. N\u00edos\nd\u00e9ana\u00ed in am pr\u00e1inne deirfidh Peadar: \u201cN\u00ed d\u00f3igh liom go mba cheart d\u00fainne\nbriathar D\u00e9 a fhag\u00e1il chun dul ag freastal ag boird\u201d (Gn\u00edomhthartha 6:2).\nLabhra\u00edonn briathra \u00cdosa san eachtra seo do gach r\u00e9 san Eaglais: P\u00e9 acu gafa le\nc\u00farsa\u00ed an tsaoil th\u00fa, n\u00f3 i gci\u00fanas, n\u00e1 d\u00e9an dearmad ar Bhriathar D\u00e9: N\u00edl\nriachtanas ach le aon n\u00ed amh\u00e1in.<\/p>\n\n\n\n<p><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le\nceisteanna an lae<strong>: <\/strong>Ag \u00e9isteacht le\nr\u00fandiamhair Chr\u00edost agus na hEaglaise agus beatha d\u00e1 r\u00e9ir<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Tugann l\u00e9achta\u00ed\nan lae inniu cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar an d\u00ednit at\u00e1 againn toisc go\nbhfuilimid in\u00e1r mbeatha sa r\u00e9 seo ina bhfuil na gealltanais comhl\u00edonta, agus gur\nc\u00f3ir d\u00fainn l\u00fach\u00e1ir a bheith orainn d\u00e1 bharr, l\u00fach\u00e1ir fi\u00fa i measc na dtriobl\u00f3id\u00ed\na ghabhann le gn\u00e1thch\u00farsa\u00ed na beatha Cr\u00edosta\u00ed. Bh\u00ed \u00e1thas ar Ph\u00f3l bheith mar\nthimire leis an dea-sc\u00e9ala, dea-sc\u00e9ala an Bhriathair, a fh\u00f3gairt, an dea-sc\u00e9ala\ngo raibh an r\u00fandiamhair foilsithe, nochtaithe. Bh\u00ed l\u00fach\u00e1ir ar \u00cdosa go raibh an tsicr\u00e9id,\nna r\u00fandiamhra a bh\u00ed folaithe leis na cianta, foilsithe ag an Athair anois tr\u00ed\n\u00cdosa do na \u201cna\u00edon\u00e1in\u201d, seachas do lucht na heagna agus na tuisceana (Matha\n11:25-30). Mar gheall air seo rinne \u00cdosa gairdeas sa Spiorad Naomh (L\u00fac\u00e1s\n10:21-22), faoi mar a dh\u00e9anfaidh P\u00f3l n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Ba \u00ed an r\u00fandiamhair i gceist\nn\u00e1 beartas shl\u00e1naithe D\u00e9 tr\u00ed Chr\u00edost, r\u00fandiamhair a fh\u00e9adfa\u00ed a chur i bhfocail\n\u00e9ags\u00fala. Sa litir chuig na hEifisigh b\u2019ionann an r\u00fan agus seo: nuair a bheadh\nan t-am cu\u00ed tagaithe, beartas D\u00e9 gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a\nthabhairt le ch\u00e9ile faoi cheannas Chr\u00edost (Eifisigh 1:9-10). Do Ph\u00f3l sa litir\nseo chuig na Colasaigh is \u00e9 at\u00e1 ann &nbsp;n\u00e1 \u201cCr\u00edost\nionaibh, in bh\u00far measc, d\u00f3chas na gl\u00f3ire\u201d. Le nochtadh, le foilsi\u00fa, seo na r\u00fandiamhaire\nt\u00e1 Cr\u00edost, d\u00f3chas na gl\u00f3ire, san Eaglais agus i gcro\u00ed gach f\u00edr\u00e9in, tuar d\u00f3chais\nd\u00fainn abhus agus sa ts\u00edora\u00edocht.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Leanann an Eaglais ar aghaidh ag\nbaint \u00fas\u00e1ide as an dt\u00e9arma seo \u201cr\u00fandiamhir\u201d agus an saibhreas br\u00ed a bhaineann\nleis, &nbsp;lena a creideamh ina n\u00e1d\u00far f\u00e9in\nagus sna sacrainint\u00ed a chur in i\u00fal. Is \u00e9 an teideal at\u00e1 ag an gc\u00e9ad chaibideal\nde Bhunreacht Vatac\u00e1in II ar an Eaglais n\u00e1 \u201cR\u00fandiamhair na hEaglaise\u201d. Mar a\nmh\u00edn\u00edonn an P\u00e1pa P\u00f3l VI ina aitheasc ag oscailt an dara seisi\u00fan de Chomhairle\nna Vatac\u00e1ine (1961): \u201cIs r\u00fandiamhair \u00ed an Eaglais. Is r\u00e9altacht \u00ed ina bhfuil l\u00e1ithreacht\nD\u00e9 folaithe istigh inti. Baineann s\u00e9 le n\u00e1d\u00far d\u00edlis na hEaglaise, mar sin,\nbheith oscailte don rud nua agus ag sior cuardach beala\u00ed nua\u201d. Is f\u00e9idir\nr\u00fandiamhra a thabhairt ar na sacraimint\u00ed chomh maith, de bhr\u00ed go bhfuil cumhacht\nD\u00e9 i l\u00e1thair iontu, ag tabhairt lean\u00fanachas don r\u00fandiamhair tosaigh a bh\u00ed ann\nle Cr\u00edost agus bun\u00fa na hEaglaise. Is \u00ed an Eocairist an r\u00fandiamhair <em>par excellence<\/em>, agus is ioma\u00ed tagairt i\nliot\u00fairge an Aifrinn do r\u00fandiamhair n\u00f3 r\u00fandiamhra. Is \u00ed is aidmh d\u00f3 sin go l\u00e9ir\nn\u00e1 an Eaglais agus gach f\u00edr\u00e9an a thabhairt chun foirfeachta, chun beatha de r\u00e9ir\nna r\u00fandiamhaire, gur d\u00f3chas na gl\u00f3ire \u00ed.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-810","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/810","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=810"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/810\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":811,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/810\/revisions\/811"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=810"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=810"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=810"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}