{"id":83,"date":"2013-04-20T07:30:25","date_gmt":"2013-04-20T07:30:25","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=83"},"modified":"2013-04-20T07:30:25","modified_gmt":"2013-04-20T07:30:25","slug":"aibrean-21-2013-ceathru-domhnach-den-chaisc","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=83","title":{"rendered":"Aibre\u00e1n 21 2013 Ceathr\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc"},"content":{"rendered":"<p align=\"center\" style=\"text-align: center;\"><b><span style=\"color: blue; font-size: 11pt;\">Aibre\u00e1n 21 2013 Ceathr\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc<\/span><\/b><span style=\"font-size: 11pt;\"><\/span><\/p>\n<p align=\"center\" style=\"text-align: center;\"><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/span><\/p>\n<p align=\"center\" style=\"text-align: center;\"><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<span style=\"font-variant: small-caps;\"><\/span><\/span><\/p>\n<p align=\"center\" style=\"text-align: center;\"><span style=\"color: blue; font-size: 11pt;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/p>\n<p align=\"center\" style=\"text-align: center;\"><span style=\"color: blue; font-size: 11pt;\">B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<b><i><\/i><\/b><\/span><\/p>\n<p><b><i><span style=\"color: blue; font-size: 11pt;\">A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/span><\/i><\/b><i><span style=\"font-size: 11pt;\"><\/span><\/i><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Gn\u00edomhartha na nAspal 13:14, 43-52). <i>F\u00e9ach, tionta\u00edmid chuig na cin\u00edocha. <\/i>I mbliana t\u00f3gtar na l\u00e9achta\u00ed tosaigh don Domhnach as Ghn\u00edomhthartha na nAspal. Roghna\u00edotar na l\u00e9achta\u00ed le teachtaireacht \u00e1irithe a thabhairt, agus ar uairibh is deacair iad a thuiscint i gceart gan iad a shu\u00edomh sa chomhth\u00e9acs sa leabhar as ar t\u00f3gadh iad. Is mar sin at\u00e1 ach go h\u00e1irithe i gc\u00e9ad l\u00e9acht an lae inniu. I gcuid a haon den leabhar seo t\u00e1 an bh\u00e9im ar an luatheaglais in Iar\u00fasail\u00e9im agus ar \u00e1it Pheadair innti. Sa ch\u00e9ad chuid seo t\u00e1 againn aitheasc Pheadair (Gn\u00edomhthartha caibideal 10) gur sampla \u00e9, de r\u00e9ir dealraimh, ar ch\u00e9ad-sheanm\u00f3ireacht na heaglaise, a thosaigh le ministreacht Eoin Bhaiste agus a lean ar aghaidh go b\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost, agus, d\u00e1 mba g\u00e1, le sc\u00e9ala an tsl\u00e1naithe do Gi\u00fadaigh agus pag\u00e1naigh. An dara cuid den leabhar is faoi ministreacht Ph\u00f3il do na pag\u00e1naigh, na cin\u00edocha \u00ed. Thosaigh sin adai\u00edre ag Ant\u00edoch ar an abhainn Orontes mar ar sheoladh S\u00f3l (n\u00edos d\u00e9ana\u00ed P\u00f3l) agus Barnabas amach chuige sin. Ar dt\u00fas chuaigh siad go oile\u00e1n na Cipre, agus uaidh sin go dt\u00ed cathair Perga sa mh\u00f3rth\u00edr (Tuirc an lae inniu), agus ansin go Ant\u00edoch na Pis\u00edde. Is anseo i sionag\u00f3g na nGi\u00fadach a thosaigh ministreacht Ph\u00f3il i gceart. I sionag\u00f3g bheadh Gi\u00fadaigh, pag\u00e1naigh a thiontaigh go hioml\u00e1n don Ghi\u00fadachas, agus pag\u00e1naigh n\u00e1r iompaigh ach go raibh meas acu ar an Ghi\u00fadachas de bharr a chreidimh (aondiachas) agus a theagasc mor\u00e1lta (\u201clucht eagla D\u00e9\u201d mar a thugta\u00ed orthu). Tugadh cuireadh do Ph\u00f3l aitheasc a thabhairt agus thug, den dul c\u00e9anna agus an ceann a thug Peadar. Tugadh cuireadh do Ph\u00f3l agus Barnabas filleadh an tSab\u00f3id d\u00e1r gcionn. D\u2019\u00e9irigh easontas go luath. \u00e1fach. Bh\u00ed rim\u00e9ad ar na neamh-Ghi\u00fadaigh faoi sc\u00e9ala an tsl\u00e5naithe gan dl\u00ed na nGi\u00fadach, ach mheas na Gi\u00fadaigh go raibh an teagasc nua glan in \u00e9adan a gcreidimh agus dhi\u00falta\u00edodar d\u00f3. Mheabhraigh P\u00f3l agus Barnabas dh\u00e1 rud: n\u00e1rbh fhol\u00e1ir an dea-sc\u00e9ala a fh\u00f3gairt i dtosach do na Gi\u00fadaigh agus sa ch\u00e1s n\u00e1r glacadh leis deannach d\u00e1 gcosa a ghlanadh d\u00edobh (L\u00facas 10:11), mar chomhartha n\u00e1r fhreagrach f\u00fathu a thuilleadh iad. Toisc gur dhi\u00faltaigh na Gi\u00fadaigh don dea-sc\u00e9al, d\u2019iompagh na haspail chuig na pag\u00e1naigh, ag lua briathra D\u00e9 d\u00e1 Sheirbh\u00edseach (<\/span><span style=\"font-size: 10pt;\">\u00cdse\u00e1ia 49:6) gurb sholas \u00e9 do na n\u00e1isi\u00fain uile. Chuaigh P\u00f3l agus Barnabas ar aghaidh go cathair Iconium (Konya i dTuirc an lae inniu), gabhal sr\u00e1ide t\u00e1bhachtach an tr\u00e1th sin. Cuireann an l\u00e9acht seo b\u00e9im ar dhul chun cinn an dea-sc\u00e9il i measc na bpag\u00e1nach. N\u00ed f\u00e9idir laincis a chur ar bhriathar D\u00e9.<\/span><i><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Salm 99[100]]). <i>Sinne a phobal agus caoirigh a ph\u00e1irce.<\/i><\/span><i><span style=\"font-size: 11pt;\"><\/span><\/i><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt;\"> Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Apacailipsis 7:9, 14-17). <i>Beidh an tUan mar aoire acu, agus treor\u00f3idh s\u00e9 iad go toibreacha na beatha. <\/i>F\u00eds an l\u00e9acht seo de bhua deiridh phobal D\u00e9 ar neamh agus \u00e9 curtha os \u00e1r gcomhair sa bhfriotal agus leis na samhlaoid\u00ed is dual don leabhar \u00e1irithe seo. T\u00e1 l\u00edon mhuintir tofa D\u00e9 gan \u00e1ireamh, agus iad as gach aird den domhan agus leibh\u00e9al den phobal. Cuirtear os \u00e5r gcomnhair iad amhail is d\u00e1 mbeidis i dTeampall D\u00e9, os comhair r\u00edchathaoir D\u00e9 agus an Uain (Cr\u00edost c\u00e9asta agus ais\u00e9irithe) amach. T\u00e1 cuma na caithr\u00e9ime orthu, iad feistithe in \u00e9id\u00ed b\u00e1na agus pailmeacha ina l\u00e1mha, mar chomhartha den bhua. Ionann \u00e9id\u00ed b\u00e1na agus bua, agus glaine in bhfuil \u00cdosa, an tUan. I bhF\u00e9ile na mBothanna, na bPuball, cuireadh na Gi\u00fadaigh f\u00fathu i mbothanna, faoi aoibhneas. N\u00ed bheidh g\u00e1 leis sin a thuilleadh: beidh Dia f\u00e9in i l\u00e1thair (in a phuball) ina measc. T\u00e5 an dream tofa seo tar \u00e9is gabh\u00e1il tr\u00ed duain\u00e9is, triobl\u00f3id, mh\u00f3r \u2013 g\u00e9arlean\u00faint an Impire Nero, n\u00f3 aon duain\u00e9is eile a bh\u00ed n\u00f3 a bheidh. Tr\u00ed mheasc\u00e1n \u00edomh\u00e1nna, beidh an tUan (\u00cdosa) ina aoire acu, \u00e1 seoladh ar neamh go l\u00e1nmhaireacht na beatha, faoi mar a bh\u00ed s\u00e9 ina sh\u00e1raoire acu ar talamh. Beidh deireadh le deora an tsaoil; seo.<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt;\">Soisc\u00e9al <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Eoin 10:27-30). <i>T\u00e1 an bheatha sh\u00edora\u00ed \u00e1 tabhairt do mo chaoirigh. <\/i>I soisc\u00e9al Eoin tagann an l\u00e9acht seo tar \u00e9is parabail fhada \u00cdosa ar f\u00e9in mar an s\u00e1raoire. Tagann s\u00ed d\u00edreach i ndiaidh diosp\u00f3ireachta idir \u00cdosa agus na Gi\u00fadaigh n\u00e1r thuig a theachtaireacht. Deireann \u00cdosa leo (Eoin 10:26) nach gcreideann siad toisc nach d\u00e1 chaoirigh iad. Aoire d\u00e1 thr\u00e9ad \u00e9 \u00cdosa, tr\u00e9ad at\u00e1 aontaithe leis tr\u00edd an chreideamh. Tugann an creideamh comhthuiscint idir an Aoire agus an tr\u00e9ad. Tugann briathra \u00cdosa uchtach do chreidmhigh i ngach aois. N\u00ed gn\u00e1th-aoire \u00e9 \u00cdosa. Tagann s\u00e9 \u00f3 Dhia agus is f\u00e9idir leis gach caora d\u00e1 thr\u00e9ad a c\u00f3ineart\u00fa. Is aon eisean agus an tAthair. N\u00ed f\u00e9idir le aoinne ball d\u00e1 thr\u00e9ad a chreideann ann a fhuadach uaidh n\u00f3 \u00f3n Athair. Briathra sol\u00e1sacha do lucht lean\u00fana \u00cdosa in am an gh\u00e1tair iad sin.<\/span><\/p>\n<p><b><span style=\"color: blue; font-size: 11pt;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/b><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black; font-size: 11pt;\">Tugann \u00cdosa an s\u00e1raoire aire d\u00e1 chaoirigh. Urna\u00ed ar son gairmecha.<\/span><\/i><b><span style=\"color: blue; font-size: 11pt;\"><\/span><\/b><\/p>\n<p><span style=\"color: black; font-size: 11pt;\">1. I liot\u00fairge an lae inniu tiomna\u00edotar an Domhnach \u00e1irithe seo do \u201cL\u00e1 domhanda don \u00farna\u00ed ar son gairmeacha\u201d.N\u00ed fada \u00f3 shoin go raibh teideal eile aige: \u201cDomhnach an tS\u00e1raoire\u201d. Agus is don t\u00e9ama seo, \u00cdosa an S\u00e1raoire<i>, <\/i>at\u00e1 soisc\u00e9il na bliana seo, agus den dh\u00e1 bhliain eile den tsraith thr\u00ed bliain roghnaithe, agus urnaithe an Aifrinn chomh maith. T\u00e1 na l\u00e9achta\u00ed don soisc\u00e9al togtha as chur s\u00edos \u00cdosa air f\u00e9in mar an S\u00e1raoire in Eoin caibideal 10. Ach is f\u00e9idir an d\u00e1 th\u00e9ama \u00cdosa mar Sh\u00e1raoire agus urna\u00ed do ghairmeacha a nascadh le ch\u00e9ile go h\u00e9asca. N\u00ed thuigtear \u00cdosa mar Aoire gan chreideamh, n\u00e1 glaoch chun seirbh\u00edse d\u00f3 gan urnai.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black; font-size: 11pt;\">2. T\u00e1 an creideamh l\u00e1rnach don chaidreamh idir \u00cdosa mar Aoire agus baill den tr\u00e9ad sin. Leag \u00cdosa f\u00e9in b\u00e9im ar sin. D\u00fairt s\u00e9 lena a chomhaimsirigh n\u00e1r chreid siad ann toisc n\u00e1rb bhaill d\u00e1 thr\u00e9ad iad. T\u00e1 sin cos\u00fail lena d\u00fairt s\u00e9 faoin f\u00e9in mar ar\u00e1n na beatha: \u201cN\u00ed f\u00e9idir d\u2019aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha d\u00f3 ag m\u2019Athair\u201d (Eoin 6:65). <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black; font-size: 11pt;\">3. Leagann \u00cdosa b\u00e9im ar an fh\u00edrinne seo, mar a dh\u00e9anann P\u00f3l n\u00edos d\u00e9ana\u00ed: N\u00ed f\u00e9idir le haon rud, deacracht, fadhbanna, g\u00e9arleani\u00fant n\u00f3 eile, ball de thr\u00e9ad \u00cdosa a scaradh uaidh. Beidh \u00cdosa f\u00e9in agus a Athair mar thaca aige. Ag machnamh air seo an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann: is ioma\u00ed sin bac agus deacracht at\u00e1 ann don chreideamh \u00f3n taobh istigh agus \u00f3n taobh amuigh: laigeachta\u00ed agus scannail san eaglais; gluaiseacht agus br\u00fa i gcoinne an chreidimh san eaglais agus i nDia f\u00e9in, agus a thuilleadh eile nach iad.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black; font-size: 11pt;\">4. Tugann sin go dt\u00ed an pointe deiridh sinn: urna\u00ed do ghairmeacha san eaglais. Is \u00e9 \u00cdosa f\u00e9in a d\u00fairt linn: \u201cT\u00e1 an f\u00f3mhar fairsing ach n\u00edl ann ach meitheal bheag. D\u00e1 bhr\u00ed sin gu\u00edg\u00ed M\u00e1istir an fh\u00f3mhair go gcuirfeadh s\u00e9 meitheal uaidh isteach ina fh\u00f3mhair\u201d (Matha 9:37-38). T\u00e1 gairmeacha de shaghas \u00e9ags\u00fala de dhith: don sagartacht agus don bheatha rialta, ach chomh maith c\u00e9anna le go mbeadh meitheal chu\u00ed ann a oirfeadh do fhadhbanna an lae inniu \u2013 daoine a bhfuil cumas acu sna heola\u00edochtai, sa litr\u00edocht, sna heala\u00edona, sna me\u00e1in, agus i gach gn\u00e9 den saol inar g\u00e1 fianaise a thabhairt don S\u00e1raoire, don T\u00e9 arb \u00e9 an tsl\u00ed, an fh\u00edrinne agus an bheatha. <\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Aibre\u00e1n 21 2013 Ceathr\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-83","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/83","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=83"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/83\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=83"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=83"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=83"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}