{"id":836,"date":"2019-07-23T09:18:08","date_gmt":"2019-07-23T09:18:08","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=836"},"modified":"2019-07-23T09:18:08","modified_gmt":"2019-07-23T09:18:08","slug":"28-iuil-2019-c-seachtu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=836","title":{"rendered":"28 I\u00fail 2019 (C) Seacht\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don\nBheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an\nlae<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Glaoch filleadh ar an\nurna\u00ed i gcult\u00far nua saolta<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar\nthreoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Genesis 18:20-22). <em>N\u00e1 b\u00edodh an Tiarna i bhfeirg liom agus\nlabhr\u00f3idh m\u00e9 ar\u00eds. <\/em>Lean\u00faint den l\u00e9acht a bh\u00ed againn an Domhnach seo caite\nan sliocht seo, l\u00e9acht in ar fhear Abrah\u00e1m f\u00e1ilte roimh thri\u00far fear, arbh\nionann agus an Tiarna iad. Bh\u00ed droch-theist ar Sh\u00f3dom agus Ghomor\u00e1 de bharr\nr\u00e1fla\u00ed faoi mh\u00ed-iompar gn\u00e9is. Sa l\u00e9acht seo cuirtear an Tiarna Dia i l\u00e1thair\namhail is d\u00e1 mba mhian leis cuairt a thabhairt go pearsanta ar an gcathair lena\ndheimhni\u00fa d\u00f3 f\u00e9in arbh fh\u00edor do na r\u00e1fla\u00ed. I dt\u00fas na l\u00e9achta t\u00e1 an fhadhb ch\u00e9anna\nagainn agus a bh\u00ed an Domhnach seo caite, is \u00e9 sin le r\u00e1 fir, tri\u00far d\u00edobh, agus\nan Tiarna agus na fir ag feidhmi\u00fa mar shamhail don Tiarna. Is d\u00f3cha gurb aingil\niad na fir, agus i dtraidisi\u00fan amh\u00e1in sa Bh\u00edobla modh amh\u00e1in iad leis an Tiarna\nDia a chur in i\u00fal. Luaitear an Tiarna f\u00e9in san uimhir uatha (Tiarna) sa sliocht\nchomh maith. Mar shampla sa v\u00e9arsa tosaigh is \u00e9 an Tiarna a labhra\u00edonn, ach go\ngairid ina dhiaidh sin deirtear gur imigh na fir leo i dtreo S\u00f3dom, ach gur\nfhan Abrah\u00e1m ina sheasamh i l\u00e1thair an Tiarna. Ionann Abrah\u00e1m i l\u00e1thair an\nTiarna agus an Tiarna le Abrah\u00e1m agus teist den dl\u00fathchairdeas idir Dia agus\ndaoine daonna. Maidir leis an agallamh a leanann idir Abrah\u00e1m agus an Tiarna sa\nsliocht seo, baineann s\u00e9 le fadhb dhomhain dhiagachta, is \u00e9 sin le r\u00e1 d\u00edoltas\nD\u00e9 a imirt ar na f\u00edr\u00e9in agus na peacaigh le ch\u00e9ile, ceist a bhain le c\u00f3ir agus\nceartas D\u00e9. Bh\u00ed taith\u00ed ag Iosrael ar a leith\u00e9id de dh\u00edoltas comhchoiteann i\nthrearscairt Iar\u00fasail\u00e9im le arm na Baibeal\u00f3ine. B\u2019fh\u00e9idir nach bhfuil r\u00e9iteach\nar an fhadhb seo, ach d\u00e9antar an cheist a ch\u00edoradh in Eizic\u00e9il 14:12-23 agus i\nLeabhar I\u00f3b, agus sa l\u00e9acht \u00e1irithe seo. Ach p\u00e9 ar bith ba bhun\u00fas leis an\nl\u00e9acht i Leabhar Genesis, i liot\u00fairge an lae inniu roghna\u00edtear \u00ed le dul le\nl\u00e9acht an tSoisc\u00e9il faoin urna\u00ed. Sa ch\u00e9ad l\u00e9acht seo feictear an Tiarna Dia in\nagallamh le Abrah\u00e1m, duine daonna, agus r\u00e9idh ligint do Abrah\u00e1m margadh a\ndh\u00e9anamh leis. N\u00ed leasc le Dia na hiarratais dhaonna. A mhalairt ar fad:\nfearann s\u00e9 f\u00e1ilte rompu, mar a l\u00e9ireoidh \u00cdosa sa sliocht \u00f3n Soisc\u00e9al inniu.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 137[138]), <em>Nuair a ghlaoigh m\u00e9 ort d\u2019eist t\u00fa liom, a\nThiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara\nL\u00e9acht<\/em> (Colasaigh 2:12-14). <em>Bheoigh Dia sibh mar aon le Cr\u00edost, agus\nmhaith s\u00e9 d\u00fainn \u00e1r gcionta.<\/em> Ar an gc\u00e9ad amharc n\u00ed h\u00e9asca br\u00ed bheacht na\nl\u00e9achta seo a fh\u00e1il. S\u00f3rt gearrscr\u00edobh \u00e9 de mh\u00edreanna de chreideamh Cr\u00edosta\u00ed na\nluatheaglaise, a bheadh soil\u00e9ir don t\u00e9 a scr\u00edobh agus do na l\u00e9itheoir\u00ed (n\u00f3\n\u00e9isteoir\u00ed) tosaigh. Mar aon leis sin bheadh na m\u00edreanna \u00e9ags\u00fala den chreideamh\nm\u00ednithe do na Cr\u00edostaithe roimh a mbaisteadh n\u00f3 ina dhiaidh. Rud eile gur fi\u00fa a\nchur san \u00e1ireamh n\u00e1 go gceapann roinnt scol\u00e1ir\u00ed go bhfuil foirml\u00ed liot\u00fairgeacha\nno iomannacha taobh thiar den sliocht seo. Ni dochar a mheabhru go nduirt P\u00f3l\nn\u00edos luaithe sa litir seo (sliocht l\u00e9ite mar dhara leacht i Dhomhnach 15\nthuas), gurb ghnaoi le Dia an n\u00e1d\u00far diaga (ioml\u00e1ine D\u00e9) a bheith in a chona\u00ed in\n\u00cdosa go hioml\u00e1n. L\u00e1rphointe an chreidimh Chr\u00edosta\u00ed ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost. Rinne\ncumhacht \u00e9achtach D\u00e9 Cr\u00edost a th\u00f3gaint \u00f3 mhairbh, agus t\u00e1 an chumhacht ch\u00e9anna\nsin D\u00e9 ag feidhmi\u00fa sa bhaisteadh agus sa bheatha Chr\u00edosta\u00ed. Mar a chuirtear go\ndeas sa litir chuig na hEifisigh (1:19-21): is eol don d\u00f3chas Cr\u00edosta\u00ed\n\u201collmhaitheas na cumhachta a chuir Dia i bhfeidhm ar \u00e1r son-na, creidmhigh \u2013 an\nchumhacht \u00e9achtach \u00fad a chuir s\u00e9 ag obair i gCriost nuair a th\u00f3g s\u00e9 \u00f3 mhairbh \u00e9\nagus chuir ina shu\u00ed ar a dheis sna flaithis\u201d. Tr\u00ed thumadh a rinneadh an\nluathbhaisteadh Cr\u00edosta\u00ed, tumadh ar shamhail \u00e9 ar adhlacadh Chr\u00edost. Go\nmisti\u00fail, adhlacadh iad si\u00fad sa bhaisteadh le Cr\u00edost agus ag \u00e9ir\u00ed d\u00f3ibh \u00f3n umar\nbaiste bh\u00edodar aontaithe le cumhacht sin \u00e9achtach D\u00e9 a th\u00f3g \u00cdosa \u00f3 na mairbh.\nBa de bhunadh pag\u00e1nach, den chuid is m\u00f3 ar a laghad, Cr\u00edostaithe chathair Cholasae.\nBh\u00edodar marbh de dheasca a gcionta agus cheal thimpeallghearradh na colainne. Thug\nan baisteadh beatha nua d\u00f3ibh i gCr\u00edost. Bh\u00ed a bpeaca\u00ed go l\u00e9ir maite ag Dia\n(peaca\u00ed Ph\u00f3il f\u00e9in san \u00e1ireamh (\u201c\u00e1r gcionta uile\u201d). Cr\u00edochna\u00edonn an t\u00e9acs le\npicti\u00far gleoite: Na cionta go l\u00e9ir a bheadh ann i gcoinne Cr\u00edostaithe, liosta\nd\u00edobh i gc\u00e1ip\u00e9is l\u00e1mhscr\u00edofa, th\u00f3g Cr\u00edost an ch\u00e1ip\u00e9is sin agus chuir ar cheal \u00e9\n\u00e1 t\u00e1irne\u00e1il (go meafarach) don chrois. Fuair Cr\u00edost b\u00e1s do mhaithi\u00fanas na\nbpeaca\u00ed. T\u00e1 a bh\u00e1s agus a ais\u00e9ir\u00ed ag feidhmi\u00fa sa bheatha Chr\u00edosta\u00ed i gc\u00f3nai.<em><\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 11:1-13). <em>Iarraig\u00ed,\nagus bh\u00e9arfar daoibh. <\/em>Is faoin urna\u00ed an l\u00e9acht seo ina hioml\u00e1ine, agus Paidir\nan Tiarna mar eiseaml\u00e1ir d\u00f3. I ndiaidh Phaidir an Tiarna t\u00e1 aitheasc againn\nbheith ag gu\u00ed an Athar gan staonadh. Ar dt\u00fas meabhra\u00edtear d\u00fainn go raibh \u00cdosa\nag gu\u00ed nuair a chuir na deisceabail an cheist air gu\u00ed a mh\u00faineadh d\u00f3ibh.\nLeagann L\u00fac\u00e1s b\u00e9im ar an urna\u00ed i mbeatha phearsanta agus i ministreacht \u00cdosa.\n(F\u00e9ach na n\u00f3ta\u00ed ar an Soisc\u00e9al don 12\u00fa Domhnach den bhliain seo.) Luaigh L\u00fac\u00e1s\ncheana (5:33) urna\u00ed dheisceabail Eoin Baiste. T\u00e1 eags\u00falachta\u00ed \u00e1irithe idir\nfhoirm Phaidir an Tiarna ag L\u00fac\u00e1s agus ag Matha (6:5-15). Is \u00ed foirm Mhatha at\u00e1\nde ghlanmheabhair againn. N\u00ed haon rud as an ghn\u00e1th dh\u00e1 fhoirm de phaidir, fi\u00fa\nde cheann bun\u00fasach. Ni raibh foirmle docht ag urnaithe Gi\u00fadacha. Tosa\u00edonn an\nPhaidir ag L\u00fac\u00e1s le \u201cA Athair\u201d; ag Matha le \u201c \u00c1r nAthair at\u00e1 ar neamh\u201d, foirmle\nGi\u00fadach ag tagairt do Dhia. \u201cA Athair\u201d, as Airimis<em> Abba, <\/em>leagan \u00cdosa in Getsemane \u00e9 (L\u00fac\u00e1s 22:42), leagan a spreagann an Spiorad Naomh Cr\u00edostaithe,\ndeirfi\u00faracha agus dearth\u00e1ireacha \u00cdosa, \u00fasaid a bhaint as ag gu\u00ed chun D\u00e9 (R\u00f3mh\u00e1naigh\n8:15; Galataigh 4:6). San achain\u00ed faoin \u201c\u00e1r n-ar\u00e1n laeth\u00fail\u201d, n\u00edl \u201claeth\u00fail\u201d\nmar aistri\u00fa cinnte ar fad. D\u2019fheadfadh br\u00ed eile a bheith leis an bhfocal\nGr\u00e9igise, mar shampla \u201criachtanach\u201d. Ar\u00e1n, bia, an tsaoil seo at\u00e1 i gceist go\nbun\u00fasaach, ach d\u2019fh\u00e9adfadh tagairt a bheith ann do ar\u00e1n na beatha s\u00edora\u00ed chomh\nmaith. Is \u00e9 an focal Airimise at\u00e1 taobh thiar den bhfocal \u201cpeaca\u201d n\u00e1 \u201cfiach,\nfiacha\u201d, mar at\u00e1 ag Matha (\u201cmaith d\u00fainn \u00e1r bhfiacha\u201d). An tagairt do \u201ccath\u00fa\u201d ag\nan deireadh, is \u00e9 a bheadh i gceist n\u00e1 gaiste Sh\u00e1tan, agus s\u00e9anadh Chr\u00edost agus\nan chreidimh d\u00e1 bharr. Feach L\u00fac\u00e1s 22:39-40.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tar\n\u00e9is Phaidir an Tiarna tugann \u00cdosa parabal \u00e9ifachtach ag moladh buanseasmhacht\nsan urna\u00ed, sna hachain\u00edocha ar Dhia. N\u00ed chuireann a leith\u00e9id as do Dhia. A\nmhalairt ar fad. L\u00e9ir\u00edonn \u00cdosa c\u00faram an Athar ar neamh le sampla\u00ed \u00f3na ruda\u00ed a dh\u00e9anfadh,\nn\u00f3 nach dh\u00e9anfadh, athracha daonna d\u00e1 bp\u00e1ist\u00ed: cloch nuair a iarrtar ar\u00e1n; in\nionad \u00e9isc nathair nimhe (a bheadh cos\u00fail leis), in ionad uibhe scairp (a\nbheadh cos\u00fail leis). Maidir leis an nath \u201csibhse at\u00e1 go holc\u201d, modh Seim\u00edteach\n\u00e9 le r\u00e1 \u201csibhse, easpach is at\u00e1 sibh\u201d. Gluaiseann \u00cdosa go n\u00e9ata \u00f3 ch\u00farsa\u00ed\nsaolta go f\u00edrinn\u00ed n\u00edos airde. M\u00e1s eol d\u2019athracha neamhfhoirfe ar talamh c\u00faram a\ndh\u00e9anamh d\u2019achain\u00edocha a gclainne, nach m\u00f3ide go dtabharfaidh an tAthair \u00f3\nneamh an Spiorad Naomh d\u00f3ibh si\u00fad a iarann \u00e9. Do L\u00fac\u00e1s ionann an Spiorad Naomh\nagus cumhacht \u00f3 Dhia fianaise a thabhairt d\u00e1 r\u00edocht (mar shampla&nbsp; Domhnach Cinc\u00edse), ballraiocht ar phobal nua\nD\u00e9 (Gn\u00edomhartha 10; Cornelius). D\u00e9anann an Spiorad Naomh an Eaglais a sti\u00faradh\ntr\u00edd an stair. <\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus\nagallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Glaoch filleadh ar an urna\u00ed i\ngcult\u00far nua saolta<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Tugann an l\u00e9acht\n\u00f3n Soisc\u00e9al inniu cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar \u00e1it na hurna\u00ed in\u00e1r saol\nf\u00e9in inniu, i dtimpeallacht at\u00e1 \u00e9irithe saolta. N\u00ed \u00f3 mheon saolta amh\u00e1in a\neascair roinnt de na hathraithe i gc\u00farsa\u00ed paidreoireachta. N\u00edl aon bhaint ag\ncuid de na hathraithe le c\u00farsa\u00ed creidimh. N\u00ed r\u00f3-fhada \u00f3 shoin \u00f3 bh\u00ed paidir\n\u00e9igin ann do mh\u00f3r\u00e1n c\u00farsa\u00ed an lae, amhail \u201cBail \u00f3 Dhia ar an obair\u201d, \u201cBail \u00f3\nDhia anseo\u201d, at\u00e1 imithe i ndearmad le fada. D\u2019fhan alt\u00fa roimh bia, agus tar \u00e9is\nbia i bhfad nios faide, agus i sl\u00ed is ann i gc\u00f3nai d\u00f3ibh. Chuir eolas ar\nchursai aimsire cr\u00edoch le paidreacha poibl\u00ed do fhearthainn n\u00f3 do dhea-aimsir\nagus soineann. Uaireanta measann creidmhigh l\u00e9annta n\u00e1r ch\u00f3ir ghu\u00ed do thoradh\nf\u00f3nta ar agallamh do phost, toisc sin a bheith i gcoinne seans iarrath\u00f3ir\u00ed eile\ndon phost. Laige lena leith\u00e9id de thuairim d\u00e1 leith\u00e9id n\u00e1 nach dra\u00edocht an\nurnai ach iarratas ar Dhia, Dia a thuigeann c\u00e1s gach aoinne.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach le filleadh ar an meon\nsaolta: t\u00e1 m\u00f3r\u00e1n c\u00faiseanna a th\u00f3gann \u00e1r n-aire \u00f3n urna\u00ed na laethanta seo nach\nf\u00e9idir dul go mion isteach iontu anseo: fuarch\u00fais i leith cleachtadh an\nchreidimh, ceisteanna faoi bheith ann do Dhia agus na harag\u00f3int\u00ed a bhaineann\nleis, n\u00f3 deacracht \u201cteagmh\u00e1il\u201d, \u201cceangailteacht\u201d a dh\u00e9anamh le Dia, neach nach\nfeictear. Ach fanann an cuireadh machnamh a dh\u00e9anamh ar an urna\u00ed. Feach freisin\nan \u201cMachnamh\u201d don 12\u00fa Domhnach don bhliain seo ar an \u00e1bhar c\u00e9anna.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-836","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/836","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=836"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/836\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":837,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/836\/revisions\/837"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=836"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=836"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=836"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}