{"id":845,"date":"2019-08-02T17:06:03","date_gmt":"2019-08-02T17:06:03","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=845"},"modified":"2019-08-02T17:06:03","modified_gmt":"2019-08-02T17:06:03","slug":"4-lunasa-2019-c-ochtu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=845","title":{"rendered":"4 L\u00fanasa 2019 (C) Ocht\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le\nceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>\u00d3 na flaithis leanann Cr\u00edost ar aghaidh ag\ncraobhscaoileadh a dhea-sc\u00e9il<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don\nbheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(C\u00f3helet 1:2; 2:21-23). <em>C\u00e9n tairbhe a bhaineann duine as a shaothar?<\/em> C\u00f3helet, ar a dtugtar freisin Leabhar Eclesiastes, baineann s\u00e9 le roinn den Seantiomna ar a dtugtar \u201cLitr\u00edocht na hEagna\u201d. Bh\u00ed luathlitr\u00edocht na heagna bunaithe ar th\u00e1taill a th\u00e1inig \u00f3n aigne dhaonna agus \u00f3n taith\u00ed dhaonna, seachas \u00f3 fhoilsi\u00fa, \u00f3 chonradh D\u00e9 le Iosrael, n\u00f3 \u00f3 Dhl\u00ed Mhaois. T\u00e1 a l\u00e1n eolais agus teagaisc fh\u00f3nta inti ar shaol an duine agus faoin bheatha dhaonna. Ar uairibh, go m\u00f3r m\u00f3r i leabhar I\u00f3b agus i gC\u00f3helet, c\u00e1ineann s\u00ed lochtanna agus laig\u00ed sa mh\u00f3r\u00e1ltacht Ghi\u00fadach thraidisi\u00fanta agus a l\u00e9argus ar Dhia agus ar ch\u00farsa\u00ed an tsaoil. Machnamh fealsaimh seachas fianaise ar chreideamh Iosrael at\u00e1 i gCohelet. Mhair s\u00e9 sa r\u00e9 Ghr\u00e9igeach is d\u00f3cha (tr\u00ed\u00fa aois roimh Chr\u00edost) agus bh\u00ed teacht aige ar smaointeoireacht fheals\u00fanta na Gr\u00e9ige. T\u00e1 l\u00e9argas duairc aige ar an bheatha dhaonna agus an saol. N\u00edl in aon rud ach seal, \u00a0baois, an\u00e1il, gan substaint. Curf\u00e1 ina scr\u00edbhinn n\u00e1: \u201cBaois na baoise, buaic na baoise! Nil in aon rud ach baois\u201d. Mar sin fein is f\u00e9idir leis tuairm\u00ed stuama a thabhairt ar chleachta\u00ed \u00e1irithe, mar at\u00e1 faoi th\u00f3ir an tsaibhris sa l\u00e9acht seo. An m\u00e9id adeir s\u00e9 faoi seo agus faoi \u00e1bhair eile, d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 \u00e1bhar machnaimh a shol\u00e1thair do dhaoine ar th\u00f3ir an rachmais, saibhreas at\u00e1 ina shl\u00ed fein riachtanach do tsocha\u00ed dhaonna. T\u00e9ann l\u00e9acht seo\u00a0 an tSeantiomna go h\u00e1lainn leis an sliocht \u00f3n Soisc\u00e9al inniu, a bhfuil an t\u00e9ama c\u00e9anna ann.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 94[95]). <em>\u00c1, d\u00e1 n-\u00e9istfeadh sibh lena ghuth inniu: \u2018Na\ncalcaig\u00ed bhur gcro\u00ed.\u2019<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara\nL\u00e9acht<\/em> (Colasaigh 3:1-5, 9-11). <em>Lorgaig\u00ed na nithe at\u00e1 thuas mar a bhfuil\nCr\u00edost.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>An ch\u00e9ad chuid de shliocht an lae inniu (3:1-4) roghna\u00edodh \u00ed mar l\u00e9acht oiri\u00fanach do Dhomhnach na C\u00e1sca, an l\u00e1 ina dh\u00e9anaimid ceili\u00faradh ar ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus a fhilleadh faoi ghl\u00f3ir ar dheasl\u00e1imh an Athar, \u00e1it a bhfuil s\u00e9 de sh\u00edor ag gu\u00ed ar son na hEaglaise, agus ar \u00e1r son go l\u00e9ir le go mbeadh toradh ar a bh\u00e1s agus a ais\u00e9ir\u00ed. T\u00e1 Cr\u00edostaithe aontaithe le Cr\u00edost sa bhaisteadh, agus mar adeir an l\u00e9acht seo aontaithe leis ar neamh. N\u00ed l\u00e9acht ginear\u00e1lta gan t\u00e9agar at\u00e1 anseo. Tamall gearr roimhe seo scr\u00edobh P\u00f3l (Colasaigh 2:6-7): \u201cMar sin de, \u00f3s rud \u00e9 go bhfuil glactha agaibh le h\u00cdosa mar Thiarna, tugaig\u00ed bh\u00far saol i bp\u00e1irt leis. B\u00edg\u00ed pr\u00e9amhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar ar m\u00faineadh daoibh \u00e9\u201d. Cr\u00edochnaionn an sliocht do Dhomhnach C\u00e1sca mar seo: \u201cNuair a nochtfar Cr\u00edost, \u00e1r mbeatha, ansin nochtfar sibhse freisin mar aon leis faoi ghl\u00f3ir\u201d. Beidh seo amhlaidh m\u00e1 bh\u00edonn beatha na bhf\u00edr\u00e9an ar talamh de r\u00e9ir mar a oireann d\u00e1 gcreideamh in \u00cdosa Cr\u00edost ais\u00e9irithe. Is chuige sin a leanann an litir ch\u00e9anna ar aghaidh i l\u00e9acht an lae inniu \u00e1 mheabhr\u00fa faoi cad a eascra\u00edonn as creideamh sa bheatha nua seo i gCr\u00edost, is e sin le le r\u00e1 ag cur chun b\u00e1is gach rud \u201csaolta\u201d, nach bhfuil comhoiri\u00fanach don bheatha nua. Luann s\u00e9 ceithre chleachtadh gn\u00e9asacha, agus ina ndiaidh sin an tsaint, gur ionann \u00ed agus adhradh d\u00e9ithe br\u00e9ige. Baineann siad sin go l\u00e9ir leis an \u201csean-n\u00e1d\u00far\u201d. Bheadh an n\u00e1d\u00far nua de r\u00e9ir \u00edomh\u00e1 a \u201cChruthaitheora\u201d, \u00cdosa Cr\u00edost ais\u00e9irithe at\u00e1 ag s\u00edor-chraobhscaoileadh a shoisc\u00e9il \u00f3 dheis an Athar. Crutha\u00edodh an duine, an cine daonna, ar \u00edomh\u00e1 D\u00e9, ach rinneadh dochar don \u00edomh\u00e1 sin tr\u00edd an bpeaca. Is \u00e9 sin an \u201csean-n\u00e1d\u00far\u201d, at\u00e1 le athchruth\u00fa i gCr\u00edost mar n\u00e1d\u00far \u00far, ar \u00edomh\u00e1 Chr\u00edost, agus mar sin ar \u00edomh\u00e1 an Chruthaitheora Dia f\u00e9in.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 12:13-21). <em>An\ncnuasach at\u00e1 deanta agat, c\u00e9 aige a mbeidh s\u00e9?<\/em> Sa t\u00e9acs d\u00edrach roimh an\nceann seo bh\u00ed \u00cdosa ag m\u00faineadh a chuid dheisceabal. Sa l\u00e9acht seo iarrann duine\nas an slua, nach deisceabal \u00e9, ar \u00cdosa p\u00e1irt a ghlacadh i roinnt oidhreacht a\nchlainne. Mar is iontuigthe, di\u00falta\u00edonn \u00cdosa don iarratas. N\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id\nmisean \u00cdosa. Ansin deir an t\u00e9acs gur labhair \u00cdosa \u201cleo\u201d, lena dheiseabail is\nd\u00f3cha, agus b\u2019fh\u00e9idir go bhfuil an slua i gceist chomh maith. Tugann s\u00e9 rabhadh\nfaoin tsaint, agus an dochar a dh\u00e9anann s\u00ed don t\u00e9 a chleachtann \u00ed. N\u00ed ionann\nraidhse agus sonas. M\u00edn\u00edonn \u00cdosa cad t\u00e1 i gceist aige le parabal a labhra\u00edonn\ns\u00e9 \u201cleo\u201d \u2013 ar\u00eds leis na deisceabail, agus b\u2019fh\u00e9idir leis an slua chomh maith.\nT\u00e1 an parabal seo i dtraidisi\u00fan eagna\u00edocht Iosrael, mar at\u00e1 t\u00e9acs Cohelet sa\nch\u00e9ad l\u00e9acht. An duine santach amh\u00e1in at\u00e1 mar chro\u00edl\u00e1r an pharabail, an chead\nphearsa uatha, \u201cm\u00e9\u201d, go minic ann. Mar fhoircean ar an bparabal t\u00e1 \u00e1bhar\nmachnaimh ar thoradh na sainte agus faoi bhr\u00ed na beatha daonna. Is \u00e9 freagra\nL\u00fac\u00e1is n\u00e1 saibhreas a thaisceadh i lathair D\u00e9 seachas saint sa saol seo.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le\nceisteanna an lae:<\/em><\/strong> <em>\u00d3 na flaithis leanann Cr\u00edost ar aghaidh ag\ncraobhscaoileadh a dhea-sc\u00e9il<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>I gceisteanna maidir le m\u00edni\u00fa an Bh\u00edobla i\ngcomhtheacs eaglais an lae inniu, t\u00e1 dh\u00e1 phrionsabal nach m\u00f3r a chur san \u00e1ireamh:\nachar fada agus achar gar (n\u00f3 neamh-mhe\u00e1nach). Ionann achar fada agus a\nthuiscint c\u00e9 chomh fada sin uainn a cumadh scr\u00edbhinn\u00ed an Tiomna Nua \u2013 dh\u00e1 mh\u00edle\nbliain idir sinn agus iad. Cumadh iad i dtosca, agus do thosca, soisialta agus\nmeonta aigne \u00e9ags\u00fala agus ar uairibh contr\u00e1rtha do ghn\u00e1th-mheon \u00e1r linne f\u00e9in.\nIs cuma sin do dhaonnachtaithe, lucht an mh\u00edchreidimh, \u00e1r linne f\u00e9in. Glacann\nsiad san leo mar dhoicim\u00e9id staire amh\u00e1in. Roinnt chreidmheach, fi\u00fa, measann\nsiad go bhfuil na bunscr\u00edbhinn\u00ed sin chomh fada sin uainn nach bhfuil\nteachtaireacht ag an Tiomna Nua do shaol an lae inniu a thuilleadh. N\u00ed mar sin\na fh\u00e9achann an Eaglais Chaitliceach, n\u00f3 Cr\u00edostaithe de ghn\u00e1th, ar an sc\u00e9al. T\u00e1\nDia agus Cr\u00edost ag labhairt linn i gc\u00f3na\u00ed tr\u00edd an Tiomna Nua. Agus an cheist\nseo \u00e1 c\u00edoradh, n\u00ed m\u00f3r dh\u00e1 \u00e1bhar a dheighilt \u00f3 cheile. I gc\u00farsa\u00ed teagaisc de,\nbh\u00ed scr\u00edbhinn\u00ed an Tiomna Nua l\u00e1rnach nuair a bh\u00ed an diagacht faoi Chr\u00edost agus\nan Tr\u00edon\u00f3id Naofa \u00e1 shoil\u00e9iri\u00fa. I gc\u00farsa\u00ed eile, mar shampla teagasc agus\ncleachtadh a bhaineann le n\u00f3sanna soisialta, amhail sl\u00e1bha\u00edocht agus seasamh na\nmban sa tsocha\u00ed, is f\u00e9idir ceist a chur an tosca staire seachas teagasc ann\nf\u00e9in is bun leis. Maidir le teagasc faoi ch\u00farsa\u00ed gn\u00e9is b\u00edonn seo \u00e1 phl\u00e9 go\nminic.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Na\nceisteanna sin a luamar faoi achar fada an Tiomna Nua uainn, c\u00farsa\u00ed na haigne,\nagus cu\u00edosach teib\u00ed, iad. Mar aon leo si\u00fad t\u00e1 gn\u00e9 eile a bhaineann leis an\nTiomna Nua, is sin a \u00e1it san Eaglais agus sa bheatha Chr\u00edosta\u00ed. Anseo t\u00e1 achar\ngar, n\u00f3 neamh-mhe\u00e1nach, i gceist. Thug Comhairle na Vatac\u00e1ine aird air seo sa\nBhunreacht ar an liot\u00fairge naofa (alt 7). Faoi mar ar seoladh \u00cdosa Cr\u00edost \u00f3n\nAthair, is mar sin a sheol Cr\u00edost na haspail, l\u00e1n den Spiorad Naomh, amach.\nRinne s\u00e9 \u00e9 seo ionas go bhf\u00f3gr\u00f3idis gur shaor \u00cdosa Cr\u00edost sinn lena bh\u00e1s agus a\nais\u00e9ir\u00ed \u00f3 chumhacht Sh\u00e1tan (alt 6). Le feidhm a thabhairt don r\u00fandiamhair seo,\nt\u00e1 \u00cdosa i l\u00e1thair i gc\u00f3na\u00ed ina Eaglais, go m\u00f3r m\u00f3r ina chuid ceili\u00fartha liot\u00fairgeacha.\nI measc sl\u00edte eile \u201ct\u00e1 s\u00e9 i l\u00e1thair ina bhriathar, mar is \u00e9 fein a labhra\u00edonn\nnuair a l\u00e9itear na scriopt\u00fair naofa san Eaglais\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is\nc\u00falra \u00e1lainn do theagasc seo na hEaglaise dara l\u00e9acht an lae inniu. Cr\u00edost\nais\u00e9irithe, ar dheis an Athar, mheabhraigh s\u00e9 tr\u00edna a chuid aspal (P\u00f3l agus\neile) \u00f3 th\u00fas n\u00e1r mh\u00f3r d\u00f3ibh an \u201cn\u00e1d\u00far \u00far\u201d a mhaireacht\u00e1il agus a l\u00e9iri\u00fa, de r\u00e9ir\na theagaisc f\u00e9in agus teagasc na hEaglaise. Tugann P\u00f3l sampla\u00ed le seachaint,\nnach raibh ag teacht leis an n\u00e1d\u00far sin, agus gn\u00e1sa eile a bh\u00ed le cleachtadh.\nLeanann an Eaglais ar aghaidh leis seo. T\u00e1 Cr\u00edost ag f\u00f3gairt a shoisc\u00e9il gach\nuair a l\u00e9itear na scriopt\u00fair sa liot\u00fairge. D\u00e9antar an soisc\u00e9al a fh\u00f3gairt i\nsl\u00edte eile chomh maith, mar shampla ag daoine carasmatacha amhail Naomh\nProins\u00e9as i gc\u00farsa\u00ed bochtanais agus eile, ag an bP\u00e1pa ag meabhr\u00fa do eaglaisigh\ngan a bheith sa t\u00f3ir ar ard\u00fa c\u00e9ime agus maireacht\u00e1il de r\u00e9ir shimpl\u00edocht na\nsoisc\u00e9al, ag meabhr\u00fa nach tosca staire point\u00ed \u00e1irithe den Tiomna Nua at\u00e1 faoi\nchonsp\u00f3id, ach gur teagasc buan, fi\u00fa cinnteathach, iad. N\u00ed cumad\u00f3ireacht\ndhaonna \u00e9 teagasc na hEaglaise, ach deimhni\u00fa agus lean\u00faint ar theachtaireacht\nChr\u00edost. Ach faoi mar ar leag P\u00f3l b\u00e9im air sa dara l\u00e9acht inniu, is \u00e9 Cr\u00edost\nais\u00e9irithe ar dheis an Athar cro\u00edlar na hEaglaise agus na beatha Cr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-845","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/845","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=845"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/845\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":846,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/845\/revisions\/846"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=845"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=845"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=845"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}