{"id":85,"date":"2013-04-25T10:34:53","date_gmt":"2013-04-25T10:34:53","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=85"},"modified":"2013-04-25T10:34:53","modified_gmt":"2013-04-25T10:34:53","slug":"aibrean-28-2013-cuigiu-domhnach-den-chaisc","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=85","title":{"rendered":"Aibre\u00e1n 28 2013 C\u00faigi\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc"},"content":{"rendered":"<p align=\"center\" style=\"text-align: center;\"><b><span style=\"color: blue; font-size: 11pt;\">Aibre\u00e1n 28 2013 C\u00faigi\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc<\/span><\/b><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p align=\"center\" style=\"text-align: center;\"><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/span><\/p>\n<p align=\"center\" style=\"text-align: center;\"><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p align=\"center\" style=\"text-align: center;\"><span style=\"color: blue; font-size: 11pt;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/p>\n<p align=\"center\" style=\"text-align: center;\"><span style=\"color: blue; font-size: 11pt;\">B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><b><i><span style=\"color: blue; font-size: 11pt;\">&nbsp;<\/span><\/i><\/b><\/p>\n<p><b><i><span style=\"color: blue; font-size: 11pt;\">A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/span><\/i><\/b><i><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;<\/span><\/i><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Gn\u00edomhartha na nAspal 14:21-27). <i>D\u2019innis siad don Eaglais m\u00e9id na nithe a rinne Dia tr\u00edothu. <\/i>I rith tr\u00e9imhse na C\u00e1sca t\u00f3gtar na l\u00e9achta\u00ed do gach ceann de na tr\u00ed Dhomhnach den tsraith \u00f3 Ghn\u00edomhthartha na nAspal, chomh fada le Comhairle Iar\u00fasail\u00e9im, i gcaibideal 15. Cuireadh at\u00e1 anseo do lucht fhreastail an Aifrinn teacht ar eolas n\u00edos fearr ar th\u00fas agus fh\u00e1s na hEaglaise \u00f3n chur s\u00edos at\u00e1 ag L\u00fac\u00e1s air sin. Leanann l\u00e9acht an lae inniu ar aghaidh \u00f3n cheann a bh\u00ed againn an Domhnach seo caite ag cur s\u00edos ar an dturas ar ais ag P\u00f3l agus Barnabas go hAint\u00edoc ar an Orontes, t\u00fas agus ceann scr\u00edbe a n-aistir, sa ch\u00e9ad turas misi\u00fanda d\u00f3ibh. Cuid de na logainmneacha sa l\u00e9acht seo, luadh cheana iad i l\u00e9acht an Domhnaigh seo caite. Thosaigh P\u00f3l agus Barnabas ag Ant\u00edoc ar an Orontes. Chuadar as sin go hoile\u00e1n na Cipre, as san go dt\u00ed an mh\u00ednt\u00edr (Tuirc an lae inniu), go Peirge i gcr\u00edoch Paimfilia, ar aghaidh go Ant\u00edoc na Pisidia, ansin go hIconium, Liostra agus Deirbe. Cuireann l\u00e9acht an lae inniu s\u00edos ar an aistear thar nais. Tuigtear \u00f3n l\u00e9acht seo gurbh ch\u00faram do Ph\u00f3l agus Barnabas d\u00fashraith na hEaglaise a leagan nuair a cheapadar sean\u00f3iri ann, b\u00edodh nach soil\u00e9ir c\u00e9n dualgas n\u00f3 st\u00e1das a bh\u00ed acu. (Luaitear ar\u00eds iad a bheith san eaglais in Eifeasas; Gn\u00edomhthartha 20:17.) Cheap P\u00f3l riarach\u00e1n de shaghas \u00e9igin sna heaglais\u00ed a bhunaigh s\u00e9. I bhFilip\u00ed (Filip\u00ednigh 1:1) bh\u00ed \u201ceaspaig agus d\u00e9ag\u00e1naigh\u201d (n\u00f3 uachtar\u00e1in agus c\u00fant\u00f3ir\u00ed), nach fios a ndualgas n\u00f3 a st\u00e1das. Tar \u00e9is bh\u00e1s na nAspal th\u00e1inig riarach\u00e1n n\u00edos soil\u00e9ire i r\u00e9im san eaglais (litreacha1-2 Tiom\u00f3id; Titus). Mhol P\u00f3l agus Barnabas do na luath-eaglais\u00ed ina dturas d\u00f3ibh bheith r\u00e9idh do gh\u00e9arlean\u00faint\u00ed, mar chuid den fh\u00e1isn\u00e9is chr\u00edosta\u00ed. Thar nais ag an mh\u00e1thair-eaglais in Aint\u00edoc ar an Orontes tugann siad tuarasc\u00e1il conas ar \u00e9irigh leo sa ch\u00e9ad mhisin eagraithe seo do na cin\u00edocha, na pag\u00e1naigh. Bh\u00ed doras oscailte nach mbeadh iata go deo.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-top: 12pt;\"><i><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Salm 144[145]). <i>Beann\u00f3idh m\u00e9 d\u2019ainm de sh\u00edor, a Dhia liom is a R\u00ed.<\/i><\/span><i><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;<\/span><\/i><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt;\"> Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Apacailipsis 21:1-5). <i>Glanfaidh Dia gach deor d\u00e1 s\u00faile.<\/i> An chuid apacailipteach den leabhar seo, Apacailipsis Eoin, is faoi bhua an Uain a mhara\u00edodh (\u00cdosa), bua D\u00e9 ar fh\u00f3rsa\u00ed an oilc agus faoi theacht r\u00edocht D\u00e9 \u00ed. Tar \u00e9is an chur s\u00edos ar threascairt na Babl\u00f3ine, cathair an pheaca, bainis an Uain agus r\u00e9imeas m\u00edle bliain (nach \u00e9asca an bhr\u00ed at\u00e1 leis a bhaint amach) t\u00e1 f\u00eds ag Eoin ar neamh nua agus talamh nua a thiochfaidh in \u00e1it an domhain easpaigh seo. Sa r\u00e9 agus r\u00e9altacht nua seo n\u00ed bheidh farraige ann feasta, an bh\u00f3chna a bh\u00ed ceangailte i dtraidisi\u00fan an Oirthir agus an Bh\u00edobla le f\u00f3rsa\u00ed an duibheag\u00e1in a sheas in \u00e9adan eagair ar an domhan agus cumhacht D\u00e9. An \u201cchathair naofa, an Iar\u00fasail\u00e9in nua, maisithe mar nuachair\u201d, ionann iad agus an eaglais mar a bheidh s\u00ed ar neamh. N\u00edl aon teampall sa Iar\u00fasail\u00e9im nua mar is \u00e9 Dia f\u00e9in agus an tUan an Teampall ann (Apacailipsis 21:22). N\u00ed bheidh caoineadh n\u00e1 olag\u00f3n n\u00e1 pian a thuilleadh ag pobal D\u00e9. Baineann siad sin le r\u00e9 a bheidh thart. Beidh gach rud cruthaithe as an nua ag Dia, mar a gheall na f\u00e1ithe i bhfad roimhe seo.<\/span><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 11pt;\">Soisc\u00e9al <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Eoin 132:31-35). <i>T\u00e1 aithne nua \u00e1 tabhairt daoibh, go dtabharfadh sibh gr\u00e1 d\u00e5 ch\u00e9ile. <\/i>T\u00e1 teachtaireacht thar a bheith domhain sa l\u00e9acht seo, ceann a thuigtear n\u00edos fearr nuair a shu\u00edotar \u00e9 ina comhth\u00e9acs d\u00edlis, is \u00e9 sin le r\u00e1 i mb\u00e9ile deireannach \u00cdosa lena dheisceabail, b\u00e9ile a bhfuil gr\u00e1 \u00cdosa d\u00e1 dheisceabail agus don domhan l\u00e1rnach d\u00f3. Tosa\u00edonn an mh\u00edr \u00e1irithe mar seo (Eoin 13:1): \u201cRoimh fh\u00e9ile na C\u00e1sca, \u00f3 bh\u00ed a fhios ag \u00cdosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dt\u00ed an tAthair, agus \u00f3 thug s\u00e9 gr\u00e1 d\u00e1 mhuintir f\u00e9in a bh\u00ed ar an saol, thug s\u00e9 gr\u00e1 thar na bearta d\u00f3ibh feasta\u201d. Ionann \u201ca mhuintir f\u00e9in\u201d agus a chuid deisceabal an o\u00edche sin, ach chomh maith le sin a chuid deisceabal i rith na staire uile. Lena l\u00e9iri\u00fa cad ba bhr\u00ed leis as gr\u00e1 a luadh, t\u00e9ann an c\u00fantas ar aghaidh le n\u00ed chos na ndeisceabal a r\u00edomhadh, agus d\u00e9anann \u00cdosa f\u00e9in soil\u00e9ir cad ba bhr\u00ed leis sin, \u00e1 r\u00e1 d\u00f3: \u201cM\u00e1 rinne mise bh\u00far gcosa a n\u00ed agus gur m\u00e9 bh\u00far dTiarna gus bh\u00far M\u00e1istir, ba ch\u00f3ir daoibhse chomh maith cosa a ch\u00e9ile a n\u00ed. T\u00e1 sampla tugtha agam daoibh, faoi mar at\u00e1 d\u00e9anta agam daoibhse, go nd\u00e9anfadh sibhse mar an gc\u00e9anna\u201d. Ansin cuirtear s\u00edos ar imeacht I\u00fad\u00e1is le h\u00cdosa a bhraith, as a leanfaidh c\u00e9asadh na croise. Do Eoin, ionann an c\u00e9asadh agus gl\u00f3iri\u00fa \u00cdosa agus gl\u00f3ir an Athar. T\u00e1 \u00cdosa le himeacht as an saol go luath ach roimh imeacht d\u00f3 tugann s\u00e9 aithne nua d\u00e1 lucht lean\u00fana: gr\u00e1 a thabhairt d\u00e1 ch\u00e9ile faoi mar a thug seisean gr\u00e1 d\u00f3ibh, rud a thabharfaidh le fios do ch\u00e1ch gur deisceabail d\u2019\u00cdosa iad.<\/span><b><span style=\"color: blue; font-size: 11pt;\">&nbsp;<\/span><\/b><\/p>\n<p><b><span style=\"color: blue; font-size: 11pt;\">B. An B\u00edobla: <i>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae.&nbsp;<\/i><\/span><\/b><b><i><span style=\"color: blue; font-size: 11pt;\">&nbsp;<\/span><\/i><\/b><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black; font-size: 11pt;\">Neamh nua agus talamh nua. R\u00edocht D\u00e9 i l\u00e1thair cheana<\/span><\/i><span style=\"color: black; font-size: 11pt;\">.<\/span><b><span style=\"color: blue; font-size: 11pt;\">&nbsp;<\/span><\/b><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black; font-size: 11pt;\">1. Neamh Nua agus Talamh Nua.<\/span><\/i><span style=\"color: black; font-size: 11pt;\"> Ceann de altanna an chreidimh n\u00e1 go gcreidimid sa bheatha sh\u00edora\u00ed, radharc na Trion\u00f3ide agus l\u00fachair ag na fir\u00e9in agus cruatain an tsaoil seo taobh thiar d\u00edobh. Is l\u00e9ir do chreidmhigh, agus ba l\u00e9ir tr\u00edd na haoiseanna, nach f\u00e9idir go bhfuil an domhan amhlaidh mar ba mhian le Dia \u00e9 a bheith. Labhra\u00edonn P\u00f3l faoin d\u00falra f\u00e9in, agus na creidmhigh, a bheith ag s\u00fail le faoiseamh (R\u00f3mh\u00e1naigh 8:20-23): \u201cMeasaim nach fi\u00fa le h\u00e1ireamh pianta na huaire seo le hais na gl\u00f3ire at\u00e1 le foilsi\u00fa d\u00fainn. Mar t\u00e1 an d\u00falra ag tn\u00fath go d\u00edocasach le foilsi\u00fa chlann D\u00e9. Cuireadh an d\u00falra freisin \u00f3 rath, n\u00ed d\u00e1 dheoin fein ach mar gheall ar an t\u00e9 \u00fad a chuir \u00f3 rath \u00e9, ach i nd\u00f3chas, mar fuasclofar an d\u00falra f\u00e9in \u00f3 dhaoirse na truailleathachta chun saoirse ghl\u00f3rmhar chlann D\u00e9. &#8230; Agus n\u00ed h\u00e9 an d\u00falra amh\u00e1in at\u00e1 amhlaidh ach sinn f\u00e9in chomh maith; c\u00e9 go bhfuil c\u00e9adthortha\u00ed an Spioraid againn cheana f\u00e9in, t\u00e1imid ag cneadah freisin in\u00e1r gcro\u00ed istigh agus sinn ag feitheamh le go nd\u00e9anfar clann d\u00ednn agus go mbeidh \u00e1r gcorp fuascailte\u201d..I measc Gi\u00fadach agus Cr\u00edosta\u00edthe d\u2019fh\u00e1s an bhar\u00fail n\u00f3 an creideamh, go mbeadh r\u00e9 nua-chruthaithe ann tar \u00e9is don domh\u00e1n seo a chursa a rith. Mar adeir Dara Litir Naomh Peadar (2 Peadar 3:13): \u201cAgus t\u00e1imid ag s\u00fail, de r\u00e9ir an ghealltanais, le sp\u00e9artha nua agus le domhan nua mar a lonn\u00f3idh an fh\u00edr\u00e9antacht\u201d. T\u00e1 an d\u00f3chas, an creideamh, c\u00e9anna le f\u00e1il sa dara l\u00e9acht inniu. Is cuid de chreideamh na Eaglaise \u00e9, le f\u00e1il sa cur s\u00edos ar na Cr\u00edocha D\u00e9annacha i scr\u00edbhinn\u00ed Vatac\u00e1in II faoin Eaglais sa Nua-R\u00e9 (<i>Gaudium et Spes, L\u00fach\u00e1ir agus d\u00f3chas, <\/i>alt 39,2<i>) <\/i>agus i <i>gCaiticeasma na hEaglaise Caitlic\u00ed <\/i>(alt 1049). Meabhra\u00edonn na t\u00e9acsanna sin d\u00fainn n\u00e1r ch\u00f3ir go gcuirfeadh an creideamh sin i neamh agus talamh (no domhan) nua laige ar \u00e1r sp\u00e9is sa domhan seo in a bhfuilimid, ach a mhalairt ar fad, sinn a spreagadh lena shaothr\u00fa agus c\u00faram a dh\u00e9anamh de.&nbsp;<\/span><span style=\"color: black; font-size: 11pt;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black; font-size: 11pt;\">2. T\u00e1 r\u00edocht D\u00e9 in\u00e1r measc cheana f\u00e9in. <\/span><\/i><span style=\"color: black; font-size: 11pt;\">N\u00edor ch\u00f3ir go ligfeadh an creideamh sin i neamh nua agus talamh nua sinn dearmad a dh\u00e9anamh de go bhfuil r\u00edocht D\u00e9 in\u00e1r measc cheana fein. Thosaigh s\u00ed le baisteadh Chr\u00edost mar ar ungadh \u00e9 leis an Spiorad Naomh, Spiorad a bh\u00ed gn\u00edomhach ann ina chuid mhior\u00failti agus teagaisc, ag leigheas na n-easl\u00e1n agus ag clo\u00ed chumhacht an diabhail. D\u2019fh\u00f3gair Cr\u00edost f\u00e9in go raibh r\u00edocht D\u00e9 tagaithe ina phearsa agus ina chuid oibre. Leanfadh an r\u00edocht sin Chr\u00edost, agus as h\u00e9ifeacht, san eaglais agus sa stair tr\u00edd a ghr\u00e1sta. tr\u00edna a theagasc, an tSeanm\u00f3ir ar an Sliabh, na Bi\u00e1id\u00ed agus eile, ach go m\u00f3r m\u00f3r tr\u00ed shampla agus spreagadh Chr\u00edost f\u00e9in. Th\u00e1inig \u00cdosa le beatha a thabhairt agus \u00ed a thabhairt go fial, beatha abhus agus beatha sh\u00edora\u00ed. Mh\u00fain s\u00e9 don duine aonair gan a anam a chailleadh, a anam daonna gan br\u00ed na beatha seo a thuisgint, n\u00f3 a anam spiorad\u00e1lta don saol eile. Ceacht m\u00f3r \u00f3 \u00cdosa n\u00e1 br\u00ed na beatha seo a thuiscint. B\u00edodh go raibh a sciar de laig\u00ed agus scannal san Eaglais i rith a staire, agus f\u00f3s f\u00e9in, bh\u00ed, agus t\u00e1, s\u00ed d\u00edlis d\u00e1 Bunatheoir \u00cdosa Cr\u00edost, an tUan ais\u00e9irithe. T\u00e1 f\u00edrinne agus fuinneamh f\u00f3s sa chuid seo de Phreaf\u00e1id na C\u00e1sca: \u201c\u00d3ir t\u00e1 oidhreacht \u00e1rsa an pheaca scriosta; t\u00e1 athnuachan d\u00e9anta ar an saol a bh\u00ed millte, agus ta \u00e1r mbeatha leasaithe d\u00fainn ar\u00eds i gCr\u00edost. Uime sin t\u00e1 an saol m\u00f3r ag d\u00e9anamh l\u00fach\u00e1ire faoi thuilte \u00e1thais na Casca. T\u00e1 Fearta neimhe agus na Cumhachta\u00ed Aingeal chomh maith ag canadh duain do do ghl\u00f3ir \u00e1 r\u00e1 gan stad: Is naofa, naofa naofa th\u00fa&#8230;\u201d<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Aibre\u00e1n 28 2013 C\u00faigi\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc&nbsp; Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC&nbsp; A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-85","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/85","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=85"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/85\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=85"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=85"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=85"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}