{"id":859,"date":"2019-08-14T08:11:02","date_gmt":"2019-08-14T08:11:02","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=859"},"modified":"2019-08-14T08:11:02","modified_gmt":"2019-08-14T08:11:02","slug":"14-lunasa-2019-c-fichiu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=859","title":{"rendered":"14 L\u00fanasa  2019 (C) Fichi\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le\nceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>An Eaglais in agallamh le heasaontas<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don\nbheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Irimia\n38:4-6, 8-10). <em>Rug t\u00fa m\u00e9 i m\u2019fhear\nachrannach don t\u00edr ar fad. <\/em>Roghna\u00edodh an l\u00e9acht seo le gabh\u00e1il leis an\nsliocht \u00f3n soisc\u00e9al ina labhra\u00edonn \u00cdosa faoi f\u00e9in agus an consp\u00f3id a bheadh mar\nthoradh lena theacht. Fear achrannach bh\u00ed san fh\u00e1idh Irimia, ag f\u00f3gairt bhriathar\nD\u00e9 gan sc\u00e1th, \u00e1bhar consp\u00f3ide agus ag tarraingt gh\u00e9arlean\u00fana air f\u00e9in. Samhail\nde ghairm an fh\u00e1idh agus \u00cdosa f\u00e9in a bh\u00ed ann. Bh\u00ed saol fada mar fh\u00e1idh ag\nIrimia i mblianta deiridh r\u00edocht I\u00fada. Bh\u00ed forl\u00e1mhas glactha ag impireacht na\nBaibeal\u00f3ine ar an dt\u00edr agus cathair Iar\u00fasail\u00e9im f\u00e9in i mbaol. Ba \u00ed\nteachtaireacht bhuan Irimia n\u00e1 g\u00e9illeadh do fh\u00f3rsa\u00ed na Baibeal\u00f3ine, nach mbeadh\naici ach r\u00e9imeas gairid. Ach bh\u00ed an \u00c9igipt ag s\u00e9ideadh arm I\u00fada chun ceannairce\nagus bh\u00ed an t-arm r\u00e9idh chuige sin, gan aon cumhacht ar chursa\u00ed ag an r\u00ed lag\nSedecia. Bh\u00ed s\u00e9 soil\u00e9ir gurb ionann ceannairc agus treascairt na cathrach agus\ndeireadh le I\u00fada mar st\u00e1t. Ba shoil\u00e9ir go mbeadh f\u00f3rsa\u00ed na Baibeal\u00f3ine ag\nionsa\u00ed na cathrach go luath. Sin \u00e9 c\u00falra an tsleachta \u00e1irithe seo. Bh\u00ed ar an\narm f\u00e1il r\u00e9idh le Irimia, agus n\u00ed raibh ar chumas an r\u00ed cur in a choinne. Is \u00e9\na bhi in aigne ag fir cheannas an airm n\u00e1 gan Irimia a mhar\u00fa go d\u00edreach ach\nligint d\u00f3 b\u00e1s a fh\u00e1il sa tobar. N\u00ed raibh uisce, ach l\u00e1ib sa tobar. M\u00ed I\u00fail n\u00f3\nL\u00fanasa (587-86 roimh Chr\u00edost) a bh\u00ed ann, go gairid sular shrois arm na\nBaibeal\u00f3ine an chathair. Saoradh Irimia ag an Eiti\u00f3pach Ebed-melch, oifigeach i\nbpal\u00e1s an r\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 39[40]). <em>Tar i gcabhair\norm, a Thiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (Eabhraigh 12:1-4). <em>Rithimis go buanseasmhach an r\u00e1s at\u00e1 leagtha\namach d\u00fainn.<\/em> Tar \u00e9is don \u00fadar crioch a chur le \u00e1ireamh n\u00e9al na bhfinn\u00e9ithe,\nslua m\u00f3r na bhfinn\u00e9ithe mar scamall, \u00f3 \u00c1ibil go dti na f\u00e1ithe agus daoine eile,\na thug fianaisie gan an sprioc, na gealltanais, a bhaint amach, tagann s\u00e9 go\ndt\u00ed an ceacht at\u00e1 le baint as sin ag a l\u00e9itheoir\u00ed a bhfuil cleachtadh a gcreidimh\ni gCr\u00edost faoi bhr\u00fa. Baineann s\u00e9 \u00fasaid as an r\u00e1s mar \u00edomh\u00e1. Is r\u00e1s le rith an\nbheatha Chr\u00edosta\u00ed. Sa r\u00e1s seo n\u00ed m\u00f3r ualach an pheaca a chaitheamh d\u00ednn agus an\nc\u00farsa a chr\u00edochn\u00fa. Ionann sin agus bheith buanseasmhach, s\u00fail ar an gceann\nsprice. Sa r\u00e1s seo t\u00e1 ceannr\u00f3da\u00ed againn, an finn\u00e9 is fearr, \u00cdosa f\u00e9in a bhfuil\nan sprioc bainte amach aige, agus at\u00e1 foirfe mar sin, ach ceannr\u00f3dai chomh\nmaith a thabharfaidh \u00e1r gcreideamh chun foirfeachta. Leagann an t-\u00ad\u00fadar b\u00e9im ar\nan m\u00e9id a fhulaing an eiseaml\u00e1ir agus an ceannr\u00f3dai seo le linn a bheatha agus\na ph\u00e1ise. Sa r\u00e1s seo is cabhair i gcoinne tuirse agus lagmhisnigh machnamh ar\nan m\u00e9id a fhulaing \u00cdosa. Ag deireadh a aithisc, aithr\u00edonn an t-\u00fadar an \u00edomh\u00e1 \u00f3n\nr\u00e1s go dt\u00ed an choimhlint sa dorn\u00e1la\u00edocht. Coimhlint in aghaidh an pheaca beatha\nan Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 12:49-53. <em>N\u00ed chun s\u00edoch\u00e1in a thabhairt a th\u00e1inig m\u00e9,\nach easaontas<\/em>. T\u00e1 deacrachta\u00ed ann le br\u00ed bheacht an ch\u00e9ad d\u00e1 r\u00e1iteas sa\nsliocht seo a aimsi\u00fa, toisc an chaint mheafarach iontu. Ach is soil\u00e9ir go bhfuil\n\u00cdosa ag caint iontu ar an gc\u00fais gur th\u00e1inig s\u00e9 ar talamh, ar \u00e1it l\u00e1rnach a\nphearsa i bplean an Athar agus an t-easaontas at\u00e1 le teacht de bharr na\nd\u00edlseachta is dual d\u00f3, agus a \u00e9ileann s\u00e9. Thainig s\u00e9 chun tine a chaitheamh ar\nan talamh. Meafar do bhreithi\u00fanas n\u00f3 ghlanadh is ea tine. T\u00e1 \u00cdosa c\u00edocrach go\nmbeadh sin tagaithe cheana f\u00e9in. Tiocfaidh s\u00ed le teacht agus saothar, feidhmi\u00fa,\nan Spioraid Naoimh. An baisteadh at\u00e1 i gceist n\u00ed h\u00ed an tsaicrimint \u00ed, ach\nmeafar do thubaiste, tumadh i dtubaiste na p\u00e1ise agus na croise; an baisteadh\nsin a thagair \u00cdosa cheana do na deisceabail S\u00e9amus agus Eoin (Marcas 10:38-39).\nSan eaglais \u00f3g bh\u00ed ceangal idir bhaisteadh sin \u00cdosa sa bh\u00e1s agus an &nbsp;tsaicrimint Chr\u00edosta\u00ed, inar tumadh na\nnuachreidmhigh i r\u00fandiamhair bhas\/bhaiste Chr\u00edost. Ionann an \u201cc\u00fangach\u201d a\nmhotha\u00edonn \u00cdosa a bheith air faoin bhaisteadh agus an d\u00fail mh\u00f3r a bh\u00ed air an\ntine bheith ar lasadh. Bh\u00ed s\u00e9 c\u00edocrach faoin r\u00e9 nua a thiocfadh lena bh\u00e1s f\u00e9in\nagus a leanfadh as. Is prionsa na s\u00edoch\u00e1na \u00e9 \u00cdosa. Gn\u00e1th-bheann\u00fa aige n\u00e1\n\u201cSioch\u00e1in daoibh\u201d. D\u2019fh\u00e1g s\u00e9 a shioch\u00e1in mar oidhreacht ag a lucht lean\u00fana. Mar\nsin f\u00e9in b\u2019ionann a theacht ar talamh agus easaontas eathorthu s\u00edud a leanfadh\n\u00e9 agus iad s\u00ed\u00fad a bh\u00ed ina choinne, fi\u00fa taobh istigh den teaghlach c\u00e9anna. Sa\nteampall cheana, mheabhraigh Simeon d\u00e1 mh\u00e1thair Muire gur mar sin a bheadh. Ba\ndh\u00e1n d\u2019\u00cdosa bheith ina thr\u00faig leagtha agus \u00e9irithe d\u00e1 l\u00e1n in Iosrael (L\u00fac\u00e1s\n2:34).<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le\nceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>An Eaglais in agallamh le heasaontas<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Machnamh<\/em>. Tugann\nl\u00e9achta\u00ed an lae inniu \u00e1bhar saibhir machnaimh d\u00fainn. Sinne, Cr\u00edostaithe an lae\ninniu, is oidhr\u00ed sinn ar n\u00e9al finn\u00e9ithe, slua m\u00f3r finn\u00e9ithe mar scamall. \u00d3 th\u00fas\na staire bh\u00ed aithne ag lucht lean\u00fana Chr\u00edost ar gh\u00e9arlean\u00faint de shaghas amh\u00e1in\nn\u00f3 de shaghas eile. Go luath ina shaol misin\u00e9ireachta bh\u00ed P\u00f3l agus a chomhaspal\nag cur misnigh ar na deisceabail agus \u00e1 spreagadh chun bheith d\u00edlis don\nchreideamh, mar, ar s\u00e9, \u201cn\u00ed fol\u00e1ir d\u00fainn m\u00f3r\u00e1n a fhulaingt chun dul isteach i\nr\u00edocht D\u00e9\u201d (Gn\u00edomhartha 14:22). B\u00e9im l\u00e1idir sa litir chuig na hEabhraigh a\nl\u00e9adh inniu n\u00e1 an bhuanseasmhacht. Is mar sin at\u00e1 in\u00e1r laethanta f\u00e9in.<\/p>\n\n\n\n<p><em>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agallamh.<\/em> Cuireadh chun agallaimh an m\u00e9id a d\u00fairt \u00cdosa i soisc\u00e9al an\nlae inniu faoin bhaint idir \u00e9 f\u00e9in agus easaontas, fi\u00fa easba s\u00edoch\u00e1na. Prionsa na s\u00edoch\u00e1na le gairm\nchun na haontachta \u00e9 \u00cdosa. Is eol go maith a bhriathra gurb \u00e9 an s\u00e1raoire, agus\ngo raibh caoirigh eile ann nach d\u00e1 chr\u00f3 iad agus narbh fhol\u00e1ir iad sin a\nthabhairt isteach chomh maith le go mbeadh aon tr\u00e9ad amh\u00e1in agus aon aoire amh\u00e1in\nann (Eoin 10:14-16). Luaitear go minic na briathra sin. Ach n\u00edl dul thar an\neasaontas a bhaineann le pearsa \u00cdosa de bharr na h\u00e9ilimh a dh\u00e9anann s\u00e9 agus an\nr\u00fandiamhair a bhaineann leis agus leis an Eaglais. F\u00edu d\u00edreach i ndiaidh na\nbriathra sin uaidh faoi eisean mar sh\u00e1raoire, d\u2019\u00e9irigh aighneas idir na\nGi\u00fadaigh mar gheall ar a bhriathra. Th\u00e1inig \u00cdosa chuig a mhuintir fein agus n\u00edor\nghlac a mhuintir leis. Mh\u00e9adaigh ar an easaontas idir Cr\u00edostaithe Gi\u00fadacha agus\neile le f\u00e1s na hEaglaise. Idir Chr\u00edostaithe f\u00e9in d\u2019\u00e9irigh easaontas agus\nscoilteanna de r\u00e9ir mar ar mh\u00e9adaigh eolas ar r\u00fandiamhair Chr\u00edost agus a ghaol\nleis an Athair. T\u00e1 iarsmai scoilteanna an Reifirm\u00e9isin linn go f\u00f3\u00edll.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Baineann na sampla\u00ed sin le\ndiosp\u00f3ireachta\u00ed idir Chr\u00edosta\u00edthe. An l\u00e1 at\u00e1 inniu ann t\u00e1 easaontas i bhfad\nn\u00edos doimhne idir Chr\u00edost agus d\u00e1 sheasann s\u00e9 agus cuid mhaith den saol\ncomhaimsireach, mar shampla aindiachas, daonnachas agus liobr\u00e1lachas, saol gur\nmhian leis c\u00farsa\u00ed an domhain, agus c\u00farsa\u00ed pearsanta, a riaradh gan aird ar ghuth\nD\u00e9 n\u00e1 \u00cdosa. N\u00ed m\u00f3r dul in agallamh, m\u00e1s\nf\u00e9idir, leis an saol seo.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agallamh at\u00e1 i gceist, n\u00ed c\u00e1ineadh.\nT\u00e1 l\u00e9argas, f\u00eds, ioml\u00e1n, cu\u00edosach absal\u00f3ideach ag Cr\u00edost agus an daonnachas ar\nan saol agus na c\u00farsa\u00ed a ghabhann leis. Bac ar dhul chun cinn an creideamh de\nr\u00e9ir daonnachais fhealsanta. Cr\u00edost sl\u00e1naitheoir an domhain dar le Cr\u00edost f\u00e9in\nagus a lucht lean\u00fana. N\u00ed m\u00f3r na h-arag\u00f3int\u00ed at\u00e1 ag lucht an d\u00edchreidimh a\nth\u00f3gaint ina cheann agus ina cheann agus freagra cu\u00ed a thabhairt orthu. N\u00edor\nch\u00f3ir go mbeadh eagla ar chreidmhigh faoin a leith\u00e9id d\u2019agallamh. I sl\u00ed is\nd\u00edlseacht do Chr\u00edost agus d\u00e1 oidhreacht \u00e9.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-859","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/859","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=859"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/859\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":860,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/859\/revisions\/860"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=859"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=859"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=859"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}