{"id":863,"date":"2019-08-19T11:14:45","date_gmt":"2019-08-19T11:14:45","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=863"},"modified":"2019-08-19T11:15:46","modified_gmt":"2019-08-19T11:15:46","slug":"25-lunasa-2019-c-aonu-domhnach-fichead-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=863","title":{"rendered":"25 L\u00fanasa 2019 (C) Aon\u00fa Domhnach Fichead Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn\nMac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh\nagus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Do R\u00edocht D\u00e9 n\u00ed leor an traidisi\u00fan; n\u00ed m\u00f3r\nfreagra cu\u00ed do ghairm \u00cdosa.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don\nbheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia\n66:18-21). <em>Bh\u00e9arfaidh siad leo bhur\nmbr\u00e1ithre go l\u00e9ir ar ais as na n\u00e1isi\u00fain uile. <\/em>Sliocht thar a bheith\nt\u00e1bhactach at\u00e1 i l\u00e9acht seo an lae inniu. As an mh\u00edr deiridh de leabhar Ise\u00e1ia\n\u00e9, as an chuid ar a dtugtar go minic \u201cAn Tr\u00ed\u00fa Ise\u00e1ia\u201d. N\u00ed fios go beacht\ncathain a cumadh an mh\u00edr \u00e1irithe seo, uair \u00e9igin n\u00e1rb fhada roimh an r\u00e9\nGhr\u00e9igeach (312 r. Ch.)\nb\u2019fh\u00e9idir. Th\u00e1inig s\u00e9 tar \u00e9is m\u00f3r\u00e1n machnaimh \u00f3 thaobh Iosrael ar \u00e1it na\nn\u00e1isi\u00fan, na bpag\u00e1nach, i bplean sl\u00e1naithe D\u00e9. T\u00e9ann an sliocht ar aghaidh le\ntr\u00e1cht ar na sp\u00e9artha nua agus an talamh nua at\u00e1 \u00e1 gcruth\u00fa ag Dia. Aitheasc eascateola\u00edoch ar an nua-aois at\u00e1 anseo, sliocht an lae inniu i bpr\u00f3s; codanne eile den\nmh\u00edr i bhfil\u00edocht. F\u00eds iontach at\u00e1 anseo. T\u00e1 Dia le cin\u00edocha (neamh-Ghi\u00fadacha)\nuile a thabhairt le ch\u00e9ile agus feicfidh siad a ghl\u00f3ir \u2013 in Iar\u00fasail\u00e9im. N\u00ed shonra\u00edtear\nan comhartha at\u00e1 Dia le tabhairt d\u00f3ibh ach is d\u00f3cha gurb \u00e9 gur ann do\nIar\u00fasail\u00e9im agus an Teampall mar l\u00e1rionad a bhfuil le d\u00e9anamh aige. N\u00ed shonra\u00edtear\nach oiread c\u00e9n f\u00e1th a luaitear an t-iarmhar, iad si\u00fad (de na cin\u00edocha) a f\u00e1gadh\nsl\u00e1n, ach seolann Dia cuid diobh seo amach mar mhisin\u00e9ir\u00ed do na n\u00e1isi\u00fain in\nimig\u00e9in \u00f3 Iosrael (faoi na hainmeacha f\u00e9ach Eizic\u00e9il 27:10-13; leis an ionann\u00fa\ndealraitheach mar seo: Tarsis \u2013 an Sp\u00e1inn; P\u00fat \u2013 Libia; L\u00fad \u2013 Lidia; M\u00f3isec\n(Eabhrais. NRSV: \u201ca tharraing\u00edonn an bogha\u201d = boghd\u00f3ir\u00ed; \u201cnoch thairngios an\nb\u00f3gha\u201d, Bedell) &#8211; Frigia; (n\u00ed cinnte gur cuid den t\u00e9acs i gceart R\u00f3is); T\u00fabal \u2013\nCilicia; Iav\u00e1n \u2013 muintir Ionia n\u00f3 na Gr\u00e9igigh.\nIs soil\u00e9ir go bhfuil an chuid den iarmhar seo iompaithe go creideamh i nDia Iosrael.\nAn misean at\u00e1 acu n\u00e1 gl\u00f3ir D\u00e9 a fh\u00f3gairt d\u00f3ibh si\u00fad n\u00e1r chuala tr\u00e1cht air agus\nn\u00e1r fhaca a ghl\u00f3ir. Agus deireann Dia le muintir Iosrael nach bhfuilid f\u00e5gtha\nas an \u00e1ireamh. Ag filleadh \u00f3n misean sin don iarmhar beidh bronntanas acu:\nbh\u00e9arfaidh siad na Gi\u00fadaigh (\u201cbhur mbr\u00e1ithre\u201d) at\u00e1 ar deora\u00edocht thar nais, ar\nna modhanna \u00e9ags\u00fala iompair at\u00e1 luaite, go dt\u00ed an Teampall (sliabh beannaithe)\nin Iar\u00fasail\u00e9im, agus sin mar bhronntanas don Teampall mar a dh\u00e9anfadh na\nGi\u00fadaigh f\u00e9in. Agus mar chr\u00edoch ar sin go l\u00e9ir t\u00e1 an r\u00e1iteas beagnach\ndochreidte seo: d\u00e9anfaidh Dia d\u00f3 f\u00e9in sagairt agus Leiv\u00edtigh de chuid de\niarmhar na gcin\u00edocha sin \u2013 gan aon cheist faoi bhaint le clann Leiv\u00ed n\u00f3 \u00c1r\u00f3n. <\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; F\u00eds d\u00e1 cuid f\u00e9in \u00ed seo, a bheadh le f\u00edoradh\ni gCr\u00edost, sa Tiomna Nua agus san luatheaglais. Is l\u00e9acht thar a bheith feili\u00fanach \u00e9 le dul le soisc\u00e9al an lae inniu.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Salm\nle Freagra<\/em> (Salm 116[117]).\n<em>Im\u00edg\u00ed faoin domhan uile; f\u00f3gra\u00edgi\nan De\u00ada-Sc\u00e9al.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (Eabhraigh 12:5-7,\n11-13). <em>Is ar an duine a bhfuil gr\u00e1 aige\nair a chuireann Dia smacht. <\/em>Is lean\u00faint de l\u00e9acht an Domhnaigh seo caite an\nsliocht seo. Sa l\u00e9acht sin thug an t-\u00fadar mar shampla\u00ed \u201cn\u00e9al, slua m\u00f3r mar\nscamall, de fhinn\u00e9ithe\u201d a bh\u00ed mar eiseaml\u00e1ir ag creidmhigh. Sa sliocht seo\nmeabhra\u00edonn s\u00e9 d\u00f3ibh go bhfuil Dia ag feidhmi\u00fa mar athair sna deacrachta\u00ed at\u00e1\nacu, agus gur c\u00f3ir f\u00e9achaint orthu mar sin. De r\u00e9ir teagasc an tSeantiomna\n(tugann s\u00e9 athfhriotal as Leabhar na Seanfhocal, 3:11-12, an Bh\u00edobla), cuid de\ndhualgas athar n\u00e1 smacht a chur ar a chlann mhac. (\u201cN\u00ed bh\u00edonn an rath ach mar a\nbh\u00edonn an smacht\u201d.) M\u00e1 glactar le deacrachta\u00ed sa spiorad ceart is oili\u00faint iad;\ngineann siad buanseasmhacht, su\u00e1ilce ar a leagann an t-\u00fadar b\u00e9im tr\u00edd a\naitheasc go l\u00e9ir.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 13:22-30). <em>Tiocfaidh siad anoir is aniar ann, agus\nbeidh siad ina su\u00ed chun boird i r\u00edocht D\u00e9.<\/em> Leabhar de thraidisi\u00fan na\nnGi\u00fadach, ach&nbsp; nach cuid den Bh\u00edobla \u00e9, &nbsp;an ceann ar a dtugtar <em>Tiomna Abrah\u00e1m, <\/em>is d\u00f3cha go raibh a \u00e1bhar ar eolas i laethanta Chr\u00edost.\nDe r\u00e9ir an leabhair seo sheol Dia an t-aingeal Miche\u00e1l go Abrah\u00e1m lena r\u00e1 leis go\nraibh s\u00e9 in am d\u00f3 an saol a fh\u00e1gaint agus teacht go Dia ar neamh. Rinne Miche\u00e1l\namhlaidh, ach d\u2019\u00e9iligh Abrah\u00e1m go dtabharfa\u00ed radharc d\u00f3 ar dt\u00fas ar an domhan\nuile. Rinneadh amhlaidh \u00f3 scamall, ach ar fheice\u00e1il peacaigh d\u00f3 d\u2019iarr Abrah\u00e1m\ngo gcuirf\u00ed chun b\u00e1is iad. Le tuiscint do pheacaigh agus do aithr\u00ed d\u00fairt Dia le\nMiche\u00e1l Abrah\u00e1m a th\u00f3gaint go neamh l\u00e1ithreach. Ar a shl\u00ed ann d\u00f3 chonaic Abrah\u00e1m\ndh\u00e1 gheata, ceann c\u00fang a raibh beag\u00e1n ag dul tr\u00edd agus ceann leathan do na\nsluaite. Le c\u00falra mar sin t\u00e1 s\u00e9 \u00e9asca a thuiscint conas a chuireann an fear an\ncheist seo ar \u00cdosa. Is ar an slua, agus n\u00ed ar an duine aonair sin, a thugann\n\u00cdosa freagra. Is ar Iosrael fr\u00ed ch\u00e9ile at\u00e1 \u00cdosa ag caint. N\u00ed thugann \u00cdosa\nfreagra faoi uimhreacha ach cuireann s\u00e9 b\u00e9im ar\u00eds ar aithr\u00ed, le bheith r\u00e9idh\ndul tr\u00edd an doras c\u00fang. Is ar Iosrael at\u00e1 an t\u00e9acs a leanann seo d\u00edrithe,\nceangailte leis an ch\u00e9ad chuid leis an t\u00e9arma \u201cdoras\u201d. S\u00f3rt parabail n\u00f3 samhlaoide\nat\u00e1 i gceist. Doras iata, seachas doras c\u00fang, at\u00e1 i gceist anois. N\u00ed leor d\u2019Iosrael\na r\u00e1 gur duine d\u00edobh f\u00e9in \u00e9 \u00cdosa, a shi\u00fal, a ith, a rinne teagasc ina measc. Is\n\u00e9 \u00cdosa fear an t\u00ed. Deir s\u00e9 leo gur rinneadar uile an \u00e9ag\u00f3ir, ach n\u00ed thugann\nsonra\u00ed faoin \u00e9ag\u00f3ir i gceist. Is soil\u00e9ir gur easba chreidimh in \u00cdosa, ina\nphearsa, agus d\u00e1 sheasann s\u00e9 an ch\u00fais. Breithi\u00fanas ar Iosrael f\u00e9in at\u00e1 ann,\nagus gairm na gcin\u00edocha ina ionad, mar at\u00e1 in \u00e1iteana eile sna soisc\u00e9il. T\u00e1\ntagairt ann don fh\u00e9asta meisiasach sa r\u00e9 le teacht, ag bord leis na patrarca\u00ed,\nna f\u00e1ithe agus na gealltanais comhl\u00edonta. Tugann \u00cdosa anseo \u201cr\u00edocht D\u00e9\u201d ar an\nbhf\u00e9asta sin, mar a dh\u00e9anann s\u00e9 in \u00e1iteanna eile (L\u00facas 14:15, 16-24;\n22:16,18,30). In ionad Iosrael, a bheidh tiom\u00e1inte amach, t\u00e1 na cin\u00edocha as\ngach ceard den domhan; t\u00e1 Iosrael a bh\u00ed ar dt\u00fas, anois ag deireadh.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh\nle ceisteanna an lae: <em>Do R\u00edocht D\u00e9 n\u00ed\nleor an traidisi\u00fan; n\u00ed m\u00f3r freagra cu\u00ed do ghairm \u00cdosa.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">I soisc\u00e9al an lae inniu, agus i\nm\u00f3r\u00e1n \u00e1iteanna eile sna soisc\u00e9il, bh\u00ed teachtaireacht shoil\u00e9ir ag \u00cdosa d\u00e1 chomhaimsirigh\nagus d\u00e1 mhuintir f\u00e9in. Ba mh\u00f3r an rud na gealltanais do na patrarca\u00ed, agus\nd\u2019fh\u00e9adfadh fi\u00fa Gi\u00fadach deabh\u00f3ideach a mheas go raibh Iosrael sl\u00e1n, go raibh\nDia ceangailte d\u00e1 ghealltanais, ba chuma freagra Iosrael ar theachtaireacht D\u00e9\nchucu tr\u00ed \u00cdosa. Thug \u00cdosa rabhadh d\u00f3ibh n\u00e1rbh amhlaidh a bh\u00ed. Agus f\u00edoradh an\nrabhadh sin ag a bh\u00e1s, a ais\u00e9ir\u00ed agus teacht an Spioraid Naoimh.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ceacht\nt\u00e1bhachtach d\u00fainn as seo n\u00e1 nach leor traidisi\u00fan i gc\u00farsai creidimh in \u00cdosa n\u00e1\nsan Eaglais. T\u00e1 a fhios againn faoi mar ar chaill m\u00f3ran den tsean-domhan an\ncreideamh. Gluaiseann an Eaglais ar aghaidh go t\u00edortha nua. Is \u00e9asca a r\u00e1 go\nmbaineann seo le \u201cteacht in aois\u201d agus piseoga agus sc\u00e9alta s\u00ed a fh\u00e1gaint in\u00e1r\nndiaidh. Leithsc\u00e9al at\u00e1 anseo. Baineann an creideamh le buntomhas eile:\ncinnteacht gur ann do nithe nach bhfeicimid. N\u00ed m\u00f3r an creideamh a choth\u00fa, san\nanam, sa chro\u00ed agus eolas faoi san intinn. N\u00ed leor a mheas gur sl\u00e1n sinn toisc\ngur mhaireamar sa creideamh agus gur fhulaing\u00edomar ar a shon. N\u00ed m\u00f3r creideamh\nbeo, i nDia beo, ag \u00e9isteacht le h\u00cdosa ag labhairt linn in gc\u00f3nai.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1\n\u00e1bhar saibhir machnaimh d\u00fainn anseo, agus \u00e1bhar agallaimh eadrainn f\u00e9in faoin\nfhreagra le tabhairt don staid ina bhfuilimid.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-863","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/863","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=863"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/863\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":864,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/863\/revisions\/864"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=863"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=863"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=863"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}