{"id":868,"date":"2019-08-29T09:17:43","date_gmt":"2019-08-29T09:17:43","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=868"},"modified":"2019-08-29T09:17:43","modified_gmt":"2019-08-29T09:17:43","slug":"1-mean-fomhair-2019-c-dara-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=868","title":{"rendered":"1 Me\u00e1n F\u00f3mhair 2019  (C) Dara Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh\nagus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Luachanna na R\u00edochta<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don Bheatha\nChr\u00edosta\u00ed (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(S\u00edrach\n3:17-20, 28-29). <em>\u00cdsligh th\u00fa f\u00e9in agus\nbeidh gnaoi an Tiarna ort. <\/em>T\u00e1 a fhios againn c\u00e9 chum an leabhar as ar\nt\u00f3gadh sliocht an lae inniu. Ba \u00e9 Iesus Ben Sira \u00e9, a scr\u00edobh an leabhar seo as\nEabhrais thart ar an mbliain 180 r. Ch. T\u00e1 cur s\u00edos ar Ben Sira ag a gharmhac\nsa bhrollach a chuir s\u00e9 lena aistri\u00fach\u00e1n ar an leabhar go Gr\u00e9igis. Bh\u00ed domhainmhachnamh\nd\u00e9anta ag Ben Sira ar an Dl\u00ed, na F\u00e1ithe agus leabhair eile an chan\u00f3in agus\nchinn s\u00e9 a chuid smaointe a roinnt ar a l\u00e9itheoir\u00ed agus eile. Bhain Ben Sira\nleis an aos eagna\u00edochta. Bh\u00ed scoil aige in Iar\u00fasail\u00e9im do chlann mhac an\nuasalaicme, n\u00f3 ar a laghad an mhion-uasalaicme in a roinneadh s\u00e9 a chuid l\u00e9inn\nagus eagna\u00edochta ar na mic l\u00e9inn, \u00e1 mealladh chun machnaimh. Is soil\u00e9ir \u00f3\nfhoirceann na l\u00e9achta seo gur mar sin a bh\u00ed: \u201cD\u00e9anann cro\u00ed an tsaoi\ndianmhachnamh ar pharabail, agus is bre\u00e1 leis an eagna\u00ed cluas aireach\u201d. Sa mhir\nseo d\u00e1 leabhar d\u00e9anann an t-eagnai sin machnamh ar an umhla\u00edocht, an an uabhar\nagus an \u00e9ir\u00ed in airde, agus deireann linn conas a fh\u00e9achann Dia agus \u00e9 f\u00e9in mar\neagna\u00ed orthu.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 67[68]). <em>De bharr do\nchine\u00e1ltais, a Dhia, rinne t\u00fa sol\u00e1thar do lucht an gh\u00e1tair.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (Eabhraigh 12:18-19,\n22-24). <em>T\u00e1 sibh tagtha go dti Sliabh S\u00ed\u00f3n\nagus cathair D\u00e9 bhi<\/em>. Ag teacht leis an aidhm a bh\u00ed ag an \u00fadar tr\u00edd an litir\nseo go l\u00e9ir, is \u00e9 sin cur ina lu\u00ed ar lucht a l\u00e9ite agus a \u00e9isteachta gan\nfilleadh \u00f3 chreideamh Chr\u00edost ar an Ghi\u00fadachas agus a liot\u00fairge, t\u00e1 b\u00e9im aige ar\nseo nach bhfuil i liot\u00fairge phobal Iosrael ach sc\u00e1th den fh\u00edor-liot\u00fairge ar\nneamh, mar a bhfuil an tArdsagart \u00cdosa. N\u00edl cathair bhuan ag pobal D\u00e9 anseo ar\ntalamh ach iad ar t\u00f3ir an Iar\u00fasail\u00e9im neamha\u00ed. Sa sliocht seo inniu, a thagann\nag cr\u00edoch na litreach (s\u00f3rt aguis\u00edn le comhairl\u00ed tr\u00e9adacha at\u00e1 sa chaibideal\ndeiridh) d\u00e9anann s\u00e9 codarsnacht idir bh\u00fan\u00fa an tSeantiomnna faoi Mhaois agus an\nTiomna Nua. \u00d3c\u00e1id chreathnach, uaimhneach, a bh\u00ed i gcaidreamh phobal Iosrael le\nDia ag bun\u00fa an ch\u00e9ad chonartha. Cuireann an t-\u00fadar cur s\u00edos ar an uaf\u00e1s a bhain\nleis mar at\u00e1 sin r\u00edomhtha i leabhair Eacsadas (19:16, 18) agus Deotrainim\u00ed\n(4:11). T\u00e1 an t-\u00fadar ag caint le creidmhigh f\u00f3s ar talamh, ach i sl\u00ed is feidir\nleo iad f\u00e9in a mheas bheith ar neamh, i gcomaoin na naomh. Mar ba ghean le traidisi\u00fan\nna h\u00c9ireann a lua, bh\u00ed \u201ccoinne mhuintir neimhe agus tal\u00fan\u201d ann ina bhfuil na\ncreidmhigh ar talamh go spiorad\u00e1lta ar neamh; mar adeirtear sa l\u00e9acht seo, mar aon\nleis na haingil, \u201ccomhthion\u00f3l na gc\u00e9adghinte\u201d, sin le r\u00e1 Cr\u00edostaithe,\ncomhoidhr\u00ed le h\u00cdosa c\u00e9adghin \u00f3na mairbh, agus \u201cspioraid na bhf\u00edr\u00e9an a tugadh\nchun foirfeachta\u201d, is \u00e9 sin naoimh an tSeantiomna, is d\u00f3cha, agus Dia f\u00e9in agus\n\u00cdosa, idirghabh\u00e1la\u00ed an Chonartha nua. Is chuig an sprioc sin, an Iar\u00fasail\u00e9im\nneamha\u00ed, a bh\u00ed gach a d\u00faradh sa litir d\u00edrithe; deireadh an r\u00e1sa agus gach\ncoimhlinte ar talamh do lucht lean\u00fana Chr\u00edost ar talamh \u00e9. Ba ch\u00f3ir go dtabharfadh\nrinnfheitheamh an radhairc neamha\u00ed sin \u00e1thas agus uchtach d\u00f3ibh.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 14:1, 7-24). <em>Gach aon duine a arda\u00edonn f\u00e9in, \u00edsleofar \u00e9,\nagus an t\u00e9 a \u00edsl\u00edonn \u00e9 f\u00e9in, ard\u00f3far \u00e9. <\/em>Sa sliocht seo, fi\u00fa an giota a\nf\u00e1gadh ar l\u00e1r (v\u00e9arsa\u00ed 2-6), t\u00e1 na Fairis\u00ednigh l\u00e1rnach ann. Sa ghiota sin t\u00e1\ncur s\u00edos ar leigheas a rinne \u00cdosa l\u00e1 na Sab\u00f3ide inar chuir s\u00e9 ceist ar\nscr\u00edobhaithe (dl\u00edod\u00f3ir\u00ed) agus Fairis\u00ednigh an raibh sin ceadaithe. D\u2019fhanadar\nina dtost \u2013 ag aont\u00fa leis b\u2019fh\u00e9idir. De ghn\u00e1th b\u00edonn seasamh frith-Fhairis\u00edneach\nsna soisc\u00e9il, rud nach f\u00edor i gc\u00f3na\u00ed faoi L\u00facas. (Feach L\u00facas 7:16 agus an n\u00f3ta\nair don 11\u00fa Domhnach saor.) De r\u00e9ir dealraimh fuair \u00cdosa cuireadh chun b\u00e9ile \u00f3n\nbhFairis\u00edneach, agus t\u00e1 b\u00e9ile mar ch\u00falra d\u00e1 bhfuil sa l\u00e9acht seo, agus an t\u00e9acs\na leanann \u00ed. Sa bh\u00e9ile at\u00e1 i gceist anseo dealra\u00edonn s\u00e9 gur th\u00f3gadar si\u00fad a\nfuair cuireadh \u00e1it a thaitin leo, ach cead ag fear an t\u00ed \u00e1it n\u00edos airde a\nroghn\u00fa d\u00f3ibh. Agus taobh thiar de gach b\u00e9ile, l\u00f3n, n\u00f3 f\u00e9asta bheadh an f\u00e9asta\nmeisiasach in aigne Ghi\u00fadaigh chr\u00e1ifigh, Fairis\u00edneach agus eile, mar is l\u00e9ir \u00f3\nchr\u00edoch na m\u00edre seo agus th\u00fas na m\u00edre a leanann \u00e9, nuair a d\u00fairt duine ar\nchloiste\u00e1il an m\u00e9id a duirt \u00cdosa: \u201cIs m\u00e9anar don t\u00e9 a chaitheann a chuid i\nr\u00edocht D\u00e9!\u201d. An \u201cparabal\u201d, an teagasc eagna\u00edochta, a labhair \u00cdosa i l\u00e9acht an lae\ninniu, bheadh baint aige le r\u00edocht D\u00e9, \u00e1it a bhfuil Dia f\u00e9in mar fhear an t\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tagra\u00edonn \u00cdosa don chuireadh a fuair\ns\u00e9. I gcult\u00far na haimsire sin (agus gach aon aimsir is f\u00e9idir a r\u00e1) ba \u00e9 freagra\nar chuireadh d\u00e1 leith\u00e9id n\u00e1 cuireadh do bh\u00e9ile den leibh\u00e9al c\u00e9anna; an comhar a\n\u00edoc. A mhalairt a mhol \u00cdosa nuair a bheadh fle\u00e1 n\u00f3 f\u00e9asta \u00e1 ullmh\u00fa. Bheadh an cuireadh\nle tabhairt do na boicht, de shaghasanna \u00e9ags\u00fala, d\u00f3ibh si\u00fad ar an imeall \u2013\nt\u00e9ama ar gheal le h\u00cdosa, agus a chuireann L\u00fac\u00e1s b\u00e9im air ina shoisc\u00e9al. Bheadh\nc\u00faiteamh le f\u00e1il air sin \u201cin ais\u00e9ir\u00ed na bhf\u00edr\u00e9an\u201d \u2013 bh\u00ed an t-ais\u00e9ir\u00ed mar alt\ncreidimh ag na Fairis\u00ednigh.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Pointe l\u00e1rnach de theachtaireacht an\ntSoisc\u00e9il a bh\u00ed ag \u00cdosa ina d\u00fairt s\u00e9 anseo.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le\nceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>Luachanna na R\u00edochta<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Go minic leagtar ar Shainsail\u00e9ir\nna Gearm\u00e1ine Otto von Bismarck (19\u00fa c\u00e9ad) an r\u00e1iteas nach f\u00e9idir le n\u00e1isi\u00fan ar\nbith a pholasa\u00ed eachtrannch a rith de reir na Seanm\u00f3ra an an Sliabh. Ar an\ndtaobh eile de, leagtar ar st\u00e1taire eile m\u00f3r le r\u00e1 gur ch\u00f3ir tos\u00fa leis an\ndomhan a chur ina cheart tar \u00e9is phraiseach an dara chogaidh dhomhanda leis an\nSeanm\u00f3ir ar an Sliabh. T\u00e1 macalla\u00ed na Seanm\u00f3ra sin, agus luachanna an tsoisc\u00e9il,\nle moth\u00fa s\u00edos tr\u00edd an stair le dha mh\u00edle bliain. Tugann soisc\u00e9al an lae inniu\ndeis agus spreagadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar sin.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is\nsoil\u00e9ir, measaim, nach f\u00e9idir le st\u00e1t, n\u00f3 fi\u00fa le hOrd Rialta, an m\u00e9id a deir\n\u00cdosa sa dara cuid den l\u00e9acht sin a chur i bhfeidhm maidir leo si\u00fad ar ch\u00f3ir\ncuireadh chun b\u00e9ile a thabhairt d\u00f3ibh. Ach maireann ceacht na l\u00e9achta linn i\ngc\u00f3na\u00ed. Is do na boicht sin, de gach saghas, r\u00edocht na bhflaitheas. Is m\u00e9anar\nd\u00f3ibh. M\u00e1s cairde le Dia iad, cuid l\u00e1rnach den soisc\u00e9al c\u00faram a dh\u00e9anamh d\u00edobh.\nI rith na staire spreagann an Spiorad Naomh daoine faoi leith aird a thabhairt\nd\u00e1 nd\u00fairt \u00cdosa faoi na boicht agus faoin bhochtanas, amhail Naomh Proinsias\nagus P\u00e1pa\u00ed d\u00e1r linne fein.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agus\nmaidir le umhla\u00edocht agus simpl\u00edocht an tsoisc\u00e9il de, t\u00e1 luachanna na r\u00edochta\ndulta i bhfeidhm go m\u00f3r ar theagasc an Tiomna Nua agus na hEaglaise. Spreagann\nluach na r\u00edochta comhionnanas soisialta. Mar adeir P\u00f3l le Cr\u00edostaithe na R\u00f3imhe\n(R\u00f3mh\u00e1naigh 12:16): \u201cB\u00edg\u00ed b\u00e1\u00fail le c\u00e1ch agus in ionad a bheith ardn\u00f3sach\nd\u00e9anaig\u00ed caidreamh leis na daoine \u00edsle\u201d. T\u00e1 litreacha Ph\u00f3il, agus scr\u00edbhinn\u00ed\neile an Tiomna Nua, l\u00e1n den a leith\u00e9id de theagasc, le \u00cdosa f\u00e9in mar eiseaml\u00e1ir\nagus muinteoir taobh thiar de. <\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Bh\u00ed\ntionchar m\u00f3r ag na luachanna sin ar mheon an Iarthair. Is cuid den teagasc\nCr\u00edosta\u00ed iad, agus anois nuair nach mian len al\u00e1n inniu aird a thabhairt ar aon\noidhreacht Chr\u00edosta\u00ed is cuid den eitic iad, fi\u00fa ag daonnachtaithe agus lucht an\nd\u00edchreidimh, aindiachaithe.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-868","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/868","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=868"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/868\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":869,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/868\/revisions\/869"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=868"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=868"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=868"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}