{"id":875,"date":"2019-09-05T15:16:54","date_gmt":"2019-09-05T15:16:54","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=875"},"modified":"2019-09-05T15:16:54","modified_gmt":"2019-09-05T15:16:54","slug":"8-mean-fomhair-2019-c-an-triu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=875","title":{"rendered":"8 Me\u00e1n Fomhair 2019 (C): An Tr\u00ed\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"\n<p><em>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/em> <em>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: Gairm chun\nd\u00faiseachta ar Chaitlicigh chult\u00fair agus eitneacha<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an\nDomhnaigh)<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht (Leabhar na hEagna 9:13-18).\nC\u00e9n duine ar f\u00e9idir leis a dh\u00e9anamh amach c\u00e9ard is toil leis an Tiarna? <\/em>Cumadh\nLeabhar na hEagna <a href=\"file:\/\/\/C:\/9teidesliml\u00e1n\">&nbsp;(teideal ioml\u00e1n<\/a>: Eagna Sholaimh) san \u00c9igipt thart ar an mbliain 30 roimh Chr\u00edost,\nagus scr\u00edobhann an t-\u00fadar amahil is d\u00e1 mba \u00e9 an R\u00ed Solamh \u00e9, a\nraibh teist na heagna\u00edochta air. T\u00e1 cur s\u00edos sa ch\u00e9ad chuid den leabhar\n(caibidil 1-9) ar an eagna, agus sa dara cuid (caibidil 10-19) ar an stair\nnaofa \u00e1 sti\u00fari\u00fa ag eagna D\u00e9 \u00f3 aimsir \u00c1dhaimh go dti an imeacht (eacsodus) \u00f3n\n\u00c9igipt. Cuireann an B\u00edobla (1 R\u00edthe 3:3-9) in\u00e1r l\u00e1thair an r\u00ed Solamh ag imp\u00ed ar\nDhia i dt\u00fas a r\u00e9ime eagna a thabhairt d\u00f3 (\u201ccro\u00ed ciallmhar tuisceanach\u201d),\nachain\u00ed a \u00e9isteann Dia lei. Cr\u00edochnaionn c\u00e9ad chuid de leabhar seo na h-Eagna\nle urna\u00ed fada Sholaimh ar Dhia bua na heagna a thabhairt d\u00f3 (a raibh urna\u00ed d\u00e1\nleith\u00e9id d\u00e9anta ag Solamh cheana sa leabhar; Eagna 7:7-22). Sa Leabhar seo t\u00e1 an\neagna pearsantaithe; n\u00ed pearsa \u00ed ach pearsant\u00fa de ghn\u00edomha\u00edocht agus de\nfheidhmeanna Dhia Iosrael.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Meabhara\u00edtear go raibh an eagna i\nbhfochair D\u00e9 ag cruth\u00fa na cruinne agus go bhfuil eolas aici ar aigne agus ar\nphleananna D\u00e9. N\u00ed m\u00f3r do dhaoine daonna bheith rannph\u00e1irteach leis an eagna seo\nm\u00e1 t\u00e1 said lena a mbeatha a thabhairt as de r\u00e9ir thoil D\u00e9. Gan an eagna seo t\u00e1\nr\u00e9as\u00fana\u00edocht an duine gan mhaith. De bharr tionchar \u00f3 fheals\u00fanacht na Gr\u00e9ige\ndeir an t-\u00fadar go bhfuil \u201can corp somhillte ina ualach ar an anam\u201d. Ni\nd\u00e9achachas (d\u00fa\u00e1lachas) at\u00e1 anseo, amhail is go mba olc an t-\u00e1bhar, an damhna,\nann f\u00e9in ach go bhfuil gach cinneadh a dh\u00e9anaimid lag toisc an c\u00faram nach\nfol\u00e1ir a thabhairt don chorp. Meabhra\u00edonn \u201cSolamh\u201d gur deacair don duine daonna\nc\u00farsa\u00ed an tsaoil seo ar talamh a thuiscint, rud a thugann air an cheist a chur:\n\u201cC\u00e9 ar f\u00e9idir leis, mar sin, a bhfuil ar neamh a rian\u00fa?\u201d Tagann eolas ar\nch\u00farsa\u00ed neimhe \u00f3 bhronntanas na heagna, a thagann \u00f3 Dhia, seolta \u00f3 na flaithis\nag spiorad naofa D\u00e9. Ionann \u201cspiorad D\u00e9\u201d anseo agus eagna, pearsant\u00fa de\nghn\u00edomha\u00edocht agus de fheidhmeanna Dhia Iosrael. Tr\u00ed bhronntanas na heagna seo,\ntr\u00ed l\u00e1ithreacht D\u00e9 sa stair, tr\u00edthi cuireadh toil D\u00e9 in i\u00fal agus d\u00edr\u00edodh\nconair\u00ed mhuintir an tsaoil seo<em>. <\/em><\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e9ann\nan l\u00e9acht seo leis an sliocht \u00f3n soisc\u00e9al ina l\u00e9ir\u00edonn \u00cdosa, Eagna\nIonchollaithe, conair nua le bheith mar dheisceabal aige<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm\nle Freagra \u2018<\/em>(Salm 89[90]).<em> A Thiarna, is t\u00fa ba thearmann d\u00fainn, \u00e1r nd\u00eddean \u00f3 ghl\u00fain go gl\u00fain.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em>\n(Fil\u00e9am\u00f3n 9-10, 12-17). <em>Glac leis, n\u00ed mar\nscl\u00e1bha\u00ed a thuilleadh, ach mar bhr\u00e1thair ion\u00fain.<\/em> Seo \u00ed an ceann is giorra\nde litreacha Ph\u00f3il, gan inti ach c\u00faig v\u00e9arsa agus fiche. Scr\u00edobh P\u00f3l \u00ed le linn\nd\u00f3 bheith I bprios\u00fan, in Eifeasas de r\u00e9ir dealraimh, b\u00edodh go measann scol\u00e1ir\u00ed\n\u00e1irithe gurb i C\u00e9asar\u00e1ia n\u00f3 sa R\u00f3imh a scr\u00edobh. Scriobhadh \u00e9 go Fil\u00e9am\u00f3n \u00e1iritithe,\nCr\u00edosta\u00ed gustalach as Colosae san \u00c1ise Bheag. Seo \u00e9 c\u00falra na litreach seo: Bh\u00ed\nscl\u00e1bha\u00ed ag Fil\u00e9am\u00f3n darb ainm Onesimus, a \u00e9iligh uaidh, agus a shrois P\u00f3l sa\nphrios\u00fan. B\u2019fh\u00e9idir gur chuala Onesimus a mh\u00e1istir ag moladh chine\u00e1ltais Ph\u00f3il.\nD\u2019\u00e9irigh cairdeas idir Onesimus agus P\u00f3l agus d\u2019iompaigh P\u00f3l \u00e9 \u00f3n phag\u00e1ntacht\ngo creideamh Chr\u00edost, agus chabhraigh s\u00e9 le P\u00f3l ag craobhscaoileadh an\ntsoisc\u00e9il. C\u00e9 gur chabhair mh\u00f3r do Ph\u00f3l na seirbhis\u00ed a thug Onesimus d\u00f3, thuig\ns\u00e9 go maith gur coir tromch\u00faiseach a bh\u00ed ann do scl\u00e1bha\u00ed teitheadh \u00f3na\nmh\u00e1istir, agus go bhf\u00e9adfa\u00ed pion\u00f3s trom a ghearradh air d\u00e1 bharr. Mar sin\ncinneann P\u00f3l Onesimus a chur ar ais go dt\u00ed a mh\u00e1istir Fil\u00e9am\u00f3n, ach anois mar\nChr\u00edosta\u00ed. Seolann P\u00f3l an litir seo go Fil\u00e9am\u00f3n ag lua inti gur br\u00e1ithre i\ngCr\u00edost an tri\u00far acu, P\u00f3l, Fil\u00e9am\u00f3n agus Onesimus, agus mar sin ar chomhch\u00e9im il\u00e1thair D\u00e9. Imp\u00edonn P\u00f3l ar Fil\u00e9am\u00f3n\nbheith cine\u00e1lta lena chara d\u00edlis Onesimus, br\u00e1thair anois i gCr\u00edost le Fil\u00e9am\u00f3n\nf\u00e9in. Ba mhaith le P\u00f3l go mbeadh Onesimus ar ais leis ar\u00eds, ach go mbraitheann\ns\u00e9 sin ar dhea-thoil a mh\u00e1istir Fil\u00e9am\u00f3n. B\u00edodh go nd\u00e9anann P\u00f3l c\u00faram de\nscr\u00edobh chuig Fil\u00e9am\u00f3n mar chara, seachas mar aspal le \u00fadar\u00e1s, cuireann s\u00e9\ncr\u00edoch leis an litir ghearr seo leis na briathra seo (nach bhfuil i sliocht an\nlae inniu): \u201cAgus m\u00e9 ag scr\u00edobh seo t\u00e1im cinnte go nd\u00e9anfaidh t\u00fa rud orm; n\u00ed\nhea, ach t\u00e1 a fhios agam go nd\u00e9anfaidh t\u00fa thar mar a deirim\u201d. Is \u00e9 at\u00e1\nintuigthe \u00f3n m\u00e9id seo, measaim, nach amh\u00e1in go n-iarann P\u00f3l ar Fil\u00e9am\u00f3n bheith\ncine\u00e1lta le Onesimus, agus gan pion\u00f3s a ghearradh air mar schl\u00e1bha\u00ed teitheach,\nmar bh\u00ed de cheart aige a dh\u00e9anamh, ach go dtabharfadh s\u00e9 saoirse ioml\u00e1n d\u00e1\nscl\u00e1bha\u00ed Onesimus.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1\nimpleachta\u00ed t\u00e1bhachtacha ag an litir ghearr seo maidir le dearcadh Ph\u00f3il i\nleith na scl\u00e1bha\u00edochta. Ba chuid l\u00e1rnach de schocha\u00ed na Gr\u00e9ige agus na R\u00f3imhe\nan scl\u00e1bha\u00edocht. N\u00ed labhra\u00edonn P\u00f3l go d\u00edreach ina choinne ina litreacha. Deireann\ns\u00e9 nach bhfuil saor n\u00f3 daor i gCr\u00edost, go bhfuil gach aon duine ar chomhch\u00e9im i\ngCr\u00edost, scl\u00e1bhaithe agus a m\u00e1istri san \u00e1ireamh, gur daoine saora na\nscl\u00e1bhaithe i gCr\u00edost Ba ch\u00f3ir go nd\u00e9anfadh dearcadh Ph\u00f3il i leith na\nscl\u00e1bha\u00edochta sa litir chuig Fil\u00e9am\u00f3n bun\u00fas le deireadh a chur leis an\nscl\u00e1bha\u00edocht, cleachtadh, faraoir, a lean ar aghaidh ar feadh na gc\u00e9adta fi\u00fa i\ndt\u00edortha Cr\u00edosta\u00ed, agus i measc Cr\u00edostaithe.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em>\n(L\u00fac\u00e1s 14:25-33). <em>Gach duine agaibh nach\ndtr\u00e9igeaonn a mhaoin uile, n\u00ed f\u00e9idir d\u00f3 bheith ina dheisceabal agam.<\/em> L\u00e9acht\nth\u00e1bhachtach \u00ed seo le tuiscint a fh\u00e1il ar cad is g\u00e1 le bheith ina dheiscaeabal\ndo Chr\u00edost, sin le r\u00e1 creideamh in \u00cdosa agus beatha de r\u00e9ir mar a iarann sin. T\u00e1\ndeacrachta\u00ed friotail sa sliocht seo a thagann idir an leitheoir agus a bhfuil\nr\u00e1ite ann. Chun teacht ar theachtaireacht l\u00e1rnach na l\u00e9achta is cabhair d\u00fainn\nc\u00fapla focal a r\u00e1 faoin stair at\u00e1 taobh thiar de na soisc\u00e9il faoi mar at\u00e1 siad\nanois againn. Den chuid is m\u00f3 de rinne \u00cdosa an chuid is m\u00f3 d\u00e1 chuid\nseanm\u00f3ireachta as Ghail\u00edl, agus ba \u00ed an Airimis a theanga. Tar \u00e9is an ais\u00e9ir\u00ed,\nis in Iar\u00fasail\u00e9im a bh\u00ed an luath-eaglais ag feidhmi\u00fa, agus \u00fas\u00e1id \u00e1 baint as\nAirimis agus Gr\u00e9igis. In am \u00e1irithe cuireadh baili\u00fachan de r\u00e1ite \u00cdosa le ch\u00e9ile\nas Gr\u00e9igis ach go raibh an Airimis taobh thiar de. Bhain Matha agus L\u00fac\u00e1s \u00fas\u00e1id\nas an doicim\u00e9ad seo, agus go minic clo\u00edonn L\u00fac\u00e1s n\u00edos dl\u00faithe leis n\u00e1 mar a\ndh\u00e9anann Matha, a dh\u00e9anann athscr\u00edobh air m\u00e1 fh\u00e9achann s\u00e9 gur fearr sin. Mar\nshampla san Eabhrais, agus san Airimis f\u00e9in, i gcomhth\u00e9acsanna \u00e1irithe is\nf\u00e9idir leis na focail \u201cfuath a bheith ag duine do\u201d a chiall\u00fa \u201cgr\u00e1 n\u00f3 meas n\u00edos\nl\u00fa a bheith ag duine do\u201d, mar shampla i Genesis 29:30-31; Deotarainim\u00ed\n21:15-16, agus R\u00f3mh\u00e1naigh 9:13: \u201cThugas gr\u00e1 do Iac\u00f3b, agus fuath do \u00c9asau\u201d. Mar\nsin, nuair a labhra\u00edonn \u00cdosa faoi fuath a thabhairt do athair agus m\u00e1thair is \u00e9\nis br\u00ed leis n\u00e1: gr\u00e1 d\u00f3ibh, agus meas orthu, n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 mar a thugtar d\u2019\u00cdosa\nf\u00e9in. Thuig Matha an fhadhb agus scr\u00edobhann s\u00e9 (Matha 10:37): \u201cAn t\u00e9 arb ansa\nleis athair n\u00f3 m\u00e1thair n\u00e1 m\u00e9, n\u00edl s\u00e9 d\u00edongbh\u00e1la dom\u201d. Focal eile gur diol suntais\nd\u00f3 anseo n\u00e1 \u201cdeisceabal\u201d. Bh\u00ed deisceabail de shaghasanna \u00e9ags\u00fala ag \u00cdosa. Bh\u00ed\ndream a thr\u00e9ig gach rud agus a lean \u00e9 ina thaisteal, gan \u00e1it ch\u00f3naithe. Ina\nmeasc si\u00fad bh\u00ed an Dar\u00e9ag Aspal. Mar aon leo si\u00fad bh\u00ed bu\u00edon n\u00edos fairsinge a\nchreid ann, agus a thug taca\u00edocht agus cabhair d\u00f3 ina mhisean, ach n\u00e1r\n\u201cleanadar\u201d go l\u00e9ir \u00e9 ina a thaisteal, mar shampla teaghlach na B\u00e9at\u00e1ine, M\u00e1ire,\nMarta agus Lasarus. N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1 gurb m\u00f3r le h\u00cdosa luachanna agus t\u00e1bhacht an teaghlaigh\nagus an t-\u00f3m\u00f3s is dual do thuismitheoir\u00ed (L\u00facas 18:20 agus eile), b\u00edodh go\nnd\u00fairt s\u00e9 go nd\u00e9anfadh a theacht agus a ghairm deighilt i measc baill\nteaghlaigh. <\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is\nf\u00e9idir linn anois filleadh ar Shoisc\u00e9al an lae inniu. Leagann \u00cdosa b\u00e9im ar seo:\nnach m\u00f3r d\u00edlseacht ioml\u00e1n a thabhairt d\u00f3 f\u00e9in, d\u00e1 phearsa agus d\u00e1 mhisean \u00f3n\nAthair. Mar a luadh cheana ag L\u00fac\u00e1s (9:23, a l\u00e9adh ar an 12\u00fa Domhnach) n\u00ed m\u00f3r\ndon deisceabal a chrois f\u00e9in a iompair (deacrachta\u00ed na beatha Cr\u00edosta\u00ed). Gr\u00e1sta\n\u00f3 Dhia, gan aon tuilteannas daonna (glaoite \u00f3 shr\u00e1ideanna agus \u00f3 chabhsa\u00ed na\ncathrach, L\u00fac\u00e1s14:21-24) an ghairm bheith mar dheisceabail ag \u00cdosa, ach t\u00e1\n\u00e9ilimh ag gabh\u00e1il leis. N\u00ed m\u00f3r do Chr\u00edostaithe, do Chaitlicigh, machnamh a\ndh\u00e9anamh ar cad t\u00e1 riachtanach le beatha Chr\u00edosta\u00ed a chaitheamh, mar is l\u00e9ir \u00f3\nna sampla\u00ed faoin dt\u00far gan bheith cr\u00edochnaithe agus an c\u00f3iri\u00fa chun cogaidh. Iarradh\nar na deisceabail a lean \u00cdosa ina chuid taisteal gach rud a thr\u00e9igint; iarrtar\nsin ar na deisceabail eile m\u00e1s g\u00e1 a leith\u00e9id.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Gairm\nchun d\u00faiseachta ar Chaitlicigh chult\u00fair agus eitneacha <\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Nuair\na thagann m\u00e9ad\u00fa ar l\u00edon na gcreidmheach i dt\u00edr n\u00f3 i bpobal, agus <a href=\"file:\/\/n\">an<\/a> eaglais ann gan freas\u00fara n\u00f3\ng\u00e9arlean\u00faint, n\u00f3 fi\u00fa meas an phobail a bheith uirthi, t\u00e1 an baol ann go\nn-\u00e9ir\u00edonn baill na heaglaise bheith ina gCaitlicigh in ainm amh\u00e1in, Caitlicigh\nde r\u00e9ir cult\u00fair n\u00f3 cine (eitneacha), gan teagmh\u00e1il d\u00e1ir\u00edre le Cr\u00edost n\u00f3 leis an\neaglais tr\u00ed fhreastal ar Aifreann n\u00f3 na sacraimint\u00ed. Sa deireadh n\u00ed bh\u00edonn sa\nchaidreamh seo leis an Eaglais ach sa bhaisteadh, sa ph\u00f3sadh agus san\nadhlacadh, an bhaint sa ph\u00f3sadh ag dul i laghad de r\u00e9ir a ch\u00e9ile sna saolta\nseo.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach mar sin f\u00e9in f\u00e9achann daoine d\u00e1\nleith\u00e9id orthu fein mar Chaitlicigh, agus \u00e1ir\u00edonn siad iad f\u00e9in mar Chaitlicigh\nsa daon\u00e1ireamh. F\u00e9achann scr\u00edbhneoir\u00ed \u00e1irithe ar dhaoine mar seo mar\nChaitlicigh eitneacha, n\u00f3 Caitlicigh de r\u00e9ir chult\u00fair amh\u00e1in. De bhr\u00ed gur\nbronntanas \u00f3 Dhia an creideamh, n\u00ed f\u00e9idir le haoinne a mheas an bhfuil an\ncreideamh acu si\u00fad n\u00f3 nach bhfuil. Ag Dia amh\u00e1in is fios sin. Mar sin f\u00e9in\ntoisc gur ghlaoigh \u00cdosa ar gach creidmheach bheith ina fhinn\u00e9 don domhan,\nbheith mar shalann na tal\u00fan agus mar sholas an domhain, is fada i gc\u00e9in \u00f3\nghairm Chr\u00edost an \u201cChr\u00edosta\u00edocht\u201d chultuir, eitneach, neodrach, seo. Mairimid i\nsaol at\u00e1 ag \u00e9ir\u00ed d\u00ed-eaglaisithe, tuathaithe in aghaidh na bliana n\u00f3 a bhfuil\nclaonadh, agus b\u2019fh\u00e9idir plean, an creideamh, an reiligiun, agus a bhaineann\nleis, a sheoladh amach go dt\u00ed na himill, gan \u00e1it n\u00f3 guth sa saol poibl\u00ed. Is\nf\u00e9idir f\u00e9achaint, fi\u00fa, ar chinnteacht n\u00f3 \u00e1iti\u00fas creidimh mar bhaol do phost\npoibl\u00ed, n\u00f3 fi\u00fa contr\u00e1rtha d\u00f3. I diosc\u00farsa \u00e1irithe polait\u00edochta n\u00ed inghlactha do\ndhuine a r\u00e1 gur Cr\u00edosta\u00ed, n\u00f3 Caitliceach, \u00e9\/\u00ed i dtosach, agus ina dhiaidh sin\nball de ph\u00e1irt\u00ed polaitiochta, b\u00edodh nach bhfuil siad contr\u00e1rtha d\u00e1 cheile. D\u00e1\nmbeadh guth Chr\u00edost le cloisint inniu cuirfeadh s\u00e9 \u201ct\u00edr dh\u00fachais n\u00f3 p\u00e1irt\u00ed\npolait\u00edochta\u201d leis an m\u00e9id a d\u00fairt s\u00e9 maidir le d\u00edlseacht d\u00f3 f\u00e9in.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is\ndon choinsias aonair agus do mheon an phobail a mheas conas d\u00edlseacht do\nChr\u00edost thar aon rud eile a r\u00e9iteach le tosca an lae inniu. D\u00e9antar d\u00edlseacht a\nchothu leis an deabh\u00f3id, deabh\u00f3id do Chr\u00edost agus don Eaglais,\nagus \u00f3 chleactadh an chreidimh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-875","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/875","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=875"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/875\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":876,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/875\/revisions\/876"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=875"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=875"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=875"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}