{"id":893,"date":"2019-09-18T10:48:53","date_gmt":"2019-09-18T10:48:53","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=893"},"modified":"2019-09-18T10:48:53","modified_gmt":"2019-09-18T10:48:53","slug":"22-mean-fomhair-2019-c-cuigiu-domhnach-fichead","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=893","title":{"rendered":"22 Me\u00e1n  F\u00f3mhair 2019 (C) C\u00faigi\u00fa Domhnach Fichead"},"content":{"rendered":"\n<p><strong>22 Me\u00e1n\u00a0 F\u00f3mhair 2019 (C) C\u00faigi\u00fa Domhnach Fichead<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don\nBheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an\nlae<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B.\nAn B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le\nceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Urna\u00ed, creideamh, baol as and\u00fail san\nairgead<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don\nbheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Amos 8:4-7). <em>Ina n-aghaidh si\u00fad a dh\u00e9anann \u2018an bocht\u00e1n a\ncheannach le hairgead\u2019.<\/em> Feirmeoir caorach a thug aire do chrainn tortha\u00ed\nchomh maith ab ea Am\u00f3s i R\u00edocht I\u00fada nuair a ghlaoigh Dia air c\u00fal a thabhairt\nd\u00e1 thr\u00e9ada agus f\u00e1idhead\u00f3ireacht a dh\u00e9anamh&nbsp;\ni gcoinne R\u00edocht an Tuaiscirt (Iosrael) i sanct\u00f3ir r\u00edoga Betel. Ba i l\u00e1r\nna ocht\u00fa haoise \u00e9 seo, tr\u00e1th ina raibh borradh thar an ghn\u00e1th tagaithe ar\nR\u00edocht Iosrael, agus \u00ed \u00e9irithe saibhir, ach r\u00e9 inar tugadh droch\u00edde don\nchosmhuintir, agus cos ar bolg orthu, b\u00edodh go raibh searmannais liot\u00fairgeacha\nsaibhre ann, agus lucht an rachmais beag beann ar aitheanta D\u00e9.&nbsp; Bh\u00edodh troid ar si\u00fal chomh maith idir na\nt\u00edortha beaga pag\u00e1nacha m\u00e1guaird agus coireanna uaf\u00e1sacha \u00e1 gcleachtadh iontu.\nCh\u00e1in Am\u00f3s na coireanna st\u00e1it sin go l\u00e1idir in ainm D\u00e9 Iosrael, agus ch\u00e1in go\nneamhbhalb c\u00e9anna coireanna Iosrael. Agr\u00f3dh Dia orthu iad, rud a tharla luath go leor le treascairt an st\u00e1it, a\nphr\u00edomhchathrach agus a scr\u00ednte naofa sa bhliain 722-721. Tugann l\u00e9acht an lae\ninniu l\u00e9argus d\u00fainn ar shaint lucht an rachmais agus a gc\u00edocras chun brab\u00fas a\ndh\u00e9anamh, d\u00e1 mba fh\u00e9idir f\u00e9in gan stad n\u00e1 staonadh &nbsp;\u00f3 na laethanta (gealach nua, sin t\u00fas na m\u00edosa,\nagus an tsab\u00f3id) nuair n\u00e1r ceadmhach an tracht\u00e1il de r\u00e9ir an dl\u00ed naofa. Bh\u00edodar\ncalaoiseach i gc\u00farsai gn\u00f3 maidir le me\u00e1chain. praghasanna (secel, efa) agus na\nsc\u00e1la\u00ed. Ba chuma ann n\u00f3 as do na bocht\u00e1in, agus droch\u00edde a thabhairt d\u00f3ibh ar\nmhaithe le lucht an rachmais. Rinne an Tiarna mionn \u201cdar uaillmhian I\u00e1cob\u201d, sin\nle r\u00e1 is d\u00f3cha tr\u00edd f\u00e9in, n\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir tr\u00ed shotal, dh\u00edomas, Iosrael, n\u00f3 fi\u00fa\ntr\u00edd an Talamh Naofa, agus ba \u00e9 a mhionn n\u00e1 go nd\u00e9anfadh s\u00e9 ceart na mbocht\u00e1n a\nchosaint. N\u00ed dhearmadfadh s\u00e9 an chos ar bolg a imr\u00edodh orthu. T\u00e1 macalla\u00ed\nbhriathra sin Am\u00f3s le sonr\u00fa trid an stair s\u00edos. <\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 112[113]). <em>Molaig\u00ed an Tiarna a arda\u00edonn an duine\ndealbh.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (1 Tim\u00f3teas 2:1-8). <em>Ba cheart go nd\u00e9anfa\u00ed urna\u00ed ar son an uile dhuine chun D\u00e9 arb \u00e1il leis\ngo sl\u00e1n\u00f3fa\u00ed an uile dhuine.<\/em> Leis an l\u00e9acht seo a thuiscint n\u00edos fearr, is\nfi\u00fa aire a tabhairt don ch\u00falra stairi\u00fail inar cumadh an litir as air t\u00f3gadh \u00ed.\nScr\u00edobhadh na Litreacha Tr\u00e9adacha, gur ceann d\u00edobh an litir seo, do eaglais\u00ed\ntaobh istigh den Impireacht R\u00f3mh\u00e1nach a raibh eagar maith uirthi, agus Impire a\nmeasadh bheith ina dhia os a cionn. N\u00edor mh\u00f3r don eaglais aird athabhairt ar na\nc\u00fains\u00ed sin. San am c\u00e9anna bh\u00ed uirthi bheith eolgasach ar a hoidhreacht fein\nagus an r\u00fandiamhair as ar sh\u00edolraigh s\u00ed agus an misean a bh\u00ed aici, t\u00fas aici in\n\u00cdosa Cr\u00edost an t-aon idirghabh\u00e1la\u00ed amh\u00e1in idir Dia agus an cine daonna, agus an\nmisean aici dea-sc\u00e9ala an tSoisc\u00e9il a craobhscaoileadh do gach uile phobal. Bh\u00ed\nuirthi bheith d\u00edlis don oidhreacht sin agus di f\u00e9in mar phobal D\u00e9 ach anois\nbheith feasach go raibh s\u00ed ag feidhmi\u00fa mar mhionlach beag taobh istigh de\nshocha\u00ed pholati\u00fail&nbsp; leathan agus l\u00e1idir.\nTugann l\u00e9acht an lae inniu treoracha ar na ceisteanna seo, ag cur b\u00e9ime anseo\nagus sna litreacha seo trid sios i bhfriotal at\u00e1 uil\u00edoch agus cuimsitheach. I\ndtosach b\u00e1ire, sa ch\u00e9ad \u00e1it, tagann urna\u00ed, agus de shaghasanna eags\u00fala, ar son\nan uile dhuine, ach go h\u00e1irithe ar a son si\u00fad at\u00e1 i gceannas, ina measc si\u00fad an\ntImpire f\u00e9in, go mbfh\u00e9idir gurb \u00e9 N\u00e9ar\u00f3 an tr\u00e1th sin \u00e9. Bh\u00edodar le gu\u00ed go\nligfeadh na h\u00fadar\u00e1is shibhi\u00e1lta do na creidmhigh a mbeatha Chr\u00edosta\u00ed a\nchaitheamh gan c\u00faiseanna coiri\u00fala a chur ina n-aghaidh. Cuireann an t\u00e9acs b\u00e9im\nar alt bun\u00fasach an chreidimh, gurbh \u00e9 \u00cdosa Cr\u00edost an t-aon idirghabh\u00e1la\u00ed idir\nDia agus an cine daonna. D\u00fairt \u00cdosa (Marcas 10:45; Matha 20:28) gur th\u00e1inig s\u00e9\nfein, Mac an Duine, lena anam a thabhairt mar cheannach (\u00e9iric) ar&nbsp; mh\u00f3r\u00e1n. Ag teacht lena shain-l\u00e9argus agus a\nst\u00edl sna Litreacha Tr\u00e9adacha seo, baineann an t-\u00fadar feidhm as friotal uil\u00edoch:\nthug Cr\u00edost \u00e9 f\u00e9in in \u00e9iric (mar cheannach) ar an uile dhuine. Thug Dia\nfianaise don r\u00fandiamhair seo ina am tr\u00e1th f\u00e9in (\u201cina mhithid\u00ed f\u00e9in\u201d) in \u00cdosa\nCr\u00edost. Finn\u00e9 ab ea Cr\u00edost tr\u00edna bh\u00e1s don \u00e9iric, cheannach, do shl\u00e1n\u00fa an uile\ndhuine, agus cheap \u00cdosa P\u00f3l mar bholscaire agus mar aspal le f\u00edrinne an tsoisc\u00e9il\na mh\u00faineadh do na pag\u00e1naigh. Cuirtear clabhs\u00far leis an l\u00e9acht mar ar thosaigh\ns\u00ed, ag iarraidh gu\u00ed a dh\u00e9anamh go h\u00f3m\u00f3sach chun D\u00e9, gan olc, gan aighneas.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 16:1-13). <em>N\u00ed\nf\u00e9idir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.<\/em> Ar uairibh ba mhaith le\nduine nach mbeadh i liot\u00fairge an Domhnaigh sna Soisc\u00e9il ach l\u00e9achta\u00ed a bheadh\n\u00e9asca le tuiscint. Sa leicsean\u00e1ir at\u00e1 againn faoi l\u00e1thair t\u00e1 roinnt l\u00e9achta\u00ed\nnach m\u00f3r machnamh a dh\u00e9anamh orthu maraon le m\u00edni\u00fa le hiad a thuiscint. Ceann\nd\u00e1 leith\u00e9id l\u00e9acht an lae inniu. Dar le scolair\u00ed \u00e1irithe t\u00e1 iomr\u00e1 ar an bparabal\ntosaigh ann toisc a dhoil\u00e9ireacht. T\u00e1 an l\u00e9acht pas beag deacair toisc go\nbhfuil mar aguis\u00edn leis roinnt r\u00e1iteas \u00cdosa nach bhfuilid go l\u00e9ir ar an dul\nc\u00e9anna. Mar th\u00fas t\u00e1 an parabal againn, a chr\u00edochna\u00edonn leis an r\u00e1iteas: \u201cAgus\nmhol an m\u00e1istir an maor m\u00edmhac\u00e1nta mar go ndearna s\u00e9 go g\u00e9arch\u00faiseach \u00e9\u201d.\nL\u00e1rphointe sa pharabal n\u00e1 mian an mhaoir mh\u00edmhac\u00e1nta go mbeadh f\u00e1il isteach\naige i dt\u00edthe nuair a bheadh s\u00e9 bhriste as a phost. Leis sin in a intinn aige\nlaighda\u00edonn s\u00e9 an m\u00e9id a bh\u00ed dlite d\u00e1 mh\u00e1istir, \u00f3 ch\u00e9ad bairille ola go caoga;\n\u00f3 ch\u00e9ad ceathr\u00fa arbhair go h-ocht\u00f3. Molann an \u201cm\u00e1istir\u201d \u00e9 as a gh\u00e9arch\u00faiseacht.\nM\u00e1s \u00e9 an m\u00e1istir a bh\u00ed leis an maor a bhriseadh as a phost an m\u00e1istir i gceist,\nis ait mar a rinne s\u00e9. Ach b\u2019fh\u00e9idir gurb \u00e9 \u00cdosa an m\u00e1istir i gceist. Ar aon\ndul s\u00edos nil \u00cdosa ag maitheamh n\u00f3 ag moladh ghn\u00edmh den leith\u00e9id seo a rinne na\nmaor m\u00edmhac\u00e1nta. L\u00e1rphointe sa pharabal, mar a d\u00faradh ar ball beag, n\u00e1 mian an\nmhaoir \u00fas\u00e1id a bhaint as maoin an tsaoil seo le bheith istigh a bheith aige i\ndt\u00edthe n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. D\u00e9anann \u00cdosa tagairt d\u00f3 seo, ag d\u00e9anamh&nbsp; compar\u00e1ide idir gh\u00e9arch\u00faiseacht daoine i\ngn\u00f3tha\u00ed saolta (\u201cclann an tsaoil seo\u201d) maidir le r\u00e9 le teacht agus iad si\u00fad le\nsolas an chreidimh (\u201cclann an tsolais\u201d, \u201cclannmhac an tsolais\u201d mar a thug baill\nchomhthion\u00f3il Qumran orthu f\u00e9in, i gompar\u00e1id\nle \u201cclannmhac an dorchadais\u201d ar a naimhde). T\u00e9ann t\u00e9acs na l\u00e9achta ar aghaidh\nle r\u00e1itis \u00cdosa a thabhairt d\u00fainn faoi conas \u00fas\u00e1id a bhaint as airgead (<em>mamon<\/em>), maoin shaolta, le tagairt\u00ed do\nphointi sa pharabal. Ba ch\u00f3ir \u00fas\u00e1id a bhaint as airgead, a deirtear bheith\nm\u00edmhac\u00e1nta, le c\u00e1irde &nbsp;a bhaint amach sna\n\u201cbothanna s\u00edora\u00ed\u201d, sin le r\u00e1 saibhreas a bheith ag duine ar neamh tr\u00ed dh\u00e9irc.&nbsp; \u00d3 mh\u00edmhac\u00e1ntacht an mhaoir sa pharabal\nleanann r\u00e1iteas faoi iontaofacht, agus rabhadh gur baol m\u00f3r&nbsp; do luachanna spiorad\u00e1lta easba iontaofachta\nmaidir le airgead agus maoin shaolta. Cuirtear cr\u00edoch le r\u00e1itis seo \u00cdosa leis\nan cheann iomr\u00e1iteach faoin d\u00e1 mh\u00e1istir: n\u00ed f\u00e9idir seirbh\u00eds ioml\u00e1n a thabhairt\ndo Dhia agus d\u2019airgead (<em>mamon<\/em>).<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le\nceisteanna an lae: <em>Urna\u00ed, creideamh, baol\nand\u00fail san airgead<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Machnamh.\nUrna\u00ed agus creideamh. <\/em>Tugann\nl\u00e9achta\u00ed an lae inniu deis iontach d\u00fainn an machnamh agus agallamh le saol an\nlae inniu a nascadh le ch\u00e9ile. Staid na heaglaise&nbsp; mar at\u00e1 s\u00ed at\u00e1 le feiscint \u00f3 na Litreacha\nTr\u00e9adacha, gur ceann d\u00edobh 1 Tim\u00f3teas, n\u00e1 go bhfuil an ghluaiseacht Chr\u00edostai\nimithe thar na heaglais\u00ed faoi leith, amhail Coirint, Teasaloinic\u00e9, Filipi agus\neile go heaglais f\u00f3irleathan ina bhfuil l\u00edon a ball m\u00e9adaithe&nbsp; agus gur eol do na &nbsp;heaglais\u00ed faoi leith gur baill iad de\nchomhluadar Cr\u00edosta\u00ed domhanda. N\u00ed m\u00f3r d\u00f3ibh machnamh a dh\u00e9anamh conas feidhmi\u00fa\ntaobh istigh de shocha\u00ed shibhialta eagartha agus san am c\u00e9anna bheith d\u00edlis do\nr\u00fandiamhair bhunaidh agus do mhisean na heaglaise. An ch\u00e9ad rud n\u00e1 gairm chun\nurna\u00ed, urna\u00ed an phobail go l\u00e9ir, ach urna\u00ed nach bhfuil teoranta don eaglais\namh\u00e1in, ach don socha\u00ed go l\u00e9ir; urna\u00ed de shaghasana \u00e9ags\u00fala, achain\u00ed, imp\u00ed agus\nalt\u00fa ar son an uile dhuine, gan olc, gan aighneas. Mar aon leis seo, n\u00f3 mar\nfhoinse d\u00f3 seo, t\u00e9ann creideamh d\u00edongbh\u00e1lta in \u00cdosa, ina bh\u00e1s in \u00e9iric na bpeaca\u00ed, agus misean na heaglaise mar fhinn\u00e9\ndo gach cine faoin ghr\u00e9in<em>.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Leagann\nan l\u00e9acht \u00f3n soisc\u00e9al b\u00e9im ar an mbaol at\u00e1 ann ligint don airgead, n\u00f3 do mhaoin\nshaolta, bheith mar mh\u00e1istir orainn. \u00d3n l\u00e9acht seo is \u00e9asca agallamh a dh\u00e9anamh\nle saol an lae inniu. Is eol d\u00fainn go r\u00f3-mhaith faoi mar ar mhill t\u00f3ir an\ntsaibhris daoine aonair c\u00e1ili\u00fala agus pobail ioml\u00e1na. Is f\u00e9idir le\ndearg-\u00e1bharachas \u00e9ir\u00ed as, le meon at\u00e1 beag beann ar luachanna spiorad\u00e1lta, n\u00f3\nfi\u00fa a sh\u00e9anann ar fad iad. Dh\u00edrigh an P\u00e1pa \u00e1r n-aird ar seo agus mhol s\u00e9 do\nshagairt agus gr\u00fapa\u00ed eile filleadh ar shimpl\u00edocht na Soisc\u00e9al.&nbsp; T\u00e1 ceannair\u00ed poilit\u00edochta ann, ar uairibh gan\nm\u00f3r\u00e1n sp\u00e9ise i gc\u00farsa\u00ed creidimh n\u00f3 reiligi\u00fain, a thugann rabhadh ar bhaol an\n\u00e1bharachais. Ar nd\u00f3igh, ar an dtaobh eile de, t\u00e1 rachmas\u00f3ir\u00ed agus milli\u00fanaithe\nann a thugann go fial do ghluaiseachta\u00ed deonacha agus do dhaoine faoi mh\u00edchaoi.\nT\u00e1 s\u00fail againn go dtabharfar aird ar bhriathra \u00cdosa gan ligint do <em>mamon\u00b8<\/em>don mhaoin shaolta, bheith mar\nmh\u00e1istir orainn, \u00e1r dtarraingt chun scl\u00e1bha\u00edochta.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>22 Me\u00e1n\u00a0 F\u00f3mhair 2019 (C) C\u00faigi\u00fa Domhnach Fichead Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-893","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/893","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=893"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/893\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":894,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/893\/revisions\/894"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=893"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=893"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=893"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}