{"id":900,"date":"2019-09-26T18:39:55","date_gmt":"2019-09-26T18:39:55","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=900"},"modified":"2019-09-26T18:39:55","modified_gmt":"2019-09-26T18:39:55","slug":"29-mean-fomhair-2019-c-seu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=900","title":{"rendered":"29 Me\u00e1n  F\u00f3mhair 2019 (C) S\u00e9\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don\nBheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an\nlae<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong>B.\nAn B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le\nceisteanna an lae: <\/em><\/strong>\u201c<em>Solas an chreidimh agus ceisteanna \u00e1r linne\u201d<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don\nbheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Amos 6:1, 4-<em>7). Iad si\u00fad a sh\u00edneann iad f\u00e9in agus a\nchanann baothamhr\u00e1in, imeoidh siad ar deora\u00edocht. <\/em>Ba \u00f3n fh\u00e1idh Am\u00f3s c\u00e9ad\nl\u00e9acht an Domhnaigh seo caite agus ch\u00e1in an f\u00e1idh go g\u00e9ar sa l\u00e9acht sin muintir\nR\u00edocht an Tuaiscirt, Iosrael, toisc an mh\u00ed-\u00fas\u00e1id a bhain siad as an saibhreas\nagus an leatrom a rinne siad ar na boicht. Bh\u00ed lucht an rachmais ag baint\naoibhnis as an dul chun cinn suntasach a bh\u00ed d\u00e9anta ag an dt\u00edr i gc\u00farsa\u00ed polait\u00edochta\nagus soisialta. T\u00e1 cur s\u00edos cu\u00edosach mion i l\u00e9acht an lae inniu ar an saghas\nbeatha a bh\u00ed \u00e1 caitheamh acu si\u00fad. Bh\u00ed saol na n-uaisle acu i R\u00edocht an Tuaiscirt\n(ar a dtugtai I\u00f3saef go fileata), faoi mar a bh\u00ed i Si\u00f3n, Iar\u00fasail\u00e9im, chomh\nmaith. Mhothaigh siad iad f\u00e9in sl\u00e1n sabh\u00e1ilte sa phr\u00edomhchathair Sam\u00e1ire, gan\nfhios n\u00f3 aird acu ar an mbaol a bh\u00ed \u00e1 bhagairt \u00f3 fh\u00f3rsa\u00ed na hAsa\u00edre a bheadh\nchucu go luath agus a dh\u00e9anfadh an chathair agus an st\u00e1t a threascairt agus an\npobal a thabhairt i gc\u00e9in ar deora\u00edocht. Cuirtear s\u00edos sa l\u00e9acht seo ar an ardleibh\u00e9al\nmaireacht\u00e1la costasach&nbsp; bh\u00ed acu, ina lu\u00ed\nar leapacha eabhair, s\u00ednte ar tholga, \u00e1 mbeath\u00fa f\u00e9in le uaineoil agus laofheoil,\nag canadh baothamhr\u00e1n, agus fi\u00fa ag cumadh nuaghl\u00e9asanna ceoil, ceird a luatar\nle D\u00e1ivi, b\u00edodh gur baint le salmaireacht seachas d\u00e9ant\u00fas \u00fairlis\u00ed ceoil\nfianaise an Bh\u00edobla faoi Dh\u00e1iv\u00ed.&nbsp; \u00d3lann\nsiad neart f\u00edona, as coirn. N\u00ed dh\u00e9antar iad a ch\u00e1ineadh faoi seo chomh m\u00f3r agus\na dh\u00e9antar faoina neamart ar an mbaol a bh\u00ed ag bagairt ar a dtir dh\u00fachais Iosrael\n(\u00cdosaef), faoin turnamh, an treascairt, a bh\u00ed le teacht go luath. Is iad is\nt\u00faisce a bhain \u00fas\u00e1id, agus m\u00ed-\u00fas\u00e1id, as an rachmas; is iad an ch\u00e9ad dream a\nsheolfar ar deora\u00edocht, a chuirfidh deireadh lena ragairne.&nbsp; L\u00e9acht chu\u00ed \u00ed seo le dul le parabal an duine\nshaibhir (dives) agus Lazaras&nbsp; i soisc\u00e9al\nan Domhnaigh seo.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 145[146]). <em>Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>An Dara\nL\u00e9acht<\/em> (1 Tiom\u00f3id 6:11-16). <em>Coime\u00e1d an aithne n\u00f3 go nochtfaidh \u00e1r\ndTiarna \u00cdosa Cr\u00edost chugainn. <\/em>Seo \u00ed an l\u00e9acht dheiridh as C\u00e9ad Litir chuig\nTiom\u00f3id, agus tagann si thart ar chr\u00edoch na litreach. Leanann s\u00ed go d\u00edreach ar\nshliocht den litir ina thugann P\u00f3l comhairle do Thiom\u00f3id faoi chleachta\u00ed\n\u00e1irithe a bh\u00ed i measc mhuintir na heaglaise a bheadh le seachaint. Ina measc\nsi\u00fad luann s\u00e9 daoine ar d\u00f3igh leo gurb \u00fadar saibhris \u00ed an cr\u00e1ifeacht (n\u00f3 an\ncreideamh), ar a dtugann s\u00e9 a thuairim&nbsp;\ngur m\u00f3r an t-\u00fadar saibhris \u00ed an chr\u00e1ifeacht, go deimhin, an t\u00e9 a bh\u00edonn\ns\u00e1sta lena chuid (1 Tiom\u00f3id 6:3-6). Toisc gur duine tiomnaithe do Dhia, duine gur\nle Dia (\u201cduine le Dia\u201d!) \u00e9 Tiom\u00f3id n\u00ed m\u00f3r d\u00f3 bheith mar fhinn\u00e9 beo do luachanna\ncearta Cr\u00edosta\u00ed, agus luann P\u00f3l cuid diobh, ag tos\u00fa le creideamh. Iarrtar air\ncath an chredimh a fhearadh go calma, lena shl\u00ed bheatha agus firinne an\nchreidimh a chumhdach. Is fianaise don chreideamh beatha Thiom\u00f3id, agus cheannair\u00ed\nna heaglaise. Deir P\u00f3l le Tiom\u00f3id &nbsp;gur\nadmhaigh s\u00e9 an creideamh go sol\u00fanta i l\u00e1thair m\u00f3r\u00e1n finn\u00e9ithe. N\u00ed deirtear linn\ncathain a rinne Tiom\u00f3id an admh\u00e1il sin \u2013 ag a bhaisteadh b\u2019fh\u00e9idir seachas\nnuair a \u00f3irn\u00edodh mar cheannaire eaglaise \u00e9 (f\u00e9ach 2 Tiom\u00f3id 1:6). Leagtar b\u00e9im\nanseo ar an fhianaise, agus tobar f\u00edorghlan agus eiseaml\u00e1ir gach fianaise\nadmh\u00e1il shol\u00fanta, \u00cdosa Cr\u00edost os comhair Phoint Piol\u00e1it, an gobharn\u00f3ir\nR\u00f3mhanach. B\u2019fh\u00e9idir gur bheith i l\u00e1thair do Chr\u00edost os comhair Phoint at\u00e1 i\ngceist, fi\u00fa m\u00e1s ina a thost a bh\u00ed s\u00e9. Ach b\u2019fh\u00e9idir go bhfuil tagairt ann do\nbriathra \u00cdosa do Phiol\u00e1it gur th\u00e1inig s\u00e9 ar an saol le fianaise a thabhairt ar\nan bhf\u00edrinne (Eoin 18:37). Deir P\u00f3l le Tiom\u00f3id &nbsp;an \u201caithne\u201d a choime\u00e1d gan ch\u00e1im, gan locht,\nagus b\u2019fh\u00e9idir gurb \u00e9 an aithne ghinear\u00e1lta an soisc\u00e9al a fhogairt at\u00e1 i\ngceist, seachas aithne \u00e9igin faoi leith. Cuirtear cr\u00edoch leis an sliocht le tagairt\ndo theacht, taispe\u00e1nadh, \u00cdosa Cr\u00edost\nathuair, a bhfuil Dia le taispe\u00e1int in am tr\u00e1th, \u201cina mhithid\u00ed f\u00e9in\u201d. Ag\ndeireadh t\u00e1 iomann molta D\u00e9, Dia dofheicthe, cos\u00fail leis an cheann a tugadh\ncheana in 1:17.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(L\u00fac\u00e1s 16:19-31). <em>Fuair\ntusa do chuid f\u00e9in de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gc\u00e9anna\nfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois t\u00e1 seisean \u00e1 sh\u00f3l\u00e1s\u00fa abhus, agus tusa do\ndo chr\u00e1. <\/em>Ina chomhth\u00e9acs sa Soisc\u00e9al t\u00e1 ceangail idir an parabal\niomr\u00e1iteach seo ar an bhfear saibhir&nbsp; (sa\nLaidin Dives) agus Lazaras agus na t\u00e9acsanna d\u00edreach roimhe i shoisc\u00e9al L\u00fac\u00e1is,\ngo m\u00f3r m\u00f3r l\u00e9acht an Domhnaigh seo caite ar an maor m\u00edmhac\u00e1nta, agus r\u00e1itis\n\u00cdosa faoi sin a leanann \u00e9. Ina dhiaidh sin ar\u00eds t\u00e1 r\u00e1itis eile \u00cdosa, d\u00edrithe ar\nna Fairis\u00ednigh, ar an Dl\u00ed agus na F\u00e1ithe, \u00cdosa ag meabhr\u00fa gur ann f\u00f3s don Dl\u00ed,\nach \u00e9 m\u00ednithe nios radaca\u00ed maidir leis an colscaradh. Ina dhiaidh sin tagann\nparabal an lae inniu agus an teachtaireacht at\u00e1 ann.&nbsp; T\u00e1 tr\u00ed roinn, mh\u00edr, sa pharabal, ar f\u00e9idir\niad a iniuchadh ceann ar cheann. I dtosach b\u00e1ire t\u00e1 cur s\u00edos ar bheatha\nchomp\u00f3rdach an fhir shaibhir agus ar ainnis an duine dhear\u00f3ile. Faigheann an\nbheirt acu b\u00e1s agus t\u00f3gann an haingil Lazaras go \u201chucht Abrah\u00e1m\u201d. Samhla\u00edotar Abrah\u00e1m\nina lu\u00ed ag an F\u00e9asta Meisiasach agus Lazaras ina lu\u00ed ina ucht. Adhlacadh an\nfear saibhir in Hades, ifreann, \u00e1it na bpianta s\u00edora\u00ed. Sa dara m\u00edr t\u00e1 comhr\u00e1\nidir an fear saibhir agus Abrah\u00e1m, Abrah\u00e1m ag labhairt anseo thar cheann D\u00e9,\nb\u00edodh nach deirtear sin go folasach. Glaonn an fear saibhir ar Abrah\u00e1m, athair\nan chine Ghi\u00fadaigh, mar \u201cA Athair Abrah\u00e1m\u201d, ach achain\u00ed in aisce d\u00f3 sin. N\u00edl\nlaghd\u00fa ar a phianta le f\u00e1il aige.&nbsp; Sa\ntr\u00ed\u00fa m\u00edr t\u00e1 achain\u00ed an duine shaibhir&nbsp; ar\nson a ch\u00faigear dearth\u00e1ir at\u00e1 beo i gc\u00f3na\u00ed le rabhadh a thabairt d\u00f3ibh lena\nsaoradh \u00f3 phianta ifrinn. N\u00ed glactar leis an achain\u00ed seo ach oiread. Is leor\nd\u00f3ibh a bhfuil ina a dtraidisi\u00fan creidimh, i Dl\u00ed Mhaois agus sna F\u00e1ithe. T\u00e1 go\nleor sna scr\u00edbhinn\u00ed sin faoi bhaol an tsaibhris agus ch\u00faram na mbocht. Muna\n\u00e9isteann duine le guth D\u00e9 ag labhairt sna scr\u00edbhinn\u00ed sin, n\u00ed thabharfar aird ar\nghuth duine a meastar a fhill \u00f3n mb\u00e1s.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><strong>B.\nAn B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/strong>: <em>\u201cSolas\nan chreidimh agus ceisteanna \u00e1r linne\u201d<\/em><\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Spreagann l\u00e9achta\u00ed\nan lae inniu, an ch\u00e9ad l\u00e9acht agus an soisc\u00e9al ach go h\u00e1irithe, spreagann siad\nsinn le machnamh a dh\u00e9anamh ar chreideamh i gCr\u00edost agus sa saol eile agus \u00e1r\nmisean mar bhaill den chine daonna don saol seo agus gach a bhaineann leis. Is\n\u00e1bhar \u00e9 ina bhfuil saol an lae inniu in agallamh linn, agus guthanna l\u00e1idre ag\nmao\u00edmh gur constaic an creideamh agus an traidisi\u00fan Cr\u00edosta\u00ed le dul chun cinn\nan chine daonna agus c\u00faram na mbocht. Labhair an P\u00e1pa Proinsias faoi seo ina\nimlitir <em>Lumen fidei\u00b8\u201dSolas an Chreidimh\u201d,\n<\/em>gur \u00f3n iar-Ph\u00e1pa Benedict XVI (Josef Ratzinger) an imlitir d\u00e1ir\u00edre. B\u00edodh\ngur baineadh \u00fas\u00e1id cheana as a d\u00fairt s\u00e9 san imlitir seo (Machnamh 19\u00fa Domhnach)\nis fi\u00fa a smaointe a thabhairt anseo ar\u00eds. Deir an P\u00e1pa (alt 6 den imlitir) gur ionann labhairt ar \u201csholas an\nchreidimh\u201d inniu agus bheith ag feitheamh le ag\u00f3id\u00ed, cur ina choinne, \u00f3 roinnt\nmhaith de lucht \u00e1r gcomhaimsire. Sa saol at\u00e1 inniu ann d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed a mheas go\nn-oirfeadh an solas sin ceart go leor do dhaoine \u00f3 ghl\u00fain agus socha\u00ed eile at\u00e1\nthart, ach nach meastar go bhfuil aon tairbhe ann d\u00e1r linn f\u00e9in, don chine\ndaonna at\u00e1 in aois, m\u00f3rtasach as chumas a r\u00e9as\u00fain agus c\u00edocrach a thodhcha\u00ed a\nscr\u00fad\u00fa i sl\u00edte nua. F\u00e9achadh ar an gcreideamh ag daoine \u00e1irithe mar sholas\nmearbhlach, ag cur mearbhaill ar dhaoine, ag cur cosc ar na gcine daonna\naghaidh a thabhairt go d\u00e1na ar lorg an eolais, mar dh\u00fal\u00e9im, l\u00e9im sa dorchadas,\nle t\u00f3gaint nuair nach raibh solas ar f\u00e1il, \u00e1 dtiom\u00e1int ag moth\u00fach\u00e1n caoch, n\u00f3\nmar sholas subiacht\u00fail, a bh\u00ed in ann b\u2019fh\u00e9idir ola a chur ar an gcro\u00ed agus\ns\u00f3l\u00e1s pearsanta a thabhairt, ach nach rud \u00e9 a fh\u00e9adfa\u00ed a thairiscint do dhaoine\neile mar sholas obiacht\u00fail a thabharfadh treoir don r\u00f3d seo romhainn. Sin r\u00e1ite\naige, deir an P\u00e1pa go bhfuil g\u00e1 ann ar\u00eds f\u00e9achaint ar an gcreideamh mar sholas,\nmar uair amh\u00e1in go m\u00fachtar lasair an chreidimh, tosa\u00edonn gach solas eile ag dul\ni l\u00e9ig. &nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00ed solas mearbhlach n\u00f3 ola don chr\u00f3i\nteachtaireacht na bhF\u00e1ithe n\u00f3 \u00cdosa. Is soil\u00e9ir sin \u00f3 th\u00e9acs Am\u00f3s agus \u00f3\npharabal Dives (an duine saibhir) agus Lazaras.&nbsp;\nAgus n\u00ed haon t\u00e9acs n\u00f3 parabal ar leith \u00e9 sin. T\u00e1 s\u00e9 ag teacht le\nbriathra Mhac an Duine ag an breithi\u00fanas deireanach L\u00e1 an Luain nuair a bheidh\nd\u00e1n s\u00edora\u00ed an duine aonair ag braith ar faoi mar ar chaith s\u00e9 lena\nchomh-mhuintir l\u00e1 a ng\u00e1tair, iad le hocras, tart, nocht, mar strains\u00e9ir, tinn,\ni bprios\u00fan. L\u00e1r-phointe mhor\u00e1ltacht creidimh i nDia agus i gCr\u00edost n\u00e1 an d\u00e1\naithne gr\u00e1 D\u00e9 agus gr\u00e1 an chomharsa, agus, mar a mheabhraigh \u00cdosa&nbsp; sa pharabal \u201cAn Sam\u00e1ireach F\u00f3nta\u201d don t\u00e9 a\nchuir ceist air faoin \u00e1bhar, d\u2019fh\u00e9adfadh aithne ghr\u00e1 an chomharsa cur ar dhuine\ngn\u00edomh nach \u00e9asca a dh\u00e9anamh le bheith d\u00edlis don aithne sin.<\/p>\n\n\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is iad an d\u00e1 aithne sin a thug ar an\nEaglais tr\u00edd an stair s\u00edos &#8212; an eaglais mar institi\u00faid, idir chl\u00e9ir agus oird\nrialta, eagrais tuata agus creidmhigh aonair &#8212;&nbsp;\nf\u00f3namh ar \u00e1r gcomh-mhuintir, sul a raibh eagrais st\u00e1it ann le sin a\ndh\u00e9anamh, agus a leanfaidh s\u00ed ar aghaidh leis faoi mar is g\u00e1. N\u00ed cosc ach\ncabhair solas an chreidimh le aghaidh a thabhairt ar shaol \u00e1r linne f\u00e9in, n\u00f3 r\u00e9\nar bith le teacht.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-900","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/900","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=900"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/900\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":901,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/900\/revisions\/901"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=900"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=900"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=900"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}