{"id":91,"date":"2013-05-17T10:34:02","date_gmt":"2013-05-17T10:34:02","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=91"},"modified":"2013-05-17T10:34:02","modified_gmt":"2013-05-17T10:34:02","slug":"bealtaine-19-2013-c-domhnach-cincise","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=91","title":{"rendered":"Bealtaine 19 2013 (C) Domhnach Cinc\u00edse"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: center;\"><b><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Bealtaine 19 2013 (C) Domhnach Cinc\u00edse<\/span><\/b><span style=\"font-size: 11pt;\"> <br \/><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC <br \/><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p><b><i><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">An Spiorad Naomh, F\u00e9ini\u00falacht chine agus chreidimh <br \/><\/span><\/i><\/b><\/p>\n<p><b><i><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/span><\/i><\/b><i><span style=\"font-size: 11pt;\"> <br \/><\/span><\/i><\/p>\n<p style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm;\"><i><span style=\"font-size: 11pt;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt;\">(Gn\u00edomhartha na nAspal 2:1-11). <i>L\u00edonadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt. <\/i>T\u00e1 cur s\u00edos sa l\u00e9acht seo ar eachtra\u00ed a th\u00e1rla sa l\u00e1 a dtugaimid Domhnach Cinc\u00edse air. Whitsunday a thugtar air as B\u00e9arla, sin le r\u00e1 White Sunday toisc na h\u00e9ada\u00ed a bh\u00edodh \u00e1 n-iompar acu si\u00fad a bh\u00ed tar \u00e9is a mbaisteadh an l\u00e1 sin. Is sa Ghr\u00e9igis a scr\u00edobhadh Gn\u00edomhthartha na nAspal agus is <i>pentecostes<\/i>. \u201can caogad\u00fa\u201d a tugadh ar an l\u00e1 ansin, is \u00e9 sin le r\u00e1 an caogad\u00fa l\u00e1 tar \u00e9is na C\u00e1sca. An Laidin a bheadh ar an bhfocal \u201ccaogad\u00fa\u201d n\u00e1 <i>Quinquagesima<\/i>, agus bh\u00ed sin mar theideal ar an bhf\u00e9ile in amanta in Eaglais an Iarthair. As an bhfocal Laidine sin a th\u00e1inig ainm na f\u00e9ile seo isteach sa Ghaeilge \u2013 sa Sean-Ghaeilge \u201ccingciges\u201d, a athraigh tr\u00ed sh\u00e9imhi\u00fa agus chailli\u00faint an \u201cg\u201d deiridh go dt\u00ed Cinc\u00eds na Nua-Ghaeilge. Ceann \u00e9 de thr\u00ed fh\u00e9ile na nGi\u00fadach an Pentecostes, an Chinc\u00eds, a bh\u00ed le ceili\u00faradh le soll\u00fantas faoi leith. An ch\u00e9ad cheann d\u00edobh n\u00e1 an Ch\u00e1sc. F\u00e9ile na Cinc\u00edse ag na Gi\u00fadaigh i dt\u00fas b\u00e1ire is d\u00f3cha gur f\u00e9ile an fhomhair a bh\u00ed ann, agus an t-arbhar aib\u00ed. In aimsir Chr\u00edost is cos\u00fail go raibh bronntanas an Dl\u00ed \u00f3 Dhia do Mhaois \u00e1 cheili\u00faradh ann.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm;\"><span style=\"font-size: 11pt;\"><span>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span>Teacht an Spioraid Naoimh ar na hAspail agus ar an eaglais, amhail deascabh\u00e1il Chriost go deasl\u00e1mh an Athar (a cheili\u00faramar an Domhnach seo caith) is f\u00edrinne, r\u00fandiamhair, \u00e9 ar f\u00e9idir a l\u00e9iri\u00fa mar sin, mar r\u00fandiamhair, n\u00f3 a r\u00edomhadh mar eachtra le h-aireacht\u00e1il le c\u00e9adfa\u00ed na colainne. De r\u00e9ir shoisc\u00e9al Naomh Eoin (Eoin 20:22) bhronn \u00cdosa an Spiorad Naomh ar na hAspail (aon aspail d\u00e9ag) Domhnach C\u00e1sca f\u00e9in, sa seomra uachtarach agus na doirse faoi ghlas. Sa l\u00e9acht seo inniu t\u00e1 L\u00fac\u00e1s ag cur s\u00edos ar thosach na hEaglaise agus an mhisin Chr\u00edosta\u00ed do na Gi\u00fadaigh agus don domhan m\u00f3r.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm;\"><span style=\"font-size: 11pt;\"><span>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span>Sa l\u00e9acht \u00e1irithe seo inniu t\u00e1 dh\u00e1 radharc. Sa ch\u00e9ad cheann deirtear go raibh \u201csiad go l\u00e9ir le ch\u00e9ile ar aon l\u00e1thair\u201d. Is d\u00f3cha gurb iad na hAspail, na mn\u00e1 \u00e1irithe, maraon le Muire m\u00e1thair \u00cdosa agus br\u00e1ithre \u00cdosa, at\u00e1 i gceist agus iad f\u00f3s sa seomra uachtarach, faoi ghlas, ar eagla na nG\u00ed\u00fadach, agus iad ag gu\u00ed gan staonadh le teacht an Spioraid a gheall \u00cdosa d\u00f3ibh roimh imeacht uathu d\u00f3. Athraigh c\u00farsa\u00ed go tobann le teacht an Spioraid orthu. Baineann L\u00fac\u00e1s feidhm as \u00edomh\u00e1nna traidisi\u00fanta le seo a l\u00e9iri\u00fa: s\u00e9ide\u00e1n gaoithe m\u00f3ire agus tine. Siombal an labhairt i dteangacha difri\u00fala, b\u2019fh\u00e9idir, ar an chumhacht nua chun an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt. Tabharfaidh an Spiorad deimhni\u00fa inmhe\u00e1nach d\u00f3ibh faoi Chr\u00edost agus an dualgas a leag s\u00e9 orthu.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm;\"><span style=\"font-size: 11pt;\"><span>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span>T\u00f3gann an dara radharc taobh amuigh den seomra uachtarach sinn. C\u00e9ad seanm\u00f3ireacht an tsoisc\u00e9il at\u00e1 ann agus bun\u00fa na hEaglaise. Don fh\u00e9ile sin bheadh Gi\u00fadaigh chr\u00e1ifeacha \u00f3 gach cearn den impireacht R\u00f3mh\u00e1nach in Iar\u00fasail\u00e9im. Tugann L\u00fac\u00e1s liosta d\u00edobh ar threo tuathail, \u00f3n oirthear siar: Pairtigh agus eile (\u00f3n Iar\u00e1in agus Iar\u00e1ic an lae inniu), an tuaisceart (T\u00fairc an lae inniu), an tIarthar, an \u00c9igipt agus c\u00f3sta thuaisceart na hAifrice, chomh maith leis an R\u00f3imh. B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil L\u00fac\u00e1s ag f\u00e9achaint ar an Chinc\u00eds sin mar fhreascur ar Th\u00far Bhaib\u00e9il. Ar aon chuma, le teacht sin an Spioraid t\u00e1 t\u00fas curtha le misean na hEaglaise don domhan m\u00f3r. <br \/><\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm;\"><span style=\"font-size: 10pt;\">Salm le Freagra (Salm 103[104]. Cuir amach do Spiorad, a Thiarna, agus d\u00e9an aghaidh na tal\u00fan a athnuachan.<\/span><i><span style=\"font-size: 10pt;\"> <br \/><\/span><\/i><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 10pt;\"> Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"font-size: 10pt;\">(R\u00f3mh\u00e1naigh 8:8-11). <i>An mhuintir a mb\u00edonn Spiorad D\u00e9 \u00e1 dtreor\u00fa is clann ag Dia iad. <\/i>Sa litir seo chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh cuireann P\u00f3l s\u00edos go minic \u201ccolainn\u201d i gcodarsnacht le \u201cspiorad\u201d. Leis an bhfocal \u201ccolainn\u201d (agus an aid\u00edocht \u201ccolla\u00ed\u201d) n\u00ed h\u00ed an cholainn mar bhall den n\u00e1d\u00far daonna at\u00e1 i gceist aige ach an n\u00e1d\u00far daonna go hioml\u00e1n sa mh\u00e9id is at\u00e1 s\u00e9 lag, leithleasach, tugtha d\u00e1 leas fein amh\u00e1in, an cholainn tugtha do ainmhianta peac\u00fala. T\u00e1 mion-chur s\u00edos ag P\u00f3l ar seo sa chaibideal roimhe seo (caibideal 7). Nuair is \u00e1il leis an n\u00e1d\u00far lag seo an mhaith a dh\u00e9anamh is \u00e9 an t-olc a bh\u00edonn ina ghaobhar (R\u00f3mh 7:21). Creideamh agus r\u00fandiamhair Chr\u00edost n\u00ed hamh\u00e1in go dtugann siad f\u00eds nua ar an \u201ccholainn\u201d, an saol abhus agus sa ts\u00edorra\u00edocht ach f\u00f3s tr\u00ed chumhacht, tr\u00ed ghr\u00e1sta, an Spioraid Naoimh tugann siad an neart maireacht\u00e1il d\u00e1 r\u00e9ir. An n\u00e1d\u00far lag seo tugann P\u00f3l \u201ccorp\u201d, \u201ccorp b\u00e1smhar\u201d, \u201ccolainn\u201d air, an n\u00e1d\u00far seo gona ainmhianta, t\u00e1 s\u00e9 contr\u00e1rthach don bheatha Chr\u00edosta\u00ed, neamhinni\u00falach lei. An bheatha nua inmhe\u00e1nach de r\u00e9ir ghairm D\u00e9, bronntanas \u00f3n Spiorad Naomh \u00ed; aonta\u00edonn s\u00ed le Dia sinn tr\u00ed bheatha nua. Cumhacht sin D\u00e9 a bh\u00ed ag feidhmi\u00fa in ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus ina a dheascabh\u00e1il, ar a raibh caint an Domhnach seo caite, t\u00e1 s\u00ed ag feidhmi\u00fa leis sna creidmhigh ag tabhairt beatha nua abhus agus sa ts\u00edorra\u00edocht. Is \u00e9 an Spiorad a thugann an fh\u00edor-bheatha inmhe\u00e1nach. Mar a mheabhra\u00edonn P\u00f3l d\u00fainn: \u201cAn mhuintir a mb\u00edonn Spiorad D\u00e9 \u00e1 dtreor\u00fa is clann ag Dia iad\u201d. M\u00faineann an Spiorad \u00e1r n-uaisleacht Chr\u00edosta\u00ed d\u00fainn. Tugann s\u00e9 le fios d\u00fainn gur mac n\u00f3 in\u00edon le Dia gach duine againn, faoi mar is Mac D\u00e9 \u00cdosa f\u00e9in, ag glaoch ar a Athair mar a rinne s\u00e9 i Geits\u00e9amana\u00ed (Marcas 4:16; Galataigh 4:6), \u201cAbba, A Athair\u201d, leis an bhfocal Airimise <i>Abba,<\/i> \u201cAthair\u201d. T\u00e1 an ghl\u00f3ir i nd\u00e1n d\u00fainn in bhfochair Chr\u00edost; is oidhr\u00ed D\u00e9 sinn ina theannta, ach n\u00ed gan dua: n\u00ed m\u00f3r d\u00fainn bheith p\u00e1irteach ina ph\u00e1is, le bheith p\u00e1irteach ina ghl\u00f3ir.<\/span><i><span style=\"font-size: 10pt;\"> <br \/><\/span><\/i><\/p>\n<p><i><span style=\"font-size: 10pt;\">Soisc\u00e9al <\/span><\/i><span style=\"font-size: 10pt;\">(Eoin 15:26-27). <i>Spiorad na f\u00edrinne a ghluaiseann \u00f3n Athair d\u00e9anfaidh s\u00e9 fianaise orm.<\/i> An l\u00e9acht seo is sliocht \u00ed \u00f3 na comhr\u00e1ite deiridh a bh\u00ed ag \u00cdosa lena dheisceabail sul ar fh\u00e1g s\u00e9 sl\u00e1n acu. Bh\u00ed \u00cdosa le himeacht ach bh\u00ed a mhisean, a shaothar leo, le fan\u00faint. Bheadh lean\u00fanachas ann. Rud l\u00e1rnach i mbeatha agus i mbriathra \u00cdosa n\u00e1 an fh\u00edrinne. Ag teacht isteach sa saol seo d\u2019\u00cdosa, th\u00e1inig an gr\u00e1sta agus an fh\u00edrinne tr\u00edd (Eoin 1:17). Th\u00e1inig s\u00e9 chun fianaise a thabhairt don fh\u00edrinne (Eoin 5:33). Ina phearsa f\u00e9in ba \u00e9 \u201can tsl\u00ed, an fh\u00edrinne, agus an bheatha\u201d \u00e9, n\u00ed f\u00edrinne theib\u00ed, ach f\u00edrinne gurb \u00e9 \u00cdosa f\u00e9in agus a Athair \u00ed. I l\u00e1thair Phiol\u00e1it d\u00f3 d\u00fairt \u00cdosa gur rugadh \u00e9 le fianaise a thabhairt don fh\u00edrinne, focal n\u00e1r thuig Piol\u00e1it a d\u00fairt leis: \u201cCad is f\u00edrinne ann?\u201d (Eoin 18:37-38). Ionann an fh\u00edrinne d\u2019\u00cdosa agus a shoisc\u00e9al faoi r\u00edocht D\u00e9, agus faoi ghr\u00e1sta D\u00e9 le beatha r\u00e9adach a dh\u00e9anamh den fh\u00edrinne sin. Nuair a rinnedh feoil den Bhriathar san Ioncoll\u00fa bh\u00ed \u00cdosa l\u00e1n de ghr\u00e1sta agus d\u2019fh\u00edrinne (Eoin 1:14). Tar \u00e9is imeacht d\u2019\u00cdosa bheadh lean\u00fanachas ann san Eaglais tr\u00edd an Spiorad Naomh, ar a dtugann \u00cdosa sa t\u00e9acs seo an Paracl\u00e9it, focal Gr\u00e9igise a bhfuil \u00e9ags\u00falacht br\u00edonna ag gabh\u00e1il leis, mar a l\u00e9ir\u00edodh sa n\u00f3ta ar Shoisc\u00e9al an S\u00e9\u00fa Domhnaigh den Ch\u00e1isc. Br\u00ed amh\u00e1in diobh san n\u00e1 \u201cAbhc\u00f3ide\u201d a oireann go.bre\u00e1 don chomhth\u00e9acs seo. Cosna\u00edonn abhc\u00f3id agus cuireann s\u00e9 c\u00e1s an t\u00e9 a sheol \u00e9 os comhair an phobail..Beidh an Spiorad Naomh, an tAbhc\u00f3id, ina fhinn\u00e9 d\u2019\u00cdosa i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an, agus faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh beidh na hAspail agus na creidmhigh ina bhfinn\u00e9ithe chomh maith. N\u00ed m\u00f3r d\u2019abhc\u00f3id agus do fhinn\u00e9 an c\u00e1s at\u00e1 le pl\u00e9 a thuiscint. Ba mh\u00f3r idir \u201c\u00cdosa na staire\u201d, an t\u00e9 a chonnaic na hAspail lena s\u00fala cinn ag teagasc, ag d\u00e9anamh mior\u00failti agus a fuair b\u00e1s faoi eason\u00f3ir ar an gcrois, agus \u00cdosa ais\u00e9irithe agus ar dheis an Athar. N\u00ed fh\u00e9adfadh na hAspail na r\u00fandiamhra sin, agus cinn eile f\u00f3s, a thuiscint ag an suip\u00e9ar deiridh, ach m\u00fainfeadh an Spiorad Naomh an uile fhirinne faoi \u00cdosa agus faoina ghl\u00f3ir d\u00f3ibh. Leagann \u00cdosa b\u00e9im ar an aontas idir \u00e9 f\u00e9in, an Spiorad, agus an Athair. An m\u00e9id adeirtear anseo faoi ghealltanas an Spioraid do na hAspail is f\u00edor \u00e9 faoin Eaglais, Corp Chr\u00edost, tr\u00edd an stair agus len\u00e1r linn f\u00e9in. Faoi ghr\u00e1sta an Spioraid Naoimh tagann an Eaglais ar thuiscint n\u00edos doimhne ar Iosa, ar a ghr\u00e1 don chine daonna, agus ar mhisean na hEaglaise do shaol \u00e1r linne.<\/span><\/p>\n<p><b><span style=\"font-size: 10pt; color: blue;\">B. An B\u00edobla: <i>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/i><\/span><\/b><\/p>\n<p><b><i><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">An Spiorad Naomh, F\u00e9ini\u00falacht chine agus chreidimh<\/span><\/i><\/b><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">Crutha\u00edonn an Spiorad Naomh muintearas idir na creidmhigh in \u00cdosa, \u00cdosa f\u00e9in agus an Athair s\u00edos tr\u00edd an stair. Tugann s\u00e9 le tuiscint d\u00f3ibh gur clann don Athair iad. Foils\u00edonn s\u00e9 d\u00f3ibh gl\u00f3ir \u00cdosa, f\u00eds den bheatha is dual don duine daonna, agus spreagann s\u00e9 an Eaglais bheith deimhin de sin, bheith bunaithe sa chreideamh, bheith deimhin den bhf\u00e9ini\u00falacht Chr\u00edosta\u00ed.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\"><span>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span>T\u00e1 f\u00e9ini\u00falacht chine ann leis agus ar uairibh ionann \u00ed agus f\u00e9ini\u00falacht chreidimh, nuair a bh\u00edonn an creideamh c\u00e9anna ag an cine go l\u00e9ir agus an cine faoi bhr\u00fa \u00f3n taobh amuigh. I gc\u00e1s mar sin t\u00f3gtar an creideamh mar chuid den chine agus n\u00ed bhionn aon teannas idir Eaglais agus an st\u00e1t. Is mar sin a bh\u00ed in \u00c9irinn roimh neamhsple\u00e1chas d\u00ed agus i mblianta tosaigh an st\u00e1it nua. Is mar sin at\u00e1 f\u00f3s sa Ghr\u00e9ig. Baol m\u00f3r at\u00e1 ag gabh\u00e1il leis seo n\u00e1 go leigtear i ndearmad gur r\u00fandiamhair go bun\u00fasach \u00ed an Eaglais agus nach eagras cine, agus nach bhfuil daoine r\u00e9idh teacht i ngleic le athraithe i meon daoine n\u00f3 sa t-socha\u00ed.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\"><span>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span>In \u00c9irinn anois t\u00e1 an r\u00e9 sin thart agus n\u00ed m\u00f3r do phobal na hEaglaise abhus f\u00e9ini\u00falacht chreidimh a choth\u00fa, eolas n\u00edos fearr a chur ar a n-oidhreacht chreidimh agus meas a bheith acu uirthi, faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh, an tAbhc\u00f3id, Spiorad na f\u00edrinne a thabharfaidh gl\u00f3ir do Chr\u00edost tr\u00ed chreideamh beo na hEaglaise.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Bealtaine 19 2013 (C) Domhnach Cinc\u00edse Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-91","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/91","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=91"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/91\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=91"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=91"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=91"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}