{"id":913,"date":"2019-10-10T11:54:29","date_gmt":"2019-10-10T11:54:29","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=913"},"modified":"2019-10-10T11:54:29","modified_gmt":"2019-10-10T11:54:29","slug":"13-deireadh-fomhair-2019-c-ochtu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=913","title":{"rendered":"13 Deireadh Fomhair 2019 (C) Ocht\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an\nmB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara,\nMSC<\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar\nthreoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. <strong><em>An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh\nle ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>N\u00ed f\u00e9idir\nlaincis a chur ar bhriathar D\u00e9. Fanann s\u00e9 go deo. Bheith bu\u00edoch i gc\u00f3nai<strong>.<\/strong><\/em><\/p>\n\n\n\n<p>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar\nthreoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/p>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (1\nR\u00edthe 5:14-17). <em>D\u2019fhill N\u00e1man ar Elisea\nagus rinne a chreideamh i nDia a fh\u00f3gairt. <\/em>Roghna\u00edodh an tseoid de l\u00e9acht seo le dul le Soisc\u00e9al an lae inniu.\nTuigtear n\u00edos fearr i m\u00e1 dh\u00e9antar \u00e9 a shu\u00edomh ina comhth\u00e9acs n\u00edos leithne sa\nBh\u00edobla (2 R\u00edthe 5:1-19). Duine uasal a bh\u00ed i N\u00e1man, ceannfort arm r\u00ed Aram\n(an tSiria), a raibh ardmheas ag a mh\u00e1istir air. Ach bh\u00ed s\u00e9 ina lobhar. I\ngceann dena ruathair a rinne Aram\n(an tSiria) ar Iosrael th\u00f3gadar ina prios\u00fanach cail\u00edn beag agus bh\u00ed s\u00ed ag\nfreastal ar bhean ch\u00e9ile N\u00e1man. Ach n\u00edor thr\u00e9ig s\u00ed a creideamh i nDia Iosrael.\nD\u00fairt s\u00ed len m\u00e1istre\u00e1s go bhf\u00e9adfadh an f\u00e1idh Eilisea N\u00e1man a leigheas \u00f3na\nlobhra. Chuaigh N\u00e1man chuig an r\u00ed, &nbsp;a\nchuir toscaireacht chuig r\u00ed Iosrael le litir fhoirmi\u00fail, agus lear m\u00f3r airgid,\nle N\u00e1man a leigheas d\u00e1 lobhra. Scanraigh an r\u00ed \u00e1 mheas gur cleas a bh\u00ed ann le\nruathar \u00f3n tSiria a thabhairt ar Iosrael. D\u00e9anann Eilisea idirghabh\u00e1il \u00e1 r\u00e1 go\ndtiocfadh N\u00e1man chuige f\u00e9in, rud a dh\u00e9anann N\u00e1man agus th\u00e1inig go Eilisea lena\nchapaill agus a charbad. D\u00fairt Eilisea leis \u00e9 f\u00e9in a n\u00ed seacht n-uaire sa\nIord\u00e1in, rud a chuireann olc ar N\u00e1man, agus a iompa\u00edonn le filleadh agus \u00e9 ar\nbuille. Ach cuireann a shearbh\u00f3nta\u00ed ina lu\u00ed air rud a dh\u00e9anamh ar Eilisea, rud\na dh\u00e9anann s\u00e9 agus leigheastar \u00e9. Tugann seo chun creidimh \u00e9 i nDia Iosrael mar\nan t-Aon Dia amh\u00e1in. N\u00ed thabharfadh s\u00e9 adhradh feasta do Hadad Rimmon, dia Aram (Siria).\nAch an uair \u00fad bh\u00ed adhradh d\u00e9 ar bith ceangailte le ithir, le cr\u00e9 t\u00edre faoi\nleith. In ithir na Siria n\u00ed fh\u00e9adfai ach Hadad a adhradh, faoi mar a adhradh\nDia Iosrael in ithir Iosrael. Dhi\u00faltaigh Eilisea glacadh le aon luach saothair\nas an mhior\u00failt, agus iarann N\u00e1man air ualach dh\u00e1 mhi\u00fail de chr\u00e9, &nbsp;ithir, as Iosrael a bheith aige ionas go\nbhf\u00e9adfhadh s\u00e9 Dia Iosrael a adhradh ar chr\u00e9 sin Iosrael in a th\u00edr dh\u00fachais\nSiria.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm\n97[98]).<em> D\u2019fhoilsigh an Tiarna a shl\u00e1n\u00fa\ndo na n\u00e1isi\u00fain<\/em>.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (2 Tiom\u00f3id\n2:8-13). <em>M\u00e1 sheasaimid an f\u00f3d, rial\u00f3imid\nle Cr\u00edost<\/em>. Sa sliocht seo, mar a dh\u00e9anann s\u00e9 in \u00e1iteanna eile, tugann P\u00f3l\nchun cuimhne do Tiom\u00f3id ceannteidil \u00e1irithe den chreideamh Cr\u00edosta\u00ed a mheasann\ns\u00e9 bheith t\u00e1bhachtach d\u00f3, agus b\u2019fh\u00e9idir go rabhadh iad do Thiom\u00f3id bheith san\nairdeall faoi dhaoine aonair n\u00f3 ghr\u00fapa\u00ed a bheadh ag s\u00e9anadh na bhf\u00edrinn\u00ed sin n\u00f3\nag caitheamh amhrais orthu. I dtosach b\u00e1ire tagann ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus a\nfh\u00edordhaonnacht: rugadh \u00e9 de shliocht Dh\u00e1iv\u00ed. C\u00fais gh\u00e9arlean\u00fana do Ph\u00f3l f\u00f3gairt\nan Dea-Sc\u00e9il. T\u00e1 s\u00e9 i ng\u00e9ibheann ar n\u00f3s an choirpigh. Ach n\u00edl aon gh\u00e9ibheann ar\nbhriathar D\u00e9. Prionsabal bun\u00fasach \u00e9 sin do Ph\u00f3l, agus c\u00fais d\u00f3chais d\u00f3, agus do\nThiom\u00f3id chomh maith. Rinne P\u00f3l tagairt d\u00e1 leitheid de phrionsabal ag scr\u00edobh\nchuig na Filipigh d\u00f3 (Filipigh 1:12-14). B\u2019fh\u00e9idir go raibh P\u00f3l ag smaoineamh\nar a scr\u00edobadh in \u00cdsea\u00eda 55:11 ar \u00e9ifeacht Bhriathar D\u00e9, ina deireann Dia: \u201cAn\nbriathar a th\u00e9ann as mo bh\u00e9al, n\u00ed fhilleann s\u00e9 orm gan toradh, gan an rud a\nb\u2019\u00e1il liom a dh\u00e9anamh agus mo bheart a chur i gcr\u00edch\u201d. De bharr a chreidimh sin\nin \u00e9ifeacht bhriathar D\u00e9, cuireann P\u00f3l suas le gach s\u00f3rt triobl\u00f3ide a bhaineann\nlena mhisean, gur aidhm d\u00f3 an sl\u00e1n\u00fa in \u00cdosa Cr\u00edost agus an ghl\u00f3ir a bhaineann\nleis a chur ar f\u00e1il. Faoin dteideal a luadh cheana (1 Tiom\u00f3id 1:15, san l\u00e9acht\ndon cheathr\u00fa Domhnach fichead) \u201cIs f\u00edor an r\u00e1iteas \u00e9\u201d, ag deireadh an tsleachta\ntagann c\u00faig l\u00edne meadracha, go m\u2019fh\u00e9idir gur cuid iad de luath-iomann Cr\u00edostai.\nCuireann siad s\u00edos ar bhuanseasmhacht D\u00e9 agus sinne i bp\u00e1irt le Cr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (L\u00fac\u00e1s\n17:11-19). <em>N\u00ed raibh aon duine le f\u00e1il a\nthiocfadh ar ais ag tabhairt gl\u00f3ire do Dhia ach an coimhth\u00edoch seo amh\u00e1in<\/em>.\nTuigfear a bhfuil le r\u00e1 sa l\u00e9acht seo n\u00edos fearr m\u00e1 thugtar faoi deara tr\u00ed\nphointe ann, is \u00e9 sin le r\u00e1 a \u00e1it taobh istigh den phlean at\u00e1 i shoisc\u00e9al\nLuc\u00e1s, go luaitear lobhair ann, agus an tagairt ann don teorann idir an tSam\u00e1ir\nagus an Ghail\u00edl. T\u00e1 an l\u00e9acht suite sa chuid sin den soisc\u00e9al i L\u00facas\n9:51-18:14 ar a dtugtar \u201cTuras \u00cdosa go hIar\u00fasail\u00e9im\u201d: \u201cNuair a bh\u00ed an t-am ag\nteacht go dt\u00f3gfa\u00ed as an saol \u00e9, bhuail s\u00e9 (\u00cdosa) roimhe go d\u00e1na ag d\u00e9anamh ar\nIar\u00fasail\u00e9im\u201d (9:51), ar Iar\u00fasail\u00e9im \u00e1it ina dheanfar \u00e9 a chur chun b\u00e1is agus a\ngl\u00f3iri\u00fa, agus an \u00e1it a dtiocfadh an Spiorad Naomh ar a lucht lean\u00fana chun t\u00fas a\nchur le f\u00f3gairt an tSoisc\u00e9il go cr\u00edocha uile an domhain. Mar aon leis seo sa\nl\u00e9acht t\u00e1 an caidreamh idir Ghi\u00fadaigh agus Sam\u00e1irigh. Bh\u00ed na Sam\u00e1irigh ag cur\nf\u00fathu i gcr\u00edch idir an Ghail\u00edl agus an &nbsp;I\u00fad\u00e1ia. N\u00edor ghlac na Gi\u00fadaigh leo mar fh\u00edor-Ghi\u00fadaigh\nagus bh\u00ed naimhdeas domhain eatorthu. Mhothaigh \u00cdosa agus a dheisceabail \u00e9 sin\nag t\u00fas an turais seo ar a sl\u00ed go hIar\u00fasail\u00e9im (L\u00fac\u00e1s 9:51-56; sliocht san\nAifreann don 13\u00fa Domhnach). Thug \u00cdosa a aghaidh i gcoinne aon r\u00e9amhchlaonadh\ncin\u00edoch ina pharabal ar an Sam\u00e1ireach F\u00f3nta (L\u00fac\u00e1s 10:22-37; a l\u00e9adh san\nAifreann don 15\u00fa Domhnach). Ba eisean, &nbsp;an Sam\u00e1ireach, seachas an sagart Gi\u00fadach n\u00f3 an\nLeiv\u00edteach Giudach, a thuig br\u00ed na haithne gr\u00e1 a thabhairt don chomharsa. Ansin\nsa l\u00e9acht tagann an cheist faoi na lobhair agus an lobhra. N\u00ed h\u00e9 an galar is\neol d\u00fainn inniu an lobhra a bhfuil cur s\u00edos uirthi sa Seantiomna n\u00f3 sa Tiomna\nNua. Galar craicinn t\u00f3g\u00e1lach de sh\u00f3rt \u00e9igin, n\u00f3 de shaghasanna \u00e9igin, a bh\u00ed ann.\nCuireadh cosc ar an t\u00e9 a bhi \u00e1 fhulaingt bheith pairteach i sheirbhisi\nliot\u00fairgeacha. n\u00f3 sa saol sibhialta, go dt\u00ed go bhf\u00f3gr\u00f3fa\u00ed leigheasta (\u201cglan\u201d) \u00e9\nag sagart sa Teampall. An m\u00e9id sin r\u00e1ite, is feidir linn filleadh ar l\u00e9acht an\nlae inniu. Suitear an eachtra \u201cfeadh na teorann idir an tSam\u00e1ir agud an Ghail\u00edl\u201d.\nN\u00edl sp\u00e9is ag L\u00fac\u00e1s sa t\u00edreola\u00edocht agus n\u00ed deir s\u00e9 linn ar c\u00e9n taobh den\nteorann a tharla an eachtra. N\u00ed dh\u00e9anann galar na lothra aon rogha idir chin\u00edocha,\nGi\u00fadach n\u00f3 Sam\u00e1ireach. Toisc gur lobhair iad n\u00ed thagann siad congarach do \u00cdosa.\nDeireann \u00cdosa leo iad f\u00e9in a thaispe\u00e1int do na sagairt, a bhfuil geall\u00faint\nleighis intuigthe ann. Tharla an leigheas ar an mbealach d\u00f3ibh. An t-aon duine\nd\u00edobh a chas le bu\u00edochas a ghabh\u00e1il le h\u00cdosa n\u00e1 Sam\u00e1ireach. Ionann bu\u00edochas a\nghabh\u00e1il le h\u00cdosa agus gl\u00f3ir a thabhairt do Dhia faoina rinne s\u00e9 tr\u00ed \u00cdosa. An\nathuair t\u00e9ann \u00cdosa an Gi\u00fadach thar c\u00farsa cin\u00edochais leis an Sam\u00e1ireach agus an\ncreidreamh a bh\u00ed aige a mholadh. Tar \u00e9is an ais\u00e9iri agus le teacht an Spioraid\nNaoimh n\u00ed ann a thuilleadh an teorann idir an tSam\u00e1ire agu an Ghail\u00edl, n\u00f3 idir\nGi\u00fadach agus Gr\u00e9igeach, pag\u00e1nach. Beidh na deisceabail anois ina bhfinn\u00e9ithe ar\n\u00cdosa in Iar\u00fasail\u00e9im agus ar f\u00fad I\u00fad\u00e1ia go l\u00e9ir agus na Sam\u00e1ire agus a fhad le\nhimeall an domhain (Gn\u00edomhartha 1:8). Rud eile sa l\u00e9ir\u00edonn an l\u00e9acht seo n\u00e1\nchomh t\u00e1bhachtach is at\u00e1 s\u00e9 bu\u00edochas ghabh\u00e1il le Dia agus lena ch\u00e9ile. Mar a\ndeirimid le Dia i Preaf\u00e1id Choiteann IV den Aifreann: \u201c\u00d3ir n\u00edl t\u00fa ag brath ar\n\u00e1r moladh ach mar sin f\u00e9in is t\u00edolachadh de do chuid \u00e9 a ch\u00faitimid leat le\nbu\u00edochas. Mar n\u00ed m\u00e9ad\u00fa ort \u00e1r mbearta molta, ach t\u00e9ann siad i dtairbhe\nsl\u00e1naithe d\u00fainn f\u00e9in, tr\u00ed Chriost \u00c1r dTiarna\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le\nceisteanna an lae: N\u00ed f\u00e9idir laincis a chur ar bhriathar D\u00e9. Fanann s\u00e9 go deo.\nBheith bu\u00edoch i gc\u00f3nai.<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>Ina litir chuig na R\u00f3mh\u00e1nagh\n(15:4) deir P\u00f3l: \u201cGach ar scr\u00edobhadh fad\u00f3 is d\u00e1r dteagascna a scr\u00edobhadh \u00e9 chun\ngo mbeadh an fhoighne agus an s\u00f3l\u00e1s at\u00e1 ar f\u00e1il sa scriopt\u00far ina n-\u00e1bhar\nd\u00f3chais d\u00fainn\u201d. Tugann na briathra sin cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh go\nrialta ar l\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh, le misneach agus s\u00f3l\u00e1s a bhaint astu. N\u00ed g\u00e1\nd\u00fainn dul go r\u00f3-dhomhain isteach iontu anseo, mar t\u00e1 cuid den mhachnamh d\u00e9anta\ncheana f\u00e9in ag cur s\u00edos ar na l\u00e9achta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><em>Maireann\n     Briathar D\u00e9 go deo.<\/em>T\u00e1 sampla de seo\n     againn sa ch\u00e9ad l\u00e9acht. Bh\u00ed an f\u00e1idh Eilisea gn\u00edomhach thart ar an mbliain\n     850 roimh Chr\u00edost. Tugaann an l\u00e9acht sampla d\u00fainn ar fh\u00e1idh \u00f3 Iosrael ag\n     taispe\u00e1int cine\u00e1ltais agus ag tabhairt leighis do choimhth\u00edoch, do cheannaire\n     arm tire a bh\u00ed naimhdeach d\u00e1 th\u00edr. Comhartha a bh\u00ed ann don Dea-Sc\u00e9al a bh\u00ed\n     le fogairt do na pag\u00e1naigh na c\u00e9adta bliain n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Tugann \u00cdosa sin\n     le fios d\u00e1 mhuintir f\u00e9in sa Nasair, nuair a luiagh s\u00e9 sampla Eilisea mar\n     chomhartha go raibh an Dea-Sc\u00e9al le f\u00f3gairt thar an chine tofa\n     amach (L\u00fac\u00e1s 5:27). N\u00ed f\u00e9idir laincis, g\u00e9ibheann, a chur ar bhriathar D\u00e9,\n     mar a mheabhraidh P\u00f3l do Thiom\u00f3id. T\u00e1 cumhacht d\u00e1 chuid f\u00e9in i mBriathar\n     D\u00e9. Ba ch\u00f3ir go dtabharfadh an smaoineamh seo r\u00fandaingne sa chreideamh\n     agus uchtach d\u00fainn inniu. T\u00e1 stair, agus r\u00e9amh-stair, fhada ag caidreamh\n     D\u00e9 leis an cine daonna roimh \u00e1r linn f\u00e9in, agus beidh a thuilleadh f\u00f3s ann.<\/li><li><em>Gabh\u00e1il bu\u00edochais. <\/em>Tugadh aird d\u00f3\n     seo sa cur s\u00edos ar an l\u00e9acht \u00f3n Soisc\u00e9al d\u00fainn.<\/li><\/ol>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-913","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/913","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=913"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/913\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":914,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/913\/revisions\/914"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=913"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=913"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=913"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}