{"id":93,"date":"2013-05-24T08:47:41","date_gmt":"2013-05-24T08:47:41","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=93"},"modified":"2013-05-24T08:47:41","modified_gmt":"2013-05-24T08:47:41","slug":"bealtaine-26-2013-c-soluntas-na-trionoide-ronaofadomhnach-cincise","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=93","title":{"rendered":"Bealtaine 26 2013 (C) Sol\u00fantas na Tr\u00edon\u00f3ide R\u00f3naofa"},"content":{"rendered":"<h1>Bealtaine 26 2013 (C) Sol\u00fantas na Tr\u00edon\u00f3ide R\u00f3naofa<\/h1>\n<p style=\"text-align: center;\"><span style=\"color: #339966;\"><em>FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLA<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\"><span style=\"color: #339966;\"><em>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\"><span style=\"color: #339966;\"><em>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\"><span style=\"color: #339966;\"><em>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\"><span style=\"color: #339966;\"><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/span><br \/><span style=\"color: #339966;\"><em>R\u00fandiamhair na Tr\u00edon\u00f3ide R\u00f3naofa gus R\u00fandiamhair na hEaglaise<\/em><\/span><\/p>\n<h2>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/h2>\n<h3>Ch\u00e9ad L\u00e9acht (Seanfhocail 8:22-31).<\/h3>\n<p>Sular crutha\u00edodh an domhan, rugadh an Eagna. Is \u00f3 Leabhar na Seanfhocal, ceann de leabhair na hEagna, an l\u00e9acht seo, an leabhar is sine de na leabhair \u00e1irithe sin. Cinn eile d\u00edobh sa Biobla n\u00e1 Ecclesiastes (C\u00f3heilit), Ecclesiasticus (Leabhar Sh\u00edorach) agus Leabhar na hEagna. Ba chuid dh\u00edlis den neas-Oirthear (an \u00c9igipt agus an Mheaspat\u00e1im ach go h\u00e1irithe) litr\u00edocht na hEagna. Rud sontasach faoi luath-litr\u00edocht na heagna sa Bh\u00edobla n\u00e1 go mbuna\u00edonn s\u00ed a fianaise agus a cuid t\u00e1tall ar an taith\u00ed dhaonna, ar na c\u00e9adfa\u00ed, seachas ar Chonradh D\u00e9 le hIosrael. B\u2019ionann an luath-eagna\u00edocht agus cumas: cumas scr\u00edbhneoireachta, eala\u00edona, comhleoireachta, plean\u00e1la i gc\u00farsa\u00ed polait\u00edochta agus mar sin de. Rud daonna a bh\u00ed ann, agus ar uairibh b\u2019fh\u00e9idir iarracht de ghliocas ag baint lei. Sa r\u00e9 sin n\u00edor luadh le Dia \u00ed. N\u00edor d\u00faradh go raibh Dia eagna\u00ed. Bhain an eagna, an eagna\u00edocht, chomh maith le cursa\u00ed cogaidh agus conartha\u00ed idir st\u00e1it. Nuair a chuaigh c\u00farsa\u00ed st\u00e1it i l\u00e9ig th\u00e1inig claochl\u00fa ar an dtuiscint faoin eagn\u00e1iocht. N\u00edorb rud daonna amh\u00e1in \u00ed feasta. Bh\u00ed Dia eagna\u00ed, le plean sl\u00e1naithe d\u00e1 phobal agus don domhan. Rinneadh an eagna (ainm baininscneach) a phearsan\u00fa agus sa l\u00e9acht seo t\u00e1 an Bhean Uasal Eagna \u00e1 moladh f\u00e9in.agus ag craobhscao\u00edleadh a h\u00e1it sa crutha\u00edocht do gach aoinne at\u00e1 r\u00e9idh le cluas a thabhairt d\u00ed. Deireann an Bhean Uasal Eagna go raibh s\u00ed le Dia an Cruthaitheor sul a raibh aon saol ann. Cuireann an t\u00e9acs s\u00edos ar chruth\u00fa na cruinne i sl\u00ed fhileata at\u00e1 \u00e9ags\u00fail \u00f3n cheann a bhfuil taith\u00ed againn air \u00f3 Leabhar Genesis. Bh\u00ed \u00e9ags\u00falacht in Iosrael agus sa Neas-Oirthear faoi sin. Bhain an Bhean Uasal Eagna taithneamh as obair D\u00e9 sa cruth\u00fa agus ba gheal lei bheith in agallamh leis an chine daonna faoi. Ceist a chuireann scol\u00e1ir\u00ed an Bhiobla orthu f\u00e9in n\u00e1 cad \u00ed an tuiscint bheacht a bh\u00ed ag \u00fadar an t\u00e9acs seo faoi cad ba chiall bheacht leis an t\u00e9arma \u201cEagna\u201d. Measann cuid acu gur plean inmhe\u00e1nach na cruinne at\u00e1 inti. F\u00f3gra\u00edonn s\u00ed uaithi f\u00e9in gl\u00f3ir agus eagna D\u00e9. Ar aon chuma roghna\u00edotar an sliocht \u00e1irithe seo don Fh\u00e9ile seo inniu mar an m\u00e9id adeirtear anseo faoin Bhean Uasal Eagna cuirtear i leith Chr\u00edost \u00e9 sa Tiomna Nua: is tr\u00edd a crutha\u00edodh an uile n\u00ed.<\/p>\n<h3>Salm le Freagra (Salm 8). A Thiarna, \u00e1r dTiarna, nach \u00e9achtach \u00e9 d\u2019ainm ar fud na cruinne!<\/h3>\n<h3>An Dara L\u00e9acht (R\u00f3mh\u00e1naigh 5:1-5).<\/h3>\n<p>Chuig Dia tr\u00ed Chr\u00edost sa ghr\u00e1 a thug an Spiorad Naomh. Is \u00e9 seo Domhnach na Tr\u00edon\u00f3ide agus roghna\u00edodh an l\u00e9acht \u00e1irithe seo toisc gur luatar ann Dia (an tAthair), \u00cdosa Cr\u00edost (an Mac) agus an Spiorad Naomh. N\u00ed m\u00f3r aird a thabhairt, mar sin f\u00e9in, ar an dteagasc saibhir at\u00e1 sa l\u00e9acht. Tugtar le tuiscint ann go raibh an cine daonna i naimhdeas le Dia de bharr an pheaca. Aithbhuna\u00edodh s\u00edoch\u00e1in agus muintearas tr\u00ed chreideamh in \u00cdosa Cr\u00edost. I litreacha eile d\u00e1 chuid,&nbsp; t\u00e1 P\u00f3l glan i gcoinne maoimh, m\u00f3rtais, m\u00f3r\u00e1la daonna, amhail is d\u00e1 mbeadh bun\u00fas ag aoinne bheith m\u00f3r\u00e1lach as a th\u00edolactha\u00ed n\u00f3 a lua\u00edochta\u00ed f\u00e9in i l\u00e1thair D\u00e9. Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 P\u00f3l fein ag ma\u00edomh, t\u00e1 s\u00e9 m\u00f3r\u00e1lach, agus molann s\u00e9 do na Cr\u00edosta\u00edthe bheith m\u00f3r\u00e1lach, ach as gr\u00e1sta D\u00e9 a tugadh d\u00f3ibh, as an ghl\u00f3ir at\u00e1 in nd\u00e1n d\u00f3ibh, fi\u00fa as na triobl\u00f3idi a thagann as d\u00edlseacht do Chr\u00edost. Asin&nbsp; as tagann foighne, d\u00f3chas agus d\u00edongbh\u00e1ilteach; d\u00f3chas faoin ghl\u00f3ir le teacht, d\u00f3chas nach gcliseann toisc gr\u00e1 D\u00e9 agus bronntanas an Spioraid Naoimh i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an.<\/p>\n<h3>An Soisc\u00e9al (Eoin 16:12-15).<\/h3>\n<p>An uile n\u00ed d\u00e1 bhfuil ag m\u2019Athair, is liomsa \u00e9. Is de&nbsp; mo chuidse a ghlacfaidh an Spiorad agus a inseoidh s\u00e9 daoibh.Roghna\u00edodh an sliocht beag seo as Aitheasc Deiridh Chriost do Fh\u00e9ile seo na Tr\u00edon\u00f3ide Naofa de bhr\u00ed go luann Cr\u00edost (an Mac) ann an tAthair agus an Spiorad Naomh. An teagasc agus an teachtaireacht at\u00e1 ann t\u00e1 siad ar aon dul leis na l\u00e9achta\u00ed \u00f3 Shoisc\u00e9al c\u00e9anna Eoin dona hAifrinn a bh\u00ed againn do Dhomhna\u00ed deiridh na bliana seo do thr\u00e1th na C\u00e1sca agus do Dhomnach Cinc\u00edse. Is feidir a thuilleadh eolais f\u00fathu a fh\u00e1il ansin agus na n\u00f3ta\u00ed a ghabhann.leis na l\u00e9achta\u00ed.<\/p>\n<h3>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/h3>\n<p>R\u00fandiamhair na Tr\u00edon\u00f3ide R\u00f3naofa gus R\u00fandiamhair na hEaglaise<br \/>Ceili\u00faraimid inniu f\u00e9ile na Tr\u00edon\u00f3ide Naofa n\u00f3 mar a thugtar uirthi go hoifigi\u00fail Sol\u00fantas na Tr\u00edon\u00f3ide Naofa. I sl\u00ed is rud teib\u00ed an Tr\u00edon\u00f3id. Ar \u00e9igin go gcloisimid riamh ar dheabh\u00f3id don Tr\u00edon\u00f3id Naofa. Ach d\u00e1ir\u00edre is \u00ed an r\u00fandiamhair is m\u00f3 agus is doimhne de na r\u00fandiamhra Cr\u00edosta\u00ed \u00ed an Tr\u00edon\u00f3id. Th\u00f3g s\u00e9 na c\u00e9adta bliain, le earr\u00e1id\u00ed, eiriceachta\u00ed agus cur s\u00edos i ndroch-fhoirml\u00ed le go dtiocfadh an Eaglais ar na foirml\u00ed faoin r\u00fandiamhair seo at\u00e1 againn inniu. An creideamh sa Tr\u00edon\u00f3id is creideamh \u00e9 in aon Dia amh\u00e1in i dtr\u00ed phearsa. Mar a cuirtear an teagasc sa Caiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed (altanna 253-260) is Aon an Tr\u00edon\u00f3id. N\u00ed admha\u00edmid tr\u00ed d\u00e9ithe ach aon Dia amh\u00e1in i dtr\u00ed phearsa. sa \u201cTr\u00edon\u00f3id chomhshubstainteach\u201d. N\u00ed roineann na pearsana diaga an aon diagacht amh\u00e1in eatorthu, ach is Dia go hioml\u00e1n gach ceann d\u00edobh. T\u00e1 na pearsana diaga sin go hioml\u00e1n deaaithe \u00f3na ch\u00e9ile.<\/p>\n<p>T\u00e1 sin go l\u00e9ir s\u00e1thach deacair le tuiscint, ach tabharfaidh forbairt na ceiste tuiscint n\u00edos fearr d\u00fainn faoi cad t\u00e1 i gceist. Bheadh ar aon fhorbairt t\u00e1rlu taobh istigh den chreideamh Gi\u00fadach ar an aondiachas, monodiachas, is \u00e9 sin le r\u00e1 nach bhfuil ann ach an t-aon Dia amh\u00e1in. Sa Tiomna Nua, agus sa Gi\u00fadachas chomh maith, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed \u201cAthair\u201d a thabhairt ar an Dia sin. Ansin th\u00e1inig \u00cdosa agus d\u2019fh\u00f3gair s\u00e9 teacht r\u00edocht D\u00e9. Uair amh\u00e1in chuir s\u00e9 ceist ar a dheisceabail faoi thuairim an phobal, agus fao\u00edn a dtuairim f\u00e9in,&nbsp; faoi.. Thar cheann an D\u00e1r\u00e9ag d\u2019fhreagair Peadar gur mheasadar gurb \u00e9 an Meisias (an Cr\u00edost) \u00e9 (Marcas; L\u00fac\u00e1s, \u201cCr\u00edost D\u00e9\u201d; Matha, \u201cCr\u00edost Mac D\u00e9 Bheo\u201d). D\u2019oscail an t-ais\u00e9ir\u00ed agus a lean \u00e9 r\u00e9 nua i gcreideamh na gCriosta\u00edthe. Ba mh\u00f3 n\u00e1 duine daonna \u00cdosa anois. Bh\u00ed s\u00e9 ina shu\u00ed ar dheis D\u00e9 mar Thiarna, is \u00e9 sin le r\u00e1 an t\u00e9 a sheolann an Spiorad Naomh ar an Eaglais. Faoi dheireadh ch\u00e9ad thosaigh na Cr\u00edosta\u00edochta bh\u00ed adhradh a thabhairt do Chr\u00edost mar Dhia, mar at\u00e1 soil\u00e9ir \u00f3 chaibideal tosaigh Shois\u00e9al Eoin: \u201cAr dt\u00fas bh\u00ed an Briathar ann &#8230; agus ba Dhia an Briathar &#8230; Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus ch\u00f3naigh s\u00e9 in\u00e1r measc\u201d.&nbsp; Gheall \u00cdosa go gcuirfeadh s\u00e9 an Spiorad Naomh, an Paraicl\u00e9id, an tAbhc\u00f3id, ar an Eaglais, agus le himeacht aimsire tugadh adhradh don Spiorad Naomh mar Dhia. Sa cheathr\u00fa c\u00e9ad cuireadh Cr\u00e9 Nic\u00e9 le ch\u00e9ile chun adhradh do gach ceann de na tr\u00ed phearsa a l\u00e9iri\u00fa, taobh istigh den d\u00edlseacht ba dhual don aondiachas docht nach bhfuil ann ach aon Dia amhain. Theip ar Athracha na hEaglaise t\u00e9arma\u00ed cu\u00ed a fh\u00e1il sa Bh\u00edobla lena gcreideamh in \u00cdosa a l\u00e9iri\u00fa agus bhaineadar \u00fas\u00e1id as t\u00e9arma\u00ed reatha i bhfeals\u00fanacht na Gr\u00e9ige: \u201ccomhshubstainteach leis an Athair\u201d. T\u00e1 an Chr\u00e9 sin againn i gc\u00f3na\u00ed.<\/p>\n<p>Sin an teagasc at\u00e1 teib\u00ed go leor, agus b\u2019fh\u00e9idir do dhaoine \u00e1irithe leamh go leor chomh maith. Ach n\u00ed mar sin don r\u00fandiamhair f\u00e9in. L\u00e9iri\u00fa \u00ed sin gur fhoilsigh Dia d\u00fainn tr\u00ed \u00cdosa a bheatha inmhe\u00e1nach f\u00e9in, teist don ghr\u00e1 at\u00e1 aige d\u00fainn. Agus t\u00e1 an gr\u00e1 sin le l\u00e9amh go soil\u00e9ir i l\u00e9achta\u00ed an lae inniu. T\u00e1 beatha inmhe\u00e1nach sin D\u00e9 tugtha d\u00fainn mar eiseaml\u00e1ir don bheatha Chr\u00edosta\u00ed san Eaglais. Tugann sin chun cuimhne an m\u00e9id a d\u00fairt \u00cdosa agus \u00e9 ag imp\u00ed ar a Athair roimh imeacht \u00f3n saol seo d\u00f3 (Eoin 17:20-24): \u201cN\u00ed ar a son sin amh\u00e1in at\u00e1im ag gu\u00ed, ach mar an gc\u00e9anna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tr\u00edna mbriathar, ionas go mba aon iad go l\u00e9ir, faoi mar at\u00e1 tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa, go mbeidis seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir t\u00fa uait mise &#8230; A Ahair, an mhuintir a thug t\u00fa dom, is mian liom, an \u00e1it ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghl\u00f3ir, an ghl\u00f3ir a thug t\u00fa dom; mar gur thug t\u00fa gr\u00e1 dom roimh chruth\u00fa an domhain\u201d. T\u00e1 seo beagnach ag teacht lena deireann P\u00f3l sa litir chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh, a bhfuil achoime de sa cheannteideal a ghabhann le dara l\u00e9acht an lae inniu: \u201cChuig Dia tr\u00ed Chr\u00edost sa ghr\u00e1 a thug an Spiorad Naomh\u201d. D\u00e9anann an Spiorad Naomh i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an feasach sinn gur clann mhac agus clann in\u00edonacha sinn le Dia, glaoite chun maireacht\u00e1il de r\u00e9ir na h-on\u00f3ra sin i r\u00fandiamh\u00e1ir na hEaglaise. N\u00ed thuigtear an Eaglais i gceart muna fheictear uirthi mar r\u00fandiamhair, mar Chorp Chr\u00edost, \u00e1 sti\u00faradh&nbsp; ag an Spiorad&nbsp; Naomh.<\/p>\n<div style=\"position: absolute; left: -40px; top: -25px; width: 1px; height: 1px; overflow: hidden;\" data-mce-bogus=\"1\" class=\"mcePaste\" id=\"_mcePaste\">800&#215;600 <\/p>\n<p class=\"MsoNormal\" style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><b style=\"mso-bidi-font-weight: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">Bealtaine 26 2013 (C) Sol\u00fantas na Tr\u00edon\u00f3ide R\u00f3naofaDomhnach Cinc\u00edse <\/span><\/b><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\" style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><span style=\"font-size: 11.0pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/span><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\" style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\" style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><span style=\"font-size: 11.0pt; font-variant: small-caps;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\" style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\" style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\" style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><b style=\"mso-bidi-font-weight: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">&nbsp;<\/span><\/b><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\" style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><b style=\"mso-bidi-font-weight: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">B. An B\u00edobla: <i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\">Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/i><\/span><\/b><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\" style=\"text-align: center;\" align=\"center\"><i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">R\u00fandiamhair na Tr\u00edon\u00f3ide R\u00f3naofa gus R\u00fandiamhair na hEaglaise<\/span><\/i><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\"><b style=\"mso-bidi-font-weight: normal;\"><i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">&nbsp;<\/span><\/i><\/b><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\"><b style=\"mso-bidi-font-weight: normal;\"><i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/span><\/i><\/b><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\"><i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt; mso-ansi-language: EN-IE;\" lang=\"EN-IE\">&nbsp;<\/span><\/i><\/p>\n<p class=\"MsoListBullet\" style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm; mso-list: l0 level1 lfo1;\"><span style=\"font-size: 11.0pt; font-family: Symbol; mso-fareast-font-family: Symbol; mso-bidi-font-family: Symbol; mso-ansi-language: EN-IE;\" lang=\"EN-IE\"><span style=\"mso-list: Ignore;\">\u00b7<span style=\"font: 7.0pt 'Times New Roman';\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/span><\/span><i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\"><span style=\"mso-ansi-language: EN-IE;\" lang=\"EN-IE\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"mso-ansi-language: EN-IE;\" lang=\"EN-IE\">(Seanfhocail 8:22-31). <i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\">Sular crutha\u00edodh an domhan, rugadh an Eagna. <\/i>Is \u00f3 Leabhar na Seanfhocal, ceann de leabhair na hEagna, an l\u00e9acht seo, an leabhar is sine de na leabhair \u00e1irithe sin. Cinn eile d\u00edobh sa Biobla n\u00e1 Ecclesiastes (C\u00f3heilit), Ecclesiasticus (Leabhar Sh\u00edorach) agus Leabhar na hEagna. Ba chuid dh\u00edlis den neas-Oirthear (an \u00c9igipt agus an Mheaspat\u00e1im ach go h\u00e1irithe) litr\u00edocht na hEagna. Rud sontasach faoi luath-litr\u00edocht na heagna sa Bh\u00edobla n\u00e1 go mbuna\u00edonn s\u00ed a fianaise agus a cuid t\u00e1tall ar an taith\u00ed dhaonna, ar na c\u00e9adfa\u00ed, seachas ar Chonradh D\u00e9 le hIosrael. B\u2019ionann an luath-eagna\u00edocht agus cumas: cumas scr\u00edbhneoireachta, eala\u00edona, comhleoireachta, plean\u00e1la i gc\u00farsa\u00ed polait\u00edochta agus mar sin de. Rud daonna a bh\u00ed ann, agus ar uairibh b\u2019fh\u00e9idir iarracht de ghliocas ag baint lei. Sa r\u00e9 sin n\u00edor luadh le Dia \u00ed. N\u00edor d\u00faradh go raibh Dia eagna\u00ed. Bhain an eagna, an eagna\u00edocht, chomh maith le cursa\u00ed cogaidh agus conartha\u00ed idir st\u00e1it. Nuair a chuaigh c\u00farsa\u00ed st\u00e1it i l\u00e9ig th\u00e1inig claochl\u00fa ar an dtuiscint faoin eagn\u00e1iocht. N\u00edorb rud daonna amh\u00e1in \u00ed feasta. Bh\u00ed Dia eagna\u00ed, le plean sl\u00e1naithe d\u00e1 phobal agus don domhan. Rinneadh an eagna (ainm baininscneach) a phearsan\u00fa agus sa l\u00e9acht seo t\u00e1 an Bhean Uasal Eagna \u00e1 moladh f\u00e9in.agus ag craobhscao\u00edleadh a h\u00e1it sa crutha\u00edocht do gach aoinne at\u00e1 r\u00e9idh le cluas a thabhairt d\u00ed. Deireann an Bhean Uasal Eagna go raibh s\u00ed le Dia an Cruthaitheor sul a raibh aon saol ann. Cuireann an t\u00e9acs s\u00edos ar chruth\u00fa na cruinne i sl\u00ed fhileata at\u00e1 \u00e9ags\u00fail \u00f3n cheann a bhfuil taith\u00ed againn air \u00f3 Leabhar Genesis. Bh\u00ed \u00e9ags\u00falacht in Iosrael agus sa Neas-Oirthear faoi sin. Bhain an Bhean Uasal Eagna taithneamh as obair D\u00e9 sa cruth\u00fa agus ba gheal lei bheith in agallamh leis an chine daonna faoi. Ceist a chuireann scol\u00e1ir\u00ed an Bhiobla orthu f\u00e9in n\u00e1 cad \u00ed an tuiscint bheacht a bh\u00ed ag \u00fadar an t\u00e9acs seo faoi cad ba chiall bheacht leis an t\u00e9arma \u201cEagna\u201d. Measann cuid acu gur plean inmhe\u00e1nach na cruinne at\u00e1 inti. F\u00f3gra\u00edonn s\u00ed uaithi f\u00e9in gl\u00f3ir agus eagna D\u00e9. Ar aon chuma roghna\u00ed<\/span><span style=\"font-size: 13.0pt; mso-bidi-font-size: 12.0pt; mso-ansi-language: EN-IE;\" lang=\"EN-IE\">otar an sliocht \u00e1irithe seo don Fh\u00e9ile seo inniu mar an m\u00e9id adeirtear anseo faoin Bhean Uasal Eagna cuirtear i leith Chr\u00edost \u00e9 sa Tiomna Nua: is tr\u00edd a crutha\u00edodh an uile n\u00ed.<\/span><i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt; mso-ansi-language: EN-IE;\" lang=\"EN-IE\"><\/span><\/i><\/p>\n<p class=\"MsoListBullet\" style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm; mso-list: none; tab-stops: 36.0pt;\"><i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt; mso-ansi-language: EN-IE;\" lang=\"EN-IE\">&nbsp;<\/span><\/i><\/p>\n<p class=\"MsoListBullet\" style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm; mso-list: none; tab-stops: 36.0pt;\"><i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt; mso-ansi-language: EN-IE;\" lang=\"EN-IE\">Salm le Freagra<\/span><\/i><span style=\"font-size: 11.0pt; mso-ansi-language: EN-IE;\" lang=\"EN-IE\"> (Salm 8). <i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\">A Thiarna, \u00e1r dTiarna, nach \u00e9achtach \u00e9 d\u2019ainm ar fud na cruinne!<\/i><\/span><\/p>\n<p class=\"MsoListBullet\" style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm; mso-list: none; tab-stops: 36.0pt;\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p class=\"MsoListBullet\" style=\"margin-left: 0cm; text-indent: 0cm; mso-list: none; tab-stops: 36.0pt;\"><i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">An Dara L\u00e9acht<\/span><\/i><span style=\"font-size: 11.0pt;\"> (R\u00f3mh\u00e1naigh 5:1-5). <i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\">Chuig Dia tr\u00ed Chr\u00edost sa ghr\u00e1 a thug an Spiorad Naomh<\/i>. Is \u00e9 seo Domhnach na Tr\u00edon\u00f3ide agus roghna\u00edodh an l\u00e9acht \u00e1irithe seo toisc gur luatar ann Dia (an tAthair), \u00cdosa Cr\u00edost (an Mac) agus an Spiorad Naomh. N\u00ed m\u00f3r aird a thabhairt, mar sin f\u00e9in, ar an dteagasc saibhir at\u00e1 sa l\u00e9acht. Tugtar le tuiscint ann go raibh an cine daonna i naimhdeas le Dia de bharr an pheaca. Aithbhuna\u00edodh s\u00edoch\u00e1in agus muintearas tr\u00ed chreideamh in \u00cdosa Cr\u00edost. I litreacha eile d\u00e1 chuid, <span style=\"mso-spacerun: yes;\">&nbsp;<\/span>t\u00e1 P\u00f3l glan i gcoinne maoimh, m\u00f3rtais, m\u00f3r\u00e1la daonna, amhail is d\u00e1 mbeadh bun\u00fas ag aoinne bheith m\u00f3r\u00e1lach as a th\u00edolactha\u00ed n\u00f3 a lua\u00edochta\u00ed f\u00e9in i l\u00e1thair D\u00e9. Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 P\u00f3l fein ag ma\u00edomh, t\u00e1 s\u00e9 m\u00f3r\u00e1lach, agus molann s\u00e9 do na Cr\u00edosta\u00edthe bheith m\u00f3r\u00e1lach, ach as gr\u00e1sta D\u00e9 a tugadh d\u00f3ibh, as an ghl\u00f3ir at\u00e1 in nd\u00e1n d\u00f3ibh, fi\u00fa as na triobl\u00f3idi a thagann as d\u00edlseacht do Chr\u00edost. Asin<span style=\"mso-spacerun: yes;\">&nbsp; <\/span>as tagann foighne, d\u00f3chas agus d\u00edongbh\u00e1ilteach; d\u00f3chas faoin ghl\u00f3ir le teacht, d\u00f3chas nach gcliseann toisc gr\u00e1 D\u00e9 agus bronntanas an Spioraid Naoimh i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an.<\/span><i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt; mso-ansi-language: EN-IE;\" lang=\"EN-IE\"><\/span><\/i><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\" style=\"margin-top: 12.0pt;\"><i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">An Soisc\u00e9al <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11.0pt;\">(Eoin 16:12-15). <i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\">An uile n\u00ed d\u00e1 bhfuil ag m\u2019Athair, is liomsa \u00e9. Is de <span style=\"mso-spacerun: yes;\">&nbsp;<\/span>mo chuidse a ghlacfaidh an Spiorad agus a inseoidh s\u00e9 daoibh.<\/i>Roghna\u00edodh an sliocht beag seo as Aitheasc Deiridh Chriost do Fh\u00e9ile seo na Tr\u00edon\u00f3ide Naofa de bhr\u00ed go luann Cr\u00edost (an Mac) ann an tAthair agus an Spiorad Naomh. An teagasc agus an teachtaireacht at\u00e1 ann t\u00e1 siad ar aon dul leis na l\u00e9achta\u00ed \u00f3 Shoisc\u00e9al c\u00e9anna Eoin dona hAifrinn a bh\u00ed againn do Dhomhna\u00ed deiridh na bliana seo do thr\u00e1th na C\u00e1sca agus do Dhomnach Cinc\u00edse. Is feidir a thuilleadh eolais f\u00fathu a fh\u00e1il ansin agus na n\u00f3ta\u00ed a ghabhann.leis na l\u00e9achta\u00ed.<\/span><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\"><span style=\"mso-spacerun: yes;\">&nbsp;<\/span><\/span><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\"><b style=\"mso-bidi-font-weight: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">B. An B\u00edobla: <i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\">Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/i><\/span><\/b><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\"><i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">R\u00fandiamhair na Tr\u00edon\u00f3ide R\u00f3naofa gus R\u00fandiamhair na hEaglaise<\/span><\/i><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\"><b style=\"mso-bidi-font-weight: normal;\"><i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\"><span style=\"font-size: 11.0pt;\">&nbsp;<\/span><\/i><\/b><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\"><span style=\"font-size: 10.0pt;\">Ceili\u00faraimid inniu f\u00e9ile na Tr\u00edon\u00f3ide Naofa n\u00f3 mar a thugtar uirthi go hoifigi\u00fail Sol\u00fantas na Tr\u00edon\u00f3ide Naofa. I sl\u00ed is rud teib\u00ed an Tr\u00edon\u00f3id. Ar \u00e9igin go gcloisimid riamh ar dheabh\u00f3id don Tr\u00edon\u00f3id Naofa. Ach d\u00e1ir\u00edre is \u00ed an r\u00fandiamhair is m\u00f3 agus is doimhne de na r\u00fandiamhra Cr\u00edosta\u00ed \u00ed an Tr\u00edon\u00f3id. Th\u00f3g s\u00e9 na c\u00e9adta bliain, le earr\u00e1id\u00ed, eiriceachta\u00ed agus cur s\u00edos i ndroch-fhoirml\u00ed le go dtiocfadh an Eaglais ar na foirml\u00ed faoin r\u00fandiamhair seo at\u00e1 againn inniu. An creideamh sa Tr\u00edon\u00f3id is creideamh \u00e9 in aon Dia amh\u00e1in i dtr\u00ed phearsa. Mar a cuirtear an teagasc sa <i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\">Caiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed<\/i> (altanna 253-260) is Aon an Tr\u00edon\u00f3id. N\u00ed admha\u00edmid tr\u00ed d\u00e9ithe ach aon Dia amh\u00e1in i dtr\u00ed phearsa. sa \u201cTr\u00edon\u00f3id chomhshubstainteach\u201d. N\u00ed roineann na pearsana diaga an aon diagacht amh\u00e1in eatorthu, ach is Dia go hioml\u00e1n gach ceann d\u00edobh. T\u00e1 na pearsana diaga sin go hioml\u00e1n deaaithe \u00f3na ch\u00e9ile.<\/span><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\"><span style=\"font-size: 10.0pt;\"><span style=\"mso-tab-count: 1;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span>T\u00e1 sin go l\u00e9ir s\u00e1thach deacair le tuiscint, ach tabharfaidh forbairt na ceiste tuiscint n\u00edos fearr d\u00fainn faoi cad t\u00e1 i gceist. Bheadh ar aon fhorbairt t\u00e1rlu taobh istigh den chreideamh Gi\u00fadach ar an aondiachas, monodiachas, is \u00e9 sin le r\u00e1 nach bhfuil ann ach an t-aon Dia amh\u00e1in. Sa Tiomna Nua, agus sa Gi\u00fadachas chomh maith, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed \u201cAthair\u201d a thabhairt ar an Dia sin. Ansin th\u00e1inig \u00cdosa agus d\u2019fh\u00f3gair s\u00e9 teacht r\u00edocht D\u00e9. Uair amh\u00e1in chuir s\u00e9 ceist ar a dheisceabail faoi thuairim an phobal, agus fao\u00edn a dtuairim f\u00e9in, <span style=\"mso-spacerun: yes;\">&nbsp;<\/span>faoi.. Thar cheann an D\u00e1r\u00e9ag d\u2019fhreagair Peadar gur mheasadar gurb \u00e9 an Meisias (an Cr\u00edost) \u00e9 (Marcas; L\u00fac\u00e1s, \u201cCr\u00edost D\u00e9\u201d; Matha, \u201cCr\u00edost Mac D\u00e9 Bheo\u201d). D\u2019oscail an t-ais\u00e9ir\u00ed agus a lean \u00e9 r\u00e9 nua i gcreideamh na gCriosta\u00edthe. Ba mh\u00f3 n\u00e1 duine daonna \u00cdosa anois. Bh\u00ed s\u00e9 ina shu\u00ed ar dheis D\u00e9 mar Thiarna, is \u00e9 sin le r\u00e1 an t\u00e9 a sheolann an Spiorad Naomh ar an Eaglais. Faoi dheireadh ch\u00e9ad thosaigh na Cr\u00edosta\u00edochta bh\u00ed adhradh a thabhairt do Chr\u00edost mar Dhia, mar at\u00e1 soil\u00e9ir \u00f3 chaibideal tosaigh Shois\u00e9al Eoin: \u201cAr dt\u00fas bh\u00ed an Briathar ann &#8230; agus ba Dhia an Briathar &#8230; Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus ch\u00f3naigh s\u00e9 in\u00e1r measc\u201d. <span style=\"mso-spacerun: yes;\">&nbsp;<\/span>Gheall \u00cdosa go gcuirfeadh s\u00e9 an Spiorad Naomh, an Paraicl\u00e9id, an tAbhc\u00f3id, ar an Eaglais, agus le himeacht aimsire tugadh adhradh don Spiorad Naomh mar Dhia. Sa cheathr\u00fa c\u00e9ad cuireadh Cr\u00e9 Nic\u00e9 le ch\u00e9ile chun adhradh do gach ceann de na tr\u00ed phearsa a l\u00e9iri\u00fa, taobh istigh den d\u00edlseacht ba dhual don aondiachas docht nach bhfuil ann ach aon Dia amhain. Theip ar Athracha na hEaglaise t\u00e9arma\u00ed cu\u00ed a fh\u00e1il sa Bh\u00edobla lena gcreideamh in \u00cdosa a l\u00e9iri\u00fa agus bhaineadar \u00fas\u00e1id as t\u00e9arma\u00ed reatha i bhfeals\u00fanacht na Gr\u00e9ige: \u201ccomhshubstainteach leis an Athair\u201d. T\u00e1 an Chr\u00e9 sin againn i gc\u00f3na\u00ed.<\/span><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\"><span style=\"font-size: 10.0pt;\"><span style=\"mso-tab-count: 1;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span>Sin an teagasc at\u00e1 teib\u00ed go leor, agus b\u2019fh\u00e9idir do dhaoine \u00e1irithe leamh go leor chomh maith. Ach n\u00ed mar sin don r\u00fandiamhair f\u00e9in. L\u00e9iri\u00fa \u00ed sin gur fhoilsigh Dia d\u00fainn tr\u00ed \u00cdosa a bheatha inmhe\u00e1nach f\u00e9in, teist don ghr\u00e1 at\u00e1 aige d\u00fainn. Agus t\u00e1 an gr\u00e1 sin le l\u00e9amh go soil\u00e9ir i l\u00e9achta\u00ed an lae inniu. T\u00e1 beatha inmhe\u00e1nach sin D\u00e9 tugtha d\u00fainn mar eiseaml\u00e1ir don bheatha Chr\u00edosta\u00ed san Eaglais. Tugann sin chun cuimhne an m\u00e9id a d\u00fairt \u00cdosa agus \u00e9 ag imp\u00ed ar a Athair roimh imeacht \u00f3n saol seo d\u00f3 (Eoin 17:20-24): \u201cN\u00ed ar a son sin amh\u00e1in at\u00e1im ag gu\u00ed, ach mar an gc\u00e9anna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tr\u00edna mbriathar, ionas go mba aon iad go l\u00e9ir, faoi mar at\u00e1 tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa, go mbeidis seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir t\u00fa uait mise &#8230; A Ahair, an mhuintir a thug t\u00fa dom, is mian liom, an \u00e1it ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghl\u00f3ir, an ghl\u00f3ir a thug t\u00fa dom; mar gur thug t\u00fa gr\u00e1 dom roimh chruth\u00fa an domhain\u201d. T\u00e1 seo beagnach ag teacht lena deireann P\u00f3l sa litir chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh, a bhfuil achoime de sa cheannteideal a ghabhann le dara l\u00e9acht an lae inniu: \u201cChuig Dia tr\u00ed Chr\u00edost sa ghr\u00e1 a thug an Spiorad Naomh\u201d<i style=\"mso-bidi-font-style: normal;\">. <\/i>D\u00e9anann an Spiorad Naomh i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an feasach sinn gur clann mhac agus clann in\u00edonacha sinn le Dia, glaoite chun maireacht\u00e1il de r\u00e9ir na h-on\u00f3ra sin i r\u00fandiamh\u00e1ir na hEaglaise. N\u00ed thuigtear an Eaglais i gceart muna fheictear uirthi mar r\u00fandiamhair, mar Chorp Chr\u00edost, <\/span><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\"><span style=\"font-size: 10.0pt;\">\u00e1 sti\u00faradh<span style=\"mso-spacerun: yes;\">&nbsp; <\/span>ag an Spiorad<span style=\"mso-spacerun: yes;\">&nbsp; <\/span>Naomh.<\/span><\/p>\n<p class=\"MsoNormal\"><span style=\"font-size: 10.0pt;\"><span style=\"mso-spacerun: yes;\">&nbsp;<\/span><\/span><\/p>\n<p> Normal 0 false false false EN-GB X-NONE X-NONE MicrosoftInternetExplorer4<\/p><\/div>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Bealtaine 26 2013 (C) Sol\u00fantas na Tr\u00edon\u00f3ide R\u00f3naofa FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLA leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-93","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/93","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=93"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/93\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=93"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=93"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=93"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}