{"id":942,"date":"2019-11-07T11:12:48","date_gmt":"2019-11-07T11:12:48","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=942"},"modified":"2019-11-07T11:12:48","modified_gmt":"2019-11-07T11:12:48","slug":"10-samhain-2019-c-dara-domhnach-triochad-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=942","title":{"rendered":"10 Samhain 2019 (C) Dara Domhnach Tr\u00edochad Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A.\nL\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le\nceisteanna an lae<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. <em>An B\u00edobla: Machnamh\nagus agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>T\u00e1imid ag s\u00fail le hais\u00e9ir\u00ed na colainne agus\nbeatha an tsaoil at\u00e1 le teacht.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (2\nMacabaech 7:1-2, 9-14). <em>T\u00f3gfaidh R\u00ed an\nDomhain chun na beatha s\u00edora\u00ed sinn. <\/em>Is cuid de chaibideal fada an l\u00e9acht seo\nar mhairt\u00edreacht <\/p>\n\n\n\n<p>seachtar &nbsp;mac agus a\nm\u00e1thar a tharla le linn na g\u00e9arlean\u00fana f\u00edochmhaire a chuir an r\u00ed Gr\u00e9igeach Aint\u00edochas\nIV (167-164 roimh Chr\u00edost) ar bun le hiarracht a dh\u00e9anamh creideamh na nGi\u00fadach\na scrios ar fad agus adhradh d\u00e9ithe br\u00e9ige a chur ina \u00e1it. D\u2019fheidhmigh p\u00e1is\nagus b\u00e1s na mairt\u00edreach sin mar eiseaml\u00e1ir do chreidmhigh faoi gh\u00e9arlean\u00faint,\nidir Ghi\u00fadaigh agus Chr\u00edosta\u00edthe, trid na haoiseanna agus tugadh om\u00f3s d\u00f3ibh mar\nnaoimh san Eaglais. Bh\u00ed an creideamh in ais\u00e9ir\u00ed na colainne tagtha chun cinn i\nmeasc roinnt mhaith Ghi\u00fadach sa r\u00e9 sin agus thug s\u00e9 uchtach m\u00f3r d\u00f3ibh si\u00fad a\nbh\u00ed r\u00e9idh b\u00e1s a fh\u00e1il seachas c\u00fal a thabhairt le creideamh a sinsear. T\u00e1\nadmh\u00e1il fhollasach in ais\u00e9iri na colainne le feiscint sa m\u00e9id a d\u00fairt an dara,\nan tr\u00edu agus an ceathr\u00fa dearth\u00e1ir i l\u00e9acht an lae inniu. T\u00f3gfaidh R\u00ed an Domhain\nchun na beatha s\u00edora\u00ed iad; tabharfaidh s\u00e9 ais\u00e9ir\u00ed d\u00f3ibh. T\u00e9ann an sliocht seo\ngo deas le Soisc\u00e9al an lae inniu, mar a dh\u00e9anann \u00cdosa an creideamh in ais\u00e9ir\u00ed\nna colainne a chosaint in \u00e9adan na Sad\u00facach a &nbsp;sh\u00e9an \u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em>\n(Salm 16[17]). <em>Ag d\u00faiseacht dom beidh m\u00e9\ns\u00e1sta le radharc do ghn\u00faise, a Thiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An\nDara L\u00e9acht<\/em> (2 Teasal\u00f3inigh 2:16-3:3). <em>Go\ndtreis\u00ed an Tiarna libh i ngach gn\u00edomh agus briathar d\u00e1 fheabhas. <\/em>M\u00edr dheiridh\n\u00ed seo den litir ina thugann P\u00f3l spreagadh d\u00e1 lucht l\u00e9ite bheith buanseasamhach\nsa chreideamh (2 Teasal\u00f3naigh 2:13-3:5). Agus an sliocht sin f\u00e9in, tagann s\u00e9\ntar \u00e9is roinn den litir at\u00e1 ag cur s\u00edos ar th\u00e9arnamh, ateacht, Chr\u00edost agus na\ncomharthai a bheidh ann roimhe (2 Teasal\u00f3naigh 2:1-12), ar l\u00e9adh cuid de sa\ndara l\u00e9acht an Domhnach seo caite. Is d\u00f3cha go bhfuil L\u00e1 an Tiarna, ateacht\nChriost, taobh thiar d\u00e1 bhfuil i l\u00e9acht an lae inniu chomh maith. T\u00e1 cur s\u00edos\nann ar faoi mar is c\u00f3ir do dhuine ullmh\u00fa agus bheith r\u00e9idh d\u00f3. Is dual do Ph\u00f3l\naspal bheith ag gabh\u00e1il buiochais do Dhia ar son na gcreidmheach de bharr go\nbhfuil siad tofa, roghnaithe, ag Dia le bheith sl\u00e1naithe tr\u00ed naomh\u00fa an Spioraid\nNaoimh agus tr\u00ed chreidi\u00faint san fh\u00edrinne, le go mbainfeadh siad amach gl\u00f3ir an\nTiarna, an ghl\u00f3ir at\u00e1 ag \u00cdosa f\u00e9in (2:13-14). As sin go l\u00e9ir deirtear leo\nbheith d\u00edlis do fh\u00edrinn\u00ed an chreidimh, agus an teagasc, na traidisi\u00fain, a\nfhoghlaim siad \u00f3 Ph\u00f3l &nbsp;tr\u00ed bhriathra b\u00e9il\nn\u00f3 i litreacha a choinne\u00e1il. Is iad na traidisi\u00fain at\u00e1 i ghceist, is d\u00f3cha, na\nf\u00edrinn\u00ed, an teagasc, a fuair P\u00f3l f\u00e9in \u00f3n dTiarna, n\u00f3 \u00f3n luath-eaglais, teagasc\nagus traidisi\u00fain a thug P\u00f3l don eaglais tr\u00ed insint bheil n\u00f3 i litreacha.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ina\ndhiaidh sin leanann l\u00e9acht an lae inniu, at\u00e1 i dtosach b\u00e1ire ag cur s\u00edos ar\nchreideamh beo &#8212; beo tr\u00ed chaidreamh le Dia san urna\u00ed. Meabhra\u00edonn P\u00f3l na bronntanais\nmh\u00f3ra at\u00e1 faighte ag creidmhigh \u00f3 Dhia \u2013 gr\u00e1 agus d\u00f3chas daingean, agus gu\u00edonn\ns\u00e9 go gcuire na bronntanais sin s\u00f3l\u00e1s orthu agus neart i ngach dea-ghn\u00edomh, i\nngach rud a dh\u00e9anann siad agus a deireann siad. D\u00e9anann P\u00f3l urna\u00ed agus achain\u00ed\nar son an gcreidmheach, agus ansin iarann s\u00e9 orthu gu\u00ed a dh\u00e9anamh ar \u00e1bhair\n\u00e9ags\u00fala, i dtosach b\u00e1ire ar son lucht f\u00f3gartha an tsoisc\u00e9il, go leathadh dea-sc\u00e9ala\nan Tiarna agus go mbeadh dea-mheas air, faoi mar a bh\u00ed i measc lucht l\u00e9ite na\nlitreach seo, agus gu\u00ed go saorfar P\u00f3l f\u00e9in \u00f3na naimhde, daoine a bh\u00ed ag cur\nisteach go mail\u00edseach ar a chuid soisc\u00e9ala\u00edochta. Is d\u00f3cha go bhfuil P\u00f3l ag\ntagairt do naimhde pag\u00e1nacha don soisc\u00e9al, daoine gan creideamh. Cuireann P\u00f3l\ncr\u00edoch leis an chuid seo d\u00e1 litir le dearbh\u00fa creidimh sa Tiarna at\u00e1 d\u00edlis agus\na chosn\u00f3idh a phobal d\u00edlis \u00f3n olc. Gu\u00edonn s\u00e9 go stiura Dia a gcro\u00ed ar ghr\u00e1 D\u00e9\nagus ar an bhuanseasmhacht a thagann \u00f3 Chr\u00edost. Briathra iad sin a thug uchtach\nd\u00e1 ch\u00e9ad l\u00e9itheoir\u00ed agus do l\u00e9itheoiri na litreach tr\u00edd na haoiseanna.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An\nSoisc\u00e9al<\/em> (L\u00fac\u00e1s 20:27-388). <em>N\u00ed h\u00e9 Dia\nna marbh \u00e9, ach na mbeo. <\/em>Is in Iar\u00fasail\u00e9im, agus is d\u00f3cha\u00ed sa Teampall,\nsu\u00edomh na heachtra seo i mbeatha \u00cdosa. T\u00e1imid in I\u00fad\u00e1ia, faoi riail dh\u00edreach na\nR\u00f3imhe, ag \u00edocadh c\u00e1nach d\u00edreach don R\u00f3imh. L\u00e9acht an lae inniu i Soisc\u00e9al\nL\u00fac\u00e1s is ceann amh\u00e1in de dh\u00e1 cheist \u00ed a cuirtear ar \u00cdosa. Baineann an chead\ncheann d\u00edobh le c\u00farsa\u00ed c\u00e1nach. Cuirtear an cheist \u00f3 bhrathad\u00f3ir\u00ed, \u00f3\nscr\u00edobhaithe agus \u00f3 uachtar\u00e1in na sagart sa Teampall. An cheist a chuireadar n\u00e1\narb dleathach n\u00f3 m\u00eddhleathach c\u00e1in (c\u00edos) a \u00edoc le C\u00e9asar, Impire na R\u00f3imhe. Thug\n\u00cdosa an freagra iomr\u00e1iteach: \u201c\u2019Iocaig\u00ed le C\u00e9asar na nithe is le C\u00e9asar agus le\nDia na nithe is le Dia\u201d. Na Sad\u00facaigh a chuir an dara ceist. Is soil\u00e9ir \u00f3 na\nSoisc\u00e9il, \u00f3 Gn\u00edomhartha na nAspal agus \u00f3n stara\u00ed comhaimseartha Iosefas n\u00e1 gur\nl\u00e1r-phointe creidimh d\u00f3ibh si\u00fad s\u00e9anadh go raibh aon ais\u00e9ir\u00ed na colainne ann ag\ndeireadh an tsaoil. Teagasc cu\u00edosach nua ag Gi\u00fadaigh an t-am sin an creideamh\nin ais\u00e9ir\u00ed na colainne. B\u00edodh gur mhothaigh na G\u00ed\u00fadaigh go domhain ina gcro\u00ed\nistigh go raibh Dia i l\u00e1thair sa Teampall agus in am an gh\u00e1tair, agus gur thug,\nn\u00f3 go dtabharfadh, s\u00e9 luach saothair don mhaith agus pion\u00f3s don olc, n\u00ed raibh\naon choincheap beacht acu do bheatha, n\u00f3 do bheith ann, tar \u00e9is bh\u00e1is. N\u00edorb \u00e9\ngur cr\u00edoch do gach rud d\u00f3ibh an b\u00e1s. D\u2019fhan sc\u00e1il den duine beo tar \u00e9is bh\u00e1is,\nagus bh\u00ed na sc\u00e1ileanna go l\u00e9ir de dhaoine maithe agus dona le ch\u00e9ile sa domhan\nthios, in Gehenna, gan idirdheal\u00fa eatorthu, gan luach saothair n\u00e1 gan pion\u00f3s. D\u2019fh\u00e1g\nsin dh\u00e1 cheist gan r\u00e9iteach. Ar dt\u00fas, maidir le Dia na c\u00f3ra agus easpa ch\u00faitimh\nar an olc agus an mhaith. Ansin an cheist an bhf\u00e9adfadh an caidreamh caoin sin\nle Dia a bh\u00ed ag creidmhigh ar an saol seo bheith curtha ar ceal ar fad leis an\nmb\u00e1s. Bh\u00ed tagairt\u00ed dona fadhbanna sin le sonr\u00fa i litr\u00edocht an Bh\u00edobla tr\u00edd na\nhaoiseanna. Th\u00e1inig na ceisteanna sin chun tosaigh le linn gh\u00e9arlean\u00fana\nf\u00edochmhaire, gan trua gan taise, an r\u00ed Aint\u00edochas Epipfanes IV sna blianta\n167-164 r. Ch.\nagus an iarracht a rinne s\u00e9 cr\u00edoch ar fad a chur le creideamh Dhia Iosrael agus\nadhradh d\u00e9ithe br\u00e9ige a chur ina \u00e1it. Fuair roinnt mhaith mhairt\u00edreach b\u00e1s ar\nson chreideamh a sinsear agus thug an creideamh san ais\u00e9ir\u00ed uchtach m\u00f3r do na\nmairt\u00edrigh (mar is l\u00e9ir \u00f3 ch\u00e9ad l\u00e9acht an lae inniu). Ba sa gh\u00e9arlean\u00faint sin a\nth\u00e1inig an creideamh in ais\u00e9ir\u00ed na colainne ag deireadh an tsaoil chun tosaigh.\nThaobhaigh na Fairis\u00ednigh go tr\u00e9an leis an teagasc nua ach chuir na Sad\u00facaigh\ngo l\u00e1idir ina choinne. In iarracht le taispe\u00e1int c\u00e9 chomh seaf\u00f3ideach is a bh\u00ed\nan teagasc nua seo roghnaigh siad sampla as dl\u00ed Mhaois faoin dl\u00ed ar a dtugtar\nan p\u00f3sadh lev\u00edreatach (\u00f3n Laidin <em>levir, <\/em>dearth\u00e1ir\nc\u00e9ile), le f\u00e1il i leabhar Deotranaim\u00ed 25:5-6. L\u00e9ir\u00edonn \u00cdosa d\u00f3ibh faoi mar at\u00e1\ndul am\u00fa orthu: n\u00ed lean\u00faint n\u00f3 macasamhail den saol seo an saol eile, le\nginiuint agus b\u00e1s. An bheatha ansin is cos\u00fail \u00ed le beatha na n-aingeal. Mar aon\nleis sin meabhra\u00edonn \u00cdosa go bhfuil n\u00edos m\u00f3 i dt\u00e9acs an Bh\u00edobla n\u00e1 na briathra\namh\u00e1in. T\u00e1 cumhacht D\u00e9 Bheo taobh thiar de. Tugann an l\u00e9acht seo sampla maith\nd\u00fainn ar fhorbairt agus fhor\u00e1s an teagaisc faoi chinni\u00faint an duine tar \u00e9is bh\u00e1is\nd\u00f3 le ais\u00e9ir\u00ed na colainne ag an breithi\u00fanas d\u00e9anach. Th\u00e1inig forbairt n\u00edos doimhne\nair sin le hais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost. T\u00e1 \u00e1r gcreideamh sa bheatha sh\u00edora\u00ed agis in ais\u00e9ir\u00ed\n\u00e1r gcolainne chomh cinnte agus at\u00e1 \u00e1r gcreideamh in aiseir\u00ed Chr\u00edost. T\u00e9ann\ncreideamh sa d\u00e1 ais\u00e9ir\u00ed sin le ch\u00e9ile. T\u00e9ann l\u00fach\u00e1ir na beatha s\u00edora\u00ed thar mar\nat\u00e1 ar chumas na haigne daonna a shamhl\u00fa.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le\nceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>T\u00e1imid ag s\u00fail le hais\u00e9ir\u00ed na colainne agus beatha an tsaoil\nat\u00e1 le teacht.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>Oireann an tr\u00e1th seo bliana le\nmachnamh a dh\u00e9anamh ar dh\u00e1 bhun-fh\u00edrinn\u00ed den Chr\u00e9 \u2013 ais\u00e9ir\u00ed na colainne agus an\nbheatha sh\u00edora\u00ed. <\/p>\n\n\n\n<p>N\u00ed g\u00e1\ncur s\u00edos anseo ar ais\u00e9ir\u00ed na colainne. T\u00e1 a l\u00e1n ann cheana faoi i\nl\u00e9achtai an lae inniu.<\/p>\n\n\n\n<p>Maidir leis an mbeatha sh\u00edora\u00ed,\nis minic a chuirtear an cheist faoi cad is eol d\u00fainn faoi, gan g\u00e9illeadh don\ntsamhla\u00edocht ach cloi le foins\u00ed inchreidte. Ta briathra Ph\u00f3il againn (1 Coraintaigh\n2:9): \u201cMar at\u00e1 scr\u00edofa: Nithe n\u00e1r bhfaca s\u00fail agus n\u00e1r chuala cluas iad, nithe\nn\u00e1r smaoinigh an duine orthu ina aigne, is iad at\u00e1 ullamh ag Dia d\u00f3ibh si\u00fad a\nbheir gr\u00e1 d\u00f3\u201d. N\u00ed m\u00f3r a thuiscint nach beatha dhaonna a bheidh ann, mar ad\u00fairt \u00cdosa\nleis na Sad\u00facaigh, ach i sl\u00ed mar aingil D\u00e9. Ach t\u00e1 a fhios againn go nd\u00e9antar\ngu\u00ed chuig na f\u00edr\u00e9in ar neamh, agus go nd\u00e9anann siad idirghabh\u00e1il ar son na\nmbeo. Mar sin t\u00e1 cursa\u00ed an tsaoil seo ar eolas acu. Sean-abairt ag Gaeil leis\nna c\u00e9adta anall n\u00e1 \u201cmuintir neimhe agus tal\u00fan\u201d, comaoin na naomh agus an chine\ndhaonna. D\u2019fh\u00e9adfa\u00ed cur leis seo, ach n\u00ed g\u00e1 anseo.<\/p>\n\n\n\n<p>Smaoineamh eile don tr\u00e1th seo bliana\nn\u00e1 nach gcuireann \u00e1r gcreideamh sa bheatha sh\u00edora\u00ed isteach ar an dualgas at\u00e1\norainn saothr\u00fa ar son an tsaoil abhus, ach a mhalairt i sl\u00ed: g\u00e9ara\u00edonn s\u00e9 aidhm\nfeabhas a chur ar shaol \u00e1r linne, ag baint \u00fas\u00e1ide as an d\u00f3chas at\u00e1 ionainn, ag\ns\u00fail le sp\u00e9artha (neamha) nua agus le domhan nua, mar a lonn\u00f3idh an fh\u00edr\u00e9antacht\n(2 Peadar 3:13).<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-942","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/942","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=942"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/942\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":943,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/942\/revisions\/943"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=942"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=942"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=942"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}