{"id":95,"date":"2013-05-31T14:18:46","date_gmt":"2013-05-31T14:18:46","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=95"},"modified":"2013-05-31T14:18:46","modified_gmt":"2013-05-31T14:18:46","slug":"meitheamh-2-2013-c-soluntas-chorp-chriost","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=95","title":{"rendered":"Meitheamh 2 2013 (C) Sol\u00fantas Chorp Chr\u00edost"},"content":{"rendered":"<h2>Meitheamh 2 2013 (C) Sol\u00fantas Chorp Chr\u00edost<\/h2>\n<p>FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLA<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<h3>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br \/>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/h3>\n<h3>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<br \/>Teachtaireacht na hEocairiste d\u00fainn inniu<\/h3>\n<h3>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/h3>\n<h3>C\u00e9ad L\u00e9acht (Genesis 14:18-20).<\/h3>\n<p>Thug Melcisedec ar\u00e1n agus f\u00edon amach. T\u00e9acs gearr \u00e9 seo as chaibideal fada i leabhar Genesis, a chuireann s\u00edos ar ionradh r\u00edthe \u00f3n Oirthear, le cogadh a chur ar r\u00edthe eile in iarthar na Mara Mairbhe. Th\u00f3gadar an chreach a bh\u00ed uathu agus d\u2019im\u00edodar leo, ag togaint chomh maith Lot, mac dhearth\u00e1ir Abr\u00e1im (foirm luath de ainm Abrah\u00e1m), agus a chuid mhaoine. Murab ionann agus an sc\u00e9al eile faoi Abrah\u00e1m agus na patriairc sa Bh\u00edobla ina chuirtear i l\u00e1thair iad mar bhreac-fh\u00e1naithe, semi-nom\u00e1daigh, ci\u00fana, anseo is trodaire m\u00edleata \u00e9 Abr\u00e1m, a leanann le f\u00f3rsa\u00ed d\u00e1 chuid r\u00edthe an Oirthir, faigheann an bua orthu, agus a thugann thar nais an chreach, agus Lot lena chuid mhaoine san \u00e1ireamh. Ansin leanann sliocht r\u00fandiamhrach seo an lae inniu. Amach faoi dh\u00e9in Abr\u00e1im tagann Melcisedec, r\u00ed Se\u00e1l\u00e9m (ar a dtugadh Iar\u00fasaileim n\u00edos d\u00e9ana\u00ed is d\u00f3cha) agus sagart de Dhia Chan\u00e1n, ar a dtugadh \u201can Dia r\u00f3-ard\u201d (ar ghlac Abr\u00e1m leis gurb ionann \u00e9 agus an Dia ar thug s\u00e9 f\u00e9in om\u00f3s d\u00f3 (Genesis 14:22). Thug Abr\u00e1m (\u201cthug s\u00e9\u201d at\u00e1 sa t\u00e9acs bunaidh) deach\u00fa, an deichi\u00fa chuid, de gach rud do Melcisedec. Figi\u00far r\u00fandiamhrach i dt\u00e9acs seo leabhair Genesis \u00e9 Melcisedec. Ach n\u00edos d\u00e9ana\u00ed i stair Iosrael t\u00f3gfar Melcisedec mar fhigi\u00far den r\u00ed D\u00e1ibh\u00ed agus den Mheisias (Salm 109[110]:4, a l\u00e9itear inniu mar Salm le Freagra), agus go m\u00f3r m\u00f3r sa Litir chuig na hEabhraigh 7:1-17.<\/p>\n<h3>Salm le Freagra (Salm 109[110]). Is sagart th\u00fa go br\u00e1ch de r\u00e9ir ord Melcisedek<\/h3>\n<h3>An Dara L\u00e9acht (1 Coirinthigh 11:23-26).<\/h3>\n<p>Gach uair a itheann sibh an t-ar\u00e1n seo agus a \u00f3lann sibh as an gcail\u00eds seo, is \u00e9 b\u00e1s an Tiarna at\u00e1 \u00e1 fh\u00f3gairt agaibh. Th\u00e1rla an Suip\u00e9ar D\u00e9anach, agus bun\u00fa na hEocairiste, sa bhliain 30 n\u00f3 33 iar-Chriost. Dealra\u00edonn s\u00e9 gur cuireadh le ch\u00e9ile go luath insint\u00ed gearra de sin, de shaghas Cr\u00e9. Ag scr\u00edobh d\u00f3 chuig na Coirintigh thart ar an bhliain 57, agus b\u2019fh\u00e9idir ag tr\u00e1th na C\u00e1sca, tugann P\u00f3l d\u00fainn ceann de na h-insint\u00ed sin i l\u00e9acht an lae inniu. Deir P\u00f3l nach bhfuil s\u00e9 ach ag seachadadh oideas n\u00f3 teagasc a fhoghlaim s\u00e9 f\u00e9in \u201c\u00f3n Tiarna\u201d, teagasc a th\u00e9ann thar nais go hIosa f\u00e9in. Fuair P\u00f3l an traidisi\u00fan seo faoin Eocairist \u00f3n Eaglais in Iar\u00fasail\u00e9im ina ch\u00e9ad chuairt ann sa bhliain 37 n\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir in Ant\u00edoc n\u00edos deana\u00ed, thart ar an bhliain 49. Seo \u00e9 an cuntas i scr\u00edbhinn is aosta de bhun\u00fa na hEocairiste a bhfuil againn, n\u00edos aosta n\u00e1 an ceann i shoisc\u00e9al Marcas, a scr\u00edobhadh thart ar 70 iar-Chr\u00edost. Go bun\u00fasach is ionann a bhfuil sa t\u00e9acs seo agus sna Soisc\u00e9il (ach go bhfuil s\u00e9 n\u00edos c\u00f3ngara\u00ed do L\u00fac\u00e1s). An t-ar\u00e1n, gurb \u00e9 a chorp \u00e9, is i bp\u00e1irt, ar a son s\u00ed\u00fad a ghlacann \u00e9 at\u00e1 s\u00e9. Is \u00e9 an corp a c\u00e9asadh ar son sl\u00e1n\u00fa an chine dhaonna i gCailbhire \u00e9. Deir \u00cdosa glacadh a choirp agus a chuid fola a dh\u00e9anamh i gcuimhne, mar chuimhneamh, air \u2013 le go mbeadh cuimhne ag na f\u00edr\u00e9in. agus fi\u00fa ag an Athair f\u00e9in, ar r\u00fandiamhair bh\u00e1s Chr\u00edost. N\u00ed hamh\u00e1in cuimhneamh go bhfuair s\u00e9 b\u00e1s ach ar \u00e9ifeacht a bh\u00e1is agus a ais\u00e9ir\u00ed, agus faoi mar at\u00e1 siad sin gn\u00edomhach san Eaglais, cuimhneamh do gach Cr\u00edosta\u00ed le beatha de r\u00e9ir na r\u00fandiamhaire a chaitheamh. Gach uair a ghlactar Comaioneach Naofa d\u00e9antar r\u00fandiamhair sin bh\u00e1s \u00cdosa a fh\u00f3g\u00e1irt tr\u00edd an stair s\u00edos go dtiocfaidh Cr\u00edost ar\u00eds.<\/p>\n<h3>An Soisc\u00e9al (L\u00fac\u00e1s 9:11-17).<\/h3>\n<p>D\u2019itheadar uile agus bh\u00edodar s\u00e1ch. I mbliana tugtar an cuntas faoi bhun\u00fa na hEocairiste sa dara l\u00e9acht. Mar sin, mar l\u00e9acht don Soisc\u00e9al roghna\u00edotar t\u00e9acs at\u00e1 gaolmhar leis. Ba \u00e9 an Suip\u00e9ar D\u00e9anach an ceann deiridh dena b\u00e9il\u00ed a bh\u00ed ag \u00cdosa lena mhuintir agus le daoine san imeall. Bh\u00ed teachtaireacht ag na b\u00e9il\u00ed si\u00fad i gc\u00f3na\u00ed agus gaol leis an Suip\u00e9ar D\u00e9anach. Cuntas faoi mhior\u00failt \u00cdosa ag tabhairt b\u00e9ile do ch\u00faig mh\u00edle duine at\u00e1 sa l\u00e9acht seo. An su\u00edomh don mhior\u00failt seo n\u00e1 na sluaite ag br\u00fa chuig \u00cdosa a fhearann f\u00e1ilte rompu, a labhra\u00edonn leo faoi r\u00edocht D\u00e9 agus a leigheasann si\u00fad at\u00e1 breoite. Ansin athra\u00edonn an bh\u00e9im go dt\u00ed an fhadhb: conas bia a shol\u00e1thair don slua m\u00f3r sin. Cuireann na haspail ceist ar \u00cdosa faoi, agus molann siad an slua scaoileadh uaidh. D\u2019\u00cdosa is cuid d\u00e1 theachtaireacht faoi r\u00edocht D\u00e9 bia a sholathair don ochrach. T\u00e1 aithne cu\u00edosach maith ar mhior\u00failt seo \u00cdosa ar iolr\u00fa an ar\u00e1in. Feiceann L\u00fac\u00e1s n\u00edos m\u00f3 ann n\u00e1 an mhior\u00failt f\u00e9in. In a chuntas si\u00fad tugann an mhior\u00failt na hAspail chun tuiscint n\u00edos doimhne bheith acu ar phearsa agus misean \u00cdosa mar Mheisias D\u00e9 (cuntas a leanann d\u00edreach ina dhiaidh, L\u00fac\u00e1s 9:18-22). Baineann L\u00fac\u00e1s \u00fas\u00e1id as \u00edomh\u00e1nna agus friotal teanga chun an gaol idir an mhior\u00failt seo agus bhun\u00fa na hEocairiste a thabhairt chun \u00e1r gcuimhne. Faoi mar a rinne s\u00e9 sa Suip\u00e9ar D\u00e9anach, dearcann \u00cdosa suas chun na bhflaitheas, beanna\u00edonn s\u00e9 an t-ar\u00e1n, briseann agus tugann d\u00e1 dheisceabail le roinnt. D\u00edreach tar \u00e9is gach coisreacan san Aifreann f\u00f3gra\u00edtear r\u00fandiamhair an chreidimh. D\u2019iarr \u00cdosa f\u00e9in orainn gach coiscreacan a chom\u00f3radh i gcuimhe, mar chuimhneamh, air, ar a bh\u00e1s do shl\u00e1n\u00fa an domhain, ar an ghean agus an c\u00faram at\u00e1 aige d\u00f3ibh san at\u00e1 gan bia, iad san ar an imeall agus i ng\u00e1tar ar bith eile.<\/p>\n<h3>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<br \/>Teachtaireacht na hEocairiste d\u00fainn inniu<\/h3>\n<p>Ba \u00ed an Eocairist foinse agus ceartl\u00e1r na Cr\u00edosta\u00edochta tr\u00edd na haoiseanna s\u00edos, agus f\u00f3s is mar sin at\u00e1. Tugann machnamh ar an r\u00fandiamhair chun cuimhnimh an t-\u00e9ileamh a dh\u00e9anann s\u00ed beatha Chr\u00edosta\u00ed d\u00e1 r\u00e9ir a chaitheamh, mar a dh\u00e9anann machnamh ar \u00cdosa Cr\u00edost f\u00e9in. Mar a luadh thuas, ba \u00e9 an Suip\u00e9ar D\u00e9anach an b\u00e9ile deiridh a ith \u00cdosa lena mhuintir f\u00e9in, agus tugann s\u00e9 chun cuimhne intinn \u00cdosa sna b\u00e9il\u00ed sin, ag ithe leo si\u00fad a bh\u00ed san imeall agus a leith\u00e9id. Tugann \u00cdosa i Soisc\u00e9al Marcas cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar bhr\u00edonna iomad\u00fala na hEocairiste. Tar \u00e9is mhior\u00failte iolr\u00fa an ar\u00e1in, in aistear farraige trasna Mhuir na Gail\u00edle luann Marcas go raibh dearmad d\u00e9anta ag na hAspail ar\u00e1n a thabhairt leo, seachas aon bhuil\u00edn amh\u00e1in. Tugann \u00cdosa fol\u00e1ireamh d\u00f3ibh bheith aireach faoi ghabh\u00e1il, giosta, \u00e9ags\u00fala. Mheas na hAspail gur ag tagairt a bh\u00ed s\u00e9 don easba ar\u00e1in a bh\u00ed acu, ach meabhra\u00edonn \u00cdosa d\u00f3ibh an mhior\u00failt ar iolr\u00fa an ar\u00e1in, agus tugann le cuimhne d\u00f3ibh an easba tuisceana at\u00e1 acu ar an mhior\u00failt sin (Marcas 8:14-21). T\u00e9acs deacair le tuiscint \u00e9 sin, ach dealra\u00edonn s\u00e9 go bhfuil \u00cdosa ag tabhairt cuireadh don Eaglais agus d\u00fainn uile machnamh a dh\u00e9anamh ar a bheatha agus a shaol faoi mar ar thug s\u00e9 bia don chorp leis an ar\u00e1n a iolraigh s\u00e9, bia don anam san Eocairist, a ch\u00faram orthu si\u00fad at\u00e1 sna himill agus faoi mh\u00edchumas de shaghas ar bith. Tugann an Eocairist na f\u00edrinn\u00ed sin go l\u00e9ir chun cuimhne.<br \/>&nbsp;&nbsp; &nbsp;An t\u00e9ama a bh\u00ed ann don Chomhdh\u00e1il Eocairisteach Idirn\u00e1isi\u00fanta i mBaile \u00c1tha Cliath i 2012 n\u00e1 \u201cAn Eocairist: Comaoin le Cr\u00edost agus lena ch\u00e9ile\u201d. T\u00e1 sin ag teacht go h\u00e1lainn le liot\u00fairge Aifreann an lae inniu. T\u00e1 Cr\u00edost beo san Eocairist mar fhoinse do chaidreamh, comaoin, phearsanta le Dia agus lena ch\u00e9ile, mar chlann mhac agus chlann in\u00edonacha D\u00e9, br\u00e1ithre agus deirfi\u00faracha \u00cdosa.<br \/>&nbsp;&nbsp; &nbsp;Is r\u00fandiamhair dhomhain \u00ed l\u00e1ithreacht r\u00e9alta Chr\u00edost faoi ghn\u00e9ithe ar\u00e1in agus f\u00edona, nach glactar lei ach tr\u00ed chreideamh. N\u00ed inn\u00e9 n\u00e1 inniu a thosaigh an t-amhras faoi. Tar \u00e9is a sheanm\u00f3ra i gCafarn\u00e1um air f\u00e9in mar ar\u00e1n na beatha, bh\u00ed na Gi\u00fadaigh (n\u00e1r chreid ann) ag aighneas le ch\u00e9ile \u00e1 r\u00e1: \u2018Conas is f\u00e9idir don duine seo a fheoil a thabhairt d\u00fainn le hithe?\u2019 Lean \u00cdosa ar aghaidh lena th\u00e9ama faoi f\u00e9in agus ar gclos na cainte d\u00e1 l\u00e1n d\u00e1 dheisceabail d\u00fairt siad: \u2018Is crua an chaint \u00ed seo, agus c\u00e9 a d\u2019fh\u00e9adfadh \u00e9isteacht lei?\u2019 Mar fhreagra d\u00fairt \u00cdosa: \u2018An bhfuil an m\u00e9id seo ina cheap tuisle agaibh? Ach cad \u00e9 m\u00e1 fheiceann sibh Mac an Duine (\u00cdosa f\u00e9in) ag dul suas mar a raibh s\u00e9 cheana?\u2019 Tharraing a l\u00e1n d\u00e1 dheisceabail siar, agus n\u00edor leanadar \u00e9 a thuilleadh (Eoin 6:52-65).&nbsp; Tuigimid r\u00fandiamhair na hEocraiate n\u00edos fearr m\u00e1 dheinimid machnamh uirthi i gcomth\u00e9acs \u00cdosa fior-Dhia agus f\u00edor-dhuine, a dheascabh\u00e1il chun na bhflaitheas agus \u00e9 ar dheasl\u00e1imh D\u00e9. Tr\u00edd na haoiseanna s\u00edos ghlac an Eaglais le briathra \u00cdosa ar an ar\u00e1n agus an f\u00edon, tar \u00e9is a gcoisreacan, bheith go f\u00edor, go r\u00e9alta, mar a chorp agus a fhuil, agus as sin lean an deabh\u00f3id don sacraimint r\u00f3-naofa. Sl\u00edte a ba iad ina chuir na f\u00edr\u00e9in in i\u00fal a gcreideamh do l\u00e1ithreacht r\u00e9alta \u00cdosa san Eocairist. Nuair a sh\u00e9anadh<br \/>an creideamh sin faoi l\u00e1ithreacht Chr\u00edost ag Berengarius, dhearbhaigh and Eaglais sa bhliain 1079 go nd\u00e9antar an t-ar\u00e1n agus f\u00edon a athr\u00fa go substaint\u00edul go Corp and Fuil Cr\u00edost, a dhearbha\u00edodh ar\u00eds i gComhairle Trionta, teagasc at\u00e1 le f\u00e1il i gCaiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed (alt 1413): \u2018Tr\u00edd an choisreacan cuirtear i gcr\u00edch tras-substainti\u00fa an ar\u00e1in agus an fh\u00edona i gCorp agus i bhFuil Chr\u00edost\u2019.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Meitheamh 2 2013 (C) Sol\u00fantas Chorp Chr\u00edost FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLAleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An B\u00edobla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-95","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/95","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=95"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/95\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=95"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=95"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=95"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}