{"id":964,"date":"2019-11-28T08:42:47","date_gmt":"2019-11-28T08:42:47","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=964"},"modified":"2019-11-28T08:43:09","modified_gmt":"2019-11-28T08:43:09","slug":"1-nollaig-2019-a-cead-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=964","title":{"rendered":"1 Nollaig 2019 (A) C\u00e9ad Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A.\nL\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le\nceisteanna an lae<\/p>\n\n\n\n<p><strong>B. <em>An B\u00edobla: Machnamh\nagus agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>L\u00fach\u00e1ir na Aidbhinte. F\u00eds na hAidbhinte<\/em><\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh\nmar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (\u00cdse\u00e1ia\n2:1-5). <em>Bail\u00edonn an Tiarna na cin\u00edocha\nuile le ch\u00e9ile i s\u00edoch\u00e1in sh\u00edora\u00ed r\u00edocht D\u00e9.<\/em> T\u00e1 an s\u00e9ad seo tairngreachta\nle f\u00e1il beagnach focal ar fhocal i leabhar an fhaidh M\u00edoc\u00e1 (4:1-4). N\u00edl aon\nmh\u00edni\u00fa cinnte ar an ghaol idir an d\u00e1 th\u00e9acs seo: an bhfuil ceann acu i\ndtuilleama\u00ed an chinn eile n\u00f3 an bhfuilid araon i dtuilleamai tairngreachta eile\nneamhsple\u00e1ch. Cuirtear an sliocht as \u00cdse\u00e1ia i l\u00e1thair mar th\u00fas ar bhaili\u00fach\u00e1n\ntairngreachta\u00ed an fh\u00e1idh ar I\u00fada agus Iar\u00fasail\u00e9im. T\u00e1 an tairngreacht seo 2:1-5\nsaini\u00fail i leabhar an fh\u00e1idh \u00cdse\u00e1ia, agus go deimhin san Seantiomna ina ioml\u00e1n,\nb\u00edodh go bhfuil l\u00e9argus uil\u00edoch ag na Sailm faoi R\u00edocht an Tiarna. Ba chuid de\nghn\u00e1th-bheatha stair Iosrael an cogadh, agus de ghn\u00e1th cuirtear na \u201cn\u00e1isi\u00fain\u201d\n(phag\u00e1nacha) i l\u00e1thair sa Bh\u00edobla mar naimhde Iosrael. Is f\u00eds faoin todhcha\u00ed an\ntairngreacht seo, gan sprioc-dh\u00e1ta curtha maidir lena comhl\u00edonadh. Sa\nMhe\u00e1n-Oirthear ba ghn\u00e1th \u00e1it ch\u00f3naithe na nd\u00e9ithe ba th\u00e1bhachta\u00ed a shamhl\u00fa i\nsl\u00e9ibhte arda. Ag teacht leis an traidisi\u00fan seo deireann an t\u00e9acs go mbeidh sliabh\nan Teampaill (\u00e1ras Dhia Iosrael ar talamh) n\u00edos airde f\u00e9in. Maidir leis na\nn\u00e1isi\u00fain (phag\u00e1nacha) de, i dt\u00e9acsanna an tSeantioma at\u00e1 f\u00e1bharach d\u00f3ibh,\ndeirtear go mbeidh siad ar thuras go hIar\u00fasail\u00e9im ag iompar bronntanas \u2013 mar chomhartha\nom\u00f3is d\u2019Iosrael. Anseo feictear iad ag teacht chuig Iar\u00fasail\u00e9im, go Dia\nIosrael, le eolas a fh\u00e1il ar a thoil d\u00f3ibh. D\u00e1 bharr sin feictear toil agus\naigne fhoilsithe D\u00e9 (dl\u00ed D\u00e9 agus Briathar f\u00e1igi\u00fail an Tiarna) ag dul \u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im,\n\u00f3 Shi\u00f3n, amach go dt\u00ed an domhan m\u00f3r. Agus t\u00e1 toradh f\u00f3nta air sin go l\u00e9ir:\nbeidh smacht ag Dia ar na cin\u00edocha agus cuirfear deireadh le ullmh\u00fa chun\ncogaidh. De uirlis\u00ed cogaidh (claimhte, sle\u00e1nna) d\u00e9anfar uirlis\u00ed talmha\u00edochta (soic\nch\u00e9achta, corr\u00e1in). R\u00e9 sh\u00edoch\u00e1na a bheidh ann. Seo f\u00eds ina fheictear na\ncin\u00edocha ag si\u00fal i solas an Tiarna agus glaotar ar phobal D\u00e9 f\u00e9in, Iosrael, an\nrud c\u00e9anna a dh\u00e9anamh. &nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Bh\u00ed tionchar sontasach ag an\nbhf\u00eds tairngreachta seo ar ch\u00farsa\u00ed creidimh agus polait\u00edochta. Ba thoil le h\u00cdosa\ngo leathn\u00f3dh craobhscaoileadh an tsoisc\u00e9il \u00f3 Iarusail\u00e9im, amach go himeall an domhain\n(Gn\u00edomhthartha na na nAspal 1:8). \u00c1bhar inspior\u00e1ide f\u00eds \u00cdse\u00e1ia do lucht polait\u00edochta\nchomh maith. \u00d3n iliomad sampla\u00ed de seo n\u00ed g\u00e1 ach ceann amh\u00e1in a lua. I gairdin\u00ed\nna N\u00e1isi\u00fan Aontaithe i Nua Eabhrach t\u00e1 dealbh cr\u00e9 uamha (leis an ealant\u00f3ir\nEgeniy Vuchetich) le figi\u00far fir agus cas\u00far i l\u00e1mh amh\u00e1in aige agus sa l\u00e1mh eile\ncla\u00edomh lena bhfuil s\u00e9 ag d\u00e9anamh soc c\u00e9achta as. Bronnadh an dealbh seo ar na\nNaisi\u00fain Aontaithe ag Aontacht na Soibh\u00e9ide sa bhliain 1959. T\u00e1 f\u00eds sin \u00cdse\u00e1ia\nag spreagadh daoine i gc\u00f3na\u00ed le cr\u00edoch a chur ar uirlis\u00ed cogaidh agus an ts\u00edoch\u00e1in\na chur chun cinn.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm\n122[123]). <em>Rinne m\u00e9 gairdeas nuair a\nd\u00faradh liom<\/em>: <em>\u201cT\u00e9imis i dteach an\nTiarna\u201d.<\/em> <\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht <\/em>(R\u00f3mh\u00e1naigh\n13:11-14). <em>Is gar d\u00fainn \u00e1r sl\u00e1n\u00fa.<\/em> I\ndt\u00fas an tsleachta seo, sa t\u00e9acs bunaidh Gr\u00e9igise den litir, d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 go\nbhfuil tagairt sna briathra \u201cnuair a thuigeann sibh\u201d don m\u00e9id at\u00e1 scr\u00edofa ag\nP\u00f3l in aitheasc spreagtha d\u00edreach roimhe seo (caibidil 12-13): F\u00edoradhradh D\u00e9,\nbaill den aon chorp amh\u00e1in, gr\u00e1 br\u00e1thar, g\u00e9illeadh don \u00fadar\u00e1s saolta, agus\nd\u00edreach roimh an sliocht seo: an gr\u00e1 mar chomhl\u00edonadh an dl\u00ed. Baineann seo go\nl\u00e9ir le saol na gcreidmheach ar an saol seo. Leanann P\u00f3l ar aghaidh sa l\u00e9acht\nseo ag caint ar an \u201cuair\u201d (<em>kairos<\/em>)\n(uair na cinni\u00fana). Is \u00e9 an \u201cuair\u201d at\u00e1 i gceist n\u00e1 r\u00e9 eascateola\u00edoch na\nLaethanta Deiridh, a tugadh isteach le b\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost, sin go deireadh\nan tsaoil. Ionann \u201can uair\u201d sin agus tr\u00e1th ioml\u00e1n an heaglaise ar talamh.\nCuireann P\u00f3l s\u00edos ar an saol (pag\u00e1nach) do Chr\u00edosta\u00edthe roimh bhaisteadh d\u00f3ibh\nmar an o\u00edche (dorchadas) agus an saol nua Cr\u00edosta\u00ed acu mar sholas, an l\u00e1. Sa\nchumann soisialta pag\u00e1nach d\u2019fh\u00e9adfadh an o\u00edche a bheith mar shiombal don ragairne\nagus don drabhl\u00e1s. Ionann maireacht\u00e1il sa l\u00e1 agus drom l\u00e1imhe a thabhairt don\nna cleachta\u00ed a dtugtar sampla\u00ed d\u00edobh sa l\u00e9acht seo. I sl\u00ed, t\u00e1 cogadh le fearadh\nag creidmhigh, cogadh le fearadh le \u00e9idi cogaidh an tsolais, ar a dtugann P\u00f3l i\nlitreacha eile na su\u00e1ilci diaga, creideamh, d\u00f3chas agus gr\u00e1. In iomar an bhaiste\nbhain na nua-Chr\u00edostaithe d\u00edobh a sean-\u00e9ada\u00ed, agus ag teacht amach d\u00f3ibh cuireadar\northu f\u00e9in a gcuid \u00e9id\u00ed f\u00e9in. Molann P\u00f3l d\u00f3ibh Cr\u00edost f\u00e9in a chur orthu f\u00e9in\nmar \u00e9id\u00ed, is \u00e9 sin le r\u00e1 bheith aontaithe go cro\u00ed leis.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Matha\n24:37-44). <em>B\u00edg\u00ed ag faire chun go mbeidh\nsibh ullamh.<\/em> Sa\nv\u00e9arsa d\u00edreach roimh an ceann seo d\u00fairt \u00cdosa nach fios d\u2019aoinne, an Mac san\n\u00e1ireamh, ach don Athair amh\u00e1in mar gheall ar an l\u00e1 n\u00f3 an uair a thiocfaidh\ndeireadh an tsaoil. Gairm at\u00e1 sa sliocht seo bheith reidh don l\u00e1 sin, do Ateacht,\nT\u00e9arnamh, Mhac an Duine. L\u00e9ir\u00edtear an teagasc le sampla\u00ed \u00f3n mB\u00edobla agus \u00f3\nghn\u00e1th-shaol na haimsire sin.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna\nan lae<\/em><\/strong>: <em>L\u00fach\u00e1ir na Aidbhinte. F\u00eds na hAidbhinte.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>I machnamh d\u00e1 chuid do ch\u00e9ad\nDhomhnach na hAidbhinte meabhragh an P\u00e1pa Benedict XVI go dtosa\u00edonn bliain nua liotuirgeach\nleis an Domhnnach seo. Tosa\u00edonn pobal D\u00e9 an athuair ar an mb\u00f3thar le r\u00fandiamhair\nChr\u00edost sa stair a mhaireacht\u00e1il. Ionann Cr\u00edost inn\u00e9, inniu agus i gc\u00f3na\u00ed. Ach\nathra\u00edonn an stair de sh\u00edor agus t\u00e1 g\u00e1 aici i gc\u00f3na\u00ed le soisceal\u00fa, le\nteachtaireacht an tsoisc\u00e9il a thabhairt di. T\u00e1 g\u00e1 ag an stair le hathnuachtaint\n\u00f3n taobh istigh agus is \u00e9 Cr\u00edost an t-aon fh\u00edor-\u00faire. Is eisean comhl\u00edonadh na\nstaire agus todhcha\u00ed solasmhar an chine dhaonna agus an domhain. Is \u00ed an\nAidbhint, mar sin, an tr\u00e1th f\u00e1bharach, uair na cinni\u00fana, le d\u00faiseacht in\u00e1r\ngcro\u00edthe agus s\u00fail a bheith againn d\u00f3-sin \u201cat\u00e1, a bh\u00ed, agus at\u00e1 le teacht\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e9ann\nan m\u00e9id sin go l\u00e9ir l\u00e9achta\u00ed an lae inniu. Mionlach i saol dhomhan na R\u00f3imhe na\nCr\u00edostaithe ar scr\u00edobh P\u00f3l chucu, ach le buanseasmhacht chuaigh f\u00eds an fh\u00e1idh i\nbhfeidhm ar shaol an chreidimh agus na poilit\u00edochta.&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Rud\neile nach dochar machnamh a dh\u00e9anamh air: gairm seo na gCr\u00edostaithe don domhan,\nn\u00ed ualach ach c\u00fais l\u00fach\u00e1ire \u00ed. Bronntanas \u00f3 Chriost d\u00e1 lucht lean\u00fana an\nl\u00fach\u00e1ir, an t-\u00e1thas (feach ar Eoin 15:11; 16:22-24; 17:13). C\u00fais mhachnaimh \u00ed\nseo don Adbhint.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>N\u00f3ta deiridh!<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>&nbsp;F\u00f3gra<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>&nbsp;<\/strong>T\u00e1 \u201cMachnamh\u201d do l\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh &nbsp;don bhliain liot\u00fairgeach, &nbsp;C\u00farsa A, foilsithe anois i bhfoirm leabhair\nn\u00e9ata. <\/p>\n\n\n\n<p>\u00c9 le fail (ar \u20ac\n10) \u00f3 \u00c1IS, n\u00f3 tr\u00edd an bpost \u00f3:<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Sagart,<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>f\/ch Roinn na Nua-Ghaeilge,<\/p>\n\n\n\n<p>Ollscoil Mh\u00e1 Nuad, <\/p>\n\n\n\n<p>Maigh Nuad,<\/p>\n\n\n\n<p>Co. Chill Dara.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-964","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/964","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=964"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/964\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":965,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/964\/revisions\/965"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=964"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=964"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=964"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}