{"id":966,"date":"2019-12-03T14:57:49","date_gmt":"2019-12-03T14:57:49","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=966"},"modified":"2019-12-03T14:57:49","modified_gmt":"2019-12-03T14:57:49","slug":"8-nollaig-2019-a-dara-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=966","title":{"rendered":"8 Nollaig 2019 (A) Dara Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSCh<\/p>\n\n\n\n<p>A.\nL\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le\nceisteanna an lae. <em>An Aidbhint agus gairm chun athr\u00fa crutha san Eaglais.<\/em><\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh\nmar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li><\/ol>\n\n\n\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (Ise\u00e1ia\n11:1-10). <em>Tugann s\u00e9 breithi\u00fanas cothram i\nleith na ndear\u00f3ile.<\/em> Bh\u00ed cead isteach \u00e9asca ag an an bhf\u00e1idh Ise\u00e1ia den\nocht\u00fa aois roimh Chr\u00edost ar r\u00edtheaghlach Dh\u00e1iv\u00ed. Thug s\u00e9 comhairle don r\u00ed \u00c1chaz\nle linn g\u00e9irch\u00e9ime agus ch\u00e1in s\u00e9 go g\u00e9ar \u00e9 toisc gur thug s\u00e9 an t-eiteachas do\nbhriathar D\u00e9. Ba \u00e9 sin an tr\u00e1th inar thug s\u00e9 an tairngreacht iomr\u00e1iteach \u00cdme\u00e1n\u00fa\u00e9il\nfaoi bhreith Shl\u00e1naitheora don r\u00edtheaghlach.Tharaingir s\u00e9 chomh maith go ngearrfa\u00ed\npion\u00f3s trom ar Iar\u00fasail\u00e9im, ar an r\u00edtheaghlach agus ar an bpobal de bharr a\nneamart sa conradh le Dia. Ach chuir s\u00e9 b\u00e9im chomh maith i nd\u00edlse D\u00e9 don\nchonradh le D\u00e1iv\u00ed agus t\u00e1 roinnt tairngreachta\u00ed iomr\u00e1iteacha sa leabhar ar na laethanata\ngl\u00f3rmhara le teacht le breith an ts\u00e1r-oidhre do ritheaghlach Dh\u00e1iv\u00ed. Ceann d\u00edobh\nsin n\u00e1 an l\u00e9acht ar bhreith an linbh in Aifreann na Gine. Ceangla\u00edonn l\u00e9acht an\nlae inniu an bhreith sin le f\u00eds n\u00edos leithne ar theacht r\u00e9 na c\u00f3ra agus an\nionracais, agus ar athbhun\u00fa c\u00farsai mar a bh\u00ed siad i nG\u00e1irdin Pharthais. Sin\nuile de bharr eolais forleathain ar an dTiarna agus beatha d\u00e1 r\u00e9ir.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ba athair do Dh\u00e1iv\u00ed Iese. &nbsp;B\u2019eisean an stoc\u00e1n as ar eascair r\u00edtheaghlach,\ncrann, Dh\u00e1iv\u00ed. F\u00e9achann \u00fadar an t\u00e9acs seo ar an gcrann sin ag filleadh ar an\nstaid ina raibh s\u00e9, n\u00f3 bh\u2019fh\u00e9idir ar an r\u00edtheaghlach bascaithe agus gan f\u00e1gtha\nden chrann sin ach an stoc\u00e1n. Ar aon chuma \u00f3n bhun crainn sin beidh bachl\u00f3g\nagus gas ag teacht, is \u00e9 sin le r\u00e1 oidhre nua ar Iese do theaghlach Dh\u00e1iv\u00ed.\nBeidh misean le d\u00e9anamh aige agus beidh s\u00e9 curtha in oiri\u00faint don mhisean sin\nle s\u00e9 buanna an Spioraid. I stair an Bh\u00edobla bh\u00ed \u00e1it th\u00e1bhachtach ag Spiorad D\u00e9\na tugadh do dhaoine tofa do ghn\u00f3 faoi leith. Thug an Spiorad an chumhacht d\u00f3ibh\nan gn\u00edomh a chur i gcr\u00edch. Bh\u00ed na buanna saibhre le bheith ag mac seo Dh\u00e1iv\u00ed,\nan Meisias, leis an r\u00e9 nua a thabhairt isteach. Bh\u00ed na s\u00e9 buanna at\u00e1 \u00e1irithe sa t\u00e9acs\nseo le f\u00e1il sa t\u00e9acs Eabhraise. Chuir na haistri\u00fach\u00e1in Gr\u00e9igise agus Laidine\nceann eile leo seo, an chr\u00e1ifeacht, agus t\u00e1 na seacht gcinn sin linn i gc\u00f3na\u00ed\nmar na Seacht dTiolachtha\u00ed an Spioraid Naoimh, ag cur pobal D\u00e9 in oiri\u00faint don\nmhisean at\u00e1 acu le fianaise a thabhairt sa r\u00e9 nua at\u00e1 linn cheana f\u00e9in. Ach le\nfilleadh ar Mhac Dh\u00e1iv\u00ed, an Meisias: \u00e9 curtha in oiri\u00faint leis na buanna sin\naige, beidh a r\u00e9imeas mar a mheastar, le b\u00e9im ar ch\u00faram do na &nbsp;daoine dealbha agus i leith dear\u00f3ile na t\u00edre. Tr\u00e9ithe suntasacha d\u00e1\nr\u00e9imeas an t-ionracas agus an d\u00edlse. T\u00e9ann f\u00eds na l\u00e9achta seo thar c\u00farsa\u00ed r\u00e9imeas\nan Mheisias. R\u00e9 nua a bheidh ann don d\u00falra f\u00e9in, \u00e9 le filleadh ar an st\u00e1das mar\na bh\u00ed i dtosach b\u00e1ire in aigne D\u00e9 le s\u00edoch\u00e1in idir na hainmhithe agus an duine\n\u2013 \u00e9 seo go l\u00e9ir ag eascair \u00f3 \u201ceolas\u201d forleathan ar an dTiarna. Ionann eolas ar\nDhia sa Bh\u00edobla agus aithne air agus beatha de r\u00e9ir a thola. Cr\u00edochna\u00edonn an\nl\u00e9acht le l\u00ednte tosaigh d\u00e1na ar fhilleadh Iosrael \u00f3n deora\u00edocht. Ansin, &nbsp;sa r\u00e9 nua seo, agus an D\u00e1iv\u00ed nua seo, fr\u00e9amh Iese,\nglanta \u00f3na pheaca\u00ed agus \u00f3na mh\u00e1cail, seasfaidh s\u00e9 mar chomhartha, thar I\u00fada\nagus Iar\u00fasail\u00e9im amach, comhartha do na ciniocha pag\u00e1nacha le go leigf\u00ed\ndeoraithe Iosrael thar nais, agus de r\u00e9ir an teacs Eabhraise,faoin chomhartha\nseo, fr\u00e9amh Iese,\u201cbeidh na cin\u00edocha \u00e1 lorg\u201d, (ag lorg mac Iese?), a aistr\u00edtear\ngo Gr\u00e9igis mar: \u201cIs ann a chuirfidh na n\u00e1isi\u00fain a muin\u00edn\u201d, t\u00e9acs a luann P\u00f3l d\u00edreach\nroimh dara l\u00e9acht an lae inniu. <\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 71[72]).\n<em>Blath\u00f3<\/em>idh <em>s\u00edoch\u00e1in agus f\u00edr\u00e9antacht lena linn n\u00f3 go meathfaidh an ghealach.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht <\/em>(R\u00f3mh\u00e1naigh\n15:4-9).<em>Sl\u00e1na\u00edonn Cr\u00edost gach aon duine<\/em>.\nCuireann P\u00f3l cr\u00edoch lena litir chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh le haitheasc tr\u00e9adach ar an\nmbeatha nua i gCr\u00edost a bhfuil glaoch ag na Cr\u00edosta\u00edthe chuici.Tosa\u00edonn an\nt-aitheasc mar seo (R\u00f3mh\u00e1naigh 12:1-2): \u201cAr an \u00e1bhar sin, a bhr\u00e1ithre, t\u00e1im \u00e1\niarraidh oraibh as ucht tr\u00f3caire D\u00e9, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-\u00edobairt bheo\nnaofa thaitneamhach do Dhia; sin \u00e9 bhur n-adhhradh spiorad\u00e1lta. N\u00e1 leanaig\u00ed\npatr\u00fan an tsaoil seo ach cuirig\u00ed malairt meoin oraibh f\u00e9in tr\u00ed athnuachan aigne\nar shl\u00ed go n-aithneodh sibh cad \u00e9 is toil le Dia, cad \u00e9 at\u00e1 maith agus taitneamhach\nagus foirfe\u201d. T\u00e1 l\u00e1rionad ag foighid agus fadfhulaingt le beatha mar seo a\nchaitheamh, agus filleann P\u00f3l ar sin i l\u00e9acht an lae inniu, agus le sampla faoi\nsin a thabhairt luann s\u00e9 a rinne Cr\u00edost: \u201cN\u00ed ar mhaithe leis f\u00e9in a bh\u00ed Cr\u00edost\nach mar at\u00e1 scr\u00edofa: \u2018Is ormsa a thit aithis\u00ed na ndaoine a bh\u00ed do d\u2019aithisi\u00fa\u2019\u201d\n(Salm 69:9). B\u2019fh\u00e9idir\ngo dtugann an t\u00e9acs a leanann seo l\u00e9argus d\u00fainn ar cad a bh\u00ed in a aigne ag P\u00f3l:\nRinneadh seirbh\u00edseach timpeallgearrtha de Chr\u00edost do na Ghi\u00fadaigh chun na\ngealltanais a tugadh do na patrarca\u00ed a chomhl\u00edonadh, Ach an tuiscint a bh\u00ed ag\nCr\u00edost ar na gealltanais sin, chuaigh s\u00e9 i bhfad thar s\u00faile roinnt mhaith de na\nGi\u00fadaigh agus d\u00e1 bharr sin thit a gcuid masla agus aithisi ar \u00cdosa. Bheadh ar\nChr\u00edostaithe bheith r\u00e9idh d\u00e1 leith\u00e9id chomh maith ar son Criost \u00f3 na pag\u00e1naigh.\nLeanann l\u00e9acht an lae inniu an r\u00e9amhr\u00e1 seo \u00f3 Ph\u00f3l. Tugann s\u00e9 chun cuimhne d\u00e1\nl\u00e9itheoir\u00ed an creideamh agus an d\u00f3chas a bh\u00ed ag na gl\u00fanta Gi\u00fadacha, mar at\u00e1 le\nl\u00e9amh sa Bh\u00edobla, agus meabhra\u00edonn s\u00e9 go raibh seo uile scr\u00edofa le go mbeadh\nd\u00f3chas acu, &nbsp;is \u00e9 sin le r\u00e1\nbuanseasmhacht sa chreideamh agus bheith r\u00e9idh glacadh lena a ch\u00e9ile san eaglais,\nfaoi mar a ghlaoigh Cr\u00edost isteach san eaglais gach aoinne, Gi\u00fadach agus\nneamh-Ghi\u00fadach. Rinne Cr\u00edost gach a rinne s\u00e9 chun gl\u00f3ir sa thabhart do Dhia,\nagus t\u00e1 gairm ag creidmhigh i gCr\u00edost an fhianaise ch\u00e9anna a thabhairt le bheith\naontaithe le ch\u00e9ile gan tr\u00e1cht ar chine, agus mar sin gl\u00f3ir a thabhairt do\nDhia.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Matha\n3:1-12). <em>D\u00e9anaig\u00ed aithr\u00ed mar t\u00e1 r\u00edocht na\nbhflaitheas in achmaireacht. <\/em>Mar r\u00e9amhtheachtaire do theacht, aidbhint, Chr\u00edost\nt\u00e1 \u00e1it shuntasach ag Eoin Baiste i liot\u00fairge na hAidbhinte. Is faoi at\u00e1\nl\u00e9achta\u00ed an tsoisc\u00e9il sa Dara Domhnach inniu agus ar\u00eds sa Tr\u00ed\u00fa Domhnach, agus\nis sp\u00e9isi\u00fail an codarsnacht at\u00e1 eatorthu. Tosa\u00edonn l\u00e9acht an lae inniu leis na\nbriathra \u201csna laethanta sin\u201d. Modh cainte at\u00e1 ann, gan br\u00ed bheacht aige, leis\nan mh\u00edr nua seo a nascadh le sc\u00e9al na\u00edonacht Chr\u00edost a chuaigh roimhe (Matha\n1-2). Tosa\u00edonn an cur sios ar bheatha phoibl\u00ed \u00cdosa, ar a bh\u00e1s agus aiseir\u00ed, &nbsp;dair\u00edre le seanm\u00f3ireacht Eoin. Is leis seo a\nthosaigh c\u00e9ad chraobhscaoileadh an Dea-Sc\u00e9il. N\u00edl aon na\u00edonsc\u00e9al ag Marcas.\nThosaigh r\u00e9 nua f\u00e1idhead\u00f3ireachta le Eoin Baiste, agus l\u00e9ir\u00edonn a chuid \u00e9adaigh\nagus bia \u00e9 seo. Thainig s\u00e9 i spiorad \u00c9ilias, an ch\u00e9ad mh\u00f3r-fh\u00e1idh in Iosrael\nagus bh\u00ed Eoin feistithe cos\u00fail leis. Aithn\u00edodh \u00c9ilias \u00f3na \u00e9adach, mar a deir an\nB\u00edobla (2 R\u00edthe 1:8): \u201cBh\u00ed fallaing r\u00f3in \u00e1 caitheamh aige agus crios leathair\nar a choim\u201d. Cuirtear Eoin Baiste i l\u00e1thair mar chomhl\u00edonadh m\u00f3r-thairgngreacht\nna r\u00e9 nua i leabhar Ise\u00e1ia f\u00e1idh. Glacadh mar fh\u00e1idh leis agus th\u00e1inig na\nsluaite chuige \u00f3 Iar\u00fasail\u00e9im agus I\u00fada. N\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 go ndeachaigh s\u00e9 bhfeidhm go\nm\u00f3r ar dhaoine, toisc go bhfuil a chuid seanm\u00f3ireachta agus an toradh a bh\u00ed\nleis luaite ag an stara\u00ed Gi\u00fadach Josephus. L\u00e1r-phointe teachtaireacht Eoin n\u00e1\nglaoch chun aithr\u00ed toisc go raibh r\u00edocht na bhflaitheas (ionann &nbsp;sin is r\u00edocht D\u00e9) in achmaireacht. Ina measc\nsi\u00fad a th\u00e1inig chuige bh\u00ed daoine \u00f3na gr\u00fapai ba mh\u00f3 aitheantais in Iosrael, na\nFairis\u00ednigh le oideas b\u00e9il nach raibh sa Bh\u00edobla agus na Sad\u00facaigh (a raibh\nbaint acu den chuid is m\u00f3 leis an sagartacht) n\u00e1r ghlac le traidisiun na\nbhFairis\u00edneach. Labhair Eoin go soil\u00e9ir agus go l\u00e1idir leo faoi riachtanas\naithr\u00ed fh\u00edreannach, ar lean dea-oibreacha aisti. N\u00edor l\u00e9or bheith i do Ghi\u00fadach\nn\u00f3 de sh\u00edol Abr\u00e1h\u00e1m don sl\u00e1n\u00fa. Baisteadh chun aithr\u00ed baisteadh Eoin, leis an\nb\u00f3thar a dh\u00e9anamh r\u00e9idh don T\u00e9 a bh\u00ed le teacht, an Meisias, an Cr\u00edost, a mheas Eoin\na fhearfadh pion\u00f3s g\u00e9ar ar lucht d\u00e9anta an oilc. Bh\u00ed dul am\u00fa ar Eoin faoi seo.\nA mhalairt ar fad a tharla le Cr\u00edost agus a chairdeas leis na peacaigh, agus sa\nphrios\u00fan d\u00f3 th\u00e1inig amhras ar Eoin arb \u00e9 Iosa d\u00e1ir\u00edre an T\u00e9 a bh\u00ed le teacht,\nmar a luaigh s\u00e9 ina sheanm\u00f3ireacht, ag r\u00e9iteach na sli d\u00f3. D\u2019fhreagair \u00cdosa go\nraibh a mhodhanna caoine, s\u00e9imhe f\u00e9in tuartha sa scriopt\u00far chomh maith. B\u2019shin\ncuid de r\u00fandiamhair \u00cdosa a bh\u00ed le foghlaim ag Eoin. Teachtaireacht as seo d\u00fainn\ninniu, ag teacht le b\u00e9im a leagann an P\u00e1pa Proinsias ar mhisean na heaglaise, &nbsp;bheith tugtha do mhachnamh ar chneastacht agus\nchine\u00e1ltacht \u00cdosa agus an \u00edomh\u00e1 sin de a l\u00e9iri\u00fa don domhan.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le\nceisteanna an lae<\/em><\/strong>:<em>An Aidbhint agus gairm chun athr\u00fa crutha san Eaglais,<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>T\u00e1 l\u00e9achta\u00ed an lae inniu ag teacht\nle gairm an Ph\u00e1pa Proinsias do athnuachan, athr\u00fa crutha mar a d\u00e9arf\u00e1, san eaglais.\nT\u00e9ann an ch\u00e9ad l\u00e9acht agus an l\u00e9acht sa soisc\u00e9al thar an tuiscint a bh\u00ed ann ina\nlaethanta f\u00e9in faoin todhcha\u00ed. T\u00e1 seo soil\u00e9ir \u00f3n ch\u00e9ad l\u00e9acht. Bh\u00ed Eoin Baiste\nag glaoch ar dhaoine a bheith r\u00e9idh, le aithr\u00ed, toisc go raibh r\u00edocht na\nbhflaitheas, r\u00edocht D\u00e9, buailte leo, le teacht an T\u00e9 a bh\u00ed le teacht ina dhiaidh.\nChuaigh a d\u00fairt agus a rinne \u00cdosa i bhfad thar a mheas Eoin. Is \u00ed teachtairteacht\nPh\u00f3il n\u00e1 gur athr\u00fa crutha \u00ed an Chr\u00edosta\u00edocht \u201cN\u00e1 glacaig\u00ed le cruth an tsaoil\nseo, ach b\u00edodh athr\u00fa crutha oraibh tr\u00ed athnuathan bhur n-intinne\u201d, athnuachan\ntr\u00ed ghr\u00e1sta D\u00e9, aontacht le Cr\u00edost, leis an eaglais agus a sacraimint\u00ed, ionas\ngo mbeadh ar \u00e1r gcuma toil D\u00e9 a aithint \u2013 sin go l\u00e9ir i gc\u00farsa\u00ed shaol na linne\nseo ina mhairimid, ag saothr\u00fa agus ag gu\u00ed &nbsp;ar&nbsp; son\nna heaglaise, go mbeadh si \u00e1 &nbsp;h-athnuachan leis an l\u00fach\u00e1ir Chr\u00edostai agus gr\u00e1\n\u00cdosa don domhan a chraobhscaoileadh.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>N\u00f3ta deiridh!<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>&nbsp;F\u00f3gra<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>&nbsp;<\/strong>T\u00e1 \u201cMachnamh\u201d do l\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh &nbsp;don bhliain liot\u00fairgeach,&nbsp; C\u00farsa A, foilsithe anois i bhfoirm leabhair\nn\u00e9ata. <\/p>\n\n\n\n<p>\u00c9 le fail (ar\nEuro 10) \u00f3 \u00c1IS, n\u00f3 tr\u00edd an bpost \u00f3:<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Sagart,<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>f\/ch Roinn na Nua-Ghaeilge,<\/p>\n\n\n\n<p>Ollscoil Mh\u00e1 Nuad, <\/p>\n\n\n\n<p>Maigh Nuad,<\/p>\n\n\n\n<p>Co. Chill Dara.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSCh A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-966","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/966","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=966"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/966\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":967,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/966\/revisions\/967"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=966"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=966"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=966"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}