{"id":97,"date":"2013-06-07T09:09:52","date_gmt":"2013-06-07T09:09:52","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=97"},"modified":"2013-06-07T09:09:52","modified_gmt":"2013-06-07T09:09:52","slug":"meitheamh-9-2013-c-deichiu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=97","title":{"rendered":"Meitheamh 9 2013 (C) Deichi\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align: justify;\">Meitheamh 9 2013 (C) Deichi\u00fa Domhnach Saor<\/h2>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLA<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br \/>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<br \/>Cr\u00edost, P\u00f3l agus an Eaglais<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<br \/>Cr\u00edost, P\u00f3l agus an Eaglais<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">C\u00e9ad L\u00e9acht (1 R\u00edthe 17:17-24).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">F\u00e9ach, t\u00e1 do mhac beo. Roghna\u00edodh an sliocht \u00e1irithe seo do liot\u00fairge an lae inniu toisc gur c\u00falra oiri\u00fanach \u00e9 don l\u00e9acht sa Soisc\u00e9al ina ghlaonn \u00cdosa mac na baintr\u00ed thar nais \u00f3n mb\u00e1s i gcathair N\u00e1in. Leis an sliocht a shu\u00edomh ina ch\u00falra sa Bh\u00edobla f\u00e9in, is m\u00edr de shraith sc\u00e9alta \u00e9 faoin fh\u00e1idh agus ghiolla D\u00e9 \u00c9il\u00edas, den chuid is m\u00f3 de freas\u00fara \u00c9il\u00edas don r\u00ed Ach\u00e1b agus a bhean ch\u00e9ile, an r\u00edon \u00cdzeibil, in\u00edon le Etbaal r\u00ed na Siod\u00f3nach, a bh\u00ed ag iarraidh cultas a d\u00e9 br\u00e9ige f\u00e9in Baal a thabhairt isteach agus cultas an Tiarna, Dia Iosrael, a scrios. Leanann an f\u00e1idh \u00c9il\u00edas mar a threoir\u00edonn Dia \u00e9. Tugann Dia triomach ar Iosrael agus ar Shiod\u00f3n. Tugann Dia ord\u00fa d\u2019\u00c9il\u00edas dul thar chr\u00edocha Ach\u00e1b go criocha pag\u00e1nacha Shiod\u00f3n, \u00e1it ar thug s\u00e9 ord\u00fa do bhaintreach bia a thabhairt d\u00f3. C\u00e9 go raibh s\u00ed f\u00e9in agus a mac ar an ghannchuid rinne s\u00ed rud ar \u00c9il\u00edas agus mh\u00e9adaigh Dia ar a st\u00f3r (1 R\u00edthe 17:1-16). Mheabraigh \u00cdosa cuairt seo \u00c9il\u00edas ar an mbaintreach sin do mhuintir Nasaire (L\u00fac\u00e1s 4:25-26). Tagann sliocht an lae inniu d\u00edreach tar \u00e9is eachtra sin chabhair na baintr\u00ed ar \u00c9il\u00edas. Fuair mac bhean an t\u00ed b\u00e1s. Cuireann s\u00ed forr\u00e1n ar \u00c9il\u00edas mar \u201cgiolla D\u00e9\u201d agus t\u00e1 s\u00ed den tuairim gurb iad a peaca\u00ed f\u00e9in is c\u00fais le b\u00e1s a mic. Iompra\u00edonn \u00c9il\u00edas an mac go dt\u00ed an seomra a bh\u00ed curtha in \u00e1irithe ag an bhaintreach d\u00f3 agus sh\u00edn s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in ar an leanbh tr\u00ed huaire. D\u2019fh\u00e9adfa\u00ed a mheas gur \u201cdra\u00edocht chomhbhraiteach\u201d a bh\u00ed anseo (t\u00e1 eachtra cos\u00fail leis \u00f3n fhaidh \u00c9il\u00edse\u00e1 i 2 Rithe 4:32-37), ach l\u00e1rnach don eachtra seo t\u00e1 urna\u00ed \u00c9il\u00edas do Dhia agus freagra D\u00e9 chuige leis an bheatha a thabhairt thar nais do mhac na baintr\u00ed. D\u00e9anann an bhean admh\u00e1il chreidimh gur giolla D\u00e9 d\u00e1ir\u00edre \u00c9il\u00edas agus gur f\u00edor briathar an Tiarna ina bh\u00e9al.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">Salm le Freagra (Salm 29[30[). Molfaidh m\u00e9 th\u00fa, a Thiarna, de bhr\u00ed gur shaor t\u00fa m\u00e9.<\/h3>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Dara L\u00e9acht (Galataigh 1:11-19).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">D\u2019fhoilsigh Dia a mhac ionam chun go nd\u00e9anfainn a Dhea-Sc\u00e9al a fh\u00f3gairt i measc na ngintlithe. An Domhnach seo caite, mar dhara l\u00e9acht, thosaigh an l\u00e9amh leath-lean\u00fanach den litir chuig na Galataigh, n\u00e1r l\u00e9adh toisc cheili\u00faradh Shol\u00fantais Chorp Chr\u00edost. Leanfaidh l\u00e9amh na litreach seo ar aghaidh ar feadh na c\u00faig Dhomhnacha\u00ed seo chugainn. Bhunaigh P\u00f3l an eaglais sa Ghal\u00e1it, pobal de bhunadh pag\u00e1nach, neamh-Ghi\u00fadach, den chuid is m\u00f3 de r\u00e9ir dealraimh. Agus d\u2019fh\u00f3gair s\u00e9 a shain-soisc\u00e9al ann, go dtagann an sl\u00e1n\u00fa \u00f3 chreideamh in \u00cdosa, gan an timpeallghearradh n\u00f3 cleachtadh Dhl\u00ed Mhaois a bheith riachtanach. Tamall n\u00edos d\u00e9ana\u00ed tugadh le fios d\u00f3 go raibh Cr\u00edosta\u00edthe Gi\u00fadacha, gan aon \u00fadar\u00e1s eaglasta, tagaithe a chuir ina lu\u00ed ar eaglais na Gal\u00e1ite go raibh an timpeallghearradh agus cleachtadh Dhl\u00ed Mhaoie riachtanach don sl\u00e1n\u00fa, agus go raibh P\u00f3l tar \u00e9is dallamull\u00f3g a chur orthu, fear n\u00e1rb aspal ceart \u00e9 ar aon chuma, duine n\u00e1rb bhall de aspail Chr\u00edost \u00f3 th\u00fas. Mar fhreagra ar an gh\u00e9arch\u00e9im sin a scr\u00edobh P\u00f3l an litir seo chuig na Galataigh.<br \/>I sliocht sp\u00e9isi\u00fail d\u00edrbheath\u00e1isn\u00e9iseach ann leagann P\u00f3l b\u00e9im ar an ghlaoch mar aspal a fuair s\u00e9 \u00f3 Dhia, agus tugann s\u00e9 eolas t\u00e1bhachtach d\u00fainn ar a bhlianta tosaigh mar Chr\u00edosta\u00ed. An soisc\u00e9al, an teachtaireacht, at\u00e1 aige n\u00ed \u00f3 dhaoine daonna a fuair s\u00e9 \u00e9; n\u00ed aspail den dara gr\u00e1d \u00e9, ach \u00e9 tofa mar aspal d\u00edreach \u00f3 Dhia an uair a tionnta\u00edodh chun Chr\u00edost \u00e9, tofa le dea-sc\u00e9al a craobhscaoileadh chuig na pag\u00e1naigh, neamh-Ghi\u00fadaigh. Ag teacht leis sin go l\u00e9ir, tar \u00e9is iomp\u00fa chun Chr\u00edost d\u00f3 n\u00ed th\u00e9ann s\u00e9 chuig na haspail tosaigh (C\u00e9afas\/Peadar agus an chuid eile) in Iar\u00fasail\u00e9im le treoir a fh\u00e1il uathu. Agus nuair a thugann s\u00e9 cuairt ar C\u00e9afas (Peadar) n\u00edos d\u00e9anai, n\u00ed chun cead seanm\u00f3ireachta a fh\u00e1il uaidh sin. An misean at\u00e1 aige, tagann s\u00e9 d\u00edreach \u00f3 Dhia, neamhsple\u00e1ch \u00f3na haspail eile.<br \/>T\u00e1 na sonra\u00ed d\u00edrbheath\u00e1sin\u00e9iseacha sa sliocht thar a bheith sp\u00e9isi\u00fail. Is \u00e9 is d\u00f3cha\u00ed n\u00e1 gur cuireadh \u00cdosa chun b\u00e1is sa bhlian 30 iar-Chr\u00edost, agus gur tharla an gh\u00e9arlean\u00faint, b\u00e1s Stiof\u00e1in agus tiont\u00fa Sh\u00f3il\/Ph\u00f3il chun an chreidimh i 32\/33 iar-Chr\u00edost. Bh\u00ed P\u00f3l sa Damaisc agus san Ar\u00e1ib sna blianta 33-36, agus thug s\u00e9 turas go hIar\u00fasail\u00e9im agus C\u00e9afas (Peadar) in 36 Iar-Chr\u00edost. Deir P\u00f3l go ndeacha s\u00e9 chun na hAr\u00e1ibe ar iomp\u00fa go Cr\u00edost d\u00f3. An Naibit\u00e9a at\u00e1 i gceist, Petra mar phr\u00edomhchathair agus Aretas ina r\u00ed air. (Bh\u00ed in\u00edon leis p\u00f3sta ar H\u00e9ar\u00f3d Antipas na Gail\u00edle.) N\u00ed deirtear cad a rinne s\u00e9 i bPetra na blianta sin. C\u00e9 go measann scol\u00e1ir\u00ed \u00e1irithe gur ag craobhscaoileadh a chreidimh in gCr\u00edost a bh\u00ed s\u00e9, seans gur ag dianmhachnamh ar a st\u00e1das nua a bh\u00ed, agus ag cur le ch\u00e9ile an diagacht dhomhain sin a l\u00e9ireoidh s\u00e9 ina a litreacha n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. In Iar\u00fasail\u00e9im n\u00edor bhuail s\u00e9 ach le C\u00e9afas (Peadar) agus le S\u00e9amas, br\u00e1thair an Tiarna, n\u00e1rb aspal \u00e9, agus a bheidh ina cheannaire ar an eaglais in Iar\u00fasail\u00e9im n\u00edos d\u00e9anai<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">An Soisc\u00e9al (L\u00fac\u00e1s 7:11-17).<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">A fhir \u00f3ig, deirim leat, \u00e9irigh. Cuntas d\u00edreach at\u00e1 anseo faoi chonas a thug \u00cdosa fear \u00f3g thar nais \u00f3n mb\u00e1s, aonmhac a mh\u00e1thar agus ise ina baintreach. Tharla sin i mbaile ar a dtugadh N\u00e1in, ar ionann \u00e9 is d\u00f3cha agus an baile beag Arabach Nein an lae inniu, 14 cilim\u00e9adar (8.7 m\u00edle) sl\u00ed \u00f3 Nasair. D\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 go raibh an eachtra eile \u00fad faoin fh\u00e1idh Eil\u00edas a bh\u00ed againn sa ch\u00e9ad l\u00e9acht ina aigne ag \u00cdosa; mheabhraigh s\u00e9 impleachta\u00ed na m\u00edre d\u00edreach roimhe d\u00e1 mhuintir sa sionag\u00f3g sa Nasair.<\/p>\n<h3 style=\"text-align: justify;\">B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<br \/>Cr\u00edost, P\u00f3l agus an Eaglais<\/h3>\n<p style=\"text-align: justify;\">Leagtar b\u00e9im mh\u00f3r inniu i dtaighde ar \u201c\u00cdosa na Staire\u201d, ar phearsa agus teagasc \u00cdosa as Nasarat sa mh\u00e9id go bhf\u00e9adfa\u00ed teacht ar eolas faoi sin le modhanna stairi\u00fala amh\u00e1in, t\u00e9acsanna an Tiomna Nua ina measc, ach iad sin t\u00f3gtha mar fhoins\u00ed staire, seachas foins\u00ed creidimh. D\u00e9antar t\u00e9ascanna na Soisc\u00e9al a scagadh go mion lena fh\u00e1il amach c\u00e9 mh\u00e9ad d\u00edobh ar f\u00e9idir a mheas a thagann \u00f3 \u00cdosa f\u00e9in go cinnte, go deimhin, gur d\u00f3cha; n\u00f3 nach deimhin n\u00e1 d\u00f3cha gur \u00f3 Iosa iad ach ar cumadh ag an comhluadar Cr\u00edosta\u00ed. Ar uairibh d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed a mheas \u00f3 ruda\u00ed a deirtear nach den t\u00e1bhacht ch\u00e9anna don chreideamh r\u00e1iteas n\u00f3 teagasc sna Soisc\u00e9il nach i mbriathra beachta \u00cdosa f\u00e9in iad, ach gur \u00f3n luath-eaglais iad. Nuair a chuirtear an bh\u00e9im go l\u00e9ir ar a bhriathra beachta agus na gn\u00edomthartha cinnte a rinne \u00cdosa, is \u00e9asca scoilt a dh\u00e9anamh idir Chr\u00edost agus an Eaglais a lean tar \u00e9is bhais agus airs\u00e9ir\u00ed d\u00f3, amhail is go mba buaic-phointe \u00cdosa na staire agus tr\u00e9igean a fh\u00edse ar imeacht d\u00f3. Mar a cuireadh \u00e9 i r\u00e1iteas l\u00e9anta blianta fada \u00f3 shoin: \u201cD\u2019fh\u00f3gair \u00cdosa na r\u00edocht agus is \u00e9 a eascair as n\u00e1 an eaglais\u201d.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">Tugann an dara l\u00e9acht inniu as litir Ph\u00f3il chuig na Galataigh deis d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar cheisteanna d\u00e1 leith\u00e9id. I dtosach b\u00e1ire bh\u00ed \u00cdosa ann agus an bu\u00edon (D\u00e1r\u00e9ag) a bh\u00ed roghnaithe go speisialta aige, agus lucht lean\u00fana eile nach iad. Tar \u00e9is a ch\u00e9asadh agus a ais\u00e9ir\u00ed thaispe\u00e1in \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in d\u00f3ibh agus thug ord\u00fa d\u00f3ibh an Dea-Sc\u00e9al a fhogairt go himeall an domhain. Ba fhinn\u00e9ithe s\u00fal iad ar a shaothar poibl\u00ed \u00f3 bhaisteadh Eoin go dt\u00ed a dheascabh\u00e1il &#8212; a tharla dachad l\u00e1 tar \u00e9is a ais\u00e9ir\u00ed de r\u00e9ir chuntais L\u00fac\u00e1is. Ansin tri bhliain n\u00edos d\u00e9ana\u00ed th\u00e1inig P\u00f3l agus a iomp\u00fa chuig Cr\u00edost. Thaispe\u00e1in Cr\u00edost ais\u00e9irithe \u00e9 f\u00e9in d\u00f3 chomh soil\u00e9ir agus cinnte agus a bh\u00ed d\u00e9anta aige don D\u00e1r\u00e9ag agus daoine eile, agus thug misean d\u00f3 Dea-Sc\u00e9al an tsl\u00e1naithe a fhogairt do na gintlithe. Chuir seo P\u00f3l ar chomhcheim leis na haspail eile.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">Is brainse l\u00e9inn ionraic \u00e9 taighde ar \u201c\u00cdosa na Staire\u201d, ar an m\u00e9ad ar f\u00e9idir linn teacht ar a d\u00fairt agus a rinne \u00cdosa le foins\u00ed staire amh\u00e1in. Ach n\u00ed f\u00e9idir \u00cdosa agus d\u00e1 sheasann s\u00e9 a theorann\u00fa don stair amh\u00e1in. N\u00ed raibh i bheatha shaolta \u00cdosa, ar an domhan seo, ach t\u00fas le foilsi\u00fa r\u00fandiamhair shl\u00e1naithe D\u00e9. Cuid den r\u00fandiamhair ch\u00e9anna a bh\u00e1s, a ais\u00e9ir\u00ed, a dheascabh\u00e1il go deasl\u00e1imh D\u00e9, teacht and Spioraid Naoimh agus, fi\u00fa, rogha Ph\u00f3il mar aspal do na gintlithe. Lean foilsi\u00fa na r\u00fandiamhaire ar aghaidh sa luath-eaglais leis an bua speisialta a tugadh do fh\u00e1ithe cr\u00edosta\u00edthe ar inpleachta\u00ed na r\u00fandiamhaire sin a dh\u00e9anamh n\u00edos soil\u00e9ire. N\u00ed m\u00f3r don chreidmheach a \u00e1it chui a thabhairt don taighde ar \u00cdosa na staire, agus do r\u00fandiamhair an tsl\u00e1naithe.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Meitheamh 9 2013 (C) Deichi\u00fa Domhnach Saor FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLAleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An B\u00edobla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-97","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/97","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=97"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/97\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=97"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=97"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=97"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}