{"id":972,"date":"2019-12-11T10:14:18","date_gmt":"2019-12-11T10:14:18","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=972"},"modified":"2019-12-11T10:14:18","modified_gmt":"2019-12-11T10:14:18","slug":"15-nollaig-2019-a-triu-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=972","title":{"rendered":"15 Nollaig 2019 (A) Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<p>A.\nL\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae.<\/em><\/strong> <em>Cr\u00edost c\u00fais \u00e1r n-\u00e1thais<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (Ise\u00e1ia\n35:1-6, 10). <em>Is \u00e9 Dia fein at\u00e1 ag teacht\ndo bhur sl\u00e1n\u00fa. <\/em>Leabhar toirti\u00fail \u00e9 leabhar an fh\u00e1idh Ise\u00e1ia le s\u00e9 chaibidil\nis seasca. De ghn\u00e1th anois meastar go bhfuil tr\u00ed roinn ann, cumtha n\u00f3 curtha le\nch\u00e9ile i dtr\u00e1thanna \u00e9ags\u00fala, mar seo: 1-39; 40-55; 56-66. Is sa ch\u00e9ad roinn,\n1-39, a bheadh p\u00e9 eolas at\u00e1 le f\u00e1il faoin bhf\u00e1idh f\u00e9in, a bh\u00ed gn\u00edomhach 740-700\nroimh Chr\u00edost. \u201cLeabhar an tS\u00f3l\u00e1is\u201d, n\u00f3 an Dara Ise\u00e1ia, a thugtar ar chaibidil\n40-55, ina bhfuil f\u00e1idh agus file ag tabhairt uchta agus s\u00f3l\u00e1is do na deoraithe\nsa Bheabal\u00f3in, ag tuar filleadh ar a dt\u00edr dh\u00fachais agus r\u00e9 nua ghl\u00f3rmhar i nd\u00e1n\nd\u00f3ibh agus don d\u00falra f\u00e9in chomh maith. Ach t\u00e1thar d\u2019aon tuairim anois gur\ncuireadh an leabhar ioml\u00e1n seo i dtoll a ch\u00e9ile thar achar fada, agus go bhfuil\ncodanna de roinn a haon n\u00edos \u00f3ige n\u00e1 r\u00e9 an fh\u00e1idh f\u00e9in. Is f\u00edor \u00e9 seo ach go\nh\u00e1irithe faoi chaibideal 35, as a bhfuiil l\u00e9acht an lae inniu t\u00f3gtha. Baineann\nan c\u00falra agus na h-\u00edomh\u00e1nna le r\u00e9 an Dara hIse\u00e1ia agus filleadh na ndeoraithe\ngo Iar\u00fasail\u00e9im agus I\u00fada. Ach cuid de na tairngreachta\u00ed a bh\u00ed d\u00edrithe ar na\ndeoraithe de ch\u00e9aduair d\u2019fh\u00e9adfadh an tuar teacht f\u00fathu n\u00edos d\u00e9ana\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Le\nfilleadh anois ar an dt\u00e9acs f\u00e9in: i dtosach b\u00e1ire tugtar cuireadh d\u2019\u00e1iteanna\nneamhthorth\u00fala (d\u00edtreabh, f\u00e1sach, gaini\u00falach) rim\u00e9ad a bheith orthu, mar go\nbhfuilid le bheith faoi bhl\u00e1th, maise le bheith acu mar reigi\u00fain go raibh ainm\nna h-\u00e1illeachta in airde acu (Lioban\u00f3n, Carmel,\nS\u00e1r\u00f3n). Ansin tugtar moladh uchtach a thabhairt do dhaoine faonlaga (na\ndeoraithe ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos). T\u00e1 a nDia ag teacht le hiad a shaoradh, a\nshl\u00e1n\u00fa. T\u00e1 s\u00e9 ag teacht lena naimhde a chlo\u00edgh. Baintear \u00fas\u00e1id anseo as na t\u00e9arma\u00ed\n\u201cd\u00edoltas\u201d agus \u201cc\u00faiteamh\u201d , ach anseo n\u00ed cos ar bolg at\u00e1 i gceist. Ionann na\nt\u00e9arma\u00ed sin anseo agus \u201csl\u00e1n\u00fa\u201d do phobal I\u00fada sa deora\u00edocht.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ina\ndhiaidh sin leanann na mior\u00failt\u00ed a bheidh le teacht i r\u00e9 nua seo an tsl\u00e1naithe:\ndo na daoine dalla, bodhra, bacacha, balbha. D\u2019fh\u00e9adfadh siad sin seasamh do\nch\u00e9ad l\u00e9itheoir\u00ed an t\u00e9acs mar fhigi\u00fair do na deoraithe sa Bheabal\u00f3in, a bheadh\nag filleadh ar Shi\u00f3n, Iar\u00fasail\u00e9im, faoi \u00e1thas, l\u00fach\u00e1ir, agus gairdeas.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach\ntiocfadh f\u00edor\u00fa ceart na tairngreachta seo sa r\u00e9 nua le h\u00cdosa Cr\u00edost, a dh\u00e9anann\ntagairt neamhdh\u00edreach don t\u00e9acs seo, i soisc\u00e9al an lae inniu, do na toscair\u00ed \u00f3\nEoin Baiste.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 145[146]). <em>Tar,\na Thiarna, d\u00e1r slan\u00fa.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>An Dara L\u00e9acht <\/em>(S\u00e9amas\n5:7-10). <em>N\u00e1 b\u00edodh drochmhisneach oraibh; is\ngearr go dtaga an Tiarna<\/em>. T\u00e1 \u00e9ags\u00falacht mh\u00f3r \u00e1bhair i litir Sh\u00e9amais, maidir\nle teagasc agus comharla\u00ed \u00e9ags\u00fala.Tugann s\u00e9 l\u00e9asadh teanga d\u00f3ibh si\u00fad a fh\u00e1gann\na gcuid oibrithe gan tuarastal. Bh\u00ed na daoine a scr\u00edobhann s\u00e9 chucu faoi\nbhr\u00fanna \u00e9ags\u00fala. Ag teacht go deireadh na litreach sa l\u00e9acht seo tugann s\u00e9\ncomhairle a oirfeadh do bheagnach tr\u00e1th n\u00f3 ch\u00fainse ar bith de shaol an\nChr\u00edosta\u00ed: bheith foighneach, buanseasmhach. Labhra\u00edonn s\u00e9 faoi theacht an\nTiarna, ach n\u00edl s\u00e9 soil\u00e9ir amach is amach an \u00e9 Dia n\u00f3 ateacht, T\u00e9arnamh,\nChr\u00edost at\u00e1 i gceist. Is d\u00f3cha go bhfuil na creidmhigh a scr\u00edobhann s\u00e9 chucu ag\nfeithamh le ateacht Chr\u00edost. Tugann s\u00e9 sampla a bheadh le f\u00e1il sna soisc\u00e9il faoi\nfheirmeoir. Comhairle eile a thugann s\u00e9 n\u00e1 gan bheth ag casaoid, ag troma\u00edocht,\nar a ch\u00e9ile, ag tabhairt breithe ar a ch\u00e9ile \u2013 teagasc a bh\u00ed ag \u00cdosa sna soisc\u00e9il\nchomh maith. Tugann s\u00e9 sampla na bhf\u00e1ithe d\u00f3ibh faoi bheith foighneach, ach n\u00ed\ndeireann s\u00e9 go beacht cad t\u00e1 i gceist aige. De r\u00e9ir traidisi\u00fan na nGi\u00edudach d\u2019fhulaing\nna f\u00e1ithe go l\u00e9ir g\u00e9arlean\u00faint, ach seans gur foighne de shaghas eile at\u00e1 in a\naigne aige. Bh\u00ed na f\u00e1ithe ag s\u00fail le f\u00edoradh a dtairngreachta\u00ed, rud n\u00e1r tharla\nina saol f\u00e9in. Bh\u00ed orthu foighne, creideamh, buanseasmhacht a bheith acu,\ntr\u00e9ith Chr\u00edosta\u00ed ar a leagann an litir chuig na hEabhraigh b\u00e9im.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Matha\n11:2-11). <em>An t\u00fa an t\u00e9 at\u00e1 le teacht n\u00f3 an\nceart d\u00fainn bheith ag s\u00fail le duine eile? <\/em>T\u00e9ann an l\u00e9acht seo go h\u00e1lainn\nmar chodarsnacht do shoisc\u00e9al an Domhnaigh se caite. Sa sliocht sin den\nsoisc\u00e9al t\u00e1 Eoin, r\u00e9amhtheachtaire an T\u00e9 a bh\u00ed le teacht, ag f\u00f3gairt go mbeadh\nd\u00edoltas ar pheacaigh \u00e1 imirt le teacht an T\u00e9 sin. A mhalairt ar fad maidir le\nh\u00cdosa de, cara d\u00f3ibh si\u00fad a bh\u00ed san imeall agus ar fh\u00e9achadh orthu mar\npheacaigh. Toisc gur ch\u00e1in Eoin Hear\u00f3d Antipas, teatrarc na Gail\u00edle, cuireadh i\nbprios\u00fan \u00e9\u00b8 ach bh\u00ed deisceabail f\u00f3s aige. Ar chlos do ghn\u00edomhartha \u00cdosa d\u00f3 th\u00e1inig\namhras ar Eoin faoi \u00cdosa, agus ba shin f\u00e1th na toscaireachta. Mar fhreagra thug\n\u00cdosa sampla\u00ed d\u00e1 ghn\u00edomhartha f\u00e9in, ceann i ndiaidh a ch\u00e9ile, arb &nbsp;chomhl\u00edonadh iad ar thairngreachta\u00ed, go m\u00f3r\nm\u00f3r iad sin an \u00cdse\u00e1ia 35, a l\u00e9adh mar ch\u00e9ad l\u00e9acht inniu, mar aon le h\u00e1iteana\neile i leabhar Ise\u00e1ia chomh maith (26:19, na mairbh; 29:18, bodhr\u00e1in; 61:1,\ndea-sc\u00e9al do bhochta). Mhol \u00cdosa Eoin Baiste go hard na sp\u00e9ire, f\u00e1idh a bh\u00ed\ntuartha i leabhar Malac\u00ed f\u00e1idh 3:1, ach d\u00e9anann s\u00e9 idirdheal\u00fa glan idir an\nSeantiomna agus an Tiomna Nua, an r\u00e9 nua. Sheas Eoin ag tairseach na r\u00e9 nua, an\nTiomna Nua. T\u00e1 briseadh bun\u00fasach idir r\u00e9 Eoin agus an r\u00e9 nua a thagann le\nh\u00cdosa.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\"><li><strong><em>An\n     B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae:<\/em><\/strong><em> Cr\u00edost c\u00fais \u00e1r n-\u00e1thais<\/em><\/li><\/ol>\n\n\n\n<p>Go traidisi\u00fanta tugadh Domhnach na l\u00fach\u00e1ire\u201d, Domhnach <em>Gaudete<\/em>, ar an tr\u00ed\u00fa Domhnach seo den\nAidbhint toisc briathra tosaigh na Loinneoige don Iontr\u00f3id (a t\u00f3gadh as litir\nNaomh P\u00f3il chuig na Pilipigh): \u201cB\u00edg\u00ed l\u00fach\u00e1ireach i gc\u00f3na\u00ed; &nbsp;b\u00edodh l\u00fachair oraibh mar n\u00ed fada uainn an\nTiarna\u201d (\u201cat\u00e1 an Tighearna i gcomhgar\u201d; De Si\u00fanta). Bun\u00fas don l\u00fach\u00e1ir, don\n\u00e1thas, i sli is ea c\u00f3ngaracht, gaireacht, an Tiarna. Measann daoine \u00e1irithe gur\nc\u00f3ngaracht ateachta, T\u00e9arnaimh, Chr\u00edost sa <em>parousia<\/em>\nat\u00e1 i gceist ag P\u00f3l anseo, c\u00e9 nach gcreidim gurb\u2019ea. Ar aon chuma n\u00ed ar\nateacht, filleadh, Chr\u00edost at\u00e1 an l\u00fach\u00e1ir, an t-\u00e1thas, Cr\u00edosta\u00ed bunaithe. Is\nbronntanas \u00f3 Chr\u00edost \u00ed, maraon leis an ts\u00edoch\u00e1in. Is bronntanas an l\u00fach\u00e1ir, an\nt-\u00e1thas seo nach f\u00e9idir le haoinne t\u00f3gaint \u00f3 Chr\u00edostaithe (Eoin 16:22). Ba thoil\nle Cr\u00edost go mbeadh a l\u00fach\u00e1ir f\u00e9in go hioml\u00e1n iontu (Eoin 17:13). Mhol Cr\u00edost\nl\u00fachair a bheith ar a lucht lean\u00fana in am g\u00e9arlean\u00fana ar a shon, agus b\u2019amhlaidh\na bh\u00ed ag P\u00f3l agus Cr\u00edostaithe eile.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D\u2019fh\u00e9adfadh\nsin bheith r\u00f3-theoirici\u00fail agus gan baint le c\u00farsa\u00ed an lae inniu, ach n\u00ed mar\nsin at\u00e1. M\u00e1s bronntanas \u00f3 Dhia an l\u00fach\u00e1ir agus an t-\u00e1thas sin, beidh siad ag\nfeidhmi\u00fa i ghn\u00e1th-shaol an chreidmhigh. T\u00e1 scannail agus laig\u00ed san eaglais, ach\nleigheasfar iad tr\u00ed ghr\u00e1sta D\u00e9. An t\u00e9 nach bhfuil l\u00fach\u00e1ireach agus \u00e1thasach,\nsona, t\u00e1 s\u00e9 n\u00f3 s\u00ed gruama. B\u00edonn daoine l\u00fach\u00e1ireach ag tabhairt taca\u00edochta d\u00e1\nbhf\u00f3ireann i gcluich\u00ed, agus m\u00e1 cailleann an fhoireann n\u00ed bh\u00edonn siad naimhdeach\ndon fhreas\u00fara, &nbsp;le tusicint nach bhfuil\nann ach cluiche. Sin bua na l\u00fach\u00e1ire agus na s\u00edoch\u00e1na. B\u00edonn l\u00fach\u00e1ir, sonas, ann\ni gcraic agus gceol. Agus fi\u00fa in am na hainnise agus triobl\u00f3ide b\u00edonn d\u00f3chas i\nnDia, mar gur gaire cabhair D\u00e9 n\u00e1 an doras. Sin ceacht an Domhnaigh seo: B\u00edodh\nl\u00fach\u00e1ir oraibh, mar n\u00ed fada uainn an Tiarna.<\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>N\u00f3ta deiridh!<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong><em>&nbsp;F\u00f3gra<\/em><\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>&nbsp;<\/strong>T\u00e1 \u201cMachnamh\u201d do l\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh &nbsp;don bhliain liot\u00fairgeach seo, 2019-2020. C\u00farsa\nA, foilsithe anois i bhfoirm leabhair n\u00e9ata. <\/p>\n\n\n\n<p>\u00c9 le fail (ar Euro 10) \u00f3 \u00c1IS, n\u00f3 tr\u00edd an bpost \u00f3:<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Sagart,<\/em><\/p>\n\n\n\n<p>f\/ch Roinn na Nua-Ghaeilge,<\/p>\n\n\n\n<p>Ollscoil Mh\u00e1 Nuad, <\/p>\n\n\n\n<p>Maigh Nuad,<\/p>\n\n\n\n<p>Co. Chill Dara.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-972","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/972","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=972"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/972\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":973,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/972\/revisions\/973"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=972"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=972"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=972"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}