{"id":98,"date":"2013-06-14T19:06:40","date_gmt":"2013-06-14T19:06:40","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=98"},"modified":"2013-06-14T19:06:40","modified_gmt":"2013-06-14T19:06:40","slug":"meitheamh-16-2013-c-aonu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=98","title":{"rendered":"Meitheamh 16 2013 (C) Aon\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<h2>Meitheamh 16 2013 (C) Aon\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor<\/h2>\n<h2>FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLA<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/h2>\n<h2>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br \/>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<br \/>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<br \/>An eaglais &#8212; pobal sl\u00e1naithe, gur eol d\u00f3 laige agus peaca<\/h2>\n<h2>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/h2>\n<h2>C\u00e9ad L\u00e9acht (2 Samu\u00e9l 12:7-10, 13).<\/h2>\n<p>Tugann an Tiarna maithi\u00fanas duit i do pheaca; n\u00ed chuirfear chun b\u00e1is th\u00fa. D\u00e9antar an sliocht seo a l\u00e9amh i liot\u00faige an lae inniu toisc go labhra\u00edonn s\u00e9 faoi pheaca r\u00ed, faoina aithr\u00ed agus faoi mhaithi\u00fanas D\u00e9 d\u00f3, agus sin mar ch\u00falra cu\u00ed don l\u00e9acht sa Soisc\u00e9al. Nuair a shu\u00edotar \u00e9 ina choimhth\u00e9acs sa Bh\u00edobla is foircheann \u00e9 ar chuntas an-mhac\u00e1nta faoi dhrochiompar Dh\u00e1ibh\u00ed r\u00ed. Bh\u00ed arm Dh\u00e1ibh\u00ed ag coga\u00edocht leis na hAman\u00edtigh ag a bpr\u00edomh-chathair Ammon (Amman an lae inniu). D\u2019fhan Daibh\u00ed in a phal\u00e1s in Iar\u00fasail\u00e9im, agus tr\u00e1thn\u00f3na amhain \u00f3 dh\u00edon a th\u00ed chonnaic s\u00e9 bean \u00e1lainn \u00e1 folcadh f\u00e9in. Baitseaba ab ainmh di, bean ch\u00e9ile Ur\u00eda an H\u00edteach, saighdi\u00fair in arm Dh\u00e1ibh\u00ed. Lu\u00ed D\u00e1ibh\u00ed lei; d\u2019\u00e9irigh s\u00ed torrach agus chuir sin in i\u00fal do Dh\u00e1ibh\u00ed. D\u2019fh\u00e9ach D\u00e1ibh\u00ed chuige&nbsp; gur thit Ur\u00eda sa chath. Tar \u00e9is tr\u00e9imhse chu\u00ed bhr\u00f3in th\u00f3g D\u00e1ibh\u00ed Baitseaba chuige mar bhean ch\u00e9\u00edle dhleathach. Mheas s\u00e9 go raibh gach rud m\u00edchu\u00ed folaithe i s\u00fala daonna. N\u00edorbh amhlaidh do Dhia. Sheol Dia an f\u00e1idh Natan go D\u00e1ibh\u00ed lena dh\u00e9anamh soil\u00e9ir d\u00f3 a thromch\u00fais\u00ed is a bh\u00ed an gn\u00edomh a&nbsp; rinne s\u00e9. D\u2019admhaigh D\u00e5ibh\u00ed go humhal a chion, rinne aithr\u00ed agus thug Dia maithi\u00fanas d\u00f3. Sa Bh\u00edobla leagtar an Salm Aithri 50 (51), an Miserere, ar Dh\u00e1ibh\u00ed, mar a bhriathra aithr\u00ed faoin pheaca seo.<\/p>\n<h2>Salm le Freagra (Salm 31[32]). Maith dom mo pheaca, a Thiarna.<\/h2>\n<h2>An Dara L\u00e9acht (Galataigh 2:16, 19-21).<\/h2>\n<p>N\u00ed m\u00e9 f\u00e9in at\u00e1 beo anois ach is \u00e9 Cr\u00edost at\u00e1 beo ionam. Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 P\u00f3l ag labhairt le Peadar n\u00f3 le Gi\u00fadaigh i gcoitinne mar dhuine a iompaigh \u00f3n Ghi\u00fadachas. D\u00e9anann P\u00f3l codarsnacht idir Dhl\u00ed na nGiudach agius chreideamh i gCr\u00edost, n\u00f3 an sl\u00e1n\u00fa tr\u00ed ghrasta D\u00e9. Nuair a labhra\u00edonn P\u00f3l ar chreideamh in \u00cdosa Cr\u00edost n\u00ed gn\u00edomh inteallachta n\u00f3 tola amh\u00e1in at\u00e1 i gceist aige, ach glacadh le b\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost mar phlean shl\u00e1naithe D\u00e9. Ionann f\u00edr\u00e9antacht agus claochl\u00fa inmhe\u00e1nach an duine tr\u00edd an Spiorad Naomh, N\u00ed thagann sin tr\u00ed chomhl\u00edonadh Dhli na nGi\u00fadach ach tr\u00ed chreideamh in \u00cdosa Cr\u00edost, agus gach a leanann as sin. Leagann P\u00f3l b\u00e9im ar seo tr\u00ed r\u00e1iteas agus athr\u00e1iteas sa sliocht seo. Ansin t\u00e1 an r\u00e1iteas gonta seo aige: \u201cMar bh\u00e1saigh m\u00e9 f\u00e9in don dl\u00ed tr\u00edd an dl\u00ed\u201d (Coslett \u00d3 Cuinn), \u201c\u00d3ir is tr\u00edd an dl\u00ed d\u2019\u00e9agas don dl\u00ed\u201d(De Si\u00fanta); \u201cMar is tr\u00edd an dli a fuair mise b\u00e1s i leith an dl\u00ed\u201d (B\u00edobla Mhaigh Nuad). Is \u00ed is br\u00ed leis is d\u00f3cha n\u00e1 gur dhaor dl\u00ed na nGi\u00fadach \u00cdosa chun b\u00e1is, rud a chuir cr\u00edoch le r\u00f3l an dl\u00ed i bplean shl\u00e1naithe D\u00e9, agus i mbeatha Ph\u00f3il. P\u00e1irt le Cr\u00edost, lena bh\u00e1s agus a ais\u00e9ir\u00ed, is ea an bheatha Chr\u00edosta\u00ed. Fuair P\u00f3l, agus gach creidmheach,&nbsp; b\u00e1s don dl\u00ed seachtrach le maireacht\u00e1il, le bheith beo, do Dhia i gCriost agus le Cr\u00edost. Go spiorad\u00e1lta, go misti\u00fail, fuair P\u00f3l b\u00e1s le Cr\u00edost agus t\u00e1 a bheatha&nbsp; go l\u00e9ir sa saol seo, sa cholainn seo, faoi sti\u00fair a chreidimh sa r\u00fandiamhair seo. Is \u00f3 bhas \u00cdosa ar an gcrois agus \u00f3 ghr\u00e1sta D\u00e9 a thagann an fh\u00edr\u00e9antacht. D\u00e1 mba a mhalairt, \u00f3 dhl\u00ed Mhaois, bheadh b\u00e1s Chr\u00edost in aisce.<\/p>\n<h2>An Soisc\u00e9al (L\u00fac\u00e1s 7:36-8:3).<\/h2>\n<p>T\u00e1 a peaca\u00ed &#8212; a m\u00f3rchuid peaca\u00ed \u2013 maite di: is l\u00e9ir sin \u00f3 mh\u00e9id a gr\u00e1. Ungadh seo \u00cdosa sa Ghail\u00edl t\u00e1 s\u00e9 cos\u00fail leis an ungadh sa B\u00e9ataine, a luaitear sna soisc\u00e9il eile (Matha 26:6-13; Marcas 14:3-9; Eoin 12:1-8) i gcomhth\u00e9acs na P\u00e1ise. Ach i L\u00fac\u00e1s t\u00e1 aidhm eile ar fad leis: aithr\u00ed agus maithi\u00fanas.Buaicphointe eile \u00f3 pheann L\u00fac\u00e1is, scr\u00edobha\u00ed chneastachta \u00cdosa, an cuntas seo: c\u00faram \u00cdosa do dhuine ar an imeall agus casaoid chaoin ar fhear an t\u00ed toisc a easpa tuisceana ar an n\u00e1d\u00far daonna. An su\u00edomh f\u00e9in l\u00e9ir\u00edonn s\u00e9 cairdeas idir \u00cdosa agus na Fairis\u00ednigh a thugann cuireadh chun b\u00e9ile d\u2019\u00cdosa (amhail \u00f3c\u00e1id\u00ed eile (L\u00fac\u00e1s 11:37; 14:1), agus b\u2019fh\u00e9idir L\u00fac\u00e1s 13:31 (comhairle d\u2019\u00cdosa bheith san airdeall faoi caimil\u00e9ireacht H\u00e9ar\u00f3d Antipas). Dealra\u00edonn s\u00e9 go raibh na t\u00edthe sa Ghail\u00edl ina raibh b\u00e9ile iontu oscailte don phobal; mar sin bh\u00ed s\u00e9 \u00e9asca do dhaoine nach raibh cuireadh chun boird faighte acu teacht isteach, mar a rinne an bhean \u00e1irithe seo. N\u00ed raibh na h-a\u00edonna ina su\u00ed chun boird ach ar a&nbsp; leaslu\u00ed. Peacach mn\u00e1 sa chathair ab ea \u00ed. N\u00ed deirtear gur striapach a bh\u00ed inti. Bheadh cloiste aici faoi chine\u00e1ltacht \u00cdosa do bhailitheoir\u00ed c\u00e1nach agus pheacaigh agus th\u00e1inig s\u00ed lena gr\u00e1 a l\u00e9iri\u00fa d\u00f3. B\u2019fh\u00e9idir go raibh baint \u00e9igin le caidreamh cairdi\u00fail \u00cdosa leis na Fairis\u00ednigh leis an gceist, mar luaitear Siom\u00f3n mar Fhairis\u00edneach c\u00fapla uair sa t\u00e9acs. Cuireann \u00cdosa iompar na mn\u00e1 ina leith i gcompar\u00e1id leis na ruda\u00ed n\u00e1r rinne Siom\u00f3n. N\u00edl \u00cdosa ag cur m\u00edchuirt\u00e9ise i leith Shiom\u00f3in. D\u00e1ir\u00edre, seachas n\u00ed na gcos n\u00ed raibh aon cheann de na ruda\u00ed eile a luaitear dlite ar fhear an t\u00ed. Is \u00ed eirim an pharabail n\u00e1 codarsnacht a dh\u00e9anamh idir gr\u00e1 na mn\u00e1 agus gr\u00e1 daoine eile, mar shampla Siom\u00f3in. Ansin tagann an r\u00e1iteas faoin cheangal idir gr\u00e1 na mn\u00e1 agus maithi\u00fanas ar a peaca\u00ed. Is f\u00e9idir ceachtar de dh\u00e1 l\u00e9amh a dh\u00e9anamh air: tugadh maithi\u00fanas don bhean toisc a gr\u00e1. n\u00f3 crutha\u00edonn an gr\u00e1 m\u00f3r at\u00e1 aici go bhfuil a peaca\u00ed m\u00f3ra maite. Ar aon chuma dearbha\u00edonn \u00cdosa go bhfuil a peaca\u00ed maite, r\u00e1iteas a chuireann ar na ha\u00edonna ceist a chur faoi c\u00e9 h\u00e9 \u00cdosa, a bhfuil ar a chumas peacai a mhaitheamh. N\u00ed leantar den cheist.<br \/>&nbsp;&nbsp; &nbsp;T\u00e9ann l\u00e9acht an lae inniu ar aghaidh \u00f3n ungadh le achoimre a thabhairt ar&nbsp; mhinistreacht \u00cdosa ag f\u00f3gairt dea-sc\u00e9il na r\u00edochta agus ar an ch\u00fanamh a thug mn\u00e1 \u00e1irithe don D\u00e1r\u00e9ag. De r\u00e9ir dealraimh leigheasadh na mn\u00e1 seo \u00f3 ghalair (\u201cdroch-spiorad agus \u00e9agruais\u201d) ag \u00cdosa. Ainmn\u00edotar tri\u00far: M\u00e1ire Mhaigdil\u00e9anach, a raibh seacht droch-ghalair aici, agus I\u00f3anna bean ch\u00e9ile mhaoir a bh\u00ed ag H\u00e9ar\u00f3d Antipas, tetrarc na Gail\u00edle, bean le seasamh sa phobal. Luaitear iad sin ar\u00eds ag an tuama, ag an ais\u00e9ir\u00ed. N\u00ed fios tada faoin tr\u00ed\u00fa bhean, S\u00fasanna. Seachas an tri\u00far sin bh\u00ed m\u00f3r\u00e1n ban n\u00e1rbh iad. Thugadar san cabhair airgid agus mhor\u00e1lta do \u00cdosa agus a bhuion.<br \/>&nbsp;&nbsp; &nbsp;<\/p>\n<h2>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: An eaglais &#8212; pobal sl\u00e1naithe, gur eol d\u00f3 laige agus peaca<\/h2>\n<p>Labhra\u00edonn&nbsp; tr\u00ed l\u00e9acht an lae inniu ar pheaca, laige dhaonna agus maithi\u00fanas \u00f3 Dhia. Sa ch\u00e9ad l\u00e9acht t\u00e1 sampla an r\u00ed D\u00e1ibh\u00ed againn. Leagann P\u00f3l b\u00e9im ar an fh\u00edrinne go dtagann an sl\u00e1n\u00fa tr\u00ed ghr\u00e1sta D\u00e9, tr\u00ed bh\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost seachas tr\u00ed shaothar daonna a mheasann gur f\u00e9idir an fh\u00edr\u00e9antacht a r\u00edomhadh de r\u00e9ir slat tomhais dl\u00edthi\u00fail, de r\u00e9ir chomhl\u00edonadh dl\u00ed. T\u00e1 teachtaireacht chr\u00edosta\u00ed an tsl\u00e1naithe d\u00edrithe ar dhaoine daonna laga gur f\u00e9idir leo titim, ach ar ghlaotar orthu \u00e9ir\u00ed ar\u00eds,&nbsp; agus glaoch ar thuiscint D\u00e9, agus a bheith deimhin de go bhfuil maithi\u00fanas ar&nbsp; f\u00e1il tar \u00e9is aithr\u00ed.<br \/>&nbsp;&nbsp; &nbsp;Tugann peaca\u00ed m\u00f3r-uaisle na staire, agus an aithr\u00ed a lean iad, misneach d\u00fainn. T\u00e1 sampla Baitseaba againn, a bh\u00ed in a m\u00e1thair ar Sholamh, agus d\u00e1 bharr sin a bhfuil \u00e1it aici i ghinealach \u00cdosa i shoisc\u00e9al Mhatha. Chuaigh peaca\u00ed an tsinsir i bhfeidhm ar \u00e1r muintir mar is l\u00e9ir \u00f3n rann sa bh\u00e9aloideas: \u201cPheacaigh Maois is pheacaigh \u00c1dhamh; pheacaigh D\u00e1ibh\u00ed agus is maith an tri\u00far. Pheacaigh Peadar cionn na cl\u00e9ire, is Cr\u00edost gur sh\u00e9an s\u00e9 os comhair a dh\u00e1 sh\u00fail\u201d. F\u00edrinne a mheabhra\u00edonn l\u00e9achta\u00ed an lae inniu d\u00fainn n\u00e1 nach pobal do st\u00f3ich, do fhathaigh, do dhaoine laidre&nbsp; amh\u00e1in, \u00ed an eaglais. T\u00e1 \u00e9ags\u00falacht an chine dhaonna f\u00e9in le fail inti\u2014iad san ar an imeall, iad san a meastar de r\u00e9ir chaighde\u00e1in \u00e1irithe a bheith gan todhcha\u00ed ar bith, iad sin ar theip orthu sa saol, i bpriosun, as prios\u00fan, and\u00failigh druga\u00ed, mangair\u00ed druga\u00ed agus eile. Agus t\u00e1 tuiscint ag Dia agus \u00cdosa&nbsp; d\u00f3ibh i gc\u00f3na\u00ed.<br \/>&nbsp;&nbsp; &nbsp;Ach m\u00e1 t\u00e1 Dia reidh le maithi\u00fanas a thabhairt, n\u00ed ionann sin agus cuireadh chun aithr\u00ed agus chun peaca ina dhiaidh. Fanann briathra \u00cdosa d\u00e1 lucht lean\u00fana linn i gc\u00f3na\u00ed: bheith foirfe faoi mar at\u00e1 \u00e1r nAthair neamha\u00ed foirfe, bheith mar shalann na tal\u00fan agus mar sholas an domhain. N\u00ed&nbsp; m\u00f3r dh\u00e1 thaobh na f\u00edrinne a choime\u00e1d os \u00e1r gcomhair: bheith tuisceanach don laige dhaonna,&nbsp; agus Dia agus Cr\u00edost a bheith againn mar eiseaml\u00e1ir.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Meitheamh 16 2013 (C) Aon\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLAleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-98","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/98","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=98"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/98\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=98"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=98"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=98"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}