Copyright 2017 - Custom text here

30 Deireadh Fómhair 2016 (C) Aonú Domhnach Tríochad Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Grá agus trócauire Dé; Na Críocha Déanacha

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léacht (Eagna 11:22-12:2). Tá trua agat do gach uile ní óir tá grá agat do gach uile ní atá ann. Tá tagairt i mórán áiteanna sa tSean-Tiomna do thrócaire Dé agus dá ghrá don chine daonna agus do gach ar chruthaigh sé, ach níl aon áit díobh i ngar a bheith chomh hálainn lena deirtear sa sliocht seo: “Tá trua agat do gach uile ní mar is féidir leat gach uile ní a dhéanamh; scaoileann tú tharat peacaí an domhain le súil go ndéanfaidh siad aithrí iontu. Óir tá grá agat do gach uile ní atá ann agus ní ábhar déistine duit aon ní dá ndearna tú. Mar dá mba fhuath leat ní ar bith, ní bheitheá tar éis é a cruthú”. Seo é croílár a bhfuil le rá ag an údar sa sliocht seo. Ní hé go ndeireann sé nach gcuireann Dia pionós ar chiníocha de bharr an pheaca. Tagann an sliocht seo idir dhá shliocht in a ndeireann sé a mhalairt. Díreach roimnh an léacht seo mheabhraigh sé gur leag Dia pionós ar an Éigipt trí na plánna, agus ina dhiaidh tugann sé cur síos ar na peacaí éagsúla a rinne ciníocha Canán tríd na hoiseanna, agus a bhfuil Dia le hagairt orthu ach deir sé go raibh Dia foighneach leo, ag tabhairt deis dóibh chun aithrí a dhéanamh. Ag tús na léachta seo déanann sé frithshuíomh, codarsnacht, idir an Tiarna agus an domhan go léir nach bhfuil iontu ach mar a bheadh dúradán deannaigh nó braon drúchta ina láthair. Ach i leith na gcréatúirí leochaileacha sin, ag an Tiarna Uilechumhachtach tá trua agus grá. Is eisean a chruthaigh iad; eisean is cionsiocair le hiad a bheith ann, smaoineamh a léiríonn an t-údar le híomhánna éagsúla. Is ó Dhia a fuair siad an ghairm a bheith ann, a bheith beo. Is le Dia iad. Cara na mbeo é Dia. Spiorad Dé a thugann beatha dóibh, beatha do gach uile rud. Is í is aidhm do gach a rinne Dia ná cairdeas, muintearas, a bhunú idir dhaoine daonna agus é féin. Briseann an peaca an muintearas sin, ach tá Dia cineálta agus is de réir a chéíle a cheartaíonn sé na peacaigh. Tugann sé rabhadh dóibh le hiad a scaradh ón olc, ón bpeaca, agus filleadh chuige, agus muinín a bheith acu as. Is álainn an léacht í seo, roghnaithe go gleoite le dul le soiscéal an lae inniu ina deireann Íosa gur tháinig Mac an Duine chun a raibh caillte a lorg agus a shlánú.

Salm le Freagra (Salm 144 [145]). Beannóidh mé d’ainm de shíor, a Dhia liom, is a Rí.

An Dara Léacht (2 Teasalóinigh 1:11-2:2). Beidh moladh agaibhse ar ainm Chríost agus beidh moladh aigesan oraibh. Tá téama lárnach den litir seo ag cur síos ar Théarnamh Chríost “agus lenár mbailiú le chéile ina airicis” (2:1), mar sin ar na Criocha Déaneacha i slí. Is dá bhrí sin, is dócha, a roghnaíotar léachtaí aisti don trí Dhomhnach deiridh den bhliain liotúirgeach, roimh Fhéile Chríost Rí. Tá téama eascatalóigeach sa litir féin, ach ní roghnaítear ach blúire de cheann diobh sin do léachtaí an Domhnaigh (sliocht an lae inniu). Bheidis ró-dhoiléir. Tá sé soiléir cathain a scríobh Pól an chéad litir chuig na Treasalónaigh, agus na cúinsí a bhí ag gabháil lei. Is í an píosa litríochta críostaí is sine atá againn, ón bhliain 51 iar-Chríost. Léirionm sí grá Phóil don eaglais sin agus tá de aidhm aici uchtach a thabhairt dóibh. Tá cur síos innti ar Théarnamh an Tiarna Íosa, ar Lá an Tiarna, agus deir Pól leo go bhfuil a fhios acu go beacht gur mar a bheadh bithiúnach, gadaí, san oíche a thiocfaidh Lá an Tiarna. Níl sé chomh héasca a aimsiú cá háit, nó cén am, an Dara Litir chuig na Teasalónaigh a shuíomh. Is soiléir go raibh géarchéim san eaglais sin ag an am, daoine á mheas go raibh Lá an Tiarna tagaithe cheana féin. Tugann an litir (2:1-12) aghaidh ar sin. agus deireann go folasach nach bhfuil bunús leis na ráflaí faoi Ateacht sin Chriost. Deir sé nach go tobann a thiocfaidh an Lá sin, ach go mbeadh comharthaí ann roimhe. Nuair a chuireann scoláirí an Bhíobla an fhianaise go léir san áireamh, is í tuairim chuid acu gur scríobhadh an Dara Lara ag Pól go luath tar éis an chéad cheann. Dar le scoláirí eile ní chomh luath sin don Dara litir, agus b’fhéidir nach ó pheann Phóil í, ach ó dhuine eile faoi thionchar agus inspioraid Phóil, thart on mblian 68 i. Ch. b’fhéidir, nuair a bhí Iarúsailéim agus an Teampall i mbaol a dtreascartha ó arm na Róimhe.

                     Maidir le sliocht an lae inniu, deir Pól leis an eaglais sin go bhfuil sé de shíor ag guí go mbeadh an creideamh beo ina measc, agus Dia gníomhach iontu ag tabhairt chun críche gach dea-rún a gcróithe, dea-rún a spreagann Dia agus a thugann chun críche é. Le foirfeacht sin na gCríostaíthe déanfar ainm ár dTiarna Íosa Críost a ghlóiriú sna fíréin sin agus na fíréin féin sa Tiarna Íosa Críost, sin go léir trí ghrásta Dé agus an Tiarna Íosa Críost – iad araon tógtha mar aonad. Leis an ghlóir sin le fáil ag Íosa agus an fíréin in aonacht, is dócha go bhfuil Pól ag smaoineamh ar Lá an Tiarna. Tugann sin Pól go dti an cheist a bhí ag cur as do mhuintir eaglais na dTeasalónach maidir le Ateacht (Téarnamh) Íosa Críost, agus an méid a bhí curtha i leith Phóil go raibh an Lá sin tagaithe cheana féin. Deir Pól leo gan aird a thabhairt ar ráflaí nó na litreacha bréige ar an ábhar a cuireadh ina leith faoi Theacht an Tiarna. Téann sé níos doimhne isteach sa scéal sin níos faide amach sa litir chéanna.

An Soiscéal (Lúcás 19:1-10). Tháinig Mac an Duine chun a raibh caillte a lorg agus a shlánú. Labhair Íosa parabal faoi dhul ar thóir na gcaorach a bhí caillte. Sa léacht seo ní parabal ach eachtra atá i gceist, ach an téama céanna leis: lena raibh caillte a chuardach agus a shlánú. Tugtar “ceannphoibleacánach” ar Zacháias, ina bhailitheoir cánach de ghradam faoi leith. Táimid i gcathair Ierichó, ina mbeadh crainnte. Ceann díobh sin ná an seiceamar, sin le rá seiceamar na Pailistine, crann fíge nó crann maoildeirge. Crainnte arda a bheadh iontu, le brainsi arda, ach na cinn is ísle íseal go leor go bhféadfadh le duine dreapadh anairde orthu. Fear saibhir a bhí i Zacháias, go ndúirt Íosa faoina leithéid gur deacair dóibh ríocht na bhflaitheas a bhaint amach. Níorb mar sin do Zacháias. Tógann Íosa an chéim thosaigh. Cuireann sé forrán ar Zacháias agus tugann cuireadh dó féin ina theach siúd. Ghlac Zacháias go fonnmhar leis sin. Bhí an eachtra seo go léir os comhair an phobail. De réir thuiscint na nGiúdach b’ionann muintearas le peacaigh (agus glacadh leis gurb pheacaigh bailitheoirí cánach) agus neamh-ghlaine dheasghnáthach. Tugadh an fhreagairt a tugadh go minic cheana d’Íosa ina leithéid de chás. Ba léir óna dúirt Zacháias go raibh aithrí air, ag tabhairt uaidh leath a mhaoine do na boicht agus ag íoc faoi cheathar ar aon gníomh éagórach uaidh i gcúrsaí cánach, ag dul thar ghnáth-éileamh an Bhíobla agus de réir dlí na Róimhe faoi ghoid fholasach. Tugann freagra Íosa brí agus éirim na heachtra: bíodh gur fhéacadh ar Zacháias mar pheacach ba mhac d’Abráhám é. Tháinig Íosa, Mac an Duine, le teacht ar an té a bhí caillte agus beatha De, slánú, a thabhairt dó.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Grá agus trócauire Dé; Na Críocha Déanacha

I léachtaí an lae inniu tá againn idir ábhar machnaimh agus ábhar agallaimh linn féin agus le saol an lae inniu, san Eaglais agus taobh amuigh di.

Machnamh. Grá agus trócaire Dé. Níorb fhada mar chomharba Pheadair dó nuair a mheabharigh an Pápa Proinsias don Eaglais gur cóir bheith ag machnamh agus ag cainnt i bhfad nios mó ar ghrá agus ar throcaire Dé ná ar ábhair áirithe conspóideacha eile. Deireann an chéad léacht agus soiscéal an lae inniu an rud céanna linn. Tugann siad cuireadh machnamh a dhéanamh ar sin. Is grá é Dia agus tugann sé grá do gach ar chruthaigh sé agus tá trócaire aige ar an gcine daonna agus na daoine aonair. Tá Íosa i gcónai ar thóir an té atá caillte, tríd féin, tríd an Spiorad Naomh agus trína lucht leanúna. Ní gá ach léachtaí an lae inniu a léamh agus a athléamh le bheith deimhin de sin. Ceist dúinn go léir ná conas an teachtaireacht sin a fhógairt do shaol an lae inniu.

Agallamh le baill na hEaglaise agus leo sin taobh amuigh di: Na Críocha Déanacha – Bás, breithiúnas, ifreann, neamh. Meabhraíonn an dara léacht as an Dara litir chuig na Teasalónaigh dúinn go bhfuilimid ag teannadh le deireadh na bliana liotúirgí, tréimhse atá oiriúnach do chléir agus tuath machnamh a dhéanamh ar na Críocha Déanacha. I dtraidisiún na hEaglaise is iad na ceithre críocha déanacha ná bás, breithiúnas, ifreann agus neamh. Tá drogall ar a lán daoine inniu machnamh ar na téamaí sin, go mór mór ar an mbás atá in ndán do gach aoinne, is cuma an creidmheach nó díchreidmheach é. Do chreidmhigh is cuid de Chré na nAspal na fírinní sin, agus tá cur síos orthu mar chuid den Chré i Caiticiosama na hEaglaise Caitlicí (ailt 1006-1065).

An Bás. Sa Bhuntreacht Tréadach ar an Eaglais is Saol an Lae inniu de chuid na Comhairle Vaticáine II (alt 18) tá machnamh domhain, spéisiúil, ar “rúndiamhair an bháis”. “Is i láthair an bháis a shroiseann dúcheist na staide daonna (staid an duine agus an chine dhaonna) a buaicphointe”. Is ábhar machnaimh agus agallaimh na críocha sin dúinn sna seachtainí amach romhainn, mar ullmhúchán do Fhéile Chriost Rí ag cur críoch leis an bliain liotúirgeach.