Copyright 2017 - Custom text here

4 Nollaig 2016 (A) Dara Domhnach den Aidbhint

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSCh

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae. An Aidbhint agus gairm chun athrú crutha san Eaglais.

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léacht (Íseáia 11:1-10). Tugann sé breithiúnas cothram i leith na ndearóile. Bhí cead isteach éasca ag an an bhfáidh Íseáia den ochtú aois roimh Chríost ar rítheaghlach Dháiví. Thug sé comhairle don rí Áchaz le linn géirchéime agus cháin sé go géar é toisc gur thug sé an t-eiteachas do bhriathar Dé. Ba é sin an tráth inar thug sé an tairngreacht iomráiteach Ímeánúéil faoi bhreith Shlánaitheora don rítheaghlach.Tharaingir sé chomh maith go ngearrfaí pionós trom ar Iarúsailéim, ar an rítheaghlach agus ar an bpobal de bharr a neamart sa conradh le Dia. Ach chuir sé béim chomh maith i ndílse Dé don chonradh le Dáibhi agus tá roinnt tairngreachtaí iomráiteacha sa leabhar ar na laethanata glórmhara le teacht le breith an tsár-oidhre do ritheaghlach Dháiví. Ceann díobh sin ná an léacht ar bhreith an linbh in Aifreann na Gine. Ceanglaíonn léacht an lae inniu an breith sin le fís níos leithne ar theacht ré na córa agus an ionracais, agus ar athbhunú cúrsai mar a bhí siad i nGáirdin Parthas. Sin uile de bharr eolais forleathain ar an dTiarna agus beatha dá réir.

            Ba athair do Dháiví Iese. B’eisean an stocán as ar eascair rítheaghlach, crann, Dháiví. Féachann údar an téacs seo ar an gcrann sin ag filleadh ar an staid ina raibh sé, nó bh’fhéidir ar an rítheaghlach bascaithe agus gan fágtha den chrann sin ach an stocán. Ar aon chuma ón bhun crainn sin beidh bachlóg agus gas ag teacht, is é sin le rá oidhre nua ar Iese do theaghlach Dháiví. Beidh misean le déanamh aige agus beidh sé curtha in oiriúint don mhisean sin le sé buanna an Spioraid. I stair an Bhíobla bhí áit thábhachtach ag Spiorad Dé a tugadh do dhaoine tofa do ghnó faoi leith. Thug an Spiorad an chumhacht dóibh an gníomh a chur i gcrích. Bhí na buanna saibhre ag mac seo Dháiví, an Meisias, leis an ré nua a thabhairt isteach. Bhí na sé buanna atá áirithe sa téacs seo le fáil sa téacs Eabhaise. Chuir na haistriúcháin Gréigise agus Laidine ceann eile leo seo, an chráifeacht, agus tá na seacht gcinn sin linn i gcónaí mar na Seacht dTiolachthaí an Spioraid Naoimh, ag cur phobal Dé in oiriúint don mhisean atá acu le fianaise a thabhairt sa ré nua atá linn cheana féin. Ach le filleadh ar Mhac Dháiví, an Meisias: é curtha in oiriúint leis na buanna sin aige, beidh a réimeas mar a mheastar, le béim ar chúram do na dealbha agus i leith dearóile na tíre. Tréithe suntasacha dá réimeas an t-ionracas agus an dílse. Téann fís na léachta seo thar cúrsaí réimeas an Mheisias. Ré nua a bheidh ann don dúlra féin, é le filleadh ar an stádas mar a bhí i dtosach báire in aigne Dé le síocháin idir na hainmhithe agus an duine – é seo go léir ag eascair ó “eolas” forleathan ar an dTiarna. Ionann eolas ar Dhia sa Bhíobla agus aithne air agus beatha de réir a thola. Críochnaíonn an léacht le línte tosaigh dána ar fhilleadh Iosrael ón deoraíocht. Ansin, sa ré nua seo, agus an Dáiví nua seo, fréamh Iese, glanta óna pheacaí agus óna mhácail, seasfaidh sé mar chomhartha, thar Iúda agus Iarúsailéim amach, comhartha do na ciniocha pagánachale go leigfí deoraithe Iosrael thar nais, agus de réir an teacs Eabhraise,faoin chomhartha seo, fréamh Iese,“beidh na ciníocha á lorg”, (ag lorg mac Iese?), a aistríotar go Gréigis mar: “Is ann a chuirfidh na náisiúin a muinín”, téacs a luann Pól díreach roimh dara léacht an lae inniu.

Salm le Freagra (Salm 71[72]). Blathóidh síocháin agus fíréantacht lena linn nó go meathfaidh an ghealach.

An Dara Léacht (Rómhánaigh 15:4-9).Slánaíonn Críost gach aon duine. Cuireann Pól críoch lena litir chuig na Rómhánaigh le haitheasc tréadach ar an mbeatha nua i gCríost a bhfuil glaoch ag na Críostaíthe chuici.Tosaíonn an t-aitheasc mar seo (Rómhánaigh 12:1-2): “Ar an ábhar sin, a bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhhradh spioradálta. Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n-aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe”. Tá lárionad ag foighid agus fadfhulaingt le beatha mar seo a chaitheamh, agus filleann Pól ar sin i léacht an lae inniu, agus le sampla faoi sin a thabhairt luann sé a rinne Críost: “Ní ar mhaithe leis féin a bhí Críost ach mar atá scríofa: ‘Is ormsa a thit aithisí na ndaoine a bhí do d’aithisiú’” (Salm 69:9). B’fhéidir go dtugann an téacs a leanann seo léargus dúinn ar cad a bhí in a aigne ag Pól: Rinneadh seirbhíseach timpeallgearrtha de Chríost do na Ghiúdaigh chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a chomhlíonadh, Ach an tuiscint a bhí ag Críost ar na gealltanais sin, chuaigh sé i bhfad thar súile roinnt mhaith de na Giúdaigh agus dá bharr sin thit a gcuid masla agus aithisi ar Íosa. Bheadh ar Chríostaithe bheith réidh dá leithéid chomh maith ar son Criost ó na pagánaigh. Leanann léacht an lae inniu an réamhrá seo ó Phól. Tugann sé chun cuimhne dá léitheoirí an creideamh agus an dóchas a bhí ag na glúnta Giúdacha, mar atá le léamh sa Bhíobla, agus meabhraíonn sé go raibh seo uile scríofa le go mbeadh dóchas acu, is é sin le rá buanseasmhacht sa chreideamh agus bheith réidh glacadh lena a chéile san eaglais, faoi mar a ghlaoigh Críost isteach san eaglais gach aoinne, Giúdach agus neamh-Ghiúdach. Rinne Críost gach a rinne sé chun glóir sa thabhart do Dhia, agus tá gairm ag creidmhigh i gCríost an fhianaise chéanna a thabhairt le bheith aontaithe le chéile gan trácht ar chine, agus mar sin glóir a thabhairt do Dhia.

An Soiscéal (Matha 3:1-12). Déanaigí aithrí mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht. Mar réamhtheachtaire do theacht, aidbhint, Chríost tá áit shuntasach ag Eoin Baiste i liotúirge na hAidbhinte. Is faoi atá léachtaí an tsoiscéil sa Dara Domhnach inniu agus arís sa Tríú Domhnach, agus is spéisiúil an codarsnacht atá eatorthu. Tosaíonn léacht an lae inniu leis na briathra “sna laethanta sin”. Modh cainte atá ann, gan brí bheacht aige, leis an mhír nua seo a nascadh le scéal naíonacht Chríost a chuaigh roimhe (Matha 1-2). Tosaíonn an cur sios ar bheatha phoiblí Íosa, ar a bhás agus aiseirí, dairíre le seanmóireacht Eoin. Is leis seo a thosaigh céad chraobhscaoileadh an Dea-Scéil. Níl aon naíonscéal ag Marcas. Thosaigh ré nua fáidheadóireachta le Eoin Baiste, agus léiríonn a chuid éadaigh agus bia é seo. Thainig sé i spiorad Éilias, an chéad mhór-fháidh in Iosrael agus bhí Eoin feistithe cosúil leis. Aithníodh Éilias óna éadach, mar a deir an Bíobla (2 Ríthe 1:8): “Bhí fallaing róin á caitheamh aige agus crios leathair ar a choim”. Cuirtear Eoin Baiste i láthair mar chomhlíonadh mór-thairgngreacht na ré nua i leabhar Íseáia fáidh. Glacadh mar fháidh leis agus tháinig na sluaite chuige ó Iarúsailéim agus Iúda. Ní foláir ná go ndeachaigh sé bhfeidhm go mór ar dhaoine, toisc go bhfuil a chuid seanmóireachta agus an toradh a bhí leis luaite ag an staraí Giúdach Iosefus. Lár-phointe teachtaireacht Eoin ná glaoch chun aithrí toisc go raibh ríocht na bhflaitheas (ionann sinis ríocht Dé) in achmaireacht. Ina measc siúd a tháinig chuige bhí daoine óna grúpai ba mhó aitheantais in Iosrael, na Fairisínigh le oideas béil nach raibh sa Bhíobla agus na Sadúisínigh (a raibh baint acu den chuid is mó leis an sagartacht) nár ghlac le traidisiun na bhFairisíneach. Labhair Eoin go soiléir agus go láidir leo faoi riachtanas aithrí fhíreannach, ar lean dea-oibreacha aisti. Níor léor bheith i do Ghiúdach nó de shíol Abráhám don slánú. Baisteadh chun aithrí baisteadh Eoin, leis an bóthar a dhéanamh réidh don Té a bhí le teacht, an Meisias, an Críost, a mheas Eoin a fhearfadh pionós géar ar lucht déanta an oilc. Bhí dul amú ar Eoin faoi seo. A mhalairt ar fad a tharla le Críost agus a chairdeas leis na peacaigh, agus sa phriosún dó tháinig amhras ar Eoin arb é Iosa dáiríre an Té a bhí le teacht, mar a luaigh sé ina sheanmóireacht, ag réiteach na sli dó. D’fhreagair Íosa go raibh a mhodhanna caoine, séimhe féin tuartha sa scrioptúr chomh maith. B’shin cuid de rúndiamhair Íosa a bhí le foghlaim ag Eoin. Teachtaireacht as seo dúinn inniu, ag teacht le béim a leagann an Pápa Proinsias ar mhisean na heaglaise, bheith tugtha do mhachnamh ar chneastacht agus chineáltacht Íosa agus an íomhá sin de a léiriú don domhan.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae:An Aidbhint agus gairm chun athrú crutha san Eaglais,

Tá léachtaí an lae inniu ag teacht le gairm an Phápa Proinsias do athnuachan, athrú crutha mar a déarfá, san eaglais. Téann an chéad léacht agus an léacht sa soiscéal thar an tuiscint a bhí ann ina laethanta féin faoin todhchaí. Tá seo soiléir ón chéad léacht. Bhí Eoin Baiste ag glaoch ar dhaoine a bheith réidh, le aithrí, toisc go raibh ríocht na bhflaitheas, ríocht Dé, buailte leo, le teacht an Té a bhí le teacht ina dhiaidh. Chuaigh a dúirt agus a rinne Íosa i bhfad thar a mheas Eoin. Is í teachtairteacht Phóil ná gur athrú crutha í an Chríostaíocht “Ná glacaigí le cruth an tsaoil seo, ach bíodh athrú crutha oraibh trí athnuathan bhur n-intinne”, athnuachan trí ghrásta Dé, aontacht le Críost, leis an eaglais agus a sacraimintí, ionas go mbeadh ar ár gcuma toil Dé a aithint – sin go léir i gcúrsaí shaol na linne seo ina mhairimid, ag saothrú agus ag guí ar son na heaglaise, go mbeadh si á h-athnuachan leis an lúcháir Chríostai agus grá Íosa don domhan a chraobhscaoileadh.