Copyright 2017 - Custom text here

18 Nollaig 2016 (A) Ceathrú Domhnach den Aidbhint

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae. Emmanuél: Tá Dia (agus Críost) linn de shíor.

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léacht (Íseáia 7:10-14). Tá an ógbhean ag iompar. Tá an sliocht seo tofa le dul le soiscéal an Domhnaigh seo faoi bhreith Íosa ón Mhaighdean Mhuire, áit ina bhfuil an fháistine luaite. Tá cúlra an tsleachta, agus na fáistine tábhachtaí seo tugtha i leabhar an fháidh Íseáia féin agus is fiú é a mheabhrú. Táimid in Iarúsailéim, i ríocht Iúda, thart ar an mbliain 735 roimh Chríost. Tá impireacht na hAsaíre (le lárionad in Ninive, láimh le Mosul an lae inniu) ag brú siar le mion-stáit na Pailistíne agus an cheantair máguaird a chur den fhód agus a shlogadh isteach san impireacht mhór. Ceann de na stáit sin Stát Iosrael an Tuaiscirt. Bhí comhghuaillíocht bunaithe idir Iosrael, an Damaisc agus stáit eile le seasamh in gcoinne na hAsaíre agus bhí iarracht á déanamh acu Ríocht Dháiví (Iúda) a thabhairt isteach leo, agus dá mba gá leis sin, an rí reatha Achaz a chuir dá ríchathaoir agus rí soip a chur ina ionad. Is ansin a dúirt Dia leis an bhfáidh Íseáia dul chuig Achaz lena rá leis fanúint glan amach ón gcomhghuaillíocht. Bhí conradh faoi leith idir teaghlach Dháiví agus Dia. Tabharfadh Dia comhartha dá rogha do Achaz lena dheimhniú dó go raibh coimirce Dé aige. Thug Achaz, an Rí Dáivíoch, an t-eiteachas do thairiscint an fháidh, agus mar fhreagra ar sin rinne Íseáia an fháistine seo. In ionad an chomhartha dár dhiúltaigh comharba Dháivi Achaz tabharfaidh Dia féin comhartha. Tá ógbhean éigin torrach, ag iompar clainne, agus saolófar mac di agus tabharfaidh sí Emmanuél, is é sin le rá (as Eabhrais) “Tá Dia linn”, mar ainm air. Beidh an leanbh seo ina chomhartha go bhfuil, agus go mbeadh, sliocht agus comharbacht Dháiví slán. Comhartha do Achaz sa chéad dul síos an méid sin, agus dealraíonn sé gurb bhean chéile le Achaz rí an ógbhean. Ach fáistine sholúnta faoi theaghlach Dháiví agus a thodhchaí a bhí ann, nach raibh teoranta do nóiméad sin na staire, agus amhail na tairngreachtaí eile a bhain le teaghlach Dháiví déanfaí an ceann seo a chomhlíonadh ag Dia ina am tráth féin. D’aistrigh an téacs Gréigise an focal Eabhraise ar “ógbhean” mar “maighdean”, “ogh”, agus comhlíonadh an fháistine nuair a gineadh Íosa i mbroin Mhuire Maighdean, mar a déarfar i soisceal an lae inniu.

Salm le Freagra (Salm 23[24]). Tagadh an Tiarna isteach! Is é Rí na glóire é.

An Dara Léacht (Rómhánaigh 1:1-7). Íosa Críost, de shliocht Dháiví, Mac Dé. Is í an litir chuig na Rómhánaigh an ceann is déanaí de litreacha Phoil atá againn. Litreacha eile Phóil is chuig eaglaisí a bhunaigh sé féin iad. Ní raibh aon bhaint ag Pól le bunú na hEaglaise sa Roimh, a thosaigh go luath, is dócha, ag Críostaithe agus misinéirí a tháinig ón Phailistin agus ó Antíoc. Le teacht chun deiridh a shaothair san Oirthear chinn Pól a aghaidh a thabhairt ar an Róimh agus an Iarthar, agus bíodh go mbeadh aithne air cheana trí chlostrácht, insint bhéil, cuireann sé é féin in aithne dóibh anois ag tús na litreach seo. Réamhrá solúnta atá ann ina bhfuil roinnt luath-chréanna creidimh. Cuireann Pól é féin in aithne mar aspal glaoite go speisialta ag Dia leis an Dea-scéal a fhogairt do chách. Agus in Eaglais na Róimhe bhí idir Giúdaigh agus neamh-Ghiúdaigh. Leagann Pól béim ar an Dea-Scéal seo, tuartha roimh ré ag na fáithe. Is faoi Mhac Dé, an Tiarna Íosa Críost, an Dea-Scéal sin. Bhí Íosa ina Mhac Dé le linn a bheatha dhaonna, de shliocht Dháiví, agus ina Mhac Dé le cumhacht ag a aiséirí, agus le spiorad na naofachta. Is ón Íosa glórmhar sin a fuair Pól grásta an aspail le “géillsine an chreidimh” a leathadh i measc na náisiún uile, is é sin le rá tabhairt ar chreidmhigh a mbeatha go léir a thiomnú do Dhia agus maireachtáil de réir thoil Dé mar a leirítear sa Dea-Scéal, sa Soiscéal. Ionann an ghéillsine seo agus bheith i bpairt le hÍosa Críost.

An Soiscéal (Matha 1:18-25). Rugadh Íosa ó Mhuire a bhí luaite le Iosaef, mac Dháiví. Is í is aidhm don léacht seo i shoiscéal Mhatha ná a léiriú go raibh giniúint mhaighdeanúil ag Íosa. Níorbh é Iósaef a athair; ní raibh aon athair saolta aige. Sa léacht seo tugtar i dtosach báire an cúlra do léiriú na rúndiamhaire. Bhí Muire geallta, luaite i gcleamhnas, le Iósaef. B’ionann sin agus an pósadh fein nach bhféadfaí a scaoileadh ach le colscaradh foirmeálta. B’ionann gabháil gine ann nárbh ón fhear chéile agus adhaltrannas, leis an pionós a ghabh leis sin. Mar sin tuigtear cás Iósaef. Mar dhuine cóir, ionraic, fíréanta ní fhéadfadh sé glacadh le leanbh narbh uaidh é. Ach thabharfadh colscaradh poiblí míchlú ar Mhuire. Is ansin a tháinig an teachtaireacht ó neamh isteach sa scéal. Labhraíonn an t-aingeal le Iosaef mar “Mhac Dhaivi”. Mac Dháiví a bheidh i mac Mhuire chomh maith, le “Íosa” mar ainm air. Ionann an t-ainm sin Íosa agus “Slánaitheoir”. Bhí Giúdaigh eile ag feitheamh le mac Dháiví mar shlánaitheoir míleata nó mar mhúinteoir ar Dhlí Mhaois. Ach slánaitheoir ó pheacaí an phobail a bheadh in Íosa, agus ag fíorú na fáistine go mbeadh Emmanuél mar ainm air, sin le rá “Tá-Dia-linn”. Ag a ghiniúint agus é ag fágaint slán ag a chuid deisceabal fógraítear Íosa mar Imeánúéil: “Agus féach, táim in eíneacht libh i gcónaí go deireadh an tsaoil” . Thug Iósaef a bhean chéile Muire in aontíos leis, agus deir Matha nach raibh caidreamh collaí aige lei (“ní raibh cuid aige di”) go rug sí mac. Ní hionann sin is a rá go raibh ina dhiaidh sin. Cuid de theagasc na hEaglaise Caitlicí ná maighdeanas síoraí Mhuire – roimh bhreith Chríost agus ina diaidh.

  1. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Imeánúéil: Tá Dia (agus Críost) linn de shíor.

Ábhar domhainmhachnaimh dúinn an teideal sin a tugadh do Mhac Dháiví i bhfáistine Íseáia, agus a luaitear aris ag Matha nuair a gineadh Íosa: “Bhéarfar Imeánúéil mar ainm air”. Mheabhraigh Íosa gur mar sin a bheadh ar feadh na staire ag a lucht leanúna: “Beidh mé in éineacht libh i gcónai go deireadh an tsaoil”. Dúirt Íosa an rud céanna lena dheisceabail le linn dó bheith leo, go mór mór le Peadar – i Muir na Gailíle, ag an Suipéar Déanach nuair a dúirt Íosa go raibh Sátan ag iarraidh deis a fháil na deisceabail a chriathradh mar an arbhair, ach go raibh Íosa féin ag guí ar son Pheadair nach gcliseadh a chreideamh agus go ndéanfadh sé daingean a bhráithre.

            Tá bheith “in éineacht” de shaghasanna éagsúla ann, faoi mar atá deacrachtaí agus cathaithe de shaghasanna éagsúla ann. Ina aitheasc sláin sa Suipéar Déanach leag Íosa béim ar na deacrachtaí a bheadh ag na deisceabail tar éis imeachta dó i domhan a bheadh naimhdeach do gach ar sheas sé dó. Nuair a bhí sé lena chuid ar talamh bhí sé mar pharacléid, mar abhcoide, mar chosantóir, acu ag daingniú a rúin bheith dílis dó. Dúirt sé go raibh sé le paracléid eile a sheoladh chucu tar éis imeachta dó, an Spiorad Naomh, a dhéanfadh deimhin iad go raibh an bua ag Íosa trína bhás agus aiséirí ar na naimhne sin, agus trí ghrásta agus chabhair an Spioraid Naoim i gcroíthe na bhfíréan go mbeadh an bua leo go deo. Seo láithreacht bhuan Chriost linn. Tá sé linn mar Imeánúéil i slíte eile chomh maith – sna sacraimintí agus gach uair a léitear sliocht as an Scrioptúr sa liotúirge. Tuigeann ár muintir brí an fhocail sin “Imeánúéil” nuair a deireann siad: “Is gaire cabhair Dé ná an doras”.