Copyright 2017 - Custom text here

10 Nollaig 2017 (B) An Dara Domhnach  den Aidbhint

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Ag maireachtáil le foighid agus buanseasmhacht le Dia Beo
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Íseáia 40:1-5, 9-11). Réitigí cosán le haghaidh an Tiarna. Roghnaíodh an léacht seo le dul le soiscéal an lae inniu. Labhraíonn an dá cheann faoi ré nua atá ar tí tosú. Sa chéad léacht tá glór ó neamh ag fógairt: “Réitigí cosán san fhásach le haghaidh an Tiarna. Déanaigí díreach thar an dítreabh (thar an ghaineamhlach) bealach mór dár dTiarna”. Tugtar na focail sin chun cuimhne agus baintear úsáid astu sa réamhrá d’fhógairt na ré nua le Críost ag Eoin Baiste.

          Is féidir linn anois an chéad léacht seo a shuíomh ina háit chuí i  Ieabhar Íseáia. Is tús í don dara roinn mhór den Leabhar seo, ar a dtugtar anois “An Dara Íseáia”. Tuigtear an léacht níos fearr nuair a shuítear i ina cúlra ceart staire. Tamall gearr tar éis an bhliain 586 roimh Chíost shrois an nuacht faoi threascairt an Teampail agus Iarúsailéim na deoraithe sa Bhaibealóin, a raibh an fáidh Ézícéil gníomhach ina measc, ag fógairt díbheirg Dé de bharr pheacaí Iosrael. Tar éis threascairt na cathrach agus an Teampaill d’athraigh teachtaireacht an fhaidh sin go soiscéal na trócaire agus an dóchais don todhchaí. Dar le Leabhar Ézicéil bhíodh na deoraithe ag teacht chuig an fáidh le teachtaireacht ó  Dhia a fháil uaidh, teachtaireacht ar thugadar cluas bhodhar di. D’fhéacadar ar an bhfáidh mar amhránaí dánta grá, nó cantaire bailéad fiú, gan baint ar a raibh iontu le cúrsaí an tsaoil nó an todhchaí. Na fáistiní a bhí aige anois faoi aiséirí náisiúnta agus thodhchái ghlórmhar, b’ionann dóibh iad bheith chomh folamh le bailéad. Bhí an tImpire Nabúcadnazar a scrios a dtír dhúchais fós i réim. D’athraigh cúrsaí sa bhliain 560 nuair a tháinig deireadh le réim Nabúcadnazar. Sa bhliain 556 tháinig Nabonidus, rí deiridh na Baibealóine, i gcumhacht agus níorbh fhada gur thréig sé an Bheabalóin ar fad. Faoi 559 bhí buanna Cíoras, rí na Peirse, ag treisiú, agus ba léir nárbh fhada go mbeadh suim aige an Bheabhalóin a ghabháil. Is thart ar an am sin a glaodh ar an bhfáidh anaithnid, ar a dtugtar anois “An Dara Íseáia” dul i mbun a theachtaireachta nua. Cloiseann sé glaoch ó neamh á rá leis an sólás a fhógairt do Iarusailéim. Tá athrú tagaithe ar fhearg Dhé go grá agus dóchas. Fógraítear go bhfuil deireadh leis an deoraíocht. Tagann guth eile ó neamh ag fógairt nach foláir cosán a réiteach don Tiarna san fhásach (idir an Bheabalóin agus Iarúsailéim) le go mbeadh slí réidh ann don Tiarna ag filleadh go caithréimeach ar Iarúsailéim. Ansin labhraítear go díreach  le Síón, sin le rá Iarúsailéim, á rá lei bheith ina callaire an Dea-Scéil go bailte (scriosta) Iúda go bhfuil Dia a Slánaitheoir ag teacht chucu: “Seo é bhur nDia”. (Is fearr an téacs a thuiscint mar seo ná mar: “A challaire an dea-scéil chuig Síón”.) Tá Dia Iosrael ag teacht thar an fhásach go Iarúsailéim le cumhacht, mar a bheadh aoire ag aoireacht a thréada, á n-iompar ar chlár a uchta.

          Is iontach seo go léir mar fhís don todhchaí, i bhfad ró-mhór le go ndéanfaí í a fhíoradh go láithreach bonn an tráth sin, agus go raibh sí dá bharr sin mar inspioráid do ghlúine eile trí na haoiseann síos. Ghlac Cíoras seilbh ar an mBaibealóloin sa bhliain 539 agus thug sé cead do na Giúdaigh filleadh abhaile agus an Teampall a athógail, ach Iarúsailéim agus a múrtha as an áireamh. Níor fhill an iomad abhaile, ach rinneadh an Teampall a athogáil sa bhliain 515 agus lean pobal beag Iarúsailéim agus Iúda ar aghaidh (le neamhspleáchas ar feadh seal sna blianta 164 go 63 roimh Chríost) faoi impireachtaí na Peirse, na Gréige agus na Róimhe. Bheadh na Giúdaigh ag tnúth le fíoradh fhís Íseáia.

          Maidir le leagan an téacs  Eabhraise “Tá glór ag fógairt: Réitigí cosán san fhásach”, cuireann an leagan Gréigise (an Seachtód) an t-aistriúchán seo air: “Guth ag glaoch san fhásach:  Réitigí cosán”, agus is mar seo a bhaineann Eoin Baiste úsaid as.

Salm le Freagra (Salm 84[85]). Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire agus tabhair  dúinn do shánú.

Dara Léacht (2 Peadar 3:8-14). Táimid ag súil le spéartha nua agus le domhan nua. Téama lárnach na léachta seo ná fadhb a tharla sa luatheaglais toisc gur measadh nár fíoradh briathra agus gealltanas Chríost faoina Théarnamh féin. An litir seo faoi ainm  Pheadar, ní dócha gurb é an tAspal Peadar féin a scríobh í, ach gur cumadh í uair éigin tar éis a bhás (a tharla thart ar 64 AD). Tá sí i bhfoirm uacht nó tiomna faoina ainm, agus faoi fhadhbanna a measadh a bhi le teacht ann tar éis a bháis. Tá an litir faoi ainm cleite. Bhí tiomnaí dá leithéid faoi ainmneacha mór-phearsanna Iosrael (Ádhamh, Abrahám, Iacób, Maois, Solamh, Iób, an Triúr Paitriarc Isác, Iacób, Ióseph) comónta i litríocht na nGiúdach, agus chomh maith i roinnt scríbhinní na luath-Chríostaíochta. Is cosúil gur cumadh an litir seo, 2 Peadar, déanach go leor, abair idir 70 agus 90 AD, nó níos déanaí, agus tugann sí a haghaidh ar fhadhbanna a thosaigh sa ré sin.Tugann an t-údar freagra ar an bhfadhb chreidimh sin, a eascair ó thuiscint nár fíoradh gealltanas a measadh a bheith déanta ag Íosa. Is dócha gur bhain an gealltanas i gceist le filleadh, téarnamh, Chríost, agus b’fhéidir críoch na staire mar aon leis, gealltanas a bheadh le fíorú sul a bhfaighfeadh an ghlúin ar dúireadh leo é céaduair bás (feic ar Matha 16:18; Marcas 9:1; Lúcás 9:27).  Bhí an ghlúin sin básaithe nuair a éirigh an fhadhb, mar a thuigfí as 2 Peadar 3:4: “Bíodh seo ar eolas ahaibh ar dtús, go dtiocfaidh scigirí ag scigireacht sna laethanta deireanacha ... á rá: Cá bhfuil gealltanas a theachta? Mar ón am  a ndeachaigh na hAithreacha chun suain maireann gach ní díreach mar a bhí siad ó thús na cruthaíochta”. Go bunúsach, is é an freagra a thugann an t-údar ná nach foláir foghlaim maireachtáil i gcreideamh le Dia na síoraíochta, agus le moilleanna i gcomhlíonadh na ngealltanas nuair atá sin de réir phlean slánaithe Dé.

An Soiscéal (Marcas 1:1-8). Déanaigí díreach cosáin an Tiarna. Sa léacht seo tá againn seanmóireacht Eoin Baiste mar a chuireann Marcas i láthair í.  Mhair Eoin Baiste beatha dhianthréanach agus bhí sé ag seanmóireacht faoin aithrí agus maithiúnas na bpeacaí, agus ag fógairt chomh maith go raibh duine níos mó agus níos tábhachtaí ná é féin le teacht a dhéanfadh baisteadh sa Spiorad Naomh.

          I léacht an lae inniu tá tús shoiscéal Marcas againn, agus is dóchaí ná a mhalairt gur mar sin a  bhí  seanmóireacht luath na heaglaise faoi Íosa Críost, nár thosaigh le breith Chríost ná le Soiscéal na naíonachta, ach le seanmóireacht Eoin Baiste. Tosaíonn na Ceithre Soiscéil go léir ag cur síos ar bheatha phoiblí Íosa le seanmóireacht Eoin. Ní sna soiscéil amháin atá cur síos ar sheanmóireacht Eoin. Ní foláir ná go ndeachaigh sí i bhfeidhm go mór ar lucht a chomhaimsire, mar go bhfuil trácht ar sheanmóireacht Eoin agus a bhás ag lámha Hearód Antipas na Gailíle ag an stairí Giúdach Josephus Flavius (thart ar 100 AD). Sna soiscéil go léir ag tús sheanmóireacht Eoin luaitear fáistine Íseáia faoi cosáin an Tiarna a réiteach. Bhí an fháistine sin á comhlíonadh ag Eoin Baiste, ag réiteach na slí d’Íosa agus d’fhógairt Ríocht Dé tríd.

  1. Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae. Ag maireachtáil le foighid agus buanseasmhacht le Dia Beo

Machnamh: Tugann léachtaí an lae ábhar saibhir machnaimh dúinn. Sa chéad léacht as Leabhar Íseáia tá againn fís dírithe ar phobal faoi leith in ócáid staire faoi leith, ach ó thaobh a bhfuil istigh inti tá sé neamhspleách ó thráth ar bith, le fís ó Dhia, lán de ghrá, mar aoire ag iompair a phobail ar aghaidh go séimh. Tugadh brí nua don fhís seo ag Eoin Baiste, réamhtheachtaire an Té a bhí le teacht le ríocht Dé a fhógairt dá phobal Iosrael agus don domhan. Bíodh go bhfuil dhá phointe staire luaite sna léachtaí seo (thart ar 559 roimh Chríost agus 30 AD) tá Dia féin, agus Críost, taobh amuigh de aon am. Is Alfa agus Omega iad; is leo gach aois.

Tá teacht ann, agus teacht chun críche, d’fhís fháidh ar bith ceangailte le freagra daonna agus cora an tsaoil agus na staire. Is é Críost fís nua Dé; foilsíonn an tAthair é féin ina Mhac Íosa,  agus is toil le hÍosa an fhís sin a bheith le feiscint agus á fógairt ag a bhrídeach, an Eaglais, gur toil le hÍosa a bheith naofa agus gan cháim. Tá a fhios againn go maith gur fada ó sin fírinne an scéil, leis na laigí agus na scannail atá san eaglais. Is cabhair dúinn na léachtaí rudaí agus géarchéimeanna  a fheiceáil ina gceart, agus fiú treise a thabhairt dár gcreideamh, gur Dia Beo bun agus barr dó. Mar adeir an téacs iomráiteach (Eabhraigh 11:1): “Is é an rud é creideamh ná urra go bhfaighimid na nithe a bhfuilimid ag súil leo agus cruthú gur ann do na nithe nach bhfeicimid”.

Agallamh le ceisteanna ár linne féin. Tá an iliomad nithe agus prionsabal ann a eascraíonn as léachtaí an lae inniu a thabharfadh deis dúinn agallamh a dhéanamh le saol ár linne. Ní féidir, agus ní gá, ach na ceannteidil a thabhairt anseo.

Ar an gcéad dul síos is deas a mheabhrú gur thosaigh an t-agallamh le bunú na hEaglaise féin,  le ceisteanna a bhí le freagairt ag údar Dara Litir Naomh Pheadar maidir le gealltanas Chríost.

Ansin is fiú iarracht a dhéanamh ar shainmhíniú a thabhairt ar cad is creideamh agus dóchas Críostaí ann, agus an ceangal dílis idir dóchas agus buanseasmhacht, mar is creideamh i nDia Beo atá i gceist i gcónaí.

Bheadh áit san agallamh seo ar an “iomrascáil” a bhí ag na fáithe le Dia, toisc gan na gealltanais a bheith á gcomhlíonadh nó cúrsaí an tsaoil a bheith de réir  phlean Dé.

Ábhar agallaimh eile a bheadh ann le fealsúnacht reatha ná gur dual do bheatha i gCríost bheith réidh do thrioblóidí,  don fhoighid agus don lúcháir – iad, más gá, i dteannta a chéile.

Agus sa deireadh thiar, ar ndóigh, ní féidir an dara léacht a léamh gan machnamh a dhéanamh ar an domhan nua ar a bhfuilimid ag súil,  agus gur ceist lárnach í i bpleanáil shoisialta an lae inniu. Tá mion-chur síos ar an gceist sin, agus téacs 2 Peadar, ag an Chomairle Vatacán II, sa Bhunreacht  Pastúireach “An Eaglais i Saol an Lae Inniu” (Gaudium et Spes), paragraph 39, gur fiú a léamh ina iomláine.