Cad chuige na patrúin? Cad is gadh leo? Cad is ceaptha dhóibh le déanamh?

Ní mian liom bheith am’ cheap mhagaidh d’einne agus dá brigh sin, ná déantar patrún díom.

Is maith an rud é an Cumann agus tá súil agam go n-éireochaidh leis, ach gan bac le pátrúiní

Tuaim (an dá Ghualainn)

Chuir mé an cheist úd faoi Chumainn na Sagart nGaeghealach faoi bhrághaid an Ard Easpaig ach ní raibh sé sásta cead a thabhairt dom craobh a bhunughadh gan cóip den bhunreacht a fháil uait i dtosach.

            Sagart a bhí i láthair ag an chéad chruinniú eile, dúirt se liom gur léigh an tAth. Ó Fearghusa an freagra sin amach is ard agus ansin gur dhúirt sé “Maise ní Tadhg an dá thaobh go Tuaim an dá Ghualainn”.

  1. V.AN CHLÉIR

Ó tharla an cumann ar a bhonnaí athuair socraíodh go gcuirfí iris bhliantúil amach, agus foilsíodh an chéad uimhir de An Chléir i ndeireadh 1938. Is iontach an foinse eolais í ar imeachtaí Chumann na Sagart sna tríochaidí, agus de bhrí go bhfuil scéal an tAth. Uí Fhearghusa ar gach leathanach, tá sé an-ionraice, an-oscailte agus in áiteanna an-ghreannmhar, Tugann sé cuntas ar imeachtaí agus ar bhallraíocht an chumainn ó fhairche go fairche, agus ar an chruinniú bhliantúil san Aula i Maigh Nuad, 21 Meitheamh 1938. Is beag nár ceadaíodh don chumann an cruinniú seo a thionól ann ar chor ar bith mar bhí eagla ar lucht an Aontais go raibh saghas “Take-over” ar chruinniú Gaeilge an Aontais ar siúl ag an chumann. Dá bhrí sin scríobh rúnaí an Aontais: “níorbh fholáir cathaoileach nuadh do thoghadh, nó, ar an gcuid is lugha dhe, an cathaoirleach céadna ach é bheith formaliter distinctus”. Fág faoi lucht an dlí chanónda é; Pádraig Ó Néill, an Leasuachtarán agus Easpag Luimní ar ball scríobh an méid sin. Eisean a léigh páipéar Gaeilge an Aontais ar “Cosg na hOibre ar an nDomhnach”; nuair a bhí an díospóireacht ar an pháipéar thart, d’fhag an léachtaí mar aon leis an chathaoirleach, an tOllamh Ó Fallúinm an stáitse agus chuaigh an Dr. Pádraig de Brún agus an tAth. Ó Fearghusa i gceannas. Deir sé go raibh cúpla céad sagart i láthair. Más cruinn an comhaireamh sin, caithfidh se gurbh é sin an tionól ba mhó dá raibh ag Cumann na Sagart riamh. Bhí suas le 150 sagart i láthair ag cruinniú bliantúil 1959 nuair a bhí an tUachtarán Éamon de Velera mar aoi omórach againn, agus sin an slua is mó dá bhfaca mé le mo linn féin. Tosaíonn an rúnaí a chuntas ar an chruinniú le faoistin: