Helen Ó Murchú
7 Bealtaine 2016
An Tiomna Nuadh i dteanga labhartha na ndaoine
Fearghus Ó Fearghail
Scríobhadh an Tiomna Nua (TN) i dteanga labhartha na ndaoine (Gréigis koiné) sa dara leath den chéad aois, ach de réir mar a scaip an Chríostaíocht go háiteanna nach raibh an Ghréigis mar theanga na ndaoine iontu, tháinig éileamh ar aistriúcháin den TN nó de na soiscéil nó de litreacha áirithe den TN. Roimh dheireadh an dara céad bhí leagan as a chéile bunaithe ar na Soiscéil ag muintir na Siria i Siric – Diatessaron Tatianus (c. 172 CE) – agus bhí cuid den TN i Laidin san Afraic Rómhánach agus b’fhéidir in Aintíoch chomh maith. Go luath sa chúigiú haois nó níos túisce bhí an TN aistrithe ní hamháin go Laidin agus go Siric, ach go Seoirsis, Coptais, Airméinis, Aetóipis, agus Gotais. Lena chois sin, ón mbliain 382 bhí Iaróm ag obair ar leagan athchóirithe den aistriúchán Laidine thar cheann an Phápa Damasus agus é á cheartú ón mbuntéacs Gréigise. Bhí géarghá leis seo mar síos tríd na blianta d’éirigh an-chuid difríochtaí idir lámhscríbhinní éagsúla Laidine den TN. Dar le hIaróm féin bhí air a bheith ina shórt ‘breithimh’ ar leaganacha den TN a bhí ann le fada an lá. Is maith a bhí a fhios aige cé chomh conspóideach a d’fhéadfadh sé a bheith téacs a cheartú a raibh aithne mhaith ag na daoine air agus go raibh an-chion acu air. Ní fios cé mhéad a rinne sé ach is dócha nár athchóirigh sé ach na Soiscéil. Níor tháinig deireadh leis na difríochtaí téacsúla tar éis obair Iaróm, áfach, mar baineadh úsáid as na seanleaganacha chomh maith le leagan Iaróm ar feadh i bhfad. Chun na fírinne a rá chothaigh leagan nua Iaróm tuilleadh mearbhaill. Tháinig na fadhbanna seo go mór chun cinn le linn an Renaissance agus an Reifirméisin.
An Tiomna Nua san Eoraip (800-1450)
Sin mar a d’fhan an scéal go dtí an naoú haois nuair a d’aistríodh an TN go Slavais. Ba mar thoradh ar shaothar Choireall agus Methodius a raibh Gréigis, Laidin agus Slavais na Macadóine acu a deineadh an t-aistriúchán, agus chum Coireall aibítir chun é a scríobh. Tá tábhacht mhór don litríocht Shlavach ag baint leis an obair a dhein na misinéirí. Ina dhiaidh sin níor cuireadh leaganacha den TN ina iomláine ar fáil sna teangacha dúchais go dtí an tríú haois déag, agus is sa Fhrainc a tharla sé ar dtús, i bPáras, timpeall lár na haoise, is dócha, mar chuid de Bible française du XIIIe siècle. Bhí cur amach ar an aistriúchán sin i dtuaisceart na hIodáile go luath, agus sa Chaistíl roimh dheireadh an chéid agus i Sasana.
I ndeisceart na Gearmáine ag an am céanna bhí an-éileamh ag na Valdaigh go mbeadh an Bíobla nó cuid de ina dteanga féin. Tá tuairisc ann ó lár an tríú haois déag ag cúistiúnaí gan ainm ó Passau sa Bhaváir go raibh scéala cloiste aige faoi roinnt mhaith daoine a raibh an Tiomna Nua ar fad ar eolas acu ina dteanga féin, an Ghearmáinis. Thart ar 1360 bhí an Bíobla aistrithe go Seicis (Bíobla Leskovec). I lár na haoise céanna bhí an TN aistrithe go Gearmáinis in Augsburg; agus i ndeireadh an chéid in Nürnberg agus in Tepl sa Bhoihéim. Sa bhliain 1384 aistríodh an TN go hOllainnis agus go hÍseal-Ghearmáinis. I Sasana ceithre bliana roimhe sin bhí aistriúchán liteartha den TN ón Vulgáid á chríochnú ag Wycliff. Faoin mbliain 1384 bhí an chéad Bhíobla Béarla ar fáil. Ní róthógtha a bhí na húdaráis le Bíobla Wycliff, mar a tugadh air feasta. Bhí amhras ag gabháil leis toisc go raibh baint ag Wycliff agus ag na Lollardaigh leis, agus toisc go raibh sé le fáil i dteanga na ndaoine tharlódh go mbainfeadh daoine gan oideachas míbhrí as an téacs. Ag Sionad Oxford sa bhliain 1408 chuathas níos déine in aghaidh an Bhíobla i dteanga na ndaoine. Ach ina ainneoin sin agus uile leanadh de bheith ag déanamh cóipeanna de Bhíobla Wycliff agus de beith á scaipeadh. Tá breis agus 150 cóip d’eagráin éagsúla den Bhíobla sin ar fáil i gcónaí.