Ta teagasc na Comhairle le fáil ar chuile leathanach de chuid an CEC, ach is fiú breathnú ar dhá théama ar leith a bhaineann macalla as Dara Comhairle na Vatacáine:
- (i)“Antraipeolaíocht” an Chaiticiosma:
Faoi mar a rinne an Dara Comhairle Vatacáineach, déanann CEC gach iarracht agallamh a oscailt agus a fhorbairt leis an duine daonna. Déantar iarracht an foirceadal Críostaí a mhíniú sa chaoi gur féidir é a thuiscint i gcomhthéacs antraipeolaíochta. Mar sin feictear go bhfuil dhá mhír i ngach ceann de na ceithre Coda. Labhrann an chéad mhír leis an duine daonna ina dhaonnacht, agus sa dara mír déantar cur i láthair struchtúrtha ar an bhfoirceadal. Tá na míreanna roinnte ina gcaibidlí, agus foranna ins na caibidlí féin.
Mar shampla i gcás Cuid a hAon (“Admháil an Chreidimh”) tá dhá mhír ann: an chéad mhír (“Creidim” – “Creideann muid”) pléann sé brí an fhocail “creideamh”. Is é teideal atá ar an chéad chaibidil sa mhír seo ná “Acmhainn an duine chun Dé”, agus is iad na foranna atá ann ná: “An mian chun Dé”; “Slite chun aithne a chur ar Dhia”; “ An tEolas faoi Dhia de réir na hEaglaise” agus “Conas is féidir labhairt faoi Dhia?”
Ar an gcaoi chéanna pléann Cuid a Trí mar shampla “An Bheatha i gCríost” (teagasc morálta). Is é teideal atá ar an gcéad mhír anseo ná “Gairm an Duine: an Bheatha sa Spiorad”. Ta trí chaibidil sa mhír seo: “Gradam an Duine Daonna”; “An Comhphobal Daonna” – braitheann an chaibidil seo go mór ar theagasc an Reachta Thréadaigh Gaudium et Spes – agus “ Slánú Dé: Dlí agus Grásta”. Sa dara mír de Chuid a Trí tá teagasc ar na deich n-Aitheanta.
- (ii)An Liotúirge:
Feictear tionchar láidir na Comhairle freisin sa chaoi ina mínítear Liotúirge na hEaglaise. Cuireann teideal an Tríú Chuid féin, “Ceiliúradh na Rúndiamhra Críostaí”, in iúl go leanfar peirspictíocht na Comhairle i leith an liotúirge agus na sacraimintí, is é sin le rá go gcuirtear na sacraimintí i gcomhthéacs stair an tslánaithe, agus go gcuirtear an liotúirge i gcomhthéacs rúndiamhair na Cásca.
Ó na méanaoiseanna ar aghaidh, de réir a chéile, tharla scoilt idir diagacht na sacraimintí agus ceiliúradh an liotúirge. Ba scaradh dáinséireach é seo, idir réaltacht na sacraimintí agus a bhfeidhmíocht fhoirmiúil sna searmanais liotúirgeacha. Bhí mar phríomh-aidhm ag an “ghluaiseacht liotúirgeach” sna blianta roimh an gComhairle an bac seo a dhúnadh, ag léiriú gur ceart na sacraimintí a thuiscint trí dhíriú ar na deasghnátha lena gceiliúrtar iad.
Chuir Sacrosanctum Concilium, Reacht na Comhairle ar an Liotúirge, béim ar leith ar an sintéis seo mar bhealach chun tuiscint níos orgánaí agus níos doimhne a fháil ar liotúirge agus ar shacraimintí na hEaglaise. Seo an mheabhair a fhaigheann muid sa Chaiticiosma. Mar shampla, ag labhairt faoi “Caiticéis agus liotúirge” deir an Caiticiosma: “Is é is cuspóir don chaiticéis liotúirgeach ionadacht a thabhairt chun rúndiamhar Chríost (tá sí ‘misteagógach’ mar a deirtear), ag tarraingt ón sofheicthe ar an dofheicthe, ón chomhartha ar an ní a chomharthaítear, ó na ‘sacraimintí’ ar na ‘rúndiamhra’” (CEC 1075).
- 4.Gnéithe de chuid an CEC, agus Dara Comhairle na Vatacáine:
In aitheasc a thug sé ar an 8ú lá Nollaig 1992 dhearbhaigh Naomh Eoin Pól II gurb é an Caiticiosma “an toradh is aibí agus is iomláine de chuid na Comhairle”. Feictear go bhfuil dlúth-nasc idir an Caiticiosma agus an Chomhairle, ó thaobh stair an téacs, agus an chaoi inar scríobhadh é, na hábhair a phléitear ann, agus an stíl cur in iúl a roghnaíodh.