Feiceann tú an Ghaeilge ag sleamhnú isteach i gnáthchúrsaí an Choláiste nuair a bhí an sagairt ina mhic léinn ann – an Paidrín Páirteach i nGaeilge gach oíche ó thús an chéid; léitheoireacht Ghaeilge ag an suipéir gach oíche ó 1906 ar aghaidh; ainmneacha na sagart óg in airde ar a gcuid pictiúir ar na ballaí i nGaeilge, ón bhliain 1909 amach. Sa bhliain 1906 thug an Dr. Risteard de Hindeberg an chéad léacht i nGaeilge faoi choimirce Aontas Mhaigh Nuad ag a gcruinniú bliantúil i mí Meithimh. (“Teagasc Trí Ghaeilge”) agus d’fhás an nós as sin amach go mbíodh leacht Gaeilge amháin i gcónaí ar lá an Aontais. Seo iad na cainteoirí: 1907 Tomás Ó Ceallaigh, An Sagart & An Saol nua in Éirinn; 1908 Seán Ó Cuinneagáin, Oileán Toraigh; 1909 Canon Macken, An Ghaeilge i gCúige Connachta; 1910 An tAth. Peadar Ó Laoire, Athbheochan na Gaeilge; 1911 Pól Breathnach, An Ghaeilge sna Scoileanna, 1912 Aindrias Ó Céilleachair, Féinriail ag Éirinn; 1913 Cathaoir Ó Braonáin, An Béarla agus an Creideamh in Éirinn.
- II.BÚNÚ & FÁS
I Meitheamh 1914 léigh an tAth. Gearóid Ó Nualláin, ollamh nua na Gaeilge, a tháinig i gcomharbas ar Ó hIcí, nuair a briseadh as a phost é agus uncail Myles na gCopaleen agus Chiaráin, eagarthóir Inniú, páipéar Gaeilge ag tionól an Aontais dar teideal; “Dualgas na Cléire i ngnó na Gaedhilge”. Chuir sé i gcuimhne don chléir a bhí ag éisteacht leis go raibh creideamh agus an teanga fite fuaite ina chéile san am a bhí imithe, agus mhol sé dá lucht éisteachta cumann speisialta a bhunú don chléir Ghaelach. “Is mó cuallacht ann cheana” ar seisean, “chun cosanta na Gaedhlige ar náimhdibh na tíre. Ach dá mhéid é ní leor é. Tá gádh le tuille. Go mór-mhór tá gádh le cuallacht fé leith ná beadh inti ach sagairt; sagairt a chuirfeadh suim sa nGaedhilg, agus go mbeadh an Ghaedhilg aca, nó aidhm aca, ar í a bheith aca; sagairt a thuigfeadh an dlúth-cheangal atá idir an Ghaeghilg agus an creideamh agus a dhéanfadh a ndícheall chun an cheangail sin a choimeád agus do bhuanughadh”