An féidir go dtuillfimid an daorbhreith dheiridh toisc nách bhfuilimid i gcabhair air agus i gcomhair leis an Chríost céanna i bhfoirmeacha na ndearóil tréigthe a fhulaingíonn lenár linn féin mar strainseiri, iad tartmhar, de cheal éadaigh, tínn agus stiúgtha leis an ocras agus go fiú i mbaol bhás ainniseach go díreach tar éis bhreith dibh?
Dearóil ár linne
“Ni ins an ainnise is measa linn bheith sios go deo
ach an tarcaisne a leanas sinn i ndiaidh na leon” a chaoin Eoghan Rua Ó
Suilleabháin (1748- 1784) . I gcás na haimsire ina mhairimid an féidir gur
muidne na leoin chatha a thréigeann ainniseoirí
ár linne a fhulaingíonn ar tairseach ár n-iomarcaíochta.
Bhfuil, dá bharr ár n-easpa tacaíochta dóibh, fáth go
mbeadh droch choinsias orainn seachas trua sách fulangach nó bá fhoclach luaite
againn do chás seo na ndearóil lena mbainimíd? Go caoinimíd, ó dhuine go duine:
‘Ach cad is feidir LIOMSA a dhéanamh faoin eagóir seo”, seachas go scairtimid
“Cad IS féidir liomsa a dhéanamh faoi cruachás mo chomharsan?”
Cén fáth nach gcuachfaí iad san, nach dtumfaí iad, lena bhíonn buanphlé againn leo, i dtuiscint nuadhoimhnithe de Chomhar na gComharsan.
Ár “gComplicité” Praiticiúil
Tar éis gach a bhfuil ráite agus geallta faoin éagóir a aithnímid, nach iad ár vótaí — mo ghuthsa agus do ghuthsa — a thugann imprimatur an daonlathais do na córais pholaitiúla agus instidiúidiú bealaí trádála a bhuanaíonn eagóir i gcursaí idirnásiunta. Iad seo cuid mhaith fréamhaithe i saint agus tugtha don méféineachas is buanchúis le díbirt na ndearól (??) go fásach na hainnise agus na heaspa. Cosc curth orthu aon deis a bheith acu le bheith comhpháirteach sa dul chun cinn atá inár seilbh i nDomhan an Dóthain agus na hIomarca, ar cuid dá ndomhain é freisin.