An claochlú a MHÚSCLÓS MUID
“Cé hiad sin mo chomharsa a bhfuil faobhar ar a ngoile?” teideal an ailt seo. Cén gaol dairíre atá eadrainn agus conas go bhfuilimid ag cliseadh ortha?
Ní comharsana amháin sinn uile ar an gcruinne álainn seo ach gaolta. Gaolta in eisint. Tá leide dúinn sa Ghaeilge: “Más amhlaidh gurb é Ádhamh ár gcéad athair agus gurb í Éabha ár gcéad mháthair, nach uasal mar an gcéanna gach a dtáinig uathu.” Cuirim leis sin an fhíric gur de shliocht Dé féin gach neach daonna, “gan eisceacht ar bith”. “Mar cibé duine a chomhlíonann toil Mo Athair atá sna Flaithis, is eiseann Mo dhearthair agus deirfiúr agus máthair.” Níl duine nó deoraí nach féidir toil Dé a chomhlíondh. Ní gaol fola seo ach gaolmhaireacht inár chomhshealbhaíocht spioradálta gan teorainn.
Cuimhnímís fosta nach gaolmhaireacht ar feadh an tseala ama de bhlianta ina gcomhmairimid ar dhroim ár gCruinne atá i gceist ach í i bhfad Éireann níos buaine mar gur gaolmhaireacht shíoraí í.
Tá ár mbeith uile, mar a bhí riamh agus mar a bheidh go deo, foinsithe sa tsíorraíocht agus is sa chomhthéacs pribhléideach sin go mbuanaítear oibleagáideacht (=???; feic leathanach 2; obligingness) dá chéile uile orainn sa seal saol ina mhairimid. Sin, sílim, is brí leis an Dara hAithne agus ni feidir bheith i dtiuin le h-éilimh an Chéad Aithne ach go saothraítear é i gcomhar leis an grá dá cheile uile chomh fada agus is féidir. Tá seo mar buanriachtannas ár ngairme mar chreidmhigh.
Is é an “chomh fada agus is feidir” sin a chaithfear a shaoradh, a scaoileadh ó na laincisí neamháirdeallacha atá cumtha againn ina leith. Is gá anois go n-osclófar dúinn agus romhainn nuafhís daonna Dia-líonta a chlaochlós an spioradáltacht sách leamh, mura bhfuil sé seascaithe, ina bhfuil ár meanmna sáinnithe. Athnuachantfar aghaidh na talún dá bharr seo –‘c’est presque l’analogue d’une révélation nouvelle de l’universe et de la destinée humaine” i bhfoclaibh Simone Weil.