A fhad is mhair An Síoladóir níl deacracht ar bith againn a dhéanamh amach cad iad na fairchí a bhí gníomhach i gCumainn na Sagart agus na fairchí a bhí ina dtost. Seachas Fearna, Tuaim agus Dún an Coinnire, bhí Baile Átha Cliath, Ciarraí, Port Láirge, Luimneach, Caiseal agus Ros go maith. Fógraíodh in uimhir an Fhómhair 1921 go raibh craobh nua á cur ar bun i bhfairche Dhoire agus níos mó ná tríocha ball ann, agus craobh curtha ar bun i gCill Dara faoi stiúrú an tAth. Liam Miller, “Le teacht na síochána”, a deir an t-eagarthóir, “beimid ag súil le craobh den chumann i nach fairche”

            In uimhir na Nollag 1921 a sroiseadh barr buaiche an Chumainn ina ré tosaigh, dar liom. Bhí an Dr. Éamon Ó Broim tar éis teacht i gcomharbas ar an Dr. Liam Breathnach mar Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath. Foilsíodh an dileagra ón chléir agus ó Chomhairle na cathrach don Ardeaspag nua agus a fhreagra i ngach cás. I nGaeilge amháin a bhí na cáipéisí ar fad. Bhí cuntas ar chruinniú cinn bhliana an Chumainn ar 20ú Deireadh Fómhair 1921. Chuaigh an tEaspag Ó Dónaill i gceannas an chruinnithe; bhí timpeall 20 sagart i láthair, a mbunús ó Bhaile Átha Cliath; ach ba é an nuacht a b’fhearr a chuala siad go raibh méadú mór tagtha ar bhallraíocht an chumainn ó 240 i 1920 go dtí 407 i 1921. Seachas na deoisí atá luaite agam cheana, bhí Ard Achaidh tar éis teacht ar aghaidh go tapa chun bheith ar an deoise ba láidre i gCúige Ard Mhacha agus bhí bogadh éigin i gCorcaigh. Ach go fóill féin ní raibh ach sé níre (na seanchinn), agus Cill Dara, Doire agus Baile Átha Cliath (na cinn nua). Comhaltaí aonaránacha a bhí sna fairchí eile, gan craobh áitiúil ag obair iontu. Mhair an laige sin san Chumann anuas go dtí an lá inniu. Ach bhí an tUachtarán ag súil go mbeadh méadú mór feasta de bhrí go raibh an tsíocháin i réim athuair.

  1. IV.MEATH AGUS ATHFHÁS