Ba bheag a chiall, faraor. Is é an chéad uimhir eile de An Síoladóir an ceann deireanach. An naoú huimhir atá ann, tús leis an triú bliain agus Samhradh 1922 marcáilte air. Ach ní dócha go dtáinig se amach go dtí i bhfad ina dhiaidh sin. Faoi shamhradh 1922 bhí cogadh na mBráthar faoi lánseol agus is é an 3ú Samhain 1922 atá ar an Imprimi Potest. Ón am sin amach bhí An Síoladóir marbh, agus níor mhair an cumann i bhfad ina dhiaidh.

            Is beag an chualathas ó Chumann na Sagart nGaedhealach ina dhiaidh sin ar feadh corradh le deich mbliain. Bhuail an cogadh Cathardha buille uafásach ar ghluaiseacht na Gaeilge I gcoitinne agus thit na scórtha craobh de Chonradh na Gaeilge as a chéile i 1922 agus 1923. Bhí an scéal céanna le hinsint faoin Ghaeilge i Maigh Nuad. Má amharcann tú ar Irishleabhar Muighe Nuadhat 1924, castar tagairt ort go tapa don lagthrá a bhí tagtha i réim sa choláiste:

Is léir go bhfuil meath tahaithe ar an spiorad sa toigh seo. Ní hé sin amháin, ach is beag ná go bhfuil an spiorad imithe ar fad. An neamhshuim do cuireadh ar siubhal in Éirinn uilig beagnach, bhí sí fós i mbun na faillighe i Maigh Nuadhat

Mhar an suan sin sa chuid is mó den tír ar feadh cúig bhliain déag go garbh, ó 1923 go 1938, ach léirigh cúpla fairche beocht éigin roimhe sin.

            I Luimneach agus i gCiarraí a tháinig an athmhúscailt i dtús ama. D’fhág sé sin go raibh craobhacha ann ar feadh dornán bliain de chumann nár athbhunaíodh ar bhonn náisiúnta go fóill. An tAth. Tomás de Bhál a d’atheagraigh an chraobh i Luimneach agus d’fhreastail 26 sagart ar an chruinniú tionscnaimh a ghairm sé in Óstán de Crúis i 1929. Ón bhliain sin ar aghaidh bhí dream sagairt ag teacht le chéile i bhfairche Luimní go rialta agus ghlac siad de dhualgas orthu féin na paidreacha tar éis Aifrinn a rá i nGaeilge gach Domhnach, seanmóir Gaeilge a thabhairt lá Fhéile Pádraig ar a laghad agus iomainn Ghaeilge a bheith á gcanadh ag córacha faoina stiúir. Thionóiltí cruinniú ginearálta dhá uair sa bhliain, san Earrach nó san Fhómhar, agus bhíodh léacht nó dinnéar ann ar an ócáid sin. Bhíodh trí nó ceithre mionchruinniú in aghaidh na bliana chomh maith, nuair a thigeadh dream beag sagart le chéile i dteach duine acu chun béile agus caidrimh trí Ghaeilge. Measaim gurbh í an scéim scoláireachtaí chun na Gaeltachta do ábhair sagairt a bhunaigh craobh Luimní i 1946 an tionscnamh ba mhó rath a chuir an chraobh i gcrích. I mBaile na nGall a bhaineadh siad fúthu i dtús ama, ach ón uair ga tógadh Brú na Gráige, thosaigh siad ag dul siar ansin in éineacht le slua an tAth. Tadhg Ó Murchú. D’fhán an Ath. De Bhál ina uachtarán ar Chraobh Luimní go dtí 1950.