Deir muintir Chiarraí liom nach fada a bhí siad chun deiridh ar Luimneach in athbhunú an Chumainn – mar sin féin, ní dóigh liom gur tionóladh an cruinniú athbheochana i dTrá Lí go dtí Meán Fhómhair 1936. Beirt shagart a ba chiontach leis an athbheochan ní amháin i bhfairche Chiarraí ach ar fud na tíre ar ball: An tAth Roibeard Breathnach, S.P. Cnoc na gCaiseal agus an tAth. Liam Ó Fearghusa, S.P. Beal Átha Longfoirt, Moladh le Dia go bhfuil an tAth. Breathnach beo beathaíoch agus i mbun a chúraim go fóill – gura fada buan i mbarr na sláinte é. Cheiliúraigh se seasca bliain sagartachta anuraidh. Sílim go mba dheas an é teachtaireacht dea-mháine a chur chuige ón chruinniú seo den chumann a d’athbhunaigh sé caoga ó shin. Beidh áthas air a fháil amach nach bhfuil a chuimhne ligthe chun dearmaid tar éis an leithchéad.

            Bá é an tAth. Liam Ó Fearghusa a toghadh ina uachtarán ar Chraobh Chiarraí agus mhair sé sa phost sin ar feadh corradh agus fiche bliain. Bhí cosúlacht mhór idir an clár bliantúil a chuireadh siad i gcrích i gCiarraí agus clár craoibhe Luimní, i.e. mórchruinniú uair nó dhó sa bhliain, san earrach agus san fhómhar, ag a leití páipéar agus díospóireacht ina dhiaidh; foilsíodh leabhrán den leagan caighdeánach de na gnáthphaidreacha do na scoileanna, agus bhronntaí deontais ar na hábhair sagart a bhíodh ag dul ó Brú na Gráige. Fuair muintir Chiarraí amach go raibh craobh de Chumann na Sagart nGaedhealach beo i bhfairche amháin san Iarthar agus sa Tuaisceart agus dá bhrí sin lorg an tAth. Ó Fearghusa cead ar Rúnaí Aontas Mhaigh Nuad, an Dr. Micheál de Brún, ceist cónasctha eatarthu a thógáil ag an chéad chruinniú eile den Aontas.

            Sin mar a bhí an scéal nuair a tháinig Aontas Mhaigh Nuad le chéile sa Choláiste 22ú Meitheamh 1937. Léigh an tAth. Micheál Murchada as Baile Átha Cliath páipéar fada i nGaeilge dar teideal “ Fás an Dráma in Éirinn” agus an Dr. Padraig de Brún sa chathaoir don ócáid. Nuair a bhí ábhar an pháipéir cíortha ag an lucht éisteachta, mhol an tAth. Liam Ó Fearghuasa na craobhacha áitiúla den chléir Ghaelach a cheangal le chéile. “Buíochas le Dia”, ar seiseanm “tá Cumann na Sagart nGaolach ar siúl cheanna féin agus na hEaspaig ina bpátrúnaibh aige i Luimneach, in Ailfionn, i nDún is Coinnire, i gCiarraí agus b’fhéidir i bhfaircheacha eile nach eol dom. Ba mhaith an ní a leithéid de chumann do bheith ins gach uile fhairche in Éirinn agus dar liomsa sé an tslí is fearr chun é sin do dhéanamh ná comhairle náisiúnta Chumainn an Sagairt nGaolach do chur ar bun ar nós Comhairle Náisiúnta de Chuallacht an Athar Maitiú…..Da bhrí sin molaim mar rún don chruinniú seo comhairle náisiúnta Chumainn na Sagart nGaolach do chur ar bhun, nó d’aithbheochaint, mar cuireadh ar bun anseo cheana féin, tá fiche bliain ó shin”.