Chuidigh an tAth. Seamus Mac Leanacháin as Dún is Coinnire leis an rún, an sagart céanna a bhí mar chéad rúnaí ar an tsean chumann scór bliain roimhe sin, agus glacadh leis d’aon ghuth. Ansin toghadh coiste sealadach mar leanas:

Uachtarán: An Dr. Padraig de Brún, Maigh Nuad

Ceathrar Leasuachtaráin: Séamus Mac Leanacháin (C.Ard Mhacha), Micheál Ó Murchadha (C. Bhaile Átha Cliath), Padraig Ó Néill ó Luimneach (C. Mumhan), Tomás Ó Mathúna Ó Ailfionn (C. Connacht)

Rúnaí-Cisteoir: Liam Ó Fearghusa ó Chiarraí

Nuair a tháinig an coiste le chéile i ndiaidh scaipeadh an tslua, leag siad amach an Bunreacht nua. Fágadh cuspóir an chumainn an-leathan:

“An Ghaedhilg do chur chun cinn chomh maith agus is féidir é i gcúrsaí creidimh is eile. Ní mór do gach craoibh riaghalacha fé leith do dhéanamh i gcomhair a comhaltaí féin san rud seo.”